An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT D'FHORCHUR DLEACHTANNA (ORDUITHE A DHAINGNIÚ), 1963)

29 1963

AN tACHT D'FHORCHUR DLEACHTANNA (ORDUITHE A DHAINGNIÚ), 1963

AN SCEIDEAL.

Alt. 1.

Cuid I.

Uimhir agus Bliain na hIontraime Reachtúla

Teideal

Ábhar Ginearálta

(1)

(2)

(3)

Uimh. 163 de 1962.

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 128) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta Custam), 1962.

Foirm cháinliosta custam a ordú lena húsáid chun earraí a aicmiú chun críocha custam agus na dleachtanna custam uile a chúlghairm (seachas iad sin ar thobac, beoir, biotáille, olaí híodracarbóin agus fíon) maraon lena n-athfhorchur, le modhnuithe áirithe, de réir an aicmithe sin.

Uimh. 217 de 1962.

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 130) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta Custam), 1962.

Leasú ar dhleachtanna custam a forchuireadh faoi aicmiú cáinliosta a ordaíodh leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 128) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta Custam), 1962 (I.R. Uimh. 163 de 1962), maraon le dleachtanna eile a fhorchur de réir an aicmithe sin.

Cuid II.

Uimhir agus Bliain na hIontraime Reachtúla

Teideal

Ábhar Ginearálta

(1)

(2)

(3)

Uimh. 214 de 1962.

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Laghdú Rátaí Dleachtanna Custam), 1962.

Laghdú ar rátaí áirithe dleachtanna custam.