An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Foirceannadh) Ar Aghaidh (CUID VIII. Feidhm an achta maidir le Cuideachtaí a Foirmíodh nó a Cláraíodh faoi Achtanna roimhe seo.)

33 1963

ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1963

CUID VII.

Glacadóirí.

Dícháiliú comhlachta chorpraithe chun a cheaptha ina ghlacadóir.

314. —Ní bheidh comhlacht corpraithe cáilithe chun a cheaptha mar ghlacadóir ar mhaoin chuideachta, agus dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar aon chomhlacht corpraithe a ghníomhóidh mar ghlacadóir den sórt sin.

Dícháiliú féimhigh neamh-urscaoilte chun gníomhú mar ghlacadóir.

315. —(1) Má ghníomhaíonn aon duine is féimheach neamhurscaoilte mar ghlacadóir ar mhaoin chuideachta thar ceann bintiúrach, ansin, faoi réir fho-alt (2), dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain a chur air, nó, ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó fíneáil nach mó ná £100 nó iad araon.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) le glacadóir más dáta roimh an dáta feidhme dáta an cheapachán faoina ngníomhóidh sé agus dáta na féimheachta freisin.

Cumhacht glacadóra chun treoracha a iarraidh ar an gcúirt, agus a dhliteanas i gcás conarthaí.

316. —(1) Féadfaidh glacadóir ar mhaoin chuideachta a ceapadh faoi na cumhachtaí in aon ionstraim treoracha a iarraidh ar an gcúirt maidir le haon ní áirithe a éireoidh i ndáil le comhlíonadh a fheidhmeanna, agus má dhéantar aon iarratas den sórt sin, féadfaidh an chúirt cibé treoracha a thabhairt, nó cibé ordú a dhéanamh ag dearbhú cearta daoine os comhair na cúirte nó ar dhóigh eile, is cóir leis an gcúirt.

(2) Beidh glacadóir ar mhaoin chuideachta faoi dhliteanas go pearsanta i gcás aon chonartha a dhéanfaidh sé i gcomhlíonadh a fheidhmeanna (cibé acu in ainm na cuideachta sin nó ina ainm féin mar ghlacadóir nó eile a dhéanfaidh sé an conradh sin) mura bhforálann an conradh nach bhfuil sé le bheith faoi dhliteanas go pearsanta i gcás an chonartha sin, agus beidh sé i dteideal slánaíochta as na sócmhainní i leith an dliteanais sin; ach ní mheasfar aon ní san fho-alt seo a bheith ag cur teorann le haon cheart chun slánaíochta a bheadh aige ar leithligh ón bhfo-alt seo, ná ag cur teorann lena dhliteanas i gcás conarthaí a rinneadh gan údarás nó ag tabhairt aon cheart chun slánaíochta i leith an dliteanais sin.

(3) I gcás inar ceapadh glacadóir ar mhaoin chuideachta nó inar airbheartaíodh é a cheapadh agus go bhfaighfear amach ina dhiaidh sin nach raibh an muirear nó an muirear airbheartaithe ar ceapadh nó ar airbheartaíodh é a cheapadh amhlaidh ina leith éifeachtach mar mhuirear ar an maoin sin nó ar chuid éigin den mhaoin sin, féadfaidh an chúirt, más cuí léi é, ar iarratas ón nglacadóir sin, a ordú é a fhuascailt go hiomlán, nó sa mhéid is cuí leis an gcúirt, ó dhliteanas pearsanta i leith aon ní a rinne nó nach ndearna sé maidir le haon mhaoin a airbheartaíonn a bheith ar áireamh sa mhuirear ar dá bhua a ceapadh é nó a airbheartaíodh é a cheapadh agus a bheadh déanta nó gan déanamh go cuí aige dá mbeadh an mhaoin sin ar áireamh go héifeachtach sa mhuirear sin nó sa mhuirear airbheartaithe sin, agus beidh sé fuascailte ó dhliteanas pearsanta dá réir sin, ach sa chás sin beidh an duine a cheap an glacadóir sin, nó a d'airbheartaigh é a cheapadh, faoi dhliteanas pearsanta i leith gach a mbeadh an glacadóir sin faoi dhliteanas ina leith murach an t-ordú sin.

(4) Beidh feidhm ag an alt seo cibé acu roimh an dáta feidhme nó air nó ina dhiaidh a ceapadh an glacadóir, ach ní bhainfidh fo-alt (2) le conarthaí a rinneadh roimh an dáta feidhme.

Fógra gur ceapadh glacadóir.

317. —(1) Nuair a bheidh glacadóir ar mhaoin chuideachta ceaptha, beidh ráiteas gur ceapadh glacadóir i ngach sonrasc, ordú ar earraí nó litir ghnó a eiseoidh an chuideachta nó glacadóir nó leachtaitheoir na cuideachta, nó a eiseofar thar a cheann, is é sin, doiciméad a mbeidh ainm na cuideachta air nó ann.

(2) Má mhainnítear ceanglais an ailt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil £20 a chur ar an gcuideachta agus ar aon duine acu seo a leanas a údaróidh nó a cheadóidh an mhainneachtain go feasach agus go toilteanach, eadhon, aon oifigeach don chuideachta, aon leachtaitheoir ar an gcuideachta agus aon ghlacadóir.

Cumhacht na cúirte chun luach saothair glacadóra a shocrú.

318. —(1) Féadfaidh an chúirt, ar iarratas ó leachtaitheoir cuideachta nó ó aon chreidiúnaí nó comhalta de chuid na cuideachta, a shocrú, le hordú, cad é an méid a íocfar mar luach saothair le haon duine a ndearnadh, faoi na cumhachtaí in aon ionstraim, é a cheapadh mar ghlacadóir ar mhaoin na cuideachta d'ainneoin luach saothair an ghlacadóra sin a bheith socraithe leis an ionstraim sin nó fúithi.

(2) Faoi réir fho-alt (3), beidh cumhacht na cúirte faoi fho-alt (1), mura mbeidh aon ordú maidir léi déanta roimhe sin faoin bhfo-alt sin—

(a) ina cumhacht a mbeidh réim aici chun an luach saothair a shocrú d'aon tréimhse sula ndearnadh nó sular iarradh an t-ordú; agus

(b) ina cumhacht a bheidh infheidhmithe d'ainneoin an glacadóir d'fháil bháis nó a scor de ghníomhú sula ndearnadh nó sular iarradh an t-ordú; agus

(c) má íocadh leis an nglacadóir nó má choinnigh sé le haghaidh a luach saothair d'aon tréimhse sula ndearnadh an t-ordú aon suim is mó ná mar a shocraigh an chúirt don tréimhse sin, ina cumhacht a mbeidh réim aici chun a cheangal air féin nó ar a ionadaithe pearsanta cuntas a thabhairt sa bhreis nó i cibé cuid di a shonrófar san ordú.

(3) Ní dhéanfar an chumhacht a thugtar le mír (c) d'fho-alt (2) a fheidhmiú maidir le haon tréimhse sular iarradh an t-ordú, murab é tuairim na cúirte é go bhfuil imthosca speisialta ann a bhéarfadh gur chuí an chumhacht a fheidhmiú amhlaidh.

(4) Féadfaidh an chúirt ó am go ham, ar iarratas ón leachtaitheoir nó ó aon chreidiúnaí nó comhalta de chuid na cuideachta nó ón nglacadóir, ordú a rinneadh faoi fho-alt (1) a athrú nó a leasú.

(5) Beidh feidhm ag an alt seo cibé acu roimh an dáta feidhme nó air nó ina dhiaidh a ceapadh an glacadóir, agus maidir le tréimhsí roimh an dáta feidhme chomh maith le tréimhsí ina dhiaidh.

Eolas a bheidh le tabhairt nuair a cheapfar glacadóir.

319. —(1) Nuair a dhéanfar glacadóir ar an maoin iomlán nó bunáite na maoine iomláine de chuid cuideachta (dá ngairtear “an glacadóir” anseo ina dhiaidh seo san alt seo agus in alt 320) a cheapadh thar ceann aon bhintiúrach de chuid na cuideachta a bheidh urraithe le muirear foluaineach, ansin, faoi réir forálacha an ailt seo agus ailt 320—

(a) déanfaidh an glacadóir láithreach bonn fógra gur ceapadh é a chur chuig an gcuideachta; agus

(b) laistigh de 14 lá tar éis an fógra a fháil nó de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an chúirt nó an glacadóir, déanfar amach agus cuirfear faoi bhráid an ghlacadóra, de réir alt 320, ráiteas san fhoirm fhorordaithe maidir le cúrsaí na cuideachta; agus

(c) laistigh de 2 mhí tar éis dó an ráiteas sin a fháil, cuirfidh an glacadóir chuig cláraitheoir na gcuideachtaí, cuig an gcúirt, cuig an gcuideachta, chuig aon iontaobhaithe do na bintiúraigh ar ceapadh é thar a gceann, agus, sa mhéid gurb eol dó a seoladh, chuig gach bintiúrach, cóip den ráiteas agus d'aon nótaí is cuí leis a dhéanamh air.

(2) Cuirfidh an glacadóir chuig cláraitheoir na gcuideachtaí, laistigh de mhí tar éis deireadh tréimhse 6 mhí ó dháta a cheaptha agus gach tréimhse 6 mhí ina dhiaidh sin, agus laistigh de mhí tar éis dó scor de ghníomhú mar ghlacadóir ar mhaoin na cuideachta, achomaireacht san fhoirm fhorordaithe a thaispeánfaidh na sócmhainní de chuid na cuideachta ar ghlac sé seilbh orthu ó ceapadh é, a luach measta, na fáltais as díol aon sócmhainní den sórt sin ó ceapadh é, a fháltais agus a íocaíochtaí i gcaitheamh na tréimhse 6 mhí sin nó, má scoireann sé de ghníomhú mar a dúradh, i gcaitheamh na tréimhse ó dheireadh na tréimhse lenar bhain an achomaireacht deiridh roimhe sin anuas go dtí dáta a scortha amhlaidh, agus comhiomláin a fháltas agus a íocaíochtaí i gcaitheamh na dtréimhsí go léir roimhe sin ó ceapadh é.

(3) Nuair a cheapfar glacadóir faoi na cumhachtaí in aon ionstraim, beidh éifeacht ag an alt seo ach na tagairtí don chúirt atá i bhfo-alt (1) a fhágáil ar lár, agus in aon chás eile measfar tagairtí don chúirt a bheith ag tagairt don chúirt a cheap an glacadóir.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le ceapadh glacadóra chun gníomhú in éineacht le glacadóir atá ann cheana nó in ionad glacadóra a d'éag nó a scoir de ghníomhú, ach amháin, i gcás ina mbaineann an fo-alt sin le glacadóir a éagfaidh nó a scoirfidh de ghníomhú sula mbeidh an fo-alt sin comhlíonta go hiomlán, go bhfolóidh (faoi réir fho-alt (5)) na tagairtí atá i míreanna (b) agus (c) don ghlacadóir tagairtí dá chomharba agus d'aon ghlacadóir leanúnach.

Ní mheasfar aon ní san fho-alt seo a bheith ag cur teorann le brí na habairte “an glacadóir” nuair a úsáidtear í i bhfo-alt (2) nó maidir leis an bhfo-alt sin.

(5) Beidh feidhm ag an alt seo agus ag alt 320, i gcás an chuideachta a bheith á foirceannadh, d'ainneoin gurb é an duine céanna atá ina ghlacadóir agus ina leachtaitheoir, ach sin le haon mhodhnuithe is gá dá chionn sin.

(6) Ní mheasfar go ndéanann aon ní i bhfo-alt (2) dochar do dhualgas an ghlacadóra cuntais mar is cuí a thabhairt ar a fháltais agus a íocaíochtaí do na daoine, agus na tráthanna, a mbeadh sin de cheangal air ar leithligh ón bhfo-alt sin.

(7) Má mhainníonn an glacadóir ceanglais an ailt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

Ábhair ráitis a chur faoi bhráid an ghlacadóra.

320. —(1) Sa ráiteas maidir le cúrsaí cuideachta a cheanglaítear le halt 319 a chur faoi bhráid an ghlacadóra (nó a chomharba), taispeánfar, amhail mar a bhí ar dháta an ghlacadóra a cheapadh, sonraí ar shócmhainní, fiacha agus dliteanais na cuideachta, ainmneacha agus áiteanna cónaithe a creidiúnaithe, na hurrúis a bhí acu faoi seach, na dátaí a tugadh na hurrúis faoi seach agus cibé eolas breise nó eolas eile a fhorordófar.

(2) Cuirfear an ráiteas sin isteach, agus é fíoraithe le mionnscríbhinn, ó dhuine amháin nó níos mó de na daoine arb iad stiúrthóirí na cuideachta iad ar dháta an ghlacadóra a cheapadh, agus ón duine arb é rúnaí na cuideachta é ar an dáta sin, nó ó cibé daoine dá luaitear anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo a gceanglóidh an glacadóir (nó a chomharba) orthu an ráiteas a chur isteach agus a fhíorú, is é sin, daoine—

(a) atá nó a bhí ina n-oifigigh don chuideachta;

(b) a ghlac páirt i bhfoirmiú na cuideachta aon uair laistigh de bhliain roimh dháta an ghlacadóra a cheapadh;

(c) atá ar fostú ag an gcuideachta, nó a bhí ar fostú ag an gcuideachta laistigh den bhliain sin, agus atá, i dtuairim an ghlacadóra, inniúil ar an eolas is gá a thabhairt;

(d) atá, nó a bhí laistigh den bhliain sin, ina n-oifigigh do chuideachta, nó ar fostú ag cuideachta, atá, nó a bhí laistigh den bhliain sin, ina hoifigeach don chuideachta lena mbaineann an ráiteas.

(3) Aon duine a dhéanfaidh an ráiteas agus an mhionnscríbhinn, ceadófar dó, agus íocfaidh an glacadóir (nó a chomharba) leis as a fháltais, cibé costais agus caiteachais faoina ndeachthas, chun agus i dtaobh an ráiteas agus an mhionnscríbhinn a ullmhú agus a dhéanamh, a mheasfaidh an glacadóir (nó a chomharba) a bheith réasúnach, faoi réir achomhairc chun na cúirte.

(4) I gcás an glacadóir a cheapadh faoi na cumhachtaí in aon ionstraim, beidh éifeacht ag an alt seo ach tagairtí do mhionnscríbhinn a chur in ionad tagairtí do dhearbhú reachtúil; agus in aon chás eile measfar tagairtí don chúirt a bheith ag tagairt don chúirt a cheap an glacadóir.

(5) Má mhainníonn aon duine, gan chúis réasúnach, ceanglais an ailt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

(6) Folóidh tagairtí san alt seo do chomharba an ghlacadóra glacadóir leanúnach.

Cuntais ghlacadóirí a sheachadadh don chláraitheoir.

321. —(1) Ach amháin i gcás feidhm a bheith ag fo-alt (2) d'alt 319, seachadfaidh gach glacadóir ar mhaoin chuideachta do chláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú laistigh de mhí tar éis deireadh na tréimhse 6 mhí ó dháta a cheaptha agus gach tréimhse 6 mhí ina dhiaidh sin, agus laistigh de mhí tar éis dó scor de ghníomhú mar ghlacadóir, achomaireacht san fhoirm fhorordaithe a thaispeánfaidh na sócmhainní de chuid na cuideachta ar ghlac sé seilbh orthu ó ceapadh é, a luach measta, na fáltais as díol aon sócmhainní den sórt sin ó ceapadh é, a fháltais agus a íocaíochtaí i gcaitheamh na tréimhse 6 mhí sin nó, má scoireann sé de ghníomhú mar a dúradh, i gcaitheamh na tréimhse ó dheireadh na tréimhse lenar bhain an achomaireacht deiridh roimhe sin anuas go dtí dáta a scortha amhlaidh, agus comhiomláin a fháltas agus a íocaíochtaí i gcaitheamh na dtréimhsí go léir roimhe sin ó ceapadh é.

(2) Dlífear fineáil nach mó ná £100 a chur ar gach glacadóir a mhainneoidh an t-alt seo a chomhlíonadh.

Dualgais ghlacadóra chun tuairisceáin a thabhairt a chur i bhfeidhm ar an nglacadóir.

322. —(1) Aon ghlacadóir ar mhaoin chuideachta—

(a) a mhainneoidh aon tuairisceán, cuntas nó doiciméad eile a chomhdú, a sheachadadh nó a thabhairt, nó aon fhógra a thabhairt, a gceanglaítear de réir dlí ar ghlacadóir é a chomhdú, a sheachadadh nó a thabhairt, agus nach slánóidh an mhainneachtain laistigh de 14 lá tar éis fógra a sheirbheáil air á cheangal air é sin a dhéanamh; nó

(b) a ceapadh faoi na cumhachtaí in aon ionstraim, agus, arna cheangal air aon uair do leachtaitheoir na cuideachta cuntais mar is cuí a thabhairt ar a fháltais agus a íocaíochtaí agus iad a dheimhniú agus an méid is iníoctha go cuí leis an leachtaitheoir a íoc leis, a mhainneoidh na nithe sin a dhéanamh;

féadfaidh an chúirt, i gcás iarratais chuige sin, ordú a dhéanamh á ordú don ghlacadóir an mhainneachtain a shlánú laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san ordú.

(2) I gcás aon mhainneachtain den sórt a luaitear i mír (a) d'fho-alt (1), féadfaidh aon chomhalta nó creidiúnaí de chuid na cuideachta, nó cláraitheoir na gcuideachtaí, iarratas chun críocha an ailt seo a dhéanamh, agus i gcás aon mhainneachtain den sórt a luaitear i mír (b) den fho-alt sin, is é an leachtaitheoir a dhéanfaidh an t-iarratas, agus i gceachtar cás féadfaidh an t-ordú a fhoráil gur ar an nglacadóir a bheidh na costais go léir a bhainfidh agus a ghabhfaidh leis an iarratas.

(3) Ní mheasfar go ndéanann aon ní san alt seo dochar d'oibriú aon achtachán a fhorchuireann pionóis ar ghlacadóirí mar gheall ar aon mhainneachtain den sórt a luaitear i bhfo-alt (1).

Forléiriú tagairtí do ghlacadóir.

323. —Dearbhaítear leis seo, mura léir a mhalairt d'intinn—

(a) go bhfolaíonn aon tagairt san Acht seo do ghlacadóir ar mhaoin chuideachta tagairt do ghlacadóir agus bainisteoir ar mhaoin chuideachta, agus do bhainis teoir ar mhaoin chuideachta, agus go bhfolaíonn sí tagairt do ghlacadóir, nó do ghlacadóir agus bainisteoir, nó do bhainisteoir ar chuid den mhaoin sin, agus do ghlacadóir ar an ioncam sin amháin a éiríonn as an maoin sin nó as cuid di; agus

(b) go bhfolaíonn aon tagairt san Acht seo do cheapadh glacadóra faoi chumhachtaí in aon ionstraim tagairt do cheapachán a rinneadh faoi chumhachtaí arb intuigthe, de bhua aon achtacháin, iad a bheith in ionstraim agus ambeidh éifeacht acu amhail is dá mbeidís in ionstraim.