|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VII. Talamh a Thógáil, etc.) | Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Bailte Móra.) |
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1963
[EN] | ||
[EN] |
CUID VIII. Ilghnéitheach. | |
[EN] |
Údarás pleanála do dhéanamh ionchúiseamh i leith conta. |
80. —(1) I gcás cion faoin Acht seo féadfaidh an t-údarás pleanála arbh ina limistéar a rinneadh an cion ionchúiseamh a dhéanamh ina leith. |
[EN] | (2) Ní dhéanfaidh údarás pleanála ionchúiseamh i gcás ina líomhnófar go ndearnadh cion faoi alt 53 den Acht seo maidir le fógrán murar forbairt eiscthe é an fógrán agus go mbeidh siad tar éis a chinneadh go ndéanfadh an fógrán dochar do thaitneamhachtaí a limistéir agus, i gcás fógrán ag fógairt cruinniú poiblí, mura mbeidh an fógrán ina áit le seacht lá nó níos mó ódháta an chruinnithe. | |
[EN] | (3) I gcás ina líomhnófar— | |
[EN] | (a) go ndearnadh cion faoi alt 46 nó alt 52 den Acht seo, nó | |
[EN] | (b) go ndearnadh cion faoi alt 53 den Acht seo arbh é a bhí ann aon déanmhas, doras, geata, fuinneog, crann nó cuaille a aghlot, | |
[EN] | féadfaidh aon oifigeach don údarás pleanála, a bheidh údaraithe go cuí acu i scríbhinn agus a thabharfaidh ar aird a údarás má éilítear sin air, ainm agus seoladh a éileamh ar aon duine a chreidfidh sé le réasún a bheith ciontach sa chion. | |
[EN] | (4) Aon duine ar a mbeifear tar éis a ainm agus a sheoladh a éileamh faoin bhfo-alt sin roimhe seo agus a mhainneoidh déanamh de réir an éilimh beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air. | |
[EN] |
Srian le cumhacht údaráis phleanála chun dul isteach agus dul isteach ceadaithe a bhac. |
81. —(1) Má dhiúltaíonn an t-áititheoir (i gcás talún áirithe nó an t-úinéir (i gcás thalamh neamháitithe) a cheadú cumhacht chun dul isteach a thugtar leis an Acht seo d'údarás pleanála a fheidhmiú, ní fheidhmeoidh an t-údarás an chumhacht ach amháin de bhun ordú ón gCúirt Dúiche ag ceadú dul isteach. |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le hiarratas ar ordú faoin alt seo: | |
[EN] | (a) déanfar an t-iarratas, ar fhógra a thabhairt don duine a dhiúltaigh a cheadú an chumhacht chun dul isteach a fheidhmiú, chun an bhreithimh den Chúirt Dúiche ag a bhfuil dlínse sa cheantar cúirte dúiche ina bhfuil an talamh nó an chuid den talamh, | |
[EN] | (b) géillfear don iarratas más isteach ar dhéanmhas a bheartaítear dul de bhun alt 31, 32 nó 33 den Acht seo agus go gcruthóidh an duine sin don chúirt, i gcás neamhchomhlíonadh coinníll, gur comhlíonadh an coinníoll, nó, in aon chás eile, nach déanmhas neamhúdaraithe an déanmhas, | |
[EN] | (c) féadfaidh ordú a dhéanfar ar an iarratas a cheangal nach rachfar isteach i rith tréimhse sonraithe seachtain nó níos lú dar tosach dáta an ordaithe. | |
[EN] | (3) Aon duine a bhacfaidh trí ghníomh nó mainneachtain dul isteach a ceadaíodh le hordú faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air; agus más rud é i gcás ciona leanúnaigh go leanfar den bhac tar éis a chiontaithe, beidh sé ciontach i gcion breise agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den bhac. | |
[EN] |
Forálacha forlíontacha maidir le tarchur agus achomhairc. |
82. —(1) Féadfar foráil a chur i rialacháin i dtaobh aon ábhair a bhaineann le nós imeachta maidir le tarchur nó achomhairc. |
[EN] | (2) Déanfar rialacháin faoin alt seo a fhoráil— | |
[EN] | (a) chun go n-éistfear ó bhéal aon tarchur nó achomharc a n-iarrfaidh aon pháirtí go n-éistfí ó bhéal é, | |
[EN] | (b) chun aon éisteacht ó bhéal den sórt sin a sheoladh ag duine a cheapfaidh an tAire chun na críche sin. | |
[EN] | (c) chun aon duine a cheapfar amhlaidh do thabhairt tuarascála don Aire ar an éisteacht ó bhéal agus chun an tAire do bhreithniú na tuarascála sula ndéanfaidh sé a chinneadh. | |
[EN] | (3) I gcás ina n-éireoidh ceist dlí ar aon tarchur nó achomharc— | |
[EN] | (a) féadfaidh an tAire an cheist a tharchur chun an Ard-Chúirt do thabhairt breithe uirthi; | |
[EN] | (b) féadfar achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar an gceist agus féadfar í a dhéanamh tráth ar bith laistigh den tréimhse trí mhí tar éis an cinneadh a dhéanamh nó cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an Ard-Chúirt in aon chás áirithe. | |
[EN] | (4) Aon duine a mbeidh éisteacht ó bhéal aon tarchuir nó achomhairc á sheoladh aige féadfaidh sé a cheangal ar aon oifigeach d'údarás pleanála aon eolas maidir leis an tarchur nó leis an achomharc a thabhairt dó a theastóidh uaidh le réasún chun críocha an tarchuir nó an achomhairc, agus is é dualgas an oifigigh déanamh de réir an cheanglais. | |
[EN] | (5) (a) Aon duine a mbeidh éisteacht ó bhéal aon tarchuir nó achomhairc á sheoladh aige féadfaidh sé cuairt a thabhairt agus iniúchadh a dhéanamh ar aon talamh lena mbaineann an tarchur nó an t-achomharc. | |
[EN] | (b) Aon duine a bhacfaidh feidhmiú na cumhachta a thugtar leis an bhfo-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air. | |
[EN] | (6) Aon duine a mbeidh éisteacht ó bhéal aon tarchuir nó achomhairc á sheoladh aige féadfaidh sé fianaise a ghlacadh faoi mhionn agus chun na críche sin féadfaidh sé daoine a chur faoi mhionn, agus beidh aon duine a thabharfaidh fianaise ag aon éisteacht den sórt sin i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna a bheadh aige agus dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é. | |
[EN] | (7) (a) Faoi réir na míre ina dhiaidh seo, féadfaidh duine a mbeidh éisteacht ó bhéal aon tarchuir nó achomhairc sheoladh aige, trí fhógra sa chéill sin a thabhairt i scríbhinn do dhuine ar bith, a cheangal ar an duine sin láithriú cibé tráth agus áit a shonrófar san fhógra chun fianaise a thabhairt maidir le haon ábhar a bheidh i gceist ag an éisteacht, nó aon leabhair, gníomhais, conarthaí, cuntais, deimhnithe, léarscáileanna, pleananna nó doiciméid eile a bheidh ina sheilbh, ar coimeád nó ar urláimh aige agus a bhainfidh le haon ábhar den sórt sin a thabhairt ar aird. | |
[EN] | (b) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas chun críocha na míre sin roimhe seo: | |
[EN] | (i) ní gá do dhuine láithriú de réir mar iarrfar i bhfógra in áit is faide ná deich míle óna ghnátháit chónaithe mura mbeifear tar éis cibé suim a ghlanfadh costais réasúnacha riachtanacha an láithrithe a íoc leis nó a thairiscint dó; | |
[EN] | (ii) déanfaidh an t-údarás pleanála, ar iarratas ón duine a mbeidh an éisteacht ó bhéal á sheoladh aige, cibé suim is dóigh leis an duine a mbeidh an éisteacht á sheoladh aige a ghlanfadh caiteachas réasúnach riachtanach an láithrithe a íoc le haon duine nó a thairiscint d'aon duine, a gceanglófar air láithriú; | |
[EN] | (iii) aon duine a láthrigh in aon áit de réir mar iarradh i bhfógra, déanfaidh an t-údarás pleanála, ach amháin a mhéid a bheidh caiteachas réasúnach riachtanach an láithrithe íoctha leis cheana féin, an caiteachas sin a íoc leis, agus, mura n-íocfar amhlaidh an caiteachas sin, beidh sé, ach amháin mar a dúradh, inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla; | |
[EN] | (iv) gach duine dá mbeidh fógra tugtha agus a dhiúltóidh nó a mhainneoidh go toiliúil, láithriú de réir an fhógra nó a dhéanfaidh go toiliúil aon doiciméad lena mbainfidh an fógra a athrú, a shochtadh, a cheilt nó a dhíthiú nó, ar láithriú dó amhlaidh, a dhiúltóidh fianaise a thabhairt nó a dhiúltóidh nó a mhainneoidh go toiliúil aon doiciméad lena mbainfidh an fógra a thabhairt ar aird beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air. | |
[EN] | (8) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn “tarchur” tarchur faoi alt 5 den Acht seo, | |
[EN] | ciallaíonn “achomharc”, ach amháin i mír (b) d'fho-alt (3), achomharc chun an Aire faoin Acht seo nó faoi aon ordú arna dhéanamh faoin Acht seo. | |
[EN] |
Cumhacht duine údaraithe chun dul isteach ar thalamh. |
83. —(1) Féadfaidh duine údaraithe, faoi réir fhorálacha an ailt seo, dul isteach ar aon talamh gach tráth réasúnach idir 9 a.m. agus 6 p.m. chun aon chríche a bhaineann leis an Acht seo. |
[EN] | (2) Aon duine údaraithe a rachaidh isteach ar thalamh faoin alt seo féadfaidh sé gach ní a dhéanamh ann is gá le réasún chun na críche chun a ndeachthas isteach agus, go háirithe, féadfaidh sé suirbhéireacht agus pleananna a dhéanamh, leibhéil a ghlacadh, tochailt a dhéanamh agus scrúdú a dhéanamh féachaint cén doimhneas an fho-ithir agus cén cineál fo-ithreach í. | |
[EN] | (3) Sula rachaidh duine údaraithe isteach ar aon talamh faoin alt seo, gheobhaidh an t-údarás iomchuí toiliú an áititheora (i gcás talún áitithe) nó an úinéara (i gcás talún neamháitithe) nó déanfaidh siad fógra ceithre lá dhéag ar a laghad i scríbhinn, á rá go bhfuiltear ar intinn dul isteach a thabhairt don úinéir nó don áititheoir (de réir mar a bheidh). | |
[EN] | (4) Aon duine a mbeidh an t-údarás iomchuí tar éis fógra a thabhairt dó faoin alt seo á rá go bhfuiltear ar intinn dul isteach ar thalamh, féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná ceithre lá dhéag tar éis an fógra sin a thabhairt, iarratas a dhéanamh, ar fhógra a thabhairt don údarás sin, chun an bhreithimh den Chúirt Dúiche ag a bhfuil dlínse sa cheantar cúirte dúiche ina bhfuil an talamh nó cuid den talamh ag iarraidh ordú á thoirmeasc dul isteach, agus, ar an iarratas a éisteacht, féadfaidh an breitheamh, más cuí leis, an dul isteach a thoirmeasc go hiomlán nó coinníollacha a shonrú a bheidh le comhlíonadh ag an duine a rachaidh isteach. | |
[EN] | (5) I gcás ina dtoirmiscfidh breitheamh den Chúirt Dúiche faoin alt seo dul isteach a bheidh beartaithe a dhéanamh ar thalamh, ní dleathach do dhuine dul isteach faoin alt seo ar an talamh, agus i gcás ina ndéanfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche coinníollacha a shonrú faoin alt seo a bheidh le comhlíonadh ag daoine a rachaidh isteach ar thalamh, comhlíonfaidh gach duine a rachaidh isteach ar thalamh faoin alt seo na coinníollacha a shonrófar amhlaidh. | |
[EN] | (6) Ní bhainfidh fo-ailt (3), (4) agus (5) den alt seo le dul isteach chun críocha Chuid IV den Acht seo agus, i gcás ina mbeidh aon dul isteach mar sin beartaithe, má dhiúltaíonn an t-áititheoir (i gcás talún áitithe) nó an t-úinéir (i gcás talún neamháitithe) cead a thabhairt dul isteach— | |
[EN] | (a) ní rachfar isteach mura mbeidh sé sin údaraithe le hordú ón mbreitheamh den Chúirt Dúiche ag a bhfuil dlínse sa cheantar cúirte dúiche ina bhfuil an talamh nó cuid den talamh agus, i gcás talún áitithe, ach amháin tar éis fógra cheithre huaire is fiche a chloig ar a laghad a thabhairt don áititheoir i dtaobh é a bheith ar intinn dul isteach agus i dtaobh an chuspóra a bhainfidh le dul isteach, | |
[EN] | (b) déanfar iarratas ag iarraidh ordú den sórt sin ar fhógra (i gcás talún áitithe) a thabhairt don áititheoir, nó don úinéir (i gcás talún neamháitithe). | |
[EN] | (7) Gach duine a bhacfaidh, trí ghníomh nó neamhghníomh, duine údaraithe agus é go dleathach ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar leis an alt seo beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air; agus más rud é, i gcás ciona leanúnaigh, go leanfar den bhac tar éis a chiontaithe, beidh sé ciontach i gcion breise agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air in aghaidh gach lae a leanfar den bhac amhlaidh. | |
[EN] | (8) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn “duine údaraithe” duine arna cheapadh ag an údarás pleanála nó ag an Aire chun bheith ina dhuine údaraithe chun críocha an ailt seo. | |
[EN] | ciallaíonn “údarás iomchuí”— | |
[EN] | (a) i gcás inar údaráis pleanála a cheap an duine údaraithe —an t-údarás sin, agus | |
[EN] | (b) i gcás inarb é an tAire a cheap an duine údaraithe—an tAire. | |
[EN] |
Údaráis Stáit do dhul i gcomhairle. |
84. —(1) Sula nglacfaidh údarás Stáit de láimh aon fhoirgneamh (nach foirgneamh a bheifear chun a fhoirgniú nó a mhéadú i ndáil le foraoiseacht ag an Stát) a fhoirgniú nó a mhéadú, déanfaidh an t-údarás sin mar a leanas— |
[EN] | (a) rachaidh siad i gcomhairle leis an údarás pleanála a mhéid a chinnfidh an tAire, agus | |
[EN] | (b) má bhíonn aon agóidí a dhéanfaidh an t-údarás pleanála gan socrú rachaidh an t-údarás Stáit i gcomhairle leis an Aire i dtaobh na n-agóidí (ach amháin nuair is é an tAire a bheidh ag glacadh an fhoirgnithe nó an mhéadaithe de láimh). | |
[EN] | (2) San alt seo, ciallaíonn “údarás Stáit” aon údarás acu seo a leanas— | |
[EN] | (a) comhalta den Rialtas, | |
[EN] | (b) Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, nó | |
[EN] | (c) Coimisiún Talún na hÉireann. | |
[EN] |
Cáblaí, sreanga agus píplínte. |
85. —(1) Féadfaidh údarás pleanála, le toiliú úinéara agus áititheora aon talún nach cuid de bhóthar poiblí, cáblaí, sreanga, agus píplínte (seachas píopaí uisce, séaracha agus silteáin), agus aon fhearas a ghabhann leis na cáblaí, na sreanga agus na píplínte sin, a shuíomh, a chur suas nó a dhéanamh ar an talamh sin nó faoi nó thairis, agus féadfaidh siad ó am go ham aon cháblaí, sreanga nó píplínte a suíodh, a cuireadh suas nó a rinneadh faoin alt seo a iniúchadh, a dheisiú, a athrú nó a athnuachan, nó a dhíchur tráth ar bith. |
[EN] | (2) Féadfaidh údarás pleanála, le toiliú úinéara agus áititheora aon déanmhais, aon bhrac nó daingneán eile a dhaingniú den déanmhas sin is gá chun aon chábla, sreang nó píplíne a shuífear, a chuirfear suas nó a dhéanfar faoin alt seo a iompar nó a choinneáil ina áit. | |
[EN] | (3) Féadfaidh údarás pleanála fógraí a chur suas agus a chothabháil á thaispeáint cá bhfuil cáblaí, sreanga nó píplínte a suíodh, a cuireadh suas nó a rinneadh faoin alt seo agus féadfaidh siad, le toiliú úinéara agus áititheora aon déanmhais, fógra den sórt sin a dhaingniú den déanmhas sin. | |
[EN] | (4) Beidh éifeacht ag na fo-ailt sin roimhe seo den alt seo faoi réir an choinníll— | |
[EN] | (a) nach gcoimeádfar siar go míréasúnach toiliú chun críche aon fho-ailt acu, | |
[EN] | (b) más dóigh leis an údarás pleanála gur coimeádadh toiliú den sórt sin siar go míréasúnach, go bhféadfaidh siad achomharc a dhéanamh chun an Aire. | |
[EN] | (c) má chinneann an tAire gur coimeádadh siar go míréasúnach toiliú den sórt sin, go measfar gur tugadh an toiliú. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an t-údarás pleanála a cheadú go n-úsáidfear aon cháblaí, sreanga nó píplínte a suíodh, a cuireadh suas nó a rinneadh faoin alt seo agus aon fhearas a ghabhann leis na cáblaí, na sreanga agus na píplínte sin, faoi réir cibé coinníollacha agus muirear is oiriúnach leo. | |
[EN] |
Rialacháin foirgníochta. 1878, c. 52. 1890, c. 59. |
86. —(1) Féadfaidh na tAire rialacháin a dhéanamh i dtaobh gach ceann nó aon cheann de na hábhair atá leagtha amach in alt 41 den Public Health (Ireland) Act, 1878, agus in alt 23 den Public Health Acts Amendment Act, 1890 (seachas mír (1) den alt sin 41 agus an mhír dheiridh d'fho-alt (1) den alt sin 23), agus, dá réir sin, ní dhéanfar a thuilleadh fodhlíthe faoi na hailt sin i dtaobh aon cheann de na hábhair sin. |
[EN] | Tabharfar rialacháin foirgníochta ar rialacháin a dhéanfar faoin alt seo agus is é sin a ghairtear díobh san Acht seo. | |
[EN] | (2) Féadfar le rialacháin foirgníochta caighdeáin (a luafar i dtéarmaí a mbeidh le comhlíonadh, na cineálacha ábhair, modhanna foirgneoireachta, nó eile) a fhorordú maidir le gach ceann nó le haon cheann de na hábhair a shonraítear sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus féadfar caighdeáin éagsúla a fhorordú iontu d'fhoirgnimh de shaghsanna éagsúla. | |
[EN] | (3) Féadfar foráil a chur i rialacháin foirgníochta— | |
[EN] | (a) maidir le silteáin agus séaracha a thástáil, | |
[EN] | (b) maidir le samplaí a thógáil d'ábhair a bheifear chun a úsáid ag foirgniú foirgneamh, nó ag déanamh oibreacha eile. | |
[EN] | (4) (a) Féadfar rialacháin foirgníochta a dhéanamh i dtaobh— | |
[EN] | (i) athruithe ar dhéanmhais nó méadaithe ar fhoirgnimh, agus foirgnimh a mhéid a dhéanann athruithe nó méaduithe difear dóibh, | |
[EN] | (ii) foirgnimh nó codanna d'fhoirgnimh i gcásanna ina dtarlóidh aon athrú ábhartha sna críocha chun a n-úsáidtear foirgneamh nó, de réir mar a bheidh, cuid d'fhoirgneamh, agus a mhéid a bhainfidh siad leis na hábhair a luaitear san fho-alt seo, féadfar feidhm a thabhairt dóibh maidir le foirgnimh a tógadh roimh an dáta a tháinig na rialacháin i bhfeidhm, ach ní bhainfidh siad, ach amháin mar a dúradh, le foirgnimh a tógadh roimh an dáta sin. | |
[EN] | (b) Chun críocha an fho-ailt seo, measfar athrú ábhartha a bheith tagtha ar an gcríoch ar chuici a úsáidtear foirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh más rud é— | |
[EN] | (i) go ndéanfar foirgneamh, nó cuid d'fhoirgneamh, is foirgneamh nó cuid nach chun a áitithe mar theach, a foirgníodh é ar dtús, nó a foirgníodh amhlaidh agus atá leithreasaithe chun críocha eile, a úsáid mar theach, | |
[EN] | (ii) go ndéanfar foirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh is foirgneamh nó cuid ar chun a áitithe mar theach ag teaghlach amháin a foirgníodh é ar dtús, a áitiú ag dhá theaghlach nó níos mó, nó | |
[EN] | (iii) i gcás ina mbeidh i rialacháin forálacha speisialta maidir le foirgnimh a úsáidtear chun aon chríche áirithe, go ndéanfar foirgneamh, nó cuid d'fhoirgneamh, is foirgneamh nó cuid nár úsáideadh roimhe chun na críche sin, a úsáid amhlaidh. | |
[EN] | (5) Aon fhoráil a bheidh i rialacháin foirgníochta féadfar í a dhéanamh chun go mbeidh feidhm aici i gcoitinne, nó i limistéar a shonrófar sna rialacháin, agus féadfaidh forálacha éagsúla i leith limistéir éagsúla a bheith sna rialacháin. | |
[EN] | (6) Beidh ag údaráis phleanála maidir le rialacháin foirgníochta na feidhmeanna sin uile faoin Public Health (Ireland) Act, 1878 (lena n-áirítear go háirithe, alt 42 de) a fhoráileann an tAcht sin dóibh mar údaráis sláintíochta maidir le fodhlíthe faoi alt 41 den Acht sin. | |
[EN] | (7) Féadfaidh cibé forálacha forlíontacha agus teagmhasacha is dóigh leis an Aire a bheith fóirsteanach a bheith i rialacháin foirgníochta. | |
[EN] | (8) Má sháraíonn aon duine aon fhoráil atá i rialacháin foirgníochta, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air; agus i gcás ciona leanúnaigh má leantar den sárú tar éis a chiontaithe, beidh sé ciontach i gcion breise agus dlífear fíneáil bhreise nach mó ná fiche punt a chur air in aghaidh gach lae a leanfar den sárú amhlaidh. | |
[EN] | (9) Féadfaidh foráil a bheith i rialacháin foirgníochta chun— | |
[EN] | (a) aon iarratas a mbeidh ceanglas nó údarás ann faoi na rialacháin é a dhéanamh, agus | |
[EN] | (b) aon iarratas ar chead forbartha faoi Chuid IV den Acht seo | |
[EN] | a chónascadh san aon doiciméad amháin, agus go ndéanfar na hiarratais chónasctha sin i cibé foirm agus modh a shonrófar sna rialacháin. | |
[EN] | (10) Beidh éifeacht ag alt 41 den Public Health Ireland Act, 1878, agus ag alt 23 den Public Health Acts Amendment Act, 1890, amhail agus dá mbeadh— | |
[EN] | (a) in ionad a oiread sin díobh ina bhfuil foráil chun fodhlíthe a dhéanamh i leith na n-ábhar a shonraítear san alt sin 41 (seachas mír (1) de) agus san alt sin 23 (seachas an mhír dheiridh d'fho-alt (1) de), foráil chun an tAire do dhéanamh, faoi réir forálacha an Achta Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 , rialachán i dtaobh na n-ábhar sin, agus | |
[EN] | (b) go bhfágfaí na focail “Provided that no bye-law made under this section shall affect any building erected before the passing of this Act” ar lár as an alt sin 41. | |
[EN] | (11) In ionad aon tagartha d'fhodhlíthe faoi alt 41 den Public Health (Ireland) Act, 1878, maidir le hábhair atá leagtha amach san alt sin (seachas mír (1) de) nó i bhfo-alt (1) d'alt 23 den Public Health Acts Amendment Act, 1890 (seachas an mhír dheiridh de), nó d'fhodhlíthe faoi fho-alt (4) den alt sin 23, atá in aon Acht nó in aon ionstraim ag a bhfuil éifeacht faoi aon Acht, cuirfear isteach, ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, tagairt do rialacháin foirgníochta. | |
[EN] |
Rialacháin foirgníochta a mhaolú. |
87. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, más dóigh leis an Aire, ar iarratas a bheith déanta de réir fhorálacha an ailt seo gur mhíréasúnach aon cheanglas i rialacháin foirgníochta gníomhú maidir leis an gcás áirithe lena mbainfidh an t-iarratas, féadfaidh sé, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás pleanála, ordú a thabhairt ag ligean an cheanglais sin thar ceal nó á mhaolú. |
[EN] | (2) Má fhoráiltear i rialacháin foirgníochta amhlaidh maidir le haon cheanglas sna rialacháin, beidh an chumhacht chun an ceanglas sin a ligean thar ceal nó a mhaolú faoi fho-alt (1) den alt seo infheidhmithe ag an údarás pleanála (in ionad a bheith infheidhmithe ag an Aire tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás pleanála), ach déanfaidh aon fhorálacha a bheidh, de bhua an fho-ailt seo, i rialacháin foirgníochta eisceacht d'iarratais ó údaráis áitiúla agus féadfaidh siad eisceacht a dhéanamh d'iarratais d'aon sórt eile. | |
[EN] | (3) Féadfar a fhoráil le rialacháin foirgníochta maidir le haon cheanglais sna rialacháin nach mbeidh feidhm ag na fo-ailt sin roimhe seo den alt seo. | |
[EN] | (4) Is i cibé foirm a bheidh forordaithe le rialacháin foirgníochta a bheidh iarratas faoin alt seo agus beidh ann cibé sonraí a fhorordófar amhlaidh. | |
[EN] | (5) Déanfar an t-iarratas chun an údaráis phleanála agus, ach amháin i gcás ina bhfuil cumhacht ag an údarás pleanála an t-ordú a thabhairt, tarchuirfidh an t-údarás pleanála an t-iarratas chun an Aire láithreach agus tabharfaidh fógra don iarratasóir gur tarchuireadh amhlaidh é. | |
[EN] | (6) Má tharlaíonn, laistigh de thréimhse dhá mhí dar tosach dáta iarratais (is iarratas a bhfuil cumhacht ag an údarás pleanála an t-ordú a thabhairt ina thaobh) nó de cibé tréimhse níos faide ná sin ar a gcomhaontófar i scríbhinn idir an t-iarratasóir agus an t-údarás pleanála nach gcuirfidh an t-údarás pleanála a gcinneadh ar an iarratas in iúl don iarratasóir measfar gur chinn an t-údarás pleanála an lá deiridh den tréimhse sin géilleadh don iarratas. | |
[EN] | (7) Is chun an Aire a dhéanfar iarratas ó údarás áitiúil. | |
[EN] |
Achomharc i gcoinne údarás pleanála do dhiúltú rialacháin foirgníochta a mhaolú. |
88. —(1) Má dhiúltaíonn údarás pleanála d'iarratas aon cheanglas i rialacháin foirgníochta a ligean thar ceal nó a mhaolú, féadfaidh an t-iarratasóir, trí fhógra i scríbhinn, achomharc a dhéanamh chun an Aire laistigh de mhí ón dáta a chuirfidh an t-údarás pleanála a ndiúltú in iúl don iarratasóir. |
[EN] | (2) I gcás ina ngéillfear d'achomharc faoin alt seo, tabharfaidh an tAire cibé orduithe is iomchuí maidir le rialacháin foirgníochta a ligean thar ceal nó a mhaolú, agus déanfaidh an t-údarás pleanála dá réir. | |
[EN] |
Caidéil pheitril, etc., ar bhóithre poiblí. |
89. —(1) Féadfaidh an t-údarás pleanála ceadúnas a dheonú do dhuine ar bith chun aon ní acu seo a leanas a thógáil, a dhéanamh, a shuíomh agus a chothabháil— |
[EN] | (a) caidéal peitril, caidéal ola, caidéal aeir nó gaireas eile chun fónamh d'fheithiclí, | |
[EN] | (b) inneall díola, | |
[EN] | (c) léarscáil de bhaile nó de thírdhreach chun treonna nó áiteanna a thaispeáint, | |
[EN] | (d) clárlach, fál nó scafall, | |
[EN] | (e) déanmhas fógráin, | |
[EN] | (f) cábla, sreang nó píplíne, | |
[EN] | (g) aon ghaireas nó déanmhas eile a bheidh sonraithe ag an Aire le rialacháin mar ghaireas nó déanmhas oiriúnach lena cheadúnú faoin alt seo | |
[EN] | ar, faoi nó thar bhóthar poiblí, nó ar feadh bóthair phoiblí. | |
[EN] | (2) Aon duine a iarrfaidh ceadúnas faoin alt seo tabharfaidh sé don údarás pleanála cibé pleananna agus eolas eile maidir le suíomh, dearadh agus acmhainneacht an ghairis nó an déanmhais a éileoidh an t-údarás. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an t-údarás pleanála ceadúnas a thabhairt faoin alt seo in aghaidh cibé tréimhse agus ar cibé coinníollacha a shonróidh an t-údarás; agus i gcás inarb é tuairim an údaráis phleanála toisc an trácht ar an mbóthar a bheith méadaithe nó athraithe nó toisc an bóthar a leathnú nó ó aon fheabhsú ar an mbóthar nó ina leith, gur bacainn nó contúirt an gaireas nó an déanmhas, féadfaidh an t-údarás, trí fhógra i scríbhinn, an ceadúnas a tharraingt siar agus a cheangal ar an gceadúnaí an gaireas nó an déanmhas sin a dhíchur ar a chostas féin. | |
[EN] | (4) (a) Féadfaidh aon duine, maidir le ceadúnas faoin alt seo a thabhairt, nó diúltú é a thabhairt, a tharraingt siar nó a leanúint i bhfeidhm, nó maidir leis na coinníollacha a shonróidh an t-údarás pleanála do cheadúnas den sórt sin, achomharc a dhéanamh chun an Aire, | |
[EN] | (b) I gcás ina ngéillfear achomharc faoin alt seo, tabharfaidh an tAire cibé orduithe is iomchuí maidir le ceadúnas faoin alt seo a tharraingt siar, a thabhairt nó a athrú, agus déanfaidh an t-údarás pleanála dá réir. | |
[EN] | (5) (a) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag forordú méid na táille a bheidh le híoc leis an údarás pleanála as ceadúnas faoin alt seo a thabhairt, agus cuirfidh an t-údarás pleanála aon táillí den sórt sin i gcrích mar a ordóidh na rialacháin. | |
[EN] | (b) Féadfar táillí éagsúla a fhorordú faoin bhfo-alt seo i leith gairis éagsúla agus déanmhais éagsúla. | |
[EN] | (6) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a dhéanann difear maidir leis na rialacháin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire i dtaobh stóráil nó díol biotáille gluaisteáin a chur chun feidhme maidir le caidéil pheitril nó chun a údarú caidéal peitril a úsáid ar shlí seachas de réir na rialachán sin. | |
[EN] | (7) Ní bheidh teideal ag duine de bhrí amháin ceadúnas a bheith aige faoin alt seo chun aon ghaireas nó déanmhas a thógáil, a fhoirgniú, a shuíomh nó a chothabháil ar, faoi nó thar bhóthar poiblí nó ar feadh bóthair phoiblí. | |
[EN] | (8) Faoi réir fho-alt (9) den alt seo, aon duine a dhéanfaidh— | |
[EN] | (a) gaireas nó déanmhas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a thógáil, a fhoirgniú, a shuíomh nó a chothabháil ar, faoi nó thar bhóthar poiblí nó ar feadh bóthair phoiblí gan ceadúnas faoin alt seo a bheith aige chun sin a dhéanamh, nó | |
[EN] | (b) gaireas nó déanmhas den sórt sin a thógáil, a fhoirgniú, a shuíomh nó a chothabháil ar, faoi nó thar bhóthar poiblí nó ar feadh bóthair phoiblí ar shlí seachas de réir cheadúnas faoin alt seo, nó | |
[EN] | (c) sárú ar aon choinníoll ar faoina réir a tugadh ceadúnas faoin alt seo dó, | |
[EN] | beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air; agus más rud é i gcás ciona leanúnaigh go léanfar den sárú tar éis a chiontaithe beidh sé ciontach i gcion breise agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná dhá phunt a chur air in aghaidh gach lae a leanfar den chion amhlaidh. | |
[EN] | (9) (a) Féadfaidh údarás pleanála, de bhua an fho-ailt seo, aon ghaireas nó déanmhas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a shuíomh nó a chothabháil ar, faoi nó thar bhóthar poiblí nó ar feadh bóthair phoiblí, agus ní gá dóibh ceadúnas faoin alt seo a bheith acu. | |
[EN] | (b) Ní mheasfar go dtugann aon ní san fho-alt seo cumhacht d'údarás pleanála bac a chur le húsáid réasúnach a dhéanamh de bhóthar poiblí ag an bpobal nó aon duine a bhfuil teideal aige é a úsáid nó a chumasaíonn d'údarás pleanála núis a dhéanamh ar úinéir nó ar áititheoir áitribh láimh leis an mbóthar poiblí. | |
[EN] | (10) I gcás nach iad an t-údarás pleanála an t-údarás bóthar chun críocha príomhbhóithre ina limistéar, ní dhéanfaidh siad, de bhun an ailt seo, ceadúnas a thabhairt i leith aon ghairis nó déanmhais ar, faoi nó thar bhóthar poiblí ná ar feadh bóthair phoiblí ná aon ghaireas ná déanmhas a thógáil, a fhoirgniú ná a shuíomh ar, faoi nó thar bhóthar poiblí ná ar feadh bóthair phoiblí ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis an údarás arb iad an t-údarás bóthar iad chun na gcríocha sin. | |
[EN] |
Cosaint do shéad-chomharthaí náisiúnta. |
90. —Ní shrianfaidh ná ní dhochróidh aon ní san Acht seo feidhmeanna, ná ní dhéanfaidh difear d'fheidhmeanna, an Aire Airgeadais nó Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 agus 1954, maidir le séadchomharthaí náisiúnta mar a mhínítear iad leis na hAchtanna sin nó le haon séadchomharthaí áirithe den sórt sin. |
[EN] |
Leasú ar Alt 42 den Public Health (Ireland) Act, 1878. |
91. —Leasaítear leis seo alt 42 den Public Health (Ireland) Act, 1878, trí “two months” a chur in ionad “one month” agus “such two months” a chur in ionad “such month”. |
[EN] |
Idirlinn. 1878, c. 52. 31& 32 Vic., c. xxxiii. 53 & 54 Vic., c. ccxlvi. |
92. —(1) Aon iarratas ar chead speisialta faoi Acht 1934 a bhí á bhreithniú ag údarás pleanála díreach roimh an lá ceaptha déileálfar leis chun críocha an Achta seo mar iarratas ar chead faoi alt 26 den Acht seo. |
[EN] | (2) Aon chead ginearálta nó cead speisialta a tugadh faoi Acht 1934 déileálfar leis chun críocha an Achta seo (lena n-áirítear go háirithe ailt 30, 31 agus 35) mar chead a tugadh faoi alt 26 den Acht seo, agus cuirfear taifead i dtaobh an cheada sin sa chlár. | |
[EN] | (3) Aon achomharc faoi alt 59 d'Acht 1934 maidir le cead speisialta nó cead ginearálta a thabhairt nó diúltú é a thabhairt a bhí ar feitheamh díreach roimh an lá ceaptha déileálfar leis chun críocha an Achta seo mar achomharc faoi alt 26 den Acht seo, ach amháin nach dtabharfar ordú maidir leis an achomharc faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 18 den Acht seo. | |
[EN] | (4) Maidir le hordú a rinneadh faoi alt 14 den Acht chun Bailte agus Líomatáistí a Shíneadh Amach (Leasú), 1939, roimh an lá ceaptha, áireofar an tAcht sin agus Acht 1934 do leanúint i bhfeidhm chun go bhféadfar éifeacht a thabhairt maidir leis an ordú do na forálacha atá san alt sin 14. | |
[EN] | (5) (a) Aon fhodhlithe a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá feidhme faoi alt 41 den Public Health (Ireland) Act, 1878, i leith aon ábhar seachas na hábhair atá leagtha amach i mír (1) den alt sin, leanfaidh siad, an lá sin agus dá éis, d'fheidhm a bheith acu— | |
[EN] | (i) maidir le pleananna a taisceadh, de réir na bhfodhlíthe sin, roimh an lá feidhme, agus | |
[EN] | (ii) maidir le hobair a rinneadh de réir pleananna a taisceadh roimh an lá feidhme, cibé acu a imíodh nó a claonadh ó na pleananna sin nó nach ndearnadh amhlaidh, agus | |
[EN] | (iii) maidir le hoibreacha a bheidh déanta agus críochnaithe roimh an lá feidhme. | |
[EN] | (b) Ach amháin mar a fhoráiltear leis an mír sin roimhe seo, beidh na fodhlíthe uile a bhí i bhfeidhm díreach roimh an lá feidhme faoi alt 41 den Public Health (Ireland) Act, 1878, i leith aon ábhar seachas na hábhair atá leagtha amach i mír (1) den alt sin arna n-aisghairm an lá feidhme, ach beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) d'alt 21 den Acht Léiriúcháin, 1937 , maidir leis an aisghairm a dhéantar leis an mír seo mar atá feidhm acu maidir le haisghairm aon fhorála in Acht den Oireachtas. | |
[EN] | (c) An leasú a dhéantar le fo-alt (11) d'alt 86 den Acht seo ar aon achtachán ní bheidh feidhm aige ar shlí a d'eisiafadh ón achtachán sin aon tagairt d'fhodhlíthe arna ndéanamh faoi alt 41 den Public Health (Ireland) Act, 1878, mar a bhí siad i bhfeidhm roimh an lá feidhme, nó mar a choimeádtar i bhfeidhm iad leis an bhfo-alt seo. | |
[EN] | (d) San fho-alt seo ciallaíonn “an lá feidhme” an lá ar a dtiocfaidh an fo-alt seo i ngníomh. | |
[EN] | (6) (a) Aon cheadúnas faoi alt 137 den Cork Improvement Act, 1868, faoi alt 47 den Dublin Corporation Act, 1890, nó faoi alt 35 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 , a bhí i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha, déileálfar leis chun críocha an Achta seo mar cheadúnas faoi alt 89 den Acht seo. | |
[EN] | (b) Aon achomharc faoi alt 35 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 , a bhí ar feitheamh díreach roimh an lá ceaptha, déileálfar leis chun críocha an Achta seo mar achomharc faoi alt 89 den Acht seo. | |
[EN] | (c) Aon rialacháin a bhí i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha faoi alt 35 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 , leanfaidh siad i bhfeidhm ionann agus dá mba rialacháin faoi alt 89 den Acht seo iad agus féadfar iad a leasú nó a chúlghairm dá réir sin. | |
[EN] | (d) Ní bheidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt 89 den Acht seo maidir le gaireas nó déanmhas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt sin (seachas clárlach, fál nó scafall i gcontae-bhuirg Bhaile Átha Cliath nó i gcontaebhuirg Chorcaí nó caidéal peitril) roimh dheireadh na tréimhse sé mhí dar tosach an lá ceaptha. |