18 1963


Uimhir 18 de 1963.


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (LUACHÁIL A LAGHDÚ GO SEALADACH), 1963.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA RIALTAIS ÁITIÚIL (LUACHÁIL A LAGHDÚ GO SEALADACH), 1954 GO 1960. [11 Iúil, 1963.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Leasú ar alt 3 den Acht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 .

1954, Uimh. 8 .

1. —Leasaítear leis seo alt 3 den Acht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954

(a) trí “an 31ú lá de Mhárta, 1966” a chur in ionad “an 31ú lá de Mhárta, 1963” sa mhíniú ar “an tréimhse ordaithe” atá i bhfo-alt (1), agus

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (3) i ndiaidh mhír (e):

“(ee) fairsingiú nó feabhsú foirgnimh trí sholáthar uisce príobháideach nó saoráidí séarachta príobháideacha a sholáthar nó a fheistiú ann i gcás inar tugadh, faoi threoir an fhairsingithe nó an fheabhsaithe, faoiseamh ó rátaí faoin Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1962 (Uimh. 26 de 1962) ,”

Leasú ar alt den Acht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1960 .

1960, Uimh. 38 .

2. —Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1960 , trí “sé bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1966” a chur in ionad “trí bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1963”.

Gearrtheideal agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1963 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 go 1963, a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 go 1960, agus den Acht seo le chéile.