An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III. An Vótaíocht.) Ar Aghaidh (CUID IV. Toghcháin Uachtaráin.)

19 1963

AN tACHT TOGHCHÁIN, 1963

Caibidil IV.

An Comhaireamh.

Leasú ar Rialacha 2 agus 12 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

36. —(1) Déantar leis seo an Riail seo a leanas a chur in ionad Riail 2 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:

“2. Aon pháipéar ballóide—

(a) nach mbeidh an marc oifigiúil air, nó

(b) nach mbeidh an figiúr 1 ina sheasamh leis féin curtha air in aon chor nó nach mbeidh sé curtha air i slí a thaispeánfadh príomh-rogha d'iarrthóir éigin, nó

(c) a mbeidh an figiúr 1 ina sheasamh leis féin ag taispeáint príomh-rogha curtha síos air os coinne ainm níos mó ná iarrthóir amháin, nó

(d) a mbeidh aon ní seachas an uimhir ar a chúl scríofa nó marcáilte air a bhféadfaí an vótálaí a aithint dá chionn,

beidh sé neamhbhailí agus ní chomhairfear é, ach ní bheidh an páipéar ballóide neamhbhailí as siocair amháin go mbeidh air na focail ‘aon’, ‘dó’, ‘trí’, (agus mar sin de), nó marc ar nós ‘X’ is dóigh leis an gceann comhairimh a thaispeánann rogha nó roghanna go soiléir”.

(2) Déantar leis seo Riail 12 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a leasú trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad míreanna (2) agus (3):

“(2) ciallaíonn an abairt ‘príomhrogha’ an figiúr ‘1’, an focal ‘aon’, nó marc ar nós ‘X’ is dóigh leis an gceann comhairimh a thaispeánann príomhrogha go soiléir; ciallaíonn an abairt ‘dara rogha’ an figiúr ‘2’, an focal ‘dó’ nó marc is dóigh leis an gceann comhairimh a thaispeánann dara rogha go soiléir, agus é ina sheasamh ar leanúint ar phríomhrogha; agus ciallaíonn an abairt ‘treas rogha’ an figiúr ‘3’ an focal ‘trí’ nó marc is dóigh leis an gceann comhairimh a thaispeánann treas rogha go soiléir, agus é ina sheasamh ar leanúint ar dhara rogha agus mar sin de.

(3) Ciallaíonn an abairt “an chéad rogha eile is infheidhme” rogha ar dóigh leis an gceann comhairimh gur dara rogha nó rogha ina dhiaidh sin í a cuireadh síos in ord comhleantach d'iarrthóir leanúnach, gan aird a thabhairt ar na chéad roghanna eile de réir oird ar an bpáipéar ballóide d'iarrthóirí a thuigfear a bheith tofa nó curtha as cheana.”

Leasú ar Riail 6 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

37. —Déantar leis seo Riail 6 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a leasú trí thagairt d'iarrthóir a thuigfear a bheith tofa a chur in ionad gach tagairt sa Riail sin d'iarrthóir tofa.

Leasú ar Riail 6 (5) (a) den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

38. —Déantar leis seo fomhír (a) de mhír (5) de Riail 6 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a leasú trí “gur mó” a chur in ionad “nuair is mó” agus “nó gur mó trian an chuóta ná comhshuim an méid vótaí a creidiúnaíodh sa chomhaireamh sin don iarrthóir is ísle i dteannta an bharrachais sin agus aon bharrachais eile nár aistríodh” a chur i ndeireadh na fomhíre.

Leasú ar Riail 10 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

39. —Déantar leis seo na míreanna seo a leanas a chur isteach i Riail 10 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht i ndiaidh mhír (1):

“(1A) An chumhacht atá ag ceann comhairimh faoin mír sin roimhe seo chun páipéir a athchomhaireamh, más rogha leis é, in aon chás nach mbeidh sé sásta i dtaobh aon chomhaireamh áirithe a bheith cruinn, tá réim aici maidir le páipéir ar déileáladh leo i gcomhaireamh ba luaithe ná an comhaireamh díreach roimhe sin.

(1B) I gcás gach iarrthóra, féadfaidh sé féin nó a ghníomhaire toghcháin iarratas amháin (agus sin uile) a dhéanamh ag iarraidh athscrúdú agus athchomhaireamh iomlán ar gach beart páipéar ballóide, agus déanfaidh an ceann comhaireamh athscrúdú agus athchomhaireamh láithreach ar na bearta páipéar ballóide dá réir sin. San athscrúdú agus san athchomhaireamh, ní athrófar méid ná ord na bpáipéar ballóide in aon bheart. Ní chuirfidh aon ní dá bhfuil sna forálacha sin roimhe seo den mhír seo d'oibleagáid ar an gceann comhairimh an beart céanna páipéar a athscrúdú ná a athchomhaireamh níos mó ná uair amháin, ach má aimsítear earráid agus gurb é tuairim an cheann comhairimh gurb earráid thábhachtach í ar dóigh di difir a dhéanamh do thoradh an toghcháin, comhairfidh an ceann comhairimh na páipéir go léir as úire ón bpointe ag ar tharla an earráid.

(1C) Má aimsítear earráid, déanfaidh an ceann comhairimh, más gá é, aon torthaí a bheidh fógartha aige roimhe sin a leasú.”

Leasú ar Riail 12 (10) den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

40. —Déantar leis seo mír (10) de Riail 12 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a leasú trí “chomhaireamh na vótaí” a chur in ionad “an choimhrimh vótanna”.

Leasú ar Rialacha 29 go 33 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

41. —(1) Déantar leis seo na Rialacha seo a leanas a chur in ionad Rialacha 29 go 33 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:

Gníomhairí na n-iarrthóirí.

“29. Féadfaidh na hiarrthóirí faoi seach gníomhairí a cheapadh chun bheith i láthair le linn comhaireamh na vótaí agus cuirfear ainm agus seoladh gach gníomhaire a cheapfar amhlaidh chuig an gceann comhairimh dhá lá glan ar a laghad roimh lá na vótaíochta. Ní dhéanfaidh iarrthóir níos mó ná cúigear gníomhaire a cheapadh mura gceadóidh an ceann comhairimh a mhalairt.

Socruithe le haghaidh chomhaireamh na vótaí.

30. (1) Cuirfidh an ceann comhairimh ar fáil cóiríocht oiriúnach, agus an trealamh go léir is gá, le haghaidh comhaireamh na vótaí, agus comhairfidh sé na vótaí in áit sa dáilcheantar, ach—

(a) más é atá sa dáilcheantar cuid atá ina cuid de chontae-bhuirg agus cuid atá lasmuigh den bhuirg sin, féadfaidh an ceann comhairimh an chóiríocht agus an trealamh a chur ar fáil agus na vótaí a chomh aireamh—

(i) in áit atá laistigh den chuid eile den bhuirg sin, nó

(ii) le toiliú an Aire, in áit atá lasmuigh den bhuirg sin, agus atá lasmuigh den dáil-cheantar ach i gcóngar dó,

(b) in aon chás eile, féadfaidh an ceann comhairimh, le toiliú an Aire, an chóiríocht agus an trealamh a chur ar fáil agus na vótaí a chomhaireamh in áit atá lasmuigh den dáilcheantar ach i gcóngar dó.

(2) Aon lá glan amháin ar a laghad roimh an lá a bheidh socraithe do thosú na vótaíochta, tabharfaidh an ceann comhairimh do ghníomhaire toghcháin gach iarrthóra fógra i scríbhinn i dtaobh na háite a gcomhairfidh sé na vótaí ann. Tabharfaidh sé do ghníomhairí na n-iarrthóirí gach saoráid réasúnach chun faire ar na himeachtaí le linn an chomhairimh (lena n-áirítear, go háirithe, saoráidí chun iad féin a shásamh go sórtáiltear na páipéir bhallóide i gceart), agus gach eolas ina dtaobh, is féidir leis a thabhairt dóibh i gcomhréir le stiúradh ordúil na n-imeachtaí agus le comhlíonadh a fheidhmeanna.

Na daoine a fhéadfaidh bheith i láthair le linn an chomhairimh.

31. Féadfaidh an ceann comhairimh, a chúntóirí agus a chléirigh, comhaltaí den Gharda Síochána ar dualgas, agus na gníomhairí do na hiarrthóirí a mbeidh a n-ainmneacha agus a seoltaí tugtha don cheann comhairimh faoi Riail 29 de na Rialacha seo, agus ní fhéadfaidh aon duine eile, ach amháin le cead an cheann comhairimh, bheith i láthair le linn comhaireamh na vótaí.

Oscailt na mboscaí ballóide.

32. Ar 9 a chlog a.m. an lá i ndiaidh críochnú na vótaíochta agus san áit le haghaidh comhaireamh na vótaí, déanfaidh an ceann comhairimh, i láthair gníomhairí na n-iarrthóirí, na boscaí ballóide a oscailt, na páipéir bhallóide iontu a chomhaireamh agus a líon a bhreacadh síos agus cromfaidh sé ar chuntas na bpáipéar ballóide a bheidh ag gabháil le gach bosca ballóide a fhíorú. Ansin meascfaidh sé ar a chéile na páipéir bhallóide go léir a bheidh sna boscaí ballóide. Le linn don cheann comhairihm bheith ag comhaireamh na bpáipéar ballóide agus ag breacadh síos a lín, coimeádfaidh sé na páipéir bhallóide aghaidh in airde agus glacfaidh sé gach cúram is cuí chun nach bhfeicfidh aon duine na huimhreacha a bheidh clóite ar chúl na bpáipéar sin.

Comhaireamh na vótaí.

33. Tar éis dó Riail 32 de na Rialacha seo a chomhlíonadh, tosóidh an ceann comhairimh láithreach ar na vótaí a chomhaireamh agus, chomh fada agus is féidir sin, rachaidh sé ar aghaidh go leanúnach le comhaireamh na vótaí gan sos a lamháil ach amháin chun bia a chaitheamh, agus ag eisceadh na n-uaire idir 11 p.m. agus 9 a.m. maidin lá arna mhárach (ach amháin sa mhéid go gcomhaontóidh sé féin agus na hiarrthóirí ar a mhalairt). I rith an ama eiscthe, cuirfidh an ceann comhairimh na boscaí ballóide agus na doiciméid a bhainfidh leis an toghchán faoina shéala féin agus glacfaidh sé cúram cuí chun na boscaí agus na doiciméid sin a choinneáil slán sábháilte.”

(2) Déantar leis seo mír (1) de Riail 2 den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a leasú trí “comhaltaí den Gharda Síochána ar dualgas,” a chur isteach roimh “gníomhaire toghacháin gach iarrthóra”.

Leasú ar Riail 37 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

42. —(1) Déantar leis seo Riail 37 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a leasú trí “tar éis an dáta a rinneadh an vótaíocht” a chur isteach i ndiaidh “go ceann bliana”.

(2) Déanfar an tagairt atá i Riail 10 den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht do Riail 37 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin a fhorléiriú mar thagairt don Riail sin 37 arna leasú le fo-alt (1) den alt seo.