12 1963


Uimhir 12 de 1963.


AN tACHT UM CHAOMHNÚ AN CHÓSTA, 1963.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN SCÉIMEANNA CAOMHNAITHE AN CHÓSTA A DHÉANAMH AGUS A CHUR I bhFEIDHM AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [20 Bealtaine, 1963.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “deimhniú déantachta” deimhniú arna eisiúint faoi fho-alt (1) d'alt 18;

ciallaíonn “scéim chaomhnaithe cósta” scéim faoi alt 6;

ciallaíonn “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn;

folaíonn “contae” contae-bhuirg agus, maidir le contae-bhuirg, forléireofar “comhairle” mar fhocal a chiallaíonn bardas na buirge;

ciallaíonn “údarás áitiúil” comhlacht is—

(a) comhairle contae,

(b) bardas contae-bhuirge nó buirge eile, nó

(c) comhairle ceantair uirbigh;

ciallaíonn “údarás bunaitheoireachta” comhairle atá tar éis dearbhú a dhéanamh faoi fho-alt (3) d'alt 2 agus, i gcás ceann de dhá chomhairle contae nó níos mó a bheith arna hainmniú de bhun fo-alt (4) den alt sin, arb í an chomhairle sin í a ainmníodh amhlaidh;

tá le “tailte caomhnaithe” an bhrí a shonraítear i mír (b) d'alt 7;

ciallaíonn “feidhm fhorcoimeádta”—

(a) i gcás bardas contae-bhuirge, feidhm fhorcoimeádta chun críocha na n-achtachán a bhaineann le bainistí na contae-bhuirge sin, agus

(b) in aon chás eile, feidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1955.

Fiosrú i dtaobh oibreacha caomhnaithe cósta a bheidh beartaithe agus dearbhú i dtaobh scéim chaomhnaithe cósta a bhunú.

2. —(1) Féadfaidh comhairle contae fiosrúchán a dhéanamh, i gcás inar dóigh leo gur fóirsteanach sin a dhéanamh, i dtaobh aon tograí le haghaidh oibreacha caomhnaithe cósta sa chontae.

(2) (a) I gcás ina ndéanfar fiosrúchán faoi fho-alt (1) den alt seo, cuirfidh an chomhairle faoi deara go n-ullmhófar agus go gcuirfear faoina mbráid tuarascáil ag insint cá bhfuil an t-ionradh farraige iomchuí agus a mhéid, agus an méid talún agus maoine eile atá á dhamáistiú nó á bhaolú, na hoibreacha (más aon oibreacha é) is indéanta agus is inmhianaithe chun leanúntas an ionraidh a chosc agus an méid a mheastar a chosnóidh na hoibreacha.

(b) I gcás ionradh farraige do dhéanamh difear do thalamh i dhá chontae nó níos mó, féadfaidh comhairlí na gcontaetha comhshocraíocht a dhéanamh faoina gcuirfidh ceann de na comhairlí faoi deara go n-ullmhófar, agus go gcuirfear faoi bhráid gach ceann de na comhairlí, tuarascáil aonair i dtaobh an ionraidh go léir.

(3) (a) I gcás ina gcuirfear tuarascáil faoi bhráid comhairle contae faoi fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an chomhairle, más deimhin leo go bhfuil talamh sa chontae á dhamáistiú go céimníoch ag ionradh leanúnach na farraige, ar leith ó stoirmeacha ócáideacha nó neamhghnácha, agus gur dóigh don ionradh sábháilteacht cuain, na foirgnimh nó na taitneamh achtaí i limistéar cónaithe nó maoin luachmhar eile a bhaolú, a dhearbhú gur fóirstineach scéim chaomhnaithe cósta a bhunú agus gur ceart a iarraidh ar na Coimisinéirí réamhscrúdú a dhéanamh.

(b) I gcás—

(i) ina mbeidh comhairle contae tar éis tuarascáil a cuireadh faoina mbráid faoi fho-alt (2) den alt seo a bhreithniú agus a chinneadh gan dearbhú a dhéanamh faoin bhfo-alt seo, agus

(ii) gur le haghaidh oibreacha caomhnaithe cósta a bheadh, go léir, laistigh de cheantar uirbeach na tograí,

cuirfidh an chomhairle tuarascáil chun comhairle an cheantar uirbigh.

(c) I gcás ina gcuirfear tuarascáil chun comhairle cheantair uirbigh faoi mhír (b) den fho-alt seo, féadfaidh an chomhairle, más deimhin leo go bhfuil talamh sa cheantar uirbeach á dhamáistiú go céimníoch ag ionradh leanúnach na farraige, ar leith ó stoirmeacha ócáideacha nó neamhghnácha, agus gur dóigh don ionradh sábháilteacht cuain, foirgnimh nó taitneamhachtaí limistéir chónaithe nó maoin luachmhar eile a bhaolú, féadfaidh siad, le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil agus faoi réir comhairle contae do thabhairt gealltanais cibé ranníoc a dhéanamh i leith an iarmhéid dá dtagraítear i mír (b) d'alt 16 den Acht seo a bheidh an tAire tar éis a cheadú, a dhearbhú gur fóirstineach scéim chaomhnaithe cósta a bhunú agus gur ceart a iarraidh ar na Coimisinéirí réamhscrúdú a dhéanamh.

(4) Más rud é, i gcás ionradh farraige a dhéanann difear do thalamh i dhá chontae nó níos mó, go ndéanfaidh gach ceann de chomhairlí na gcontaetha dearbhú faoi fho-alt (3) den alt seo, ainmneoidh na comhairlí comhairle amháin mar an t-údarás a bhunóidh an scéim chaomhnaithe cósta.

(5) Is dleathach do chomhairle contae agus dá n-oifigigh, dá ngníomhairí agus dá seirbhísigh dul isteach ar aon tailte gach tráth réasúnach agus gach ní a dhéanamh ansin is dealraitheach dóibh is gá nó is fóirstineach chun tuarascáil a ullmhú faoi fho-alt (2) den alt seo.

(6) Is feidhm fhorcoimeádta tuarascáil a bhreithniú faoin alt seo agus is feidhm fhorcoimeádta dearbhú a dhéanamh faoin alt seo.

Réamhscrúdú ag an Coimisinéirí.

3. —(1) Nuair a gheobhaidh na Coimisinéirí ón údarás bunaitheoireachta—

(a) cóip dheimhnithe de rún ón údarás bunaitheoireachta chun críocha fo-alt (3) d'alt 2 den Acht seo,

(b) cóip de thuarascáil faoi fho-alt (2) d'alt 2 den Acht seo,

(c) gealltanas ón údarás bunaitheoireachta go n-íocfaidh siad, má dhéanann na Coimisinéirí, tar éis do na Coimisinéirí réamhscrúdú a dhéanamh i dtaobh ionradh farraige, cinneadh faoi mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 4 den Acht seo nó má dhéanann an t-údarás bunaitheoireachta dearbhú faoi mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 5 den Acht seo, an méid a dtiocfaidh sé gur iomchuí dóibh é a íoc nuair a bheifear tar éis fógra faoi fho-alt (1) d'alt 26 den Acht seo a sheirbheáil, agus

(d) léarscáil nó plean a thaispeánfaidh sách mion láthair an ionraidh farraige agus an méid talún agus maoine eile atá á dhamáistiú nó i ndóigh a bhaolaithe aige,

féadfaidh na Coimisinéirí réamhscrúdú i dtaobh an ionraidh farraige a ghabháil de láimh.

(2) I gcás ina ndéanann an t-ionradh farraige difear do thalamh i dhá chontae nó níos mó, déanfar an tagairt i mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo do chóip dheimhnithe de rún ón údarás bunaitheoireachta chun críocha fo-alt (3) d'alt 2 den Acht seo a fhorléiriú mar thagairt do chóipeanna deimhnithe de rúin ó chomhairlí na gcontaetha sin chun na gcríocha sin.

(3) Is dleathach do na Coimisinéirí agus dá n'oifigigh, dá ngníomhairí agus dá seirbhísigh dul isteach ar aon tailte gach tráth réasúnach agus gach ní a dhéanamh ansin is dealraitheach dóibh is gá nó is fóirstineach chun réamhscrúdú a dhéanamh faoin alt seo.

Cinneadh ag na Coimisinéirí.

4. —(1) Ar réamhscrúdú faoi alt 3 den Acht seo a bheith críochnaithe—

(a) cinnfidh na Coimisinéirí nach amhlaidh do na himthosca gur ceart lánscrúdú a dhéanamh agus scéim chaomhnaithe cósta a ullmhú agus a chur i bhfeidhm, nó

(b) cinnfidh na Coimisinéirí gurb amhlaidh do na himthosca gurb indéanta scéim chaomhnaithe cósta a ullmhú agus a chur i bhfeidhm.

(2) I gcás ina ndéanfaidh na Coimisinéirí cinneadh de bhun mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, tabharfaidh siad tuarascáil sa chéill sin don údarás bunaitheoireachta agus leagfaidh siad amach sa tuarascáil sin, i cibé slí agus chomh mion sin agus is dóigh leo is gá, na cúiseanna ar a bhfuil an cinneadh bunaithe.

(3) I gcás ina ndéanfaidh na Coimisinéirí cinneadh de bhun mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, cuirfidh siad sin in iúl don údarás bunaitheoireachta agus san am céanna cuirfidh siad ar aghaidh chun an údaráis sin tuarascáil (a mbeidh cibé léarscáileanna nó pleananna ina teannta is dóigh leo is gá) ina mbeidh sé leagtha amach, i cibé slí agus chomh mion agus is dóigh leo is gá, an méid talún agus maoine eile atá á dhamáistiú nó i ndóigh a bhaolaithe, na hoibreacha is dóigh leo is indéanta agus is inmhianaithe chun leanúntas ionraidh na farraige a chosc agus an méid a mheastar a chosnóidh na hoibreacha sin.

Dearbhú eile fós ón údarás bunaitheoireachta.

5. —(1) I gcás ina dtuairisceoidh na Coimisinéirí, de bhun fo-alt (3) d'alt 4 den Acht seo, cinneadh a rinne siad gurb amhlaidh do na himthosca gurb indéanta scéim chaomhnaithe cósta a ullmhú agus a chur i bhfeidhm, déanfaidh an t-údarás bunaitheoireachta, tar éis an tuarascáil a bhreithniú,—

(a) a dhearbhú nach bhfuil scéim chaomhnaithe cósta le cur chun cinn, nó

(b) a dhearbhú gur ceart a iarraidh ar na Coimisinéirí scéim chaomhnaithe cósta a ullmhú agus a chur i bhfeidhm.

(2) Aon dearbhú faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo beidh dearbhú ann go ndéanfaidh an t-údarás bunaitheoireachta maidir leis an scéim chaomhnaithe cósta—

(a) aon ranníoc a dtiocfaidh sé gur cuí dóibh é a dhéanamh faoi alt 16 den Acht eo, agus

(b) aon íocaíocht a dtiocfaidh sé gur cuí dóibh é a dhéanamh de dhroim fógra a seirbheáladh faoi fho-alt (2) nó fo-alt (3) d'alt 26 den Acht seo.

(3) Is feidhm fhorcoimeádta tuarascáil a bhreithniú agus dearbhú a dhéanamh faoin alt seo.

Scéim chaomhnaithe cósta a ullmhú.

6. —(1) Nuair a gheobhaidh na Coimisinéirí ón údarás bunaitheoireachta cóip dheimhnithe de rún ón údarás bunaitheoireachta chun críocha mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 5 den Acht seo, féadfaidh na Coimisinéirí, faoi réir toiliú an Aire Airgeadais agus aon choinníollacha a chuirfidh sé, scéim a ullmhú chun ionradh iomchuí na farraige a chosc agus cuirfidh siad cóip den scéim go dtí an t-údarás bunaitheoireachta agus go dtí aon chomhairle eile a d'ainmnigh an t-údarás bunaitheoireachta.

(2) Is dleathach do na Coimisinéirí agus dá n-oifigigh, dá ngníomhairí agus dá seirbhísigh dul isteach ar aon tailte gach tráth réasúnach agus gach ní a dhéanamh ansin is dealraitheach dóibh is gá nó is fóirstineach chun scéim faoin alt seo a ullmhú.

Nithe a thaispeánfar i scéim.

7. —Taispeánfaidh scéim chaomhnaithe cósta, i gcorp na scéime nó le léarscáileanna, líníochtaí, pleananna, teascáin agus sceidil iomchuí a bheidh ag gabháil léi—

(a) na hoibreacha a bheartaítear a ghabháil de láimh de bhun na scéime agus an láthair ar a mbeartaítear iad a dhéanamh,

(b) na tailte agus an mhaoin eile ar a bhfuil ionradh déanta nó atá i ndóigh a bhaolaithe (dá ngairtear na tailte caomhnaithe san Acht seo) agus a bhfuil sé beartaithe iad a chaomhnú leis na hoibreacha sin,

(c) na tailte a mbeartaítear iad a ghlacadh, nó cur isteach substainteach a dhéanamh orthu, go héigeantach, na héasúintí, na hiascaigh, na cearta uisce, na cearta loingseoireachta agus na cearta eile a mbeartaítear iad a ghlacadh, a shrianadh nó a fhoirceannadh, nó cur isteach a dhéanamh orthu ar shlí eile, go héigeantach, agus na bóithre agus na droichid (poiblí nó príobháideach) a mbeartaítear iad a choradh, a dhíchur nó cur isteach a dhéanamh orthu ar shlí eile,

(d) na daoine is dílseánaigh, úinéirí agus áititheoirí (rátaithe nó eile) ainme ar na tailte uile agus faoi seach a mbeartaítear iad a ghlacadh, nó cur isteach substainteach a dhéanamh orthu, go héigeantach agus ar na héasúintí, na hiascaigh, na cearta uisce, na cearta loingseoireachta agus na cearta eile, uile agus faoi seach, agus ar na bóithre príobháideacha agus ar na droichid phríobháideacha a mbeartaítear iad a ghlacadh, a shrianadh, a fhoirceannadh, nó cur isteach a dhéanamh orthu ar shlí eile, go héigeantach,

(e) an méid a mheastar a chosnóidh na hoibreacha (agus an méid caiteachais i gcoitinne a bhainfidh leis an scéim a chur i bhfeidhm a áireamh) agus, maidir leis an gcostas sin (ag áireamh mar a dúradh), an céatadán de (nach mó ochtó) atá an tAire Airgeadais ullamh ar a ranníoc chuige.

Dearbhú ó údarás bunaitheoireachta ar scéim a fháil.

8. —(1) I gcás ina bhfaighidh údarás bunaitheoireachta cóip de scéim chaomhnaithe cósta a cuireadh chucu de bhun fo-alt (1) d'alt 6 den Acht seo—

(a) dearbhóidh siad nach bhfuil an scéim le cur chun cinn, nó

(b) dearbhóidh siad go bhfuil an scéim le cur chun cinn.

(2) I gcás ina mbeifear tar éis dearbhú a dhéanamh faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo—

(a) foilseoidh an t-údarás bunaitheoireachta, san Iris Oifigiúil agus i nuachtán amháin nó níos mó a léitear i gcontae an údaráis bhunaitheoireachta agus in aon chontae eile ar ainmnigh a chomhairle an t-údarás bunaitheoireachta de bhun an Achta seo, fógra á insint go bhfuil an scéim chaomhnaithe cósta ullmhaithe agus ag insint freisin na háite nó na n-áiteanna a mbeidh agus an tréimhse, nach giorra ná mí, a bheidh cóip den scéim ar fáil chun a hiniúchta de bhun an ailt seo,

(b) cuirfidh an t-údarás bunaitheoireachta faoi deara an chóip den scéim chaomhnaithe cósta a chuir na Coimisinéirí chucu a chur ar taispeáint ina bpríomhoifigí nó in áit chaothúil eile i gcaitheamh na tréimhse a shonrófar chuige sin san fhógra dá dtagraítear sa mhír sin roimhe seo agus ceadóidh siad an chóip a iniúchadh i rith uaireanna oifige ag aon duine a éileoidh leas a bheith aige sa chéanna.

(3) Is feidhm fhorcoimeádta dearbhú a dhéanamh faoin alt seo.

Fógra chun dílseánaigh, áititheoirí ainme, etc.

9. —(1) I gcás ina mbeidh an t-údarás bunaitheoireachta tar éis dearbhú a dhéanamh faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 8 den Acht seo maidir le scéim chaomhnaithe cósta—

(a) seirbheálfaidh siad ar aon duine a bheidh ainmnithe sa scéim mar dhílseánach, úinéir nó áititheoir (rátaithe nó eile) ainme ar aon talamh a mbeartaítear é a ghlacadh, nó cur isteach substainteach a dhéanamh air, go héigeantach, nó ar aon éasúint, iascach, ceart uisce, ceart loingseoireachta nó ceart eile nó ar aon bhóthar nó droichead príobháideach a mbeartaítear é a ghlacadh, a shrianadh, a fhoirceannadh, nó cur isteach eile a dhéanamh air, go héigeantach, fógra ag insint go bhfuil an scéim ullmhaithe, ag sonrú na háite nó na n-áiteanna a mbeidh agus an tréimhse a bheidh, cóip den scéim ar fáil chun a hiniúchta de bhun an Achta seo agus á chur in iúl dó go mbeartaíonn an scéim, maidir le talamh nó ceart éigin nó maoin éigin eile ar uinéir nó áititheoir ainme air é, go nglacfar go héigeantach é nó go gcuirfear isteach go héigeantach air (agus tabharfar tuairisc iomlán san fhógra ar an talamh, an ceart nó an mhaoin agus ar an gcur isteach a bheartaítear (má bheartaítear) a dhéanamh);

(b) seirbheálfaidh siad ar gach duine arb é an t-údarás áitiúil é (nach comhairle ar cuireadh cóip den scéim chucu de bhun fo-alt (1) d'alt 6 den Acht seo) ar a mbeidh cúram cothabhála aon bhóthair nó droichid phoiblí a mbeartaítear sa scéim é a choradh, a dhíchur é nó cur isteach ar shlí eile air fógra ag insint don údarás sin i dtaobh an scéim a ullmhú agus i dtaobh an coradh, an díchur nó an cur isteach a bheartaítear sa scéim a dhéanamh maidir leis an mbóthar nó an droichead sin, agus

(c) seirbheálfaidh siad ar dhuine amháin nó níos mó de na daoine is iontaobhaithe d'aon chiste iontaobhais chun oibreacha a chothabháil a mb'fhéidir go gcuirfí isteach orthu tríd an scéim a chur i bhfeidhm fógra ag insint go bhfuil an scéim ullmhaithe agus go mb'fhéidir go gcuirfeadh a cur i bhfeidhm isteach ar na hoibreacha sin.

(2) Beidh i bhfógra a sheirbheálfar ar aon duine de bhun an ailt seo ráiteas á chur in iúl dó go bhféadfaidh sé, aon tráth laistigh de dhá mhí tar éis an fógra a sheirbheáil air, na tuairimí sin uile (más ann dóibh) is cuí leis i dtaobh na n-ábhar lena mbainfidh an fógra a chur go dtí an t-údarás bunaitheoireachta.

(3) Aon duine ar a seirbheálfar fógra de bhun an ailt seo féadfaidh sé, aon tráth laistigh de dhá mhí tar éis an fógra a sheirbheáil air, na tuairimí sin uile (más ann) is cuí leis i dtaobh na n-ábhar lena mbainfidh an fógra a chur go dtí an t-údarás bunaitheoireachta.

(4) Féadfar fógra a cheanglaítear leis an alt seo a sheirbheáil ar aon duine a sheirbheáil leis an bpost cláraithe agus, mura feasach seoladh an duine sin, féadfar an clúdach ina mbeidh an fógra a dhíriú chuige ag na tailte nó san áit nó san ionad ina bhfuil an ceart nó an mhaoin lena mbainfidh an fógra.

Scéim a dhaingniú.

10. —(1) Ar bheith caite don am a cheaptar le halt 9 den Acht seo chun daoine ar ar seirbheáladh fógra de bhun an ailt sin do chur tuairimí i dtaobh scéim chaomhnaithe cósta chun an údaráis bhunaitheoireachta, scrúdóidh an t-údarás bunaitheoireachta na tuairimí a cuireadh chucu go cuí agus tabharfaidh siad do na Coimisinéirí tuarascáil ina mbeidh na tuairimí sin agus na hathruithe sin (más aon athruithe é) (trí athrú, fágáil ar lár nó breisiú) leagtha amach a bheartaíonn siad ba chóir a dhéanamh ar an scéim.

(2) I gcás ina dtabharfar tuarascáil faoi fho-alt (1) den alt seo do na Coimisinéirí, scrúdóidh siad an tuarascáil agus—

(a) cinnfidh siad nach bhfuil aon athrú le déanamh ar an scéim, nó

(b) cinnfidh siad na hathruithe (trí athrú, fágáil ar lár nó breisiú) atá le déanamh ar an scéim.

(3) (a) I gcás ina ndéanfaidh na Coimisinéirí cinneadh faoi fho-alt (2) den alt seo, tabharfaidh siad fógra faoin gcinneadh don údarás bunaitheoireachta agus air sin—

(i) dearbhóidh an t-údarás nach bhfuil an scéim le cur chun cinn, nó

(ii) dearbhóidh an t-údarás go bhfuil an scéim le cur chun cinn.

(b) Is feidhm fhorcoimeádta dearbhú a dhéanamh faoin bhfo-alt seo.

(4) Nuair a gheobhfaidh na Coimisinéirí cóip dheimhnithe de dhearbhú faoi fhomhír (ii) de mhír (a) d'fho-alt (3) den alt seo ón údarás bunaitheoireachta, déanfaidh na Coimisinéirí an scéim chaomhnaithe cósta, agus cóip den fhógra a tugadh de bhun fo-alt (3) den alt seo ina teannta, a chur faoi bhráid an Aire Airgeadais.

(5) I gcás ina gcuirfear scéim chaomhnaithe cósta faoi bhráid an Aire Airgeadais faoi fho-alt (4) den alt seo, féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil, leis an Aire Iompair agus Cumhachta agus le cibé Aire nó Airí eile is dóigh leis is gá—

(a) ordú a dhéanamh ag diúltú an scéim a dhaingniú, nó

(b) ordú a dhéanamh ag daingniú na scéime, gan athruithe nó le cibé athruithe (trí athrú, breisiú nó fágáil ar lár) is dóigh leis is gá, agus cuirfidh sé cóip den ordú chun na gCoimisinéirí agus chun an údaráis bhunaitheoireachta.

(6) (a) I gcás ina ndaingneoidh ordú faoin alt seo scéim chaomhnaithe cósta le hathruithe (trí athrú, breisiú nó fágáil ar lár), ní bheidh aon éifeacht ag an ordú má dhearbhaíonn an t-údarás bunaitheoireachta, laistigh de mhí tar éis cóip den ordú a fháil, nach bhfuil an scéim le cur chun cinn.

(b) Is feidhm fhorcoimeádta dearbhú a dhéanamh faoin bhfo-alt seo.

(7) Laistigh de dhá mhí tar éis cóip d'ordú faoin alt seo a fháil ag daingniú scéim chaomhnaithe cósta, seirbheálfaidh an t-údarás bunaitheoireachta, mura mbeidh siad tar éis dearbhú a dhéanamh faoi fho-alt (6) den alt seo, cóip den ordú—

(a) ar gach duine de dhílseánaigh agus d'úinéirí ainme agus d'áititheoirí rátaithe ainme agus d'áititheoirí ainme eile na dtailte uile agus faoi seach a mbeartaítear iad a ghlacadh, nó cur isteach substainteach a dhéanamh orthu, go héigeantach agus na n-éasúintí, na n-iascach, na gceart uisce, na gceart loingseoireachta agus na gceart eile, uile agus faoi seach, agus na mbóthar agus na ndroichead príobháideach a mbeartaítear iad a ghlacadh, a shrianadh nó a fhoirceannadh nó cur isteach orthu ar shlí eile.

(b) ar gach duine arb é an t-údarás áitiúil é (nach comhairle ar cuireadh cóip den scéim chucu de bhun fo-alt (1) d'alt 6 den Acht seo) ar a mbeidh cúram cothabhála aon bhóthair nó droichid phoiblí a mbeartaítear é a choradh, a dhíchur nó cur isteach air ar shlí eile, agus

(c) ar dhuine amháin nó níos mó de na daoine is iontaobhaithe d'aon chiste iontaobhais chun oibreacha a chothabháil a mb'fhéidir go gcuirfí isteach orthu tríd an scéim a chur i bhfeidhm.

(8) Féadfar cóip a cheanglaítear le fo-alt (7) den alt seo a sheirbheáil ar aon duine a sheirbheáil leis an bpost cláraithe agus, mura feasach seoladh an duine sin, féadfar an clúdach ina mbeidh an chóip a dhíriú chuige ag na tailte nó san áit nó san ionad ina bhfuil an ceart nó an mhaoin lena mbainfidh an chóip.

Cumhachtaí a thabharfaidh ordú a dhaingneoidh scéim.

11. —(1) I gcás ina mbeidh ordú ag daingniú scéim chaomhnaithe cósta déanta faoin Acht seo, oibreoidh an t-ordú chun cumhacht a thabhairt do na Coimisinéirí—

(a) chun na hoibreacha a shonrófar sa scéim a fhoirgniú, a dhéanamh agus a chríochnú faoi réir cibé breisithe, fágáil ar lár, athruithe agus claonta a gheofar a bheith riachtanach i gcúrsa na hoibre,

(b) chun dul isteach ar aon talamh agus gach gníomh agus gach ní a dhéanamh ann is gá chun nó i dtaobh na hoibreacha sin a fhoirgniú, a dhéanamh nó a chríochnú faoi réir na mbreisithe, an fágáil ar lár, na n-athruithe agus na gclaonta a dúradh,

(c) chun na tailte, na héasúintí, na hiascaigh, na cearta uisce, na cearta loingseoireachta agus na cearta eile, uile agus faoi seach, a ghlacadh go héigeantach a mholfar sa scéim a ghlacadh amhlaidh, agus más oiriúnach leis na Coimisinéirí é, dul isteach ar aon tailte acu sin nó aon chuid de na héasúintí, na hiascaigh, na cearta uisce, na cearta loingseoireachta agus na cearta eile sin a fheidhmiú sula ndéanfar na tailte, na héasúintí, na hiascaigh nó na cearta sin a thíolacadh nó a bpraghas a chinneadh,

(d) cur isteach go substainteach ar aon talamh a molfar sa scéim cur isteach air amhlaidh agus, más oiriúnach leis na Coimisinéirí é, dul isteach ar an talamh sin agus cur isteach air amhlaidh sula ndéanfar aon chinneadh maidir le cúiteamh ina thaobh,

(e) chun srianadh, foirceannadh nó cur isteach eile a dhéanamh ar aon éasúintí, iascaigh, cearta uisce, cearta loingseoireachta nó cearta eile a moltar sa scéim srianadh, foirceannadh nó cur isteach a dhéanamh go héigeantach orthu, agus coradh, díchur nó cur isteach ar shlí eile a dhéanamh ar aon bhóithre nó droichid a moltar sa scéim coradh, díchur nó cur isteach a dhéanamh orthu agus, más oiriúnach leis na Coimisinéirí é, aon ní de na nithe réamhráite a dhéanamh sula ndéanfar aon chinneadh maidir le cúiteamh ina thaobh,

(f) chun conraitheoirí a fhostú chun na hoibreacha sin go léir nó aon chuid díobh a dhéanamh, agus

(g) chun gach gníomh agus ní eile a dhéanamh is dóigh leis na Coimisinéirí is gá nó is ceart chun nó i dtaobh an scéim a chur i bhfeidhm go cuí agus nach ndéantar socrú sonrach ina dtaobh leis an Acht seo.

(2) Maidir le conraitheoirí den sórt dá dtagraítear i mír (f) d'fho-alt (1) den alt seo, oibreoidh ordú daingnithe na scéime caomhnaithe cósta freisin chun an chuid sin de na cumhachtaí a thabhairt dóibh a shonraítear san fho-alt sin agus is iomchuí chun críocha a gconartha.

Dualgais maidir le bóithre agus droichid phoiblí.

12. —(1) I gcás socrú a bheith i scéim chaomhnaithe cósta a bheidh daingnithe faoin Acht seo chun coradh, díchur nó cur isteach eile a dhéanamh ar bhóthar nó droichead (dá ngairtear an bóthar nó an droichead bunaidh san alt seo) a mbeidh freagracht a chothabhála ar údarás áitiúil, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) más gá, chun an scéim a chur i bhfeidhm, an bóthar nó an droichead bunaidh a dhúnadh in aghaidh tráchta, ansin, do réir mar is cuí leis na Coimisinéirí, déanfaidh siad agus (an fad a bheidh an bóthar nó an droichead bunaidh dúnta amhlaidh in aghaidh tráchta) cothabhálfaidh siad bóthar nó droichead sealadach a bheidh dóthanach chun an méid agus an saghas tráchta a iompar a bhíonn ar an mbóthar nó an droichead bunaidh de ghnáth, nó forordóidh siad, le hordú a dhéanfar le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil, malairt conaire a úsáidfear le linn an bóthar nó an droichead bunaidh a bheith dúnta amhlaidh in aghaidh tráchta;

(b) déanfaidh na Coimisinéirí, sula mbeidh an scéim curtha i bhfeidhm go hiomlán, cibé ní acu seo a leanas is cuí leo a dhéanamh, is é sin le rá:

(i) an bóthar nó an droichead bunaidh a athchóiriú, nó

(ii) tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil, buan-bhóthar nó buan-droichead nua a dhéanamh a bheidh dóthanach chun an cothrom céanna tráchta (maidir le méid agus saghas) a iompar a d'fhéad an bóthar nó an droichead bunaidh a iompar agus gan é mórán níos neamhchaothúla maidir le fána agus cuar ná an bóthar nó an droichead bunaidh, nó

(iii) le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil, bóthar ionaid nó droichead ionaid láithreach a fheabhsú (trína athdhéanamh, a neartú, a leathnú, nó eile) i slí go mbeidh sé dóthanach chun an trácht is dóigh a bheidh air a iompar agus nach mbeidh sé mórán níos neamhchaothúla ná an bóthar bunaidh nó an droichead bunaidh;

(c) má dhéanann na Coimisinéirí buan-bhóthar nó buandroichead nua nó má fheabhsaíonn siad bóthar ionaid nó droichead ionaid láithreach agus gur mó de chuid mhaith na buntáistí a thugann an bóthar nó an droichead sin do phobal aon chontae nó cheantair uirbigh ná mar a thug an bóthar bunaidh nó an droichead bunaidh, cibé acu trí shlí chumarsáide níos fearr a thabhairt dóibh nó trí aon ní eile é, deimhneoidh na Coimisinéirí costas an bhóthair nua nó an droichid nua sin nó an fheabhsaithe sin (cibé acu é) agus deimhneoidh an tAire Rialtais Áitiúil an chuid den chostas sin is dóigh leis ba chóir de réir réasúin a bheith ina muirear an chomhairle an chontae nó an cheantair uirbigh sin, agus air sin déanfaidh an chomhairle sin suim is comhionann leis an gcuid a shonrófar amhlaidh den chostas sin a íoc leis na Coimisinéirí;

(d) má éiríonn aon amhras, díospóid, nó ceist i dtaobh cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon na Coimisinéirí na forálacha iomchuí den alt seo maidir le haon bhóthar nó droichead sealadach a dhéanamh nó a chothabháil nó maidir leis an mbóthar bunaidh nó an droichead bunaidh a athchóiriú nó le bóthar ionaid nó droichead ionaid láithreach a fheabhsú (cibé acu é) de bhun an ailt seo, nó i dtaobh cé acu a thugann nó nach dtugann buan-bhóthar nó buan-droichead nua a rinne na Coimisinéirí nó bóthar ionaid nó droichead ionaid láithreach a d'fheabhsaigh na Coimisinéirí (cibé acu é) do phobal aon chontae nó cheantair uirbigh buntáistí is mó de chuid mhaith ná mar a thug an bóthar bunaidh nó an droichead bunaidh, cinnfidh an tAire Rialtais Áitiúil an t-amhras, an díospóid, nó an cheist.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí comhaontú leis an údarás áitiúil iomchuí chun an t-údarás sin do dhéanamh aon ní a cheanglaítear ar na Coimisinéirí nó a údaraítear dóibh le fo-alt (1) den alt seo a dhéanamh, agus féadfaidh siad freisin comhaontú airgead a íoc leis an údarás sin chun nó mar chabhair chun íoctha costas déanta an ní sin acu.

(3) I gcás ina mbeidh na Coimisinéirí tar éis déanamh buanbhóthair nó buan-droichid nua nó feabhsú bóthair ionaid nó droichid ionaid láithrigh a chríochnú de bhun an ailt seo, seachadfaidh siad don údarás áitiúil iomchuí, agus glacfaidh an t-údarás sin, an bóthar nó an droichead a bheidh déanta agus feabhsaithe amhlaidh.

(4) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun aon dualgas nó freagracht a chur ar na Coimisinéirí maidir le cothabháil aon bhuan-bhóthair nó buan-droichid nua a rinne siad de bhun an ailt seo nó aon bhóthair nó droichid a d'athchóirigh siad nó a d'fheabhsaigh siad amhlaidh.

Tailte, cearta, etc., a ghlacadh agus cúiteamh ina leith.

1919, c. 57.

1845, c. 18.

13. —(1) A luaithe is féidir tar éis dáta ordaithe faoin Acht seo ag daingniú scéim chaomhnaithe cósta, cromfaidh na Coimisinéirí ar na tailte, na héasúintí, na hiascaigh, na cearta uisce, na cearta loingseoireachta agus na cearta eile, uile agus faoi seach, a ghlacadh chucu a molfar sa scéim iad a ghlacadh go héigeantach, ach ní bheidh d'oibleagáid ar na Coimisinéirí aon talamh, éasúint, iascach, ceart uisce, ceart loingseoireachta ná ceart eile a ghlacadh chucu a molfar sa scéim é a ghlacadh go héigeantach agus a dtiocfaidh na Coimisinéirí ar an tuairim ina thaobh nach gá é a ghlacadh chucu chun an scéim a chur i bhfeidhm.

(2) An cúiteamh a íocfaidh na Coimisinéirí as tailte, éasúintí, iascaigh, cearta uisce, cearta loingseoireachta agus cearta eile a ghlacfar go héigeantach de bhun fo-alt (1) den alt seo leis na daoine uile agus faoi seach a mbeidh teideal acu chucu nó a mbeidh eastáit nó leasanna acu iontu nó a mbeidh teideal acu chun na dtailte, nó a mbeidh eastáit nó leasanna acu sna tailte, a mbeidh na cearta a bheifear chun a ghlacadh amhlaidh infheidhmithe orthu nó ina leith, déanfar, cheal comhaontú, é a shocrú faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin.

(3) Ní bheidh d'oibleagáid ar na Coimisinéirí aon chur isteach a dhéanamh ar aon talamh, éasúint, iascach, ceart uisce, ceart loingseoireachta, ná ceart eile ná ar aon bhóthar ná droichead, a mholfar i scéim chaomhnaithe cósta a dhéanamh go héigeantach agus a dtiocfaidh na Coimisinéirí ar an tuairim ina thaobh nach gá é a dhéanamh chun an scéim a chur i bhfeidhm.

(4) An méid cúitimh is iníoctha le haon duine mar gheall ar chur isteach substainteach a dhéanamh go héigeantach ar aon talamh nó srianadh nó foirceannadh, nó cur isteach eile, a dhéanamh go héigeantach ar aon éasúint, iascach, ceart uisce, ceart loingseoireachta nó ceart eile nó aon bhóthar nó droichead príobháideach a choradh, a dhíchur, nó cur isteach eile a dhéanamh air, faoi réim nó de bhun scéim chaomhnaithe cósta, socrófar é, cheal comhaontú, faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, ionann is dá mba phraghas talún a glacadh go héigeantach an cúiteamh sin.

(5) Beidh feidhm ag ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, maidir le haon chúiteamh is iníoctha ag na Coimisinéirí faoin alt seo agus maidir le haon talamh nó ceart a ghlacfaidh na Coimisinéirí chucu faoin alt seo a thíolacadh dóibh agus chun críocha na feidhme sin measfar gurb iad na Coimisinéirí bunaitheoirí an ghnóthais.

(6) Ní bheidh aon chúis caingne ó thaobh dlí ná cothromais ann i gcoinne na gCoimisinéirí ná aon oifigigh, gníomhaire, ná seirbhísigh do na Coimisinéirí i leith aon ghníomh, ábhair ná ní ar iníoctha cúiteamh ina leith de bhua an ailt seo nó an chéad ailt eile.

Cúiteamh mar gheall ar chur isteach áirithe ar thalamh, etc.

1954, Uimh. 26 .

14. —(1) Aon duine a fhulaingeoidh aon chaillteanas nó damáiste mar gheall ar aon chur isteach (seachas cur isteach dá dtagróidh fógra a seirbheáladh de bhun mhír (a), (b) nó (c) d'fho-alt (1) d'alt 9 den Acht seo) ag na Coimisinéirí, le linn aon oibreacha a bheith á ndéanamh faoin Acht seo, ar aon talamh a bheidh ar úinéireacht nó ar áitiú aige nó ar aon éasúint, iascach, ceart uisce, ceart loingseoireachta, nó ceart eile dá chuid beidh sé, faoi réir forálacha an Achta seo, i dteideal go n-íocfaidh na Coimisinéirí cúiteamh leis i leith an chaillteanais nó an damáiste sin.

(2) Gach éileamh ar chúiteamh faoin alt seo déanfar é i scríbhinn chun na gCoimisinéirí laistigh de bhliain tar éis an dáta ar a dtosófar ar an gcur isteach lena mbainfidh an t-éileamh.

(3) Déanfar, cheal comhaontú, cúiteamh faoin alt seo a chinneadh le headráin de bhun an Achta Eadrána, 1954 .

Abhair ar a dtabharfar aird le linn cúiteamh a bheith á mheasúnú.

15. —Nuair a bheidh cúiteamh á mheasúnú de bhun ceachtar den dá alt díreach roimhe seo, tabharfaidh an t-eadránaí aird i ngach cás ar aon tairbhe d'aon mhaoin (cibé acu is í an mhaoin í arb ina leith a bheidh an cúiteamh á éileamh nó nach í) leis an duine a bheidh ag éileamh an chúitimh a thiocfaidh, nó a mbeidh coinne réasúnach lena teacht, den scéim chaomhnaithe cósta a chur i bhfeidhm arb ina taobh a bheidh an cúiteamh á éileamh, agus déanfaidh an t-eadránaí, go háirithe—

(a) aird a thabhairt, i gcás éileamh i leith cearta uisce, ar aon soláthar uisce ionaid a chuir na Coimisinéirí ar fáil, agus

(b) aird a thabhairt, i gcás éileamh mar gheall ar chur isteach ar uisce nó ar uisce-chúrsa a sholáthraíonn cumhacht do mhuileann nó do ghnóthas tionscail eile, ar a mhéid a rinneadh an chumhacht a cuireadh ar fáil amhlaidh a úsáid chun críche tionscail sna deich mbliana díreach roimh an dáta a daingníodh an scéim chaomhnaithe cósta, agus aird a thabhairt, freisin, ar aon fhoinse ionaid cumhachta a chuir na Coimisinéirí ar fáil.

Airgead a sholáthar chun scéimeanna a chur i bhfeidhm.

16. —Déanfar an t-airgead a bheidh ag teastáil chun na costais agus na caiteachais a íoc faoina rachfar ag cur scéim chaomhnaithe cósta i bhfeidhm a daingníodh de bhun an Achta seo (lena n-áirítear costas aon réamhscrúdú a rinne na Coimisinéirí, costas na scéime a ullmhú agus an cúiteamh uile agus an t-airgead eile uile is iníoctha agus an caiteachas teagmhasach go léir) a sholáthar, ach amháin mar a ordaítear a mhalairt leis an Acht seo, mar a leanas:

(a) ranníocfaidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, an méid is ionann agus an céatadán sin den airgead sin is comhionann leis an gcéatadán a mbeidh sé ráite sa scéim arna daingniú gurb é an céatadán é atá an tAire Airgeadais ullamh ar a ranníoc,

(b) ranníocfaidh an t-údarás bunaitheoireachta an iarmhéid.

Ranníocaí i leith na méide is iníoctha ag údarás bunaitheoireachta.

1946, Uimh. 9 .

1947, Uimh. 37 .

17. —(1) Déanfar ranníocaí i leith na hiarmhéide dá dtagraítear i mír (b) d'alt 16 den Acht seo de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) i gcás inar comhairle contae an t-údarás bunaitheoir eachta, déanfaidh bardas aon bhuirge (nach contae bhuirg) nó comhairle aon cheantair uirbigh ina bhfuil an t-iomlán nó aon chuid de na tailte caomhnaithe an méid sin a ranníoc a mbeidh comhaontaithe acu air leis an údarás bunaitheoireachta le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil,

(b) i gcás inar comhairle ceantair uirbigh an t-údarás bunaitheoireachta, ranníocfaidh aon chomhairle contae cibé méid a mbeidh comhaontaithe acu air leis an údarás bunaitheoireachta le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil,

(c) déanfaidh aon údarás cuain de réir bhrí an Achta Cuanta, 1946 , an méid sin a ranníoc a mbeidh comhaontaithe acu air leis an údarás bunaitheoireachta le toiliú an Aire Iompair agus Cumhachta,

(d) ranníocfaidh aon duine is úinéir nó áititheoir ar aon chuid de na tailte caomhnaithe suim arb í an tsuim í a fuarthas nó a gnóthaíodh de bhun aon chomhaontú, idir an t-úinéir nó an t-áititheoir sin agus an t-údarás bunaitheoireachta, a dhéanann foráil chun an t-úinéir nó an t-áititheoir sin do dhéanamh ranníoca i leith na hiarmhéide sin,

(e) i gcás inar ainmníodh an t-údarás bunaitheoireachta de bhun fo-alt (4) d'alt 2 den Acht seo, déanfaidh an chomhairle contae eile nó gach comhairle contae eile a d'ainmnigh an t-údarás bunaitheoireachta an méid sin a ranníoc a chinnfidh an tAire Rialtais Áitiúil, cheal comhaontú, leis an údarás bunaitheoireachta.

(2) Maidir le haon chomhaontú den sórt dá dtagraítear i mír (a), (b), (c) nó (d) d'fho-alt (1) den alt seo, údaraítear leis seo, faoi réir forálacha na míre seo, don údarás bunaitheoireachta agus don pháirtí eile a luaitear sa mhír an comhaontú a dhéanamh agus a chur i bhfeidhm agus féadfar aon suim is iníoctha faoin gcomhaontú sin a ghnóthú, mura n-íocfar go cuí í, mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(3) Féadfaidh údarás cuain, chun críocha ranníoc a dhéanamh faoin alt seo, airgead a fháil ar iasacht faoi alt 120 den Acht Cuanta, 1946 , arna leasú le halt 6 den Acht Cuanta, 1947 , ionann is dá mba chríocha i ndáil lena gcuan na críocha sin.

(4) Aon airgead a thógfar ar iasacht de bhun fo-alt (3) den alt seo féadfar é a thabhairt ar iasacht trí eisiúint as Ciste na nIasachtaí Áitiúla ionann is dá mba éard a bhí san iasacht sin iasacht áitiúil de réir bhrí Achtanna na nIasachtaí Áitiúla, 1935 go 1961, agus go raibh sí údaraithe le hAcht ón Oireachtas.

Deimhniú déantachta.

18. —(1) I gcás inar deimhin leis na Coimisinéirí, maidir le hoibreacha a bheidh ar áireamh i scéim chaomhnaithe cósta a daingníodh de bhun an Achta seo, go bhfuil na hoibreacha críochnaithe de réir na scéime (faoi réir cibé breisithe, fágáil ar lár, athruithe agus coradh a fuarthas a bheith riachtanach i gcúrsa na hoibre), eiseoidh an tAire Airgeadais deimhniú á dheimhniú go bhfuil na hoibreacha críochnaithe mar a dúrad.

(2) Taispeáinfidh deimhniú déantachta, i gcorp an deimhnithe nó trí léarscáileanna, líníochtaí, pleananna, teascáin agus sceidil iomchuí a bheidh ag gabháil leis—

(a) na hoibreacha a bheidh críochnaithe,

(b) na tailte caomhnaithe, agus

(c) costas iomlán na n-oibreacha.

(3) Beidh deimhniú déantachta ina fhianaise dhochloíte go bhfuil na hoibreacha a thaispeáinfear leis críochnaithe de réir na scéime caomhnaithe cósta iomchuí (faoi réir cibé breisithe, fágáil ar lár, athruithe agus coradh a fuarthas a bheith riachtanach i gcúrsa na hoibre).

(4) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le deimhniú déantachta a eisiúint faoin alt seo:

(a) cuirfidh an tAire Airgeadais faoi deara go bhfoilseofar san Iris Oifigiúil, agus i nuachtán amháin nó níos mó a léitear i gcontae an údaráis bhunaitheoireachta agus in aon chontae eile ar ainmnigh a chomhairle an t-údarás bunaitheoireachta de bhun an Achta seo, fógra á rá go mbeartaíonn an tAire Airgeadais an deimhniú a eisiúint agus go bhféadfaidh aon duine, laistigh de dhá mhí tar éis dáta an fhógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil, agóid i gcoinne an deimhniú a eisiúint a chur chuig an Aire Airgeadais;

(b) an tráth céanna, nó a luaithe is féidir tar éis an trátha, a fhoilseofar an fógra san Iris Oifigiúil, cuirfidh an tAire Airgeadais cóip den fhógra chun an údaráis bhunaitheoireachta agus chun aon chomhairle eile a d'ainmnigh an t-údarás bunaitheoireachta;

(c) féadfaidh an chomhairle chun ar cuireadh cóip den fhógra agus féadfaidh aon duine eile, laistigh de dhá mhí tar éis dáta an fhógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil, agóid i scríbhinn ag insint go bhfuil an chomhairle nó an duine sin ag cur in aghaidh an deimhniú a eisiúint agus foras na hagóide;

(d) breithneoidh an tAire Airgeadais aon agóid a chuirfear mar a dúradh agus déanfaidh sé cibé bearta ina taobh is cuí leis;

(e) ní eiseofar an deimhniú ar dháta is luaithe ná dhá mhí tar éis dáta an fhógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

(5) Is feidhm fhorcoimeádta i gcás údaráis áitiúil an chumhacht a thugtar le mír (c) d'fho-alt (4) den alt seo.

Cistí iontaobhais i leith claífort láithreacha.

19. —(1) I gcás ciste iontaobhais a bheith ann ar dháta deimhniú déantachta a eisiúint, cibé acu don Iontaobhaí Poiblí, do Choimisiún Talún na hÉireann nó d'iontaobhaithe a bheidh an ciste sin dílsithe, chun cothabháil a dhéanamh (go buan nó ar feadh tréimhse sonraithe nó eile) ar chlaífort láithreach (cibé acu leis féin nó i dteannta oibreacha eile) is claífort nach bhfuil riachtanas leis féin nó le cuid de feasta de bharr na n-oibreacha lena mbaineann an deimhniú déantachta, beidh éifeacht ag an gcuid de na forálacha seo a leanas is inchurtha chun feidhme:

(a) má bhíonn deireadh curtha leis an riachtanas a bhí leis an gclaífort láithreach uile agus gur leis an gclaífort láithreach amháin a bhainfidh an t-iontaobhas, déanfar, a luaithe is féidir tar éis an deimhniú déan tachta a eisiúint, an ciste iontaobhais a íoc isteach sa Státchiste, nó a chur chun tairbhe don Státchiste, i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais;

(b) más cuid, agus amháin más cuid, den chlaífort láithreach a mbeidh deireadh curtha leis an riachtanas a bhí léi agus gur leis an gclaífort amháin a bhainfidh an ciste iontaobhais, déanfaidh Coimisinéir Breithiúnais Choimisiún Talún na hÉireann, ar na Coimisinéirí á iarraidh sin agus ar fhógra a bheith tugtha do na páirtithe uile lena mbainfidh agus tar éis caoi a thabhairt do na páirtithe sin ar éisteacht a fháil, an ciste iontaobhais a chionroinnt amhail idir an gcuid den chlaífort láithreach ar cuireadh deireadh leis an riachtanas a bhí léi agus an chuid eile den chlaífort láithreach, agus air sin déanfar an chuid den chiste iontaobhais a chionroinnfear amhlaidh i leith na coda den chlaífort láithreach ar cuireadh deireadh leis an riachtanas a bhí léi a íoc isteach sa Státchiste, nó a chur chun tairbhe don Státchiste, i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais;

(c) má bhíonn deireadh curtha leis an riachtanas a bhí leis an gclaífort uile agus go mbainfidh an ciste iontaobhais leis an gclaífort láithreach agus le hoibreacha eile freisin, déanfaidh Coimisinéir Breithiúnais Choimisiún Talún na hÉireann, ar na Coimisinéirí á iarraidh sin agus ar fhógra a bheith tugtha do na páirtithe uile lena mbainfidh agus tar éis caoi a thabhairt do na páirtithe sin ar éisteacht a fháil, an ciste iontaobhais a chionroinnt amhail idir an claífort láithreach agus na hoibreacha eile, agus air sin déanfar an chuid den chiste iontaobhais a chionroinnfear amhlaidh i leith an chlaífoirt láithrigh a íoc isteach sa Státchiste, nó a chur chun tairbhe don Státchiste, i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais;

(d) más cuid, agus amháin más cuid, den chlaífort láithreach a mbeidh deireadh curtha leis an riachtanas a bhí léi agus go mbainfidh an ciste iontaobhais leis an gclaífort láithreach agus le hoibreacha eile freisin, déanfaidh Coimisinéir Breithiúnais Choimisiún Talún na hÉireann, ar na Coimisinéirí á iarraidh sin agus ar fhógra a bheith tugtha do na páirtithe uile lena mbainfidh agus tar éis caoi a thabhairt do na páir tithe sin ar éisteacht a fháil, an ciste iontaobhais a chionroinnt, de thaobh, amhail idir an gcuid den chlaífort láithreach ar cuireadh deireadh leis an riachtanas a bhí léi agus, den taobh eile, an chuid eile den chlaífort láithreach agus na hoibreacha eile agus air sin déanfar an chuid den chiste iontaobhais a chionroinnfear amhlaidh i leith na coda eile den chlaífort láithreach ar cuireadh deireadh leis an riachtanas a bhí léi a íoc isteach sa Státchiste, nó a chur chun tairbhe don Státchiste, i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(e) i gcás ina gceanglaítear le haon cheann de na forálacha roimhe seo den fho-alt seo an ciste iontaobhais nó cuid de a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste, is dleathach don Iontaobhaí Poiblí, do Choimisiún Talún na hÉireann nó do na hiontaobhaithe (de réir mar a bheidh) an t-iomlán nó an chuid sin is gá de na hinfheistíochtaí (más ann) a bheidh in ionannas don chiste iontaobhais a dhíol chun an t-íoc nó an cur chun tairbhe a dhéanamh;

(f) i gcás ina gceanglaítear le haon cheann de na forálacha roimhe seo den fho-alt seo iomlán an chiste iontaobhais a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste beidh, cibé acu, an tIontaobhaí Poiblí, Coimisiún Talún na hÉireann nó na hiontaobhaithe, dá raibh an ciste iontaobhais dílsithe díreach roimh an íoc nó an cur chun tairbhe, arna urscaoileadh, díreach ar an íoc nó an cur chun tairbhe a dhéanamh, de bhua an Achta seo ó na hiontaobhais agus na dualgais ar ar theachtadar amhlaidh an ciste ion taobhais (cibé acu de bhua gníomhas iontaobhais, scéime nó ar shlí eile é), agus aon daoine eile a bhí, díreach roimh an íoc nó an cur chun tairbhe, i gcáil mhuiníneach maidir leis an gciste iontaobhais beidh siad arna n-urscaoileadh mar an gcéanna ó na hiontaobhais agus na dualgais a bheidh forchurtha orthu de bhua na cáile sin;

(g) i gcás inar cuid den chiste iontaobhais a bheidh de cheangal, faoi aon cheann de na forálacha roimhe seo den fho-alt seo, a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste, beidh feidhm agus éifeacht ag mír (f) den fho-alt seo maidir leis an gcuid sin den chiste iontaobhais amhail is dá mba é an ciste iontaobhais go léir é, ach ní oibreoidh aon ní san Acht seo chun an tIontaobhaí Poiblí, Coimisiún Talún na hÉireann, nó na hiontaobhaithe (cibé acu é) ná duine ar bith eile a fhuascailt nó a shaoradh, maidir le hiarmhéid an chiste iontaobhais, ó aon iontaobhas nó dualgas a bheidh forchurtha orthu nó air de thuras na huaire (trí ghníomhas iontaobhais, scéim, nó ar shlí eile) maidir leis an gciste iontaobhais sa mhéid go mbainfidh an t-iontaobhas nó an dualgas sin le hiarmhéid an chlaífoirt láithrigh.

(2) San alt seo—

ciallaíonn “claífort” sruthchúrsa, draen, claífort nó obair shaorga eile a rinneah chun talamh a chaomhnú, agus folaíonn sé na loc-chomhlaí, na loc-gheataí, na caidéil, na coraí, na sruthchúrsaí agus na hoibreacha eile go léir is cuid d'aon chlaífort nó obair den saghas sin nó is gá chun é a oibriú go héifeachtúil;

ciallaíonn “claífort láithreach” claífort a rinneadh (roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin) chun talamh a chaomhnú a ceannaíodh faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh nó is ábhar d'imeachtaí faoi na hAchtanna sin, cibé acu roimh an gceannach sin nó roimh imeachtaí a thionscnamh chuige sin nó dá éis sin a rinneadh an claífort agus cibé acu ag sean-tiarna talún nó duine eile nó ag Coimisiún Talún na hÉireann nó faoina maoirseacht a rinneadh é.

Oibreacha a chothabháil.

1933, Uimh. 12 .

1954, Uimh. 25 .

20. —(1) Déanfaidh na Coimisinéirí na hoibreacha lena mbainfidh deimhniú déantachta a chothabháil i ndeisriocht ceart agus i staid éifeachtúil agus féadfaidh na Coimisinéirí gach ní a dhéanamh is dóigh leo is gá le haghaidh nó i dtaobh na cothabhála sin.

(2) I dteannta na gcumhachtaí ginearálta a thugtar do na Coimisinéirí le fo-alt (1) den alt seo agus gan dochar do na cumhachtaí sin, is dleathach do na Coimisinéirí, chun críocha na cothabhála dá dtagraítear san fho-alt sin, cibé féabhsuithe a dhéanamh ar oibreacha a bhfeicfear dóibh gurb mion-rudaí iad ar féidir, le ceart, iad a áireamh mar nithe a bhaineann le cothabháil.

(3) Is dleathach do na Coimisinéirí agus dá n-oifigigh, dá ngníomhairí agus dá seirbhísigh dul isteach ar aon tailte gach tráth réasúnach agus gach ní a dhéanamh ansin a fheicfear dóibh is gá le haghaidh nó i dtaobh aon chothabhála nó feabhsuithe dá dtagraítear san alt seo.

(4) Féadfaidh na Coimisinéirí conraitheoirí a fhostú chun aon chothabháil nó feabhsuithe a dhéanamh dá dtagraítear san alt seo agus féadfaidh na conraitheoirí an chuid sin de na cumhachtaí a fheidhmiú a shonraítear san alt seo agus is iomchuí chun críocha a gconartha.

(5) (a) San fho-alt seo tá an bhrí chéanna le “ábhar cladaigh” atá leis san Acht Imeall Trágha, 1933 .

(b) Ní dhéanfaidh aon duine, ach amháin faoi réim agus de réir ceadúnais, ábhar cladaigh a thabhairt chun siúil a bheidh in aice le, nó fad nach mó ná céad slat ó, aon oibreacha a cheanglaítear leis an alt seo a chothabháil ag na Coimisinéirí.

(c) Féadfaidh na Coimisinéirí ceadúnais chun críocha an fho-ailt seo a dheonú.

(d) Aon duine a sháróidh mír (b) den fho-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(e) I gcás ina ndeonófar ceadúnas faoin bhfo-alt seo i leith duine do thabhairt ábhar cladaigh chun siúil, ní oibreoidh an deonú chun aon oibleagáid a dhíchur a bheidh ar an duine sin ceadúnas a fháil faoin Acht Imeall Trágha, 1933 , nó faoin Acht Maoine Stáit, 1954 , á údarú an t-ábhar cladaigh sin a thabhairt chun siúil.

(6) Ní bheidh aon ábhar caingne ann i gcoinne na gCoimisinéirí, i leith caillteanas de dheasca oibreacha cliseadh a cheanglaítear leis an alt seo a chothabháil ag na Coimisinéirí, mura gcruthófar chun sástachta na Cúirte gurbh é amháin ba chúis leis an gcliseadh faillí ag na Coimisinéirí ina n-oibleagáid na hoibreacha a chothabháil.

E toirmiscthe baint le hoibreacha.

21. —(1) Ní leagfaidh, ní dhíchuirfidh ná ní dhíobhálfaidh aon duine aon oibreacha a bheidh déanta nó á ndéanamh ag na Coimisinéirí faoi scéim chaomhnaithe cósta ná ní dhéanfaidh aon ghníomh a bhacfaidh oibriú éifeachtúil aon oibreacha den sórt sin.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile agus dlífear freisin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air in aghaidh gach lae a leanfaidh an cion.

Fodhlíthe.

22. —(1) I gcás ina gceanglaítear ar na Coimisinéirí le hait 20 den Acht seo aon oibreacha a chothabháil féadfaidh siad fodhlíthe a dhéanamh chun na hoibreacha a chosaint.

(2) Ní bheidh aon fheidhm ná éifeacht le haon fhodhlí faoin alt seo mura ndéanfar é, nó go dtí go ndéanfar é, a dhaingniú ag an Aire Airgeadais.

(3) I gcás ina ndaingneoidh an tAire Airgeadais fodhlí a rinneadh faoin alt seo, foilseofar fógra i dtaobh an daingnithe san Iris Oifigiúil agus i nuachtán amháin nó níos mó a léitear sa cheantar ina bhfuil na hoibreacha lena mbaineann an fodhlí.

(4) Aon doiciméad a airbheartóidh gur cóip é d'fhodhlí a rinneadh faoin alt seo agus a mbeidh deimhniú formhuinithe air a airbheartóidh a bheith séalaithe le séala na gCoimisinéirí á dhearbhú gur fíorchóip é den fhodhlí glacfar i bhfianaise é in aon imeachtaí (sibhialta nó coiriúil) in aon Chúirt mar fhianaise dhochloíte ar lánas an fhodhlí agus go ndearnadh agus gur daingníodh go cuí é de réir an ailt seo agus go bhfuil sé i bhfeidhm.

(5) Aon duine a sháróidh, trí ghníomh nó neamhghníomh, fodhlí a rinneadh faoin alt seo agus a bheidh i bhfeidhm beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

Oibreacha a thréigean.

23. —(1) I gcás ina gceanglaítear ar na Coimisinéirí le halt 20 den Acht seo aon oibreacha áirithe a chothabháil agus gurb é a dtuairim, aon tráth, nach féidir, ar chúiseanna nach bhfuil neart acu orthu, iad a chothabháil feasta ar chostas réasúnach, féadfaidh siad ordú faoin alt seo a iarraidh ar an Aire Airgeadais.

(2) I gcás ina ndéanfaidh na Coimisinéirí iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo—

(a) féadfaidh an tAire Airgeadais, más deimhin leis nach féidir, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag na Coimisinéirí orthu, na hoibreacha, nó aon chuid nó codanna áirithe de na hoibreacha, lena mbaineann an t-iarratas a chothabháil feasta ar chostas réasúnach, le hordú a údarú na hoibreacha nó an chuid nó na codanna sin a thréigean,

(b) oibreoidh an t-ordú chun na Coimisinéirí a fhuascailt ó bheith faoi oibleagáid na hoibreacha nó an chuid nó na codanna sin díobh a chothabháil,

(c) féadfaidh an t-ordú a ordú do na Coimisinéirí bearta sonraithe a dhéanamh ionas nach ndéanfaidh dainséir ná núis de na hoibreacha tréigthe.

(d) má bhíonn aon ordú den sórt sin san ordú déanfaidh na Coimisinéirí dá réir.

Blianachtaí talamh-cheannaigh, etc., a chionroinnt.

24. —I gcás talamh a glacadh faoin Acht seo a bheith, i dteannta talún eile, faoi réir blianachta talamh-cheannaigh nó íocaíochta bliantúla eile is iníoctha le Coimisiún Talún na hÉireann nó leis na Coimisinéirí, féadfaidh Coimisiún Talún na hÉireann nó na Coimisinéirí (de réir mar a bheidh) an bhlianacht nó an íocaíocht bhliantúil a chionroinnt i cibé slí is cuí leo idir an talamh a glacadh amhlaidh agus an talamh eile nó féadfaidh siad iomlán na blianachta nó na híocaíochta eile a mhuirearú ar aon chuid áirithe den talamh a bheidh faoi réir an chéanna agus an chuid eile den talamh sin a fhágáil gan muirearú amhlaidh.

Fiacha áirithe a íoc as cúiteamh.

25. —I gcás inarb iníoctha cúiteamh faoin Acht seo ag na Coimisinéirí le duine agus go mbeidh aon airgead dlite den duine sin d'Aire Stáit, do na Coimisinéirí Ioncaim, do Choimisiún Talún na hÉireann nó do na Coimisinéirí, is dleathach do na Coimisinéirí an t-airgead a bheidh dlite amhlaidh den duine sin a íoc agus a ghlanadh as an gcúiteamh agus gan a íoc leis ach an iarmhéid (más ann) den chúiteamh a bheidh fágtha tar éis an íoca agus an ghlanta sin.

Suimeanna áirithe a íoc leis na Coimisinéirí.

26. —(1) I gcás ina ndéanfar cinneadh faoi mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 4 nó dearbhú faoi mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 5 den Acht seo, seirbheálfaidh na Coimisinéirí leis an bpost ar an údarás bunaitheoireachta fógra ag insint gurb í an tsuim atá deimhnithe ag na Coimisinéirí méid na gcostas agus na gcaiteachas faoina ndeachaigh na Coimisinéirí i leith an réamhscrúdaithe agus ag éileamh ar an údarás bunaitheoireachta leath na suime sin a íoc leis na Coimisinéirí.

(2) I gcás ina ndéanfar dearbhú faoi mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 8, dearbhú faoi fhomhír (i) de mhír (a) d'fho-alt (3) nó faoi fho alt (6) d'alt 10 nó ordú faoi mhír (a) d'fho-alt (5) d'alt 10 den Acht seo, seirbheálfaidh na Coimisinéirí leis an bpost ar an údarás bunaitheoireachta fógra ag insint gurb í an tsuim atá deimhnithe ag na Coimisinéirí méid na gcostas agus na gcaiteachas faoina ndeachaigh na Coimisinéirí i ndáil leis an scéim chaomhnaithe cósta agus ag éileamh ar an údarás bunaitheoireachta leath na suime sin a íoc leis na Coimisinéirí.

(3) I gcás ina ndéanfaidh na Coimisinéirí cothabháil nó feabhsuithe dá dtagraítear in alt 20 nó ordú dá dtagraítear i mír (c) d'fho-alt (2) d'alt 23 den Acht seo a chomhlíonadh, seirbheálfaidh siad leis an bpost ar an údarás bunaitheoireachta fógra ag insint gurb í an tsuim atá deimhnithe ag na Coimisinéirí méid na gcostas agus na gcaiteachas faoina ndeachaigh na Coimisinéirí ag déanamh na cothabhála nó na bhfeabhsuithe nó ag comhlíonadh an fhógra, agus ag éileamh ar an údarás bunaitheoireachta an tsuim sin a íoc leis na Coimisinéirí.

(4) Beidh an tsuim a éileofar le fógra a sheirbheálfar faoin alt seo iníoctha leis na Coimisinéirí ag an údarás bunaitheoireachta agus, mura n-íocfar í, beidh sí inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(5) (a) I gcás ina ndéanfaidh na Coimisinéirí cothabháil nó feabhsuithe ag Trá Ros Láir, beidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (4) den alt seo ionann is dá mbeadh tagairt don chothabháil nó do na feabhsuithe in alt 20 den Acht seo agus dá mba iad comhairle chontae Loch Garman an t-údarás bunaitheoireachta.

(b) Sa mhír sin roimhe seo—

déanfar an tagairt do chothabháil ag Trá Ros Láir a fhorléiriú mar thagairt do na hoibreacha caomhnaithe cósta ag Trá Ros Láir i gcontae Loch Garman a thosaigh na Coimisinéirí sa bhliain 1957 a chothabhaíl i ndeisriocht ceart agus i staid éifeachtúil;

déanfar an tagairt d'fheabhsuithe ag Trá Ros Láir a fhorléiriú mar thagairt d'aon fheabhsuithe ar na hoibreacha sin a rinne na Coimisinéirí agus a bhfeicfear dóibh gur mion-rudaí iad ar féidir, le ceart, iad a áireamh mar nithe a bhaineann le cothabháil.

(6) Más rud é, i gcás ina seirbheálfar fógra faoi fho-alt (1) nó faoi fho-alt (2) den alt seo, go bhfuil cuid den talamh agus den mhaoin atá á dhamáistiú nó á bhaolú ag ionradh farraige i limistéar feidhmiúcháin an údaráis bhunaitheoireachta agus cuid eile den chéanna i limistéar feidhmiúcháin údaráis áitiúil eile nó i limistéir feidhmiúcháin údarás áitiúla eile, déanfaidh an t-údarás áitiúil eile nó gach ceann de na húdaráis áitiúla eile, a mhéid a éileoidh an fógra, suim a ranníoc a mbeidh inti cibé méid ar a gcomhaon tóidh siad féin agus an t-údarás bunaitheoireachta nó, cheal comhaontú, a shocróidh an tAire Rialtais Áitiúil.

(7) Más rud é, i gcás ina seirbheálfar fógra faoi fho-alt (3) den alt seo, go ndearna údarás áitiúil nó údaráis áitiúla ranníoc de bhun mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 17 den Acht seo, déanfaidh an t-údarás áitiúil sin nó gach ceann de na húdaráis áitiúla sin, a mhéid a éileoidh an fógra, suim a ranníoc a mbeidh inti méid ar a gcomhaontóidh siad féin agus an t-údarás bunaitheoireachta nó, cheal comhaontú, a shocróidh an tAire Rialtais Áitiúil.

(8) Más rud é, i gcás ina seirbheálfar fógra faoi fho-alt (3) den alt seo, go ndearna údarás cuain nó údaráis cuain ranníoc de bhun mhír (c) d'fho-alt (1) d'alt 17 den Acht seo, déanfaidh an t-údarás cuain sin nó gach ceann de na húdaráis cuain sin, a mhéid a éileoidh an fógra, suim a ranníoc a mbeidh inti cibé méid ar a gcomhaontóidh siad féin agus an t-údarás bunaitheoireachta nó, cheal comhaontú, a shocróidh an tAire Rialtais Áitiúil tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Iompair agus Cumhachta.

Fiosrúcháin phoiblí.

27. —(1) I gcás ina mbeifear tar éis tuarascáil a chur faoi bhráid comhairle contae faoi alt 2 den Acht seo, féadfaidh an tAire Airgeadais, más dóigh leis gur gá é, aon tráth sula ndéanfar an t-ordú faoi fho-alt (5) d'alt 10 den Acht seo, a chur faoi deara fiosrúchán poiblí a sheoladh ag duine a cheapfaidh sé, maidir leis na tograí i dtaobh caomhnú cósta.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le fiosrúchán poiblí faoin alt seo:

(a) foilseoidh an tAire Airgeadais san Iris Oifigiúil, agus i nuachtán amháin nó níos mó a léitear i gcontae an údaráis bhunaitheoireachta agus in aon chontae eile a ndearna a chomhairle an t-údarás bunaitheoireachta a ainmniú de bhun an Achta seo, fógra á rá go seolfar an fiosrúchán tráth (nach giorra ná trí sheachtain tar éis an fógra a fhoilsiú den chéad uair) agus san áit a shonrófar san fhógra,

(b) beidh gach duine ag a mbeidh, i dtuairim an duine a sheolfaidh an fiosrúchán, leas san fhiosrúchán i dteideal láithriú agus éisteacht a fháil (i bpearsain nó trí aturnae nó abhcóide) agus fianaise a thabhairt ar aird ag an bhfiosrúchán,

(c) beidh ag an duine a sheolfaidh an fiosrúchán cumhacht, trí fhógra i scribhinn a shíneoidh sé, finnéithe a ghairm agus a cheangal leabhair agus doiciméid eile a thabhairt ar aird, agus aon duine a ghairfear amhlaidh agus a mhainneoidh teacht i láthair ag an bhfiosrúchán agus fianaise a thabhairt aige agus aon duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh aon leabhar nó doiciméad eile a thabhairt ar aird a gceanglófar amhlaidh é a thabhairt ar aird beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air,

(d) is faoi mhionn a thabharfar an fhianaise go léir ag fiosrúchán, mionn a chumasaítear leis seo don duine a sheolfaidh an fiosrúchán a chur, agus beidh aon duine a thabharfaidh fianaise bhréagach ag an bhfiosrúchán ciontach i mionnú éithigh agus inphionósaithe dá réir,

(e) beidh an duine a sheolfaidh an fiosrúchán i dteideal an fiosrúchán a chur ar atráth mar is oiriúnach leis agus beidh cumhacht aige freisin iniúchadh agus scrúdú a dhéanamh, agus dul isteach chun na críche sin, ar aon tailte agus áitreabh dá ndéanann ionradh iomchuí na farraige difear.

Caiteachais na gCoimisinéirí.

28. —Déanfar na caiteachais faoina rachaidh na Coimisinéirí ag riaradh an Achta seo agus ag tabhairt éifeachta dó a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

29. —Féadfar an tAcht um Chaomhnú an Chósta, 1963 , a ghairm den Acht seo.