An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII. Drochbhearta Toghcháin.) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Achtacháin a Aisghairtear.)

19 1963

AN tACHT TOGHCHÁIN, 1963

CUID VIII.

Ilghnéitheach.

Forálacha speisialta nuair is ar an lá vótaíochta céanna a bheadh dhá thoghchán nó níos mó ann.

1923, Uimh. 12 .

1942, Uimh. 8 .

91. —(1) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás na vótaíochtaí seo a leanas:

(a) an vótaíocht i dtoghchán chun duine a thoghadh d'oifig Uachtarán na hÉireann;

(b) an vótaíocht i dtoghchán Dála de réir bhrí an Achta Timpeal Toghachán, 1923 ;

(c) an vótaíocht i reifreann de réir bhrí Acht an Reifrinn, 1942 ;

(d) an vótaíocht i dtoghchán áitiúil.

(2) I gcás dhá vótaíocht nó níos mó lena mbaineann an t-alt seo a bheith le tógáil an lá céanna, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas d'ainneoin aon achtacháin eile:

(a) tógfar na vótaíochtaí san am céanna, sna háiteanna céanna agus sa tslí chéanna,

(b) úsáidfear an marc oifigiúil céanna do na páipéir bhallóide i ngach vótaíocht,

(c) beidh dath éagsúil ar na páipéir bhallóide i ngach vótaíocht (chuige sin measfar bán a bheith ina dhath),

(d) féadfaidh an ceann comhairimh na boscaí ballóide céanna nó boscaí ballóide éagsúla a sholáthar,

(e) má sholáthraítear boscaí ballóide éagsúla, ní bheidh páipéar ballóide neamhbhailí de bhíthin amháin é a chur sa bhosca ballóide mícheart,

(f) má údaraíonn ceann comhairimh do dhuine vótáil i vótaíocht amháin ag stáisiún vótaíochta seachas an ceann a dáileadh dó, tabharfaidh sin údarás don duine sin vótáil ag an stáisiún sin sa vótaíocht nó sna vótaíochtaí eile sa dáilcheantar céanna nó, i gcás toghcháin áitiúil, sa toghlimistéar áitiúil céanna.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordachán, le hordú nó le rialachán, foráil a dhéanamh le haghaidh cibé nithe a mheasfaidh sé is gá d'fhonn éifeacht a thabhairt don alt seo.

(4) Aon ordachán, ordú nó rialachán a thabharfar nó a dhéanfar faoi fho-alt (3) den alt seo, beidh éifeacht aige d'ainneoin aon ní in aon achtachán eile agus, go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht an fho-ailt sin (3), féadfaidh sé—

(a) cumhachtaí agus dualgais na gceann comhairimh agus aon daoine eile a bheidh fostaithe i ndáil leis na vótaíochtaí a mhíniú,

(b) modhnuithe a dhéanamh ar na hAchtanna, na horduithe nó na rialacháin a bhaineann le tógáil na vótaíochtaí nó leis na socruithe le haghaidh comhaireamh na vótaí de réir mar is dóigh leis an Aire is gá chun go bhféadfar na vótaíochtaí a thógáil i dteannta a chéile nó chun críochnú na dtoghchán agus cinneadh a dtorthaí a éascú nó a bhrostú,

(c) forálacha a dhéanamh maidir le foirm na gcártaí vótaíochta agus maidir lena gcur chun bealaigh.

(5) Féadfaidh an tAire Airgeadais, le rialacháin, na nithe seo a leanas a fhorordú chun críocha an ailt seo—

(a) scála táillí uasta,

(b) an t-am a bheidh, agus an tslí agus an fhoirm ina mbeidh, cuntais le tabhairt dó,

(c) i gcásanna ina mbeadh costais tógála vótaíochta le híoc de ghnáth ag údarás áitiúil nó ag údaráis áitiúla de réir bhrí Chuid VI den Acht seo, an tslí ina ndéanfar costais tógála na vótaíochta a chionroinnt idir an Príomh-Chiste agus an t-údarás nó na húdaráis sin.

Oiriúnú nó modhnú i gcás práinne nó deacrachta speisialta.

1923, Uimh. 12 .

1937, Uimh. 32 .

1942, Uimh. 8 .

92. —(1) Féadfaidh an t-Aire, le hordú, in aon chás inar dóigh leis go mbaineann práinn nó deacracht speisialta leis, cibé oiriúnú nó modhnú a dhéanamh ar aon reacht, ordú nó rialachán maidir le clárú toghthóirí Dála nó clárú toghthóirí i dtoghcháin áitiúla, nó maidir le stiúradh toghchán Dála, toghchán uachtaráin, toghchán áitiúil nó reifreann, is dóigh leis is gá chun go bhféadfaidh éifeacht a bheith aige faoi réir forálacha an Achta seo.

(2) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(3) San alt seo—

(a) tá le “toghthóirí Dála” an bhrí chéanna atá le “Dáiltoghthóirí” nó “toghthóirí Dála”, agus tá le “toghcháin Dála” an bhrí chéanna atá le “toghacháin Dála”, san Acht Timpeal Toghachán, 1923 ,

(b) tá le “toghcháin uachtaráin” an bhrí chéanna atá leis in Acht Toghachán an Uachtaráin, 1937 ,

(c) tá le “reifrinn” an bhrí chéanna atá leis in Acht an Reifrinn, 1942 .