An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Toghcháin Uachtaráin.) Ar Aghaidh (CUID VI. Toghcháin Áitiúla.)

19 1963

AN tACHT TOGHCHÁIN, 1963

CUID V.

Reifrinn.

Léiriú agus forléiriú (Cuid V agus an Ceathrú Sceideal).

1942, Uimh. 8 .

63. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht an Reifrinn, 1942 .

(2) Déanfar Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1960, agus an Chuid seo den Acht seo agus an Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.

Cártaí vótaíochta.

64. —(1) I reifreann, cuirfidh an ceann comhairimh áitiúil do dháilcheantar chuig gach toghthóir a bhfuil a ainm ar chlár na dtoghthóirí Dála don dáilcheantar, agus nach bhfuil ar liosta na bpostvótalaithe, cárta (dá ngairtear cárta vótaíochta san alt seo) san fhoirm fhorordaithe á chur in iúl dó cad é a uimhir (lena n-áirítear litir an cheantair vótaíochta) ar chlár na dtoghthóirí Dála agus cad é an áit a bhfuil sé i dteideal vótáil ann.

(2) Seolfar cárta vótaíochta chuig an toghthóir ag an seoladh a mbeidh sé cláraithe ina leith i gclár na dtoghthóirí Dála agus cuirfear amach é in am chun go seachadfar é i ngnáthchúrsa an phoist ag an seoladh sin tráth nach déanaí ná an tríú lá roimh lá na vótaíochta.

(3) Cuirfear cárta vótaíochta chun bealaigh leis an bpost agus seolfar ar aghaidh é saor in aisce leis an bpost is luaithe a fhónfaidh.

(4) Na costais faoina rachaidh ceann comhairimh áitiúil ag comhlíonadh an ailt seo, áireofar iad mar chostais faoina rachaidh sé chun críocha an reifrinn de réir bhrí alt 12 den Phríomh-Acht.

(5) Ní chuirfear aon reifreann ó bhail mar gheall ar aon fhaillí i gcárta vótaíochta a chur amach, nó toisc nár seachadadh cárta vótaíochta nó go raibh earráid nó míráiteas ann.

(6) Ní fhéadfar aon chaingean ná imeacht eile a thabhairt i gcoinne ceann comhairimh áitiúil mar gheall ar aon earráid nó míraiteas i gcárta vótaíochta.

Vótaíocht roimh ré ar oileáin.

65. —(1) Beidh feidhm ag an alt seo más rud é, i reifreann, gurb é tuairim cheann comhairimh áitiúil, i gcás stáisiún vótaíochta ar oileán, gur dóigh, mar gheall ar dhrochaimsir nó deacrachtaí iompair—

(a) nach bhféadfaí an vótaíocht a thógáil an lá vótaíochta a bheidh ceaptha ag an Aire, nó

(b) dá dtógfaí an vótaíocht an lá sin, nárbh fhéidir na boscaí ballóide a bheith san áit le haghaidh oscailt na mboscaí ballóide ar 9 a chlog a.m. nó roimhe sin, an lá i ndiaidh lá na vótaíochta.

(2) I gcás ina mbeidh feidhm ag an alt seo, tabharfaidh an ceann comhairimh áitiúil fógra poiblí sa cheantar vótaíochta á rá go dtógfaidh sé an vótaíocht sa stáisiún vótaíochta ar an oileán lá a shonróidh sé, agus ar lá é is luaithe ná an lá vótaíochta a bheidh ceaptha ag an Aire agus is déanaí ná an séú lá roimh an lá vótaíochta sin agus, d'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) féadfaidh an ceann comhairimh áitiúil an vótaíocht a thógáil sa stáisiún vótaíochta ar an oileán an lá a bheidh sonraithe san fhógra nó, más é a thuairim nach féidir, mar gheall ar dhrochaimsir, an vótaíocht a thógáil an lá sin, an chéad lá i ndiaidh an lae sin is dóigh leis a bheidh cúrsaí iompair idir an t-oileán agus an mhórthír réasúnta sábháilte,

(b) mura féidir, mar gheall ar dheacrachtaí iompair, tosú ar an vótaíocht ag an am a bheidh socraithe ag an Aire do thosú na vótaíochta, tosófar ar an vótaíocht a luaithe is féidir tar éis an ama sin,

(c) más rud é, tar éis an vótaíocht a bheith ar siúl ar feadh ceithre huaire an chloig ar a laghad, gur dóigh leis an oifigeach ceannais, dá leanfaí níos faide leis an vótaíocht, nárbh fhéidir na boscaí ballóide a bheith ag an áit le haghaidh oscailt na mboscaí ballóide ar 9 a.m. nó roimhe sin, an lá i ndiaidh an lae vótaíochta a bheidh ceaptha ag an Aire, féadfaidh sé an vótaíocht a chríochnú ansin.

(3) Ní dhéanfar aon athrú ar fhoirm ná ar ráiteas an fhógra i dtaobh vótaíochta faoi Riail 3 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht mar gheall ar athrú faoin alt seo ar lá agus uaire a chloig vótaíochta.

Vótáil ag daoine atá ar fostú ag cinn chomairimh áitiúla.

66. —Más rud é—

(a) go bhfuil duine i dteideal vótála sa vótaíocht i reifreann,

(b) go bhfuil sé ar fostú ag an gceann comhairimh áitiúil don dáilcheantar a bhfuil sé i dteideal vótáil ann, chun aon chríche a bhaineann leis an vótaíocht sa dáilcheantar sin, agus

(c) mar gheall ar imthosca a fhostaíochta, nach féidir leis, i dtuairim an cheann comhairimh, vótáil sa stáisiún vótaíochta a mbeadh sé i dteideal vótáil ann murach sin,

féadfaidh an t-oifigeach sin a údarú dó i scríbhinn vótáil i stáisiún vótaíochta eile a shonrófar sa dáilcheantar sin, agus, chun críche Riail 8 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, measfar gurb é an stáisiún vótaíochta a shonrófar amhlaidh an stáisiún vótaíochta a dáileadh dó.

Leasú ar ailt 8 (1), 10 (1) agus 11 den Phríomh-Acht.

67. —(1) Déantar leis seo alt 11 den Phríomh-Acht a leasú mar a leanas:

(i) cuirfear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh mhír (a):

“(aa) mairfidh an vótaíocht ar feadh cibé tréimhse, nach giorra ná dhá uair déag a chloig, idir 8.30 a chlog, a.m. agus 10.30 a chlog p.m. a cheapfar chuige sin faoin Acht seo;”

(ii) cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (d):

“(d) is é an duine a bheadh ina cheann comhairimh i dtoghchán Dála in aon dáilcheantar acu sin a bheidh ina cheann comhairimh sa dáilcheantar sin chun críocha na vótaíochta, ach mura mbeidh ar chumas an duine sin toisc é a bheith breoite nó ar chúis réasúnach eile gach ceann nó aon cheann dá dhualgais mar cheann comhairimh den sórt sin a chomhlíonadh nó má tharlaíonn folúntas in oifig cheann comhairimh, ceapfaidh an tAire duine chun gníomhú mar cheann comhairimh den sórt sin chun na dualgais sin a chomhlíonadh le linn an éagumais nó an fholúntais sin, cibé acu é, agus déanfar aon tagairt san Acht seo do cheann comhairimh áitiúil a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do dhuine a bheidh, de bhua na míre seo, ina cheann comhairimh i ndáilcheantar chun críocha na vótaíochta agus mar thagairt do dhuine a cheapfaidh an tAire mar a dúradh;”

(2) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 8 agus fo-alt (1) d'alt 10, den Phríomh-Acht a leasú trí “agus an tréimhse ar lena linn a déanfar” a chur isteach roimh “an vótaíocht”.

Oifigigh cheannais agus cléirigh vótaíochta.

68. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 18 den Phríomh-Acht:

“18. (1) Ceapfaidh an ceann comhairimh áitiúil oifigeach ceannais chun bheith i gceannas ar gach stáisiún vótaíochta agus, más oiriúnach leis é, cléireach nó cléirigh chun cuidiú le gach oifigeach ceannais.

(2) Ní cheapfaidh an ceann comhairimh áitiúil aon duine ina oifigeach ceannais ná ina chléireach vótaíochta más eol dó féin nó má thaispeántar chun a shástachta go raibh baint ghníomhach aige le hiarracht chun aon toradh áirithe a ghnóthú sa reifreann.

(3) Ceadóidh an ceann comhairimh áitiúil, arna iarraidh sin air, d'aon chomhalta de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann, nó d'aon ghníomhaire pearsanaíochta, scrúdú a dhéanamh ar liosta na ndaoine a ndearna sé nó a bhfuil beartaithe aige ceapacháin mar oifigigh cheannais nó cléirigh vótaíochta a thairiscint dóibh.

(4) Coimeádfaidh oifigeach ceannais ord ina stáisiún, rialóidh sé an méid toghthóirí a ligfear isteach san aon am agus coinneoidh sé amach gach duine eile ach amháin na cléirigh, na gníomhairí pearsanaíochta (más ann) a ceapadh dá stáisiún vótaíochta, compánaigh do thoghthóirí a bhfuil mallachar radhairc chomh mór sin orthu nó atá chomh mór sin faoi éagumas eile coirp nach féidir leo vótáil gan chabhair, le linn do na compánaigh sin bheith ag cabhrú leis na toghthóirí sin, agus comhaltaí den Gharda Síochána a bheidh ar dualgas.

(5) Féadfaidh an t-oifigeach ceannais, trí chléireach a bheidh ceaptha chun cabhrú leis, aon ghníomh a dhéanamh a cheanglaítear air nó a údaraítear dó leis an Acht seo a dhéanamh, ach amháin ordú a thabhairt chun aon duine a ghabháil, a choinneáil amach nó a chur amach as an stáisiún vótaíochta.”

Vótáil ag postvótálaithe.

1960, Uimh. 43 .

69. —(1) D'ainneoin go ndéantar aisghairm leis an Acht seo ar alt 15 den Acht Toghcháin, 1960 , fanfaidh na fo-ailt seo a leanas in ionad fho-ailt (2) agus (3) d'alt 20 den Phríomh-Acht:

“(2) Déanfaidh gach ceann comhairimh áitiúil, a luaithe is féidir tar éis dáta an ordaithe ón Aire ag ceapadh an lae vótaíochta i reifreann, páipéar ballóide agus foirm admhála (san fhoirm fhorordaithe) i leith an pháipéir bhallóide sin a chur chuig gach duine a mbeidh a ainm ar liosta na bpostvótálaithe dá dháilcheantar.

(3) Má fhaigheann an ceann comhairimh, roimh chríochnú na vótaíochta, an páipéar ballóide sin agus é marcáilte go cuí ag an duine sin, maraon leis an admháil sin agus í sínithe go cuí aige, comhairfidh sé é agus déileálfar leis chun gach críche mar a dhéiléalfaí le páipéar ballóide a chuirfí sa bhosca ballóide sa ghnáthshlí.”

(2) D'ainneoin na haisghairme sin fanfaidh “na hadmhálacha do” in ionad “na dearbhuithe céannachta do” agus “admhálacha dar” in ionad “dearbhuithe céannachta dar” i mír (c) de Riail 31 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

Ceart vótála.

70. —(1) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, beidh gach duine a mbeidh a ainm ar chlár na dtoghthóirí Dála a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire do dháilcheantar, agus ní bheidh aon duine eile, i dteideal vótála sa dáilcheantar sin sa vótaíocht i reifreann.

(2) Chun críocha an ailt seo—

(a) glacfar leis go bhfuil ainm duine ar chlár na toghthóirí Dála má bhíonn ainm sa chlár ar dóigh leis an gceann comhairimh áitiúil nó leis an oifigeach ceannais go raibh sé ceaptha dó gurbh é ainm an duine sin é,

(b) féadfaidh an ceann comhairimh áitiúil nó an t-oifigeach ceannais agus, má éilíonn gníomhaire pearsanaíochta air é, déanfaidh sé, na ceisteanna seo a leanas nó aon cheann nó dhá cheann acu a chur ar aon duine nuair a iarrfaidh sé páipéar ballóide, ach ní cead é a dhéanamh ina dhiaidh sin:

(i) An tusa an duine a bhfuil an t-ainm A. B. curtha síos dó i gclár na dtoghthóirí atá anois i bhfeidhm

do dháilcheantar ........................................................

................................................................................?

(ii) Ar vótáil tú cheana sa reifreann seo ?

(iii) An raibh bliain is fiche slán agat an .............................

........................................................................... (an dáta a tháinig an clár i bhfeidhm) ?

agus mura rud é go dtabharfar ar na ceisteanna acu sin a chuirfear ar an duine sin, i gcás an chéad cheann agus an tríú ceann de na ceisteanna sin, freagra dearfach agus, i gcás an dara ceann díobh, freagra diúltach, ní cheadófar don duine sin vótáil,

(c) féadfaidh an ceann comhairimh áitiúil nó an t-oifigeach ceannais agus, má éilíonn oifigeach pearsanaíochta air é, déanfaidh sé, nuair a iarrfaidh aon duine páipéar ballóide, ach ní cead é a dhéanamh ina dhiaidh sin, an duine sin a chur faoi mhionn nó (i gcás aon duine a chuirfidh i gcoinne mionn a ghlacadh ar an bhforas nach bhfuil aon chreideamh aige nó go bhfuil sé in aghaidh a chreidimh mionn a ghlacadh) faoi dhearbhasc san fhoirm seo a leanas:—

“Bheirim Dia Uilechumhachtach (—Dearbhaím agus dearbhascaim go sollúnta, go fírinneach agus go hionraic—de réir mar a bheidh) gur mise an duine a bhfuil an t-ainm A. B. curtha síos dó ar chlár na dtoghthóirí atá i bhfeidhm anois do dháilcheantar ......................................... agus nár vótáil mé cheana sa reifreann seo, agus go raibh bliain is fiche slán agam an ........................................ (an dáta a tháinig an clár i bhfeidhm)”

agus má dhiúltaíonn an duine sin an mionn a ghlacadh nó an dearbhasc a dhéanamh ní cheadófar dó vótáil.

(3) Ach amháin mar a fhoráiltear leis an alt seo agus le Riail 18 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, ní chuirfear ná ní cheadófar aon cheist, mionn, dearbhasc ná agóid tráth na vótaíochta i reifreann i dtaobh cheart aon duine chun vótála, agus ní dhéanfaidh ná ní ghlacfaidh aon cheann comhairimh áitiúil ná aon oifigeach ceannais aon agóid ina choinne.

(4) (a) Ní dhéanfaidh duine—

(i) atá cláraithe i gclár na dtoghthóirí Dála a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire do dháilcheantar ach nach bhfuil i dteideal a chláraithe amhlaidh, nó

(ii) nach bhfuil cláraithe sa chlár sin,

vótáil sa dáilcheantar sin sa vótaíocht i reifreann.

(b) Aon duine a sháróidh mír (a) den fho-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhineáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(5) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a thugann teideal chun vótála d'aon duine nach bhfuil an teideal sin aige, ná ní shaorfaidh sé é ó aon phionóis a bheidh inchurtha air mar gheall ar vótáil.

Foirmeacha na bpáipéar ballóide.

71. —(1) I reifreann bunreachta—

(a) beidh gach páipéar ballóide san fhoirm atá leagtha amach i gCuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus

(b) déanfar an togra is ábhar don reifreann a chur in iúl ar an bpáipéar ballóide tríd an mBille ina bhfuil an togra sin agus a ritheadh nó a mheastar a ritheadh ag dhá Theach an Oireachtais a lua faoina ghearrtheideal.

(2) I ngnáthreifreann beidh gach páipéar ballóide san fhoirm iomchuí atá leagtha amach i gCuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus—

(a) i gcás páipéir bhallóide i leith aon reifrinn amháin, beidh tagairt ann do Bhille nó don pháirt den Bhille ina bhfuil an togra is ábhar don reifreann, agus

(b) i gcás páipéir bhallóide i leith dhá reifreann nó níos mó arb é an lá vótaíochta céanna a bheidh ann dóibh, beidh ann, i leith gach reifrinn ar leith, tagairt don Bhille nó don pháirt den Bhille ina bhfuil an togra is ábhar don reifreann.

(3) Nuair a bheidh feidhm á thabhairt, i gcás reifrinn bhunreachta, do mhír (1) de Riail 3 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, cuirfear an fhomhír seo a leanas in ionad fhomhír (b) den mhír sin;

“(b) i dtaobh ghearrtheideal an Bhille ina bhfuil an togra is ábhar don reifreann sin, agus”.

(4) Faoi réir an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, más é an lá céanna is lá vótaíochta in dhá ghnáthreifreann nó níos mó, ní eiseofar páipéir bhallóide ar leith, ach cumfar gach páipéar ballóide ar dhóigh go bhféadfaidh an vótálaí vóta ar leith a bhreacadh i leith gach reifrinn díobh.

(5) Más é an lá céanna is lá vótaíochta in dhá ghnáthreifreann nó níos mó, agus gur dóigh leis an Aire ar chúis ar bith go bhfuil sé dodhéanta nó neamhfhoirsteanach an fo-alt sin roimhe seo a chomhlíonadh—

(a) féadfaidh an tAire a ordú go n-eiseofar páipéir bhallóide ar leith do cheann amháin nó níos mó nó do gach ceann de na reifrinn agus eiseofar na páipéir sin dá réir sin,

(b) i gcás ina n-ordóidh an tAire mar a dúradh agus nach mbainfidh an t-ordú le gach ceann de na reifrinn—

(i) más rud é nach bhfuil ann ach ceann amháin de na reifrinn nach mbaineann an t-ordú leis, eiseofar páipéir bhallóide ar leith dó,

(ii) más rud é go bhfuil dhá cheann nó níos mó ann de na reifrinn nach mbaineann an t-ordú leo, bainfidh an fo-alt sin roimhe seo leo.

Leasú ar alt 29 den Phríomh-Acht.

1923, Uimh. 38 .

72. —(1) Déantar leis seo deireadh a chur leis an bhfeidhm a bhí, de bhua fho-alt (1) d'alt 29 den Phríomh-Acht, ag na páirteanna seo a leanas den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 : mír (c) d'fho-alt (2) d'alt 1, alt 4, fo-ailt (3), (4) agus (5) d'alt 6, ailt 9 agus 10, na focail go léir in alt 15 ó “agus ní féadfar” go dtí deireadh an ailt, alt 45 agus na míniú ar “seomra coiste” in alt 56.

(2) I gcás aon fheidhm a thabhairt, de bhua fho-alt (1) d'alt 29 den Phríomh-Acht, d'fho-alt (1) nó (2) d'alt 6 nó d'alt 15 den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 beidh éifeacht ag an bhfo-alt sin (1) nó (2) nó ag an alt sin 15, de réir mar a leasaítear é le halt 90 den Acht seo.

(3) (a) I mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 29 den Phríomh-Acht déanfar an tagairt do na hailt den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'alt 13A (a chuirtear isteach ann le halt 90 den Acht seo) den Acht deiridh sin agus, i gcás aon fheidhm a thabhairt, de bhua na míre sin, d'alt 15 den Acht deiridh sin, déanfar an tagairt san alt sin 15 do na hailt thuasluaite den Acht deiridh sin a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don alt sin 13A.

(b) I mír (d) d'fho-alt (1) d'alt 29 den Phríomh-Acht, déanfar an tagairt do na hailt den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 , a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'alt 55A (a chuirtear isteach ann le halt 90 den Acht seo) den Acht deiridh sin.

(c) I bhfo-alt (2) d'alt 29 den Phríomh-Acht déanfar an abairt “na páirteanna sin den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923”, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do na hailt sin 13A agus 55A.

Leasú ar Riail 1 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

73. —Déantar leis seo an Riail seo a leanas a chur in ionad Riail 1 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:

“1. (1) Is dleathach d'aon cheann comhairimh áitiúil, le toiliú an Aire, leas-cheann comhairimh áitiúil a cheapadh chun gach ceann nó aon chuid áirithe de dhualgais an cheann comhairimh áitiúil sin a chomhlíonadh.

(2) Más rud é i reifreann gurb é an duine céanna is ceann comhairimh áitiúil do dhá dháilcheantar nó níos mó, ansin—

(a) i gcás gur dhá cheann agus nach mó ná dhá cheann de na dáilcheantair sin atá ann, ceapfaidh sé, i leith ceann acu, leas-cheann comhairimh áitiúil chun na boscaí ballóide a oscailt agus na vótaí a chomhaireamh,

(b) in aon chás eile, ceapfaidh sé, i leith gach ceann de na dáilcheantair (ach ceann amháin), leas-cheann comhairimh áitiúil chun na boscaí ballóide a oscailt agus na vótaí a chomhaireamh.

(3) Ní cheapfar duine faoi mhír (2) den Riail seo mura mbeidh an ceapachán ceadaithe ag an Aire.

(4) Faoi réir forálacha na míreanna sin roimhe seo, is é an ceann comhairimh áitiúil do dháilcheantar a stiúrfaidh reifreann sa dáilcheantar sin mura rud é nach féidir leis é toisc é a bheith breoite nó ar chúis eile is dóigh leis an Aire a bheith réasúnach.

(5) Sna Rialacha ina dhiaidh seo den Sceideal seo folóidh tagairtí don cheann comhairimh áitiúil, nuair is iomchuí é, tagairtí do leas-chinn chomhairimh áitiúla.”

Leasú ar an bPríomh-Acht maidir leis an marc oifigiúil ar pháipéir bhallóide.

74. —Déantar leis seo “le marc oifigiúil, a bheidh cabhraithe nó pollta ionas go mbeidh sé le feiceáil ar dhá thaobh an pháipéir” a chur in ionad “ar a dhá thaobh le marc oifigiúil a stampálfar air nó a pollfar tríd” i bhfo-alt (3) d'alt 14 den Phríomh-Acht agus in ionad “ar a dhá thaobh leis an marc oifigiúil tré n-a stampáil air nó tré n-a pholladh tríd” i Riail 16 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

Vótáil ag daoine dalla, éagumasacha nó neamhliteartha.

75. —(1) Déantar leis seo an Riail seo a leanas a chur in ionad Riail 18 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:

“18. (1) (a) Má shásaíonn aon vótálaí an t-oifigeach ceannais go bhfuil mallachar radhairc chomh mór sin air nó go bhfuil sé chomh mór sin faoi éagumas eile coirp nó go bhfuil sé chomh neamhliteartha sin nach féidir leis vótáil gan chabhair, beidh feidhm ag an Riail seo.

(b) Chun críocha fhomhír (a) den mhír seo, féadfaidh an t-oifigeach ceannais agus, má iarrann gníomhaire pearsanaíochta air é, déanfaidh sé, an vótálaí a chur faoi mhionn (nó, i gcás duine a chuirfidh i gcoinne mionn a ghlacadh ar an bhforas nach bhfuil aon chreideamh aige nó go bhfuil sé in aghaidh a chreidimh mionn a ghlacadh, faoi dhearbhasc) san fhoirm seo a leanas:

‘Bheirim Dia Uilechumhachtach (— Dearbhaím agus dearbhascaim go sollúnta, go fírinneach agus go hionraic—de réir mar a bheidh) go bhfuil mallachar radhairc chomh mór sin orm (—go bhfuil mé chomh mór sin faoi éagumas coirp — go bhfuil mé chomh neamhliteartha sin— de réir mar a bheidh) nach féidir liom vótáil gan chabhair’

agus má dhiúltaíonn an vótálaí an mionn a ghlacadh nó an dearbhasc a dhéanamh, ní bheidh feidhm ag an Riail seo.

(2) (a) Nuair a bheidh feidhm ag an Riail seo i gcás vótálaí a shásóidh an t-oifigeach ceannais go bhfuil mallachar radhairc chomh mór sin air nó go bhfuil sé chomh mór sin faoi éagumas eile coirp nach féidir leis vótáil gan chabhair, féadfaidh an vótálaí cead a iarraidh chun go marcálfadh compánach a pháipéar ballóide dó agus, faoi réir fhomhír (b) den mhír seo, féadfaidh an compánach an páipéar ballóide a mharcáil don vótálaí agus, arna mharcáil amhlaidh, cuirfidh sé isteach sa bhosca ballóide é láithreach.

(b) Féadfaidh an t-oifigeach ceannais agus, má iarrann gníomhaire pearsanaíochta air é, déanfaidh sé, na ceisteanna seo a leanas nó aon cheann nó aon dá cheann díobh a chur ar an gcompánach sula seachadfaidh sé an páipéar ballóide:

(i) An bhfuil sé bliana déag slán agat ?

(ii) An bhfuil níos mó ná páipéar ballóide amháin marcáilte agat mar chompánach sa reifreann seo ?

(iii) An gníomhaire pearsanaíochta thú sa reifreann seo ?

agus mura rud é gur freagra dearfach a thabharfar ar an gcéad cheist agus gur freagra diúltach a thabharfar ar an gceist eile nó ar na ceisteanna eile, de réir mar a bheidh, ní mharcálfaidh an compánach an páipéar ballóide.

(3) Nuair a bheidh feidhm ag an Riail seo agus—

(a) go mbeidh an vótálaí neamhliteartha, nó

(b) nach n-iarrfaidh an vótálaí cead chun go marcálfadh compánach a pháipéar ballóide dó, nó

(c) má iarrann an vótálaí an cead sin agus go mbeadh marcáil a pháipéir bhallóide ag an gcompánach ina shárú ar fhomhír (b) de mhír (2) den Riail seo,

cuirfidh an t-oifigeach ceannais faoi deara go ndéanfar, i láthair na ngníomhairí pearsanaíochta (más ann) agus gan aon duine eile a bheith i láthair, vóta an vótálaí a mharcáil ar pháipéar ballóide sa tslí a ordóidh an vótalaí agus cuirfidh sé an páipéar ballóide, arna mharcáil amhlaidh, isteach sa bhosca ballóide láithreach.

(4) I gcás ina n-iarrfaidh vótálaí, laistigh de cheithre huaire a chloig roimh an am a bheidh socraithe do chríochnú na vótaíochta, cead chun go ndéanfaí a pháipéar ballóide a mharcáil dó faoin Riail seo i slí seachas ag compánach, féadfaidh an t-oifigeach ceannais an cead sin a dhiúltú más é a thuairim, mar gheall ar an méid vótálaithe a bheidh ag teacht isteach an uair sin chun vótáil nó ar dóigh dóibh teacht isteach chun vótáil roimh chríochnú na vótaíochta, go gcuirfeadh sé isteach ar chomhlíonadh cuí a dhualgas nó go gcuirfeadh sé bac míchuí ar vótáil vótálaithe eile dá dtugadh sé an cead sin.

(5) Má bhíonn páipéar ballóide le marcáil de bhun mhír (3) den Riail seo, féadfaidh an t-oifigeach ceannais cuidiú leis an vótálaí tríd an togra a bheidh luaite sa pháipéar ballóide a léamh amach go hiomlán as an bpáipéar ballóide, ach ní ghníomhóidh sé de bhun aon treorach i scríbhinn.”

(2) (a) Más rud é, de bhun mhír (2) de Riail 18 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, go mbeidh duine tar éis dhá pháipéar ballóide a mharcáil mar chompánach, ní dhéanfaidh sé sa reifreann céanna, aon pháipéar ballóide eile a mharcáil mar chompánach.

(b) Ní dhéanfaidh duine, de bhun mhír (2) de Riail 18 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, páipéar ballóide a mharcáil i reifreann mar chompánach, más gníomhaire pearsanaíochta sa reifreann sin é.

(c) Aon duine a sháróidh mír (a) nó mír (b) den fho-alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

Pearsanú a líomhnaítear.

76. —Déantar leis seo an Riail seo a leanas a chur in ionad Riail 19 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:

“19. Má dhéanann duine, a chuirfidh in iúl gur duine áirithe é atá ainmnithe ar chlár na dtoghthóirí, páipéar ballóide a iarraidh tar éis páipéar ballóide a bheith tugtha do dhuine eile amhail is dá mba é an duine sin é, beidh an t-iarratasóir, má fhreagraíonn sé go cuí na ceisteanna a cheadaítear leis an Acht seo a chur ar vótálaithe tráth na vótaíochta, i dteideal páipéar ballóide a mharcáil faoi mar a bheadh aon vótalaí eile agus an páipéar ballóide, arna mharcáil, a chur isteach sa bhosca ballóide, ach déanfaidh an t-oifigeach ceannais amach ráiteas a thaispeánfaidh an méid iomlán páipéar ballóide a eisíodh de bhun na Rialach seo agus na hainmneacha agus na huimhreacha a bhí ar chlár na dtoghthóirí do na daoine chun ar eisíodh iad.”

Dualgais an oifigigh cheannais ar chríochnú na vótaíochta.

77. —Déantar leis seo an Riail seo a leanas a chur in ionad Riail 21 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:

“21. Déanfaidh an t-oifigeach ceannais, ag an am a bheidh socraithe do chríochnú na vótaíochta, bearta chun a áirithiú nach ligfear aon vótálaithe eile isteach sa stáisiún vótaíochta agus, faoi réir an choinníll go mbeidh vótálaí a bheidh san áitreabh ag an am sin i dteideal páipéar ballóide a fháil agus vótáil a dhéanamh, déanfaidh an t-oifigeach ceannais i ngach stáisiún vótaíochta, a luaithe is féidir tar éis críochnú na vótaíochta, agus i láthair na ngníomhairí pearsanaíochta, gach bosca ballóide a shéalú, gan é a oscailt ach an eochair a bheith ceangailte de, ionas nach féidir a thuilleadh páipéar a chur isteach ann, agus cuirfidh sé i bpaicéid ar leith a shéalóidh sé lena shéala—

(a) na páipéir bhallóide neamhúsáidte agus mhillte, i dteannta a chéile,

(b) cóipeanna marcáilte de chlár na dtoghthóirí; agus

(c) comhdhuillí na bpáipéar ballóide,

agus seachadfaidh sé na boscaí ballóide agus na paicéid sin go léir don cheann comhairimh áitiúil.”

Leasú ar Rialacha 23A agus 24 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

78. —Déantar leis seo na Rialacha seo a leanas a chur in ionad Rialacha 23A agus 24 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:

“23A. (1) Déanfaidh an ceann comhairimh áitiúil do dháilcheantar—

(a) an áit ina n-osclóidh sé na boscaí ballóide a cheapadh,

(b) na boscaí ballóide a oscailt san áit a cheapfar amhlaidh,

(c) fógra i scríbhinn i dtaobh na háite a cheapfar amhlaidh a thabhairt do gach duine a bheidh ainmnithe faoi Riail 29 den Sceideal seo agus a bhfaighidh sé fógra i dtaobh a ainmnithe,

(d) gach saoráid réasúnach a thabhairt do na daoine sin chun faire ar na himeachtaí le linn an chomhairimh (lena n-áirítear, go háirithe, saoráidí chun iad féin a shásamh go sórtáiltear na páipéir bhallóide i gceart), agus gach eolas ina dtaobh, is féidir leis a thabhairt dóibh i gcomhréir le stiúradh ordúil na n-imeachtaí agus le comhlíonadh a fheidhmeanna,

(e) cóiríocht oiriúnach, agus an trealamh go léir is gá, le haghaidh comhaireamh na vótaí, a chur ar fáil.

(2) An áit a cheapfar faoi fhomhír (a) den mhír sin roimhe seo, beidh sé laistigh den dáilcheantar, ach—

(a) más é atá sa dáilcheantar cuid atá ina cuid de chontaebhuirg agus cuid atá lasmuigh den bhuirg sin, féadfaidh sé—

(i) bheith laistigh den chuid eile den bhuirg sin, nó

(ii) le toiliú an Aire, bheith lasmuigh den bhuirg sin, agus lasmuigh den dáilcheantar ach i gcóngar dó, agus

(b) in aon chás eile, féadfaidh sé, le toiliú an Aire, bheith lasmuigh den dáilcheantar ach i gcóngar dó.

24. Ar a 9 a chlog a.m. an lá i ndiaidh críochnú na vótaíochta i ndáilcheantar agus san áit a bheidh ceaptha aige faoi Riail 23A den Sceideal seo, tosóidh an ceann comhairimh áitiúil don dáilcheantar sin ar na boscaí ballóide a úsáideadh sa vótaíocht sa dáilcheantar sin a oscailt, tógfaidh sé amach na páipéir bhallóide a bheidh iontu, comhairfidh sé iad agus breacfaidh sé síos a líon, agus ansin meascfaidh sé ar a chéile iad.”

Leasú ar Rialacha 30 agus 32 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

1946, Uimh, 30.

79. —D'ainneoin go ndéantar aisghairm leis an Acht seo ar mhíreanna (c), (d) agus (e) d'alt 3 d'Acht an Reifrinn (Leasú), 1946

(i) fanfaidh “óna haon déag” in ionad “óna seacht” i mír (1) de Riail 30 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht,

(ii) fanfaidh “an Uachtaráin agus” curtha isteach roimh “an Taoisigh” i mír (3) agus i mír (4) de Riail 32 den Sceideal sin.