Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL FOIRM (AISTRIÚ STOIC))

34 1963


Uimhir 34 de 1963.


AN tACHT UM AISTRIÚ STOIC, 1963.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ MAIDIR LE hURRÚIS A AISTRIÚ. [24 Nollaig, 1963.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: —

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “urrúis chláraithe” urrúis a bhfuil a sealbhóirí taifeadta i gclár;

folaíonn “urrúis” scaireanna, stoic, bintiúir, stoc bintiúir, stoc iasachta agus bannaí;

ciallaíonn “idirbheart stocmhargaidh” díol agus ceannach urrús i gcás ina bhfuil gach páirtí ina chomhalta de stocmhargadh agus é ag gníomhú i ngnáthchúrsa a ghnó sa cháil sin nó ag gníomhú trí ghníomhaireacht chomhalta den sórt sin;

ciallaíonn “stocmhargadh” Stocmhargadh Chorcaí, Stocmhargadh Bhaile Átha Cliath agus aon stocmhargadh eile a ndearbhaíonn an tAire le rialacháin gur stocmhargadh aitheanta é chun críocha an Achta seo.

Aistriú simplithe ar urrúis.

2. —(1) Féadfar urrúis chláraithe lena mbaineann an t-alt seo a aistriú trí ionstraim faoi láimh san fhoirm atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo (dá ngairtear aistriú stoic san Acht seo), nach bhforghníomhóidh ach amháin an t-aistreoir agus a shonróidh (i dteannta sonraí ar an gcomaoin, ar thuairisc agus líon nó méid na n-urrús, agus ar an duine a rinne an t-aistriú) ainm iomlán agus seoladh an aistrí.

(2) Ní gá forghníomhú aistriú stoic a fhianú; agus i gcás ina mbeidh aistriú den sórt sin forghníomhaithe chun críche idirbhirt stocmhargaidh, féadfar na sonraí na comaoine agus an aistrí a chur isteach san aistriú sin nó, de réir mar is gá sa chás, a chur ar fáil trí ionstraimí ar leithligh san fhoirm atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo (dá ngairtear aistrithe bróicéara san Acht seo), ina gcéannófar an t-aistriú stoic agus ina sonrófar na hurrúis lena mbaineann gach ionstraim ar leith acu sin agus an chomaoin a íocadh ar na hurrúis sin.

(3) Ní dhéanfar aon ní san alt seo a fhorléiriú mar ní a dhéanann difear do bhailíocht san ionstraime a bheadh éifeachtúil chun urrúis a aistriú ar leithligh ón alt seo; agus aon ionstraim a airbheartóidh a bheith déanta in aon fhoirm arbh fhoirm choitianta nó foirm ghnách roimh dháta thosach feidhme an Achta seo, nó in aon fhoirm eile ar foirm údaraithe nó foirm riachtanach í chuige sin ar leithligh ón alt seo, cibé acu atá nó nach bhfuil sí comhlánaithe de réir na foirme, má chomhlíonann sí na ceanglais maidir le forghníomhú agus lánais a bhaineann le haistriú stoic.

(4) Baineann an t-alt seo le hurrúis chláraithe inaistrithe láníoctha de thuairisc ar bith, ach amháin urrúis chuideachta faoi theorainn ráthaíochta nó chuideachta neamhtheoranta.

Forálacha forlíontacha maidir le haistriú simplithe.

3. —(1) Beidh éifeacht ag alt 2 den Acht seo maidir le haistriú aon urrús lena mbaineann an t-alt sin d'ainneoin aon ní contrártha dó sin in aon achtachán (lena n-áirítear Acht na gCuideachtaí, 1963 ) nó ionstraim a bhaineann le haistriú na n-urrús sin; ach ní dhéanann aon ní san alt sin difear—

(a) d'aon cheart chun diúltú duine a chlárú mar shealbhóir ar aon urrúis ar fhoras ar bith seachas an fhoirm ina n-airbheartaítear na hurrúis sin a aistriú chuige; ná

(b) d'aon achtachán nó riail dlí a rialaíonn forghníomhú doiciméad ag cuideachtaí nó ag comhlachtaí corpraithe eile, ná d'aon airteagail chomhlachais nó ionstraim eile a rialaíonn forghníomhú doiciméad ag aon chuideachta nó comhlacht corpraithe sonrach.

(2) Faoi réir forálacha an ailt seo, aon achtachán nó ionstraim a bhaineann le haistriú urrús lena mbaineann alt 2 den Acht seo beidh feidhm aige, modhnaithe más gá sin, maidir le hionstraim aistrithe, a údaraítear leis an alt sin mar atá feidhm aige maidir le hionstraim aistrithe lena mbaineann sé ar leithligh ón bhfo-alt seo.

(3) Maidir le haistriú urrús trí aistriú stoic agus aistriú bróicéara—

(a) déanfar aon tagairt in aon achtachán nó ionstraim do sheachadadh nó do thaisceadh ionstraim (nó cuí-ionstraim) aistrithe a fhorléiriú mar thagairt do sheachadadh nó do thaisceadh an aistrithe stoic agus an aistrithe bhróicéara;

(b) déanfar aon tagairt den sórt sin don dáta a rinneadh ionstraim aistrithe a sheachadadh nó a thaisceadh a fhorléiriú mar thagairt don dáta a rinneadh an t-aistriú ba dhéanaí acu sin a seachadadh nó a taisceadh a sheachadadh nó a thaisceadh agus

(c) faoi réir míreanna (a) agus (b) den fho-alt seo, measfar gurb é an t-aistriú bróicéara (agus nach é an t-aistriú stoic) an tíolacas nó an t-aistriú chun críocha na n-achtachán a bhaineann le dleacht stampa.

Cosc le bán-aistrithe a chur timpeall.

1910, c. 8.

1891, c. 39.

4. —(1) I gcás ina ndéanfar aistriú i mbán maidir le hurrúis chláraithe a sheachadadh, de bhun díol na n-urrús sin, don cheannaitheoir nó d'aon duine ag gníomhú thar a cheann nó de réir ordú an cheannaitheora nó an duine sin, ansin aon duine a scarfaidh sa Stát le seilbh an aistrithe sin, nó a thógfaidh chun siúil é nó a chuirfidh faoi deara nó a cheadóidh é a thabhairt chun siúl as an Stát, sula mbeidh sé comhlánaithe go cuí, dlífear, i dteannta é a bheith faoi dhliteanas i leith an dleacht stampa is inmhuirir i leith an aistrithe sin, fíneáil céad punt a chur air, agus beidh an pionós inghnóthaithe amhail agus dá mba chuid den dleacht é.

(2) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “aistriú i mbán” aistriú nár cuireadh ainm an aistrí isteach ann agus measfar aistriú a bheith comhlánaithe go cuí más rud é, agus amháin más rud é, go mbeidh ainm an aistrí curtha isteach ann, arb éard é—

(a) ainm cheannaitheora na n-urrús faoin díol;

(b) ainm duine a mbeidh teideal aige chun muirir ar na hurrúis i leith airgid a tugadh ar iasach don cheannaitheoir sin;

(c) ainm ainmní a bheidh ag teachtadh mar iontaobhaí ainmniúil don cheannaitheoir sin nó do dhuine ar bith den sórt a luaitear i mír (b) den fho-alt seo; nó

(d) ainm duine ag gníomhú mar ghníomhaire an cheannaitheora sin chun críocha an díola.

(3) Beidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo maidir le haistriú arna sheachadadh ar mhodh nó de bhun diúscairt shaorálach inter vivos, is aistriú lena mbaineann alt 74 den Finance (1909-10) Act, 1910, ionann mar atá feidhm acu maidir le haistriú arna sheachadadh de bhun díola, agus ionann is dá gcuirtí in ionad aon tagartha don cheannaitheoir tagairt don duine (dá ngairtear an deontaí san alt seo) chun a ndéantar an diúscairt.

(4) Folóidh tagairtí san alt seo do cheannaitheoir nó do dheontaí aon urrús cláraithe tagairtí d'aon duine a ndéantar cearta an cheannaitheora nó an deontaí a tharchur chuige trí oibriú dlí; agus maidir le haistriú ar arb inmhuirir dleacht de réir fho-alt (4) nó fho-alt (5) d'alt 58 den Stamp Act, 1891, déanfar tagairtí san alt seo don cheannaitheoir agus do dhíol a fhorléiriú mar thagairtí don fhocheannaitheoir agus d'fhodhíol.

Forálacha breise maidir le foirmeacha aistrithe.

5. —(1) Folaíonn tagairtí san Acht seo do na foirmeacha atá leagtha amach sa Chéad agus sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo tagairtí d'fhoirmeacha is comhionann go substaintiúil leis na foirmeacha sin faoi seach.

(2) Féadfaidh an tAire le rialacháin na Sceidil sin a leasú trí na foirmeacha atá leagtha amach ansin a athrú nó trí fhoirmeacha éagsúla a chur in ionad na bhfoirmeacha sin nó trí fhoirmeacha eile a chur ann le húsáid mar mhalairt ar na foirmeacha sin; agus forléireofar dá réir sin tagairtí san Acht seo do na foirmeacha atá leagtha amach sna Sceidil sin (lena n-áirítear tagairtí san alt seo).

(3) Aon rialacháin faoi fho-alt (2) den alt seo a chuirfidh foirm éagsúil in ionad foirm atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo féadfaidh siad a ordú go mbeidh feidhm ag fo-alt (3) d'alt 2 den Acht seo i dteannta aon mhodhnuithe is gá, maidir leis an bhfoirm ar cuireadh an fhoirm sin ina hionad, amhail mar atá feidhm aige maidir le haon fhoirm arb fhoirm choitianta nó foirm ghnách í roimh dháta thosach feidhme an Achta seo.

Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtas.

6. —Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

7. —(1) Féadfar an tAcht um Aistriú Stoic, 1963 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.