35 1963


Uimhir 35 de 1963.


AN tACHT UM CHISTÍ AGRÓIRÍ, 1963.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN CUID DE CHISTÍ AGRÓIRÍ ATÁ DÍLSITHE DO CHUNTASÓIR NA gCÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS A DHIÚSCAIRT. [24 Nollaig, 1963.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an cuntas” cuntas airgid ginearálta na gcistí agróirí atá i leabhair Bhanc na hÉireann in ainm Chuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais;

ciallaíonn “na cistí agróirí” na cistí agróirí atá dílsithe do Chuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais.

Cuid de chistí agróirí a dhiúscairt.

1956, Uimh. 12 .

2. —(1) Déanfaidh Banc na hÉireann, ar ordú ón bPríomh-Bhreitheamh, cibé suimeanna, nach mó ná £50,000 san iomlán agus a theastóidh ón Aire ó am go ham, a íoc as an gcuntas leis an gCiste Caipitil.

(2) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (4) d'alt 4 den Acht Príomh-Chiste, 1956, féadfar an Ciste Caipitil, a mhéid gurb é na suimeanna é a íocfar leis de bhun an ailt seo, a chaitheamh chun an Teach Opera, Corcaigh, a atógáil.

Easnamh i gcistí agróirí.

3. — Má tharlaíonn aon tráth go mbeidh cistí agróirí laghdaithe go dtí suim nach leor chun freastal d'éilithe orthu, déanfaidh an tAire, chun lán-slánaíocht a sholáthar d'agróirí in aon chaillteanas a bhainfeadh dóibh mar gheall ar an Acht seo a rith, cibé suim, nach mó ná £50,000, is dóigh leis is gá a airleacan as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

Gearrtheideal.

4. —Féadfar an tAcht um Chistí Agróirí, 1963 , a ghairm den Acht seo.