|
|||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 6 de 1963. | ||
| [EN] |
AN tACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA (ORDÚ A DHAINGNIÚ), 1963. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO DHAINGNIÚ AN ORDAITHE UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA (ABHRAIS LÁMHCHNIOTÁLA), 1962, A RINNE AN tAIRE TIONSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA FAOI ALT 9 DEN ACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA, 1953 . [12 Márta, 1963.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS :— | ||
| [EN] |
Ordú a Dhaingniú. 1962, I.R. Uimh. 197. |
1. —Daingnítear leis seo an tOrdú um Chleachtais Srianta Trádála (Abhrais Lámhchniotála), 1962, a rinne an tAire Tionscail agus Tráchtála faoi alt 9 den Acht um Chleachtais Srianta Trádála, 1953 . |
| [EN] |
Gearrtheideal. |
2. —Féadfar an tAcht um Chleachtais Srianta Trádála (Ordú a Dhaingniú), 1963 , a ghairm den Acht seo. |