|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 5 de 1964. | ||
[EN] |
AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL, 1964 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AN DLÍ MAIDIR LE PIONÓS BÁIS A CHUR AR DHAOINE AGUS MAIDIR LE MAILÍS I gCÁS DÚNMHARÚ. [25 Márta, 1964]. | ||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
[EN] |
Srian leis an bpionós báis. |
1. —(1) Ní dhlífear duine a chur chun báis mar gheall ar aon chion seachas— |
[EN] | (a) tréas faoin Acht Tréasa, 1939 ; | |
[EN] | (b) dúnmharú breithe báis, eadhon— | |
[EN] | (i) dúnmharú comhalta den Gharda Síochána ag gníomhú dó i gcúrsa a dhualgais, nó | |
[EN] | (ii) dúnmharú oifigigh phríosúin ag gníomhú dó i gcúrsa a dhualgais, nó | |
[EN] | (iii) dúnmharú arna dhéanamh, i gcúrsa, nó ag saothrú, ciona faoi alt 6, 7, 8 nó 9 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939 , nó i gcúrsa, nó ag saothrú, gníomhaíochtaí eagraíochta mídhleathaí de réir bhrí alt 18 (seachas mír (f)) den Acht sin, nó | |
[EN] | (iv) dúnmharú, arna dhéanamh laistigh den Stát chun tucaide polaitiúla ar cheannasaí Stáit choigríche nó ar chomhalta de rialtas Stáit choigríche nó ar oifigeach taidhleoireachta do Stát coigríche; | |
[EN] | (c) cion ag duine atá faoi réir an dlí mhíleata faoi alt 124, 125, 127 nó 128 den Acht Cosanta, 1954 . | |
[EN] | (2) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn “oifigeach taidhleoireachta” ambasadóir urghnách agus lánchumhachtach, taidhleoir urghnách agus aire lánchumhachtach, chargé d'affaires, comhairleoir nó rúnaí ambasáide nó leagáide, nó attaché; | |
[EN] | ciallaíonn “príosún” aon fhoras dár féidir rialacha a dhéanamh faoi Achtanna na bPríosún, 1826 go 1956, aon phríosún, campa imtheorannaithe nó ionad coinneála dár féidir rialacháin a dhéanamh faoi alt 7 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit (Leasú), 1940 , aon phríosún míleata nó beairic choinneála dár féidir rialacha a dhéanamh faoi alt 233 den Acht Cosanta, 1954 , agus aon champa imtheorannaithe dár féidir rialacháin a dhéanamh faoi alt 2 d'Acht na bPríosúnach Cogaidh agus na nEachtrannach Naimhdeach, 1956 ; | |
[EN] | folaíonn “oifigeach príosúin” aon chomhalta d'fhoireann príosúin nó d'Fhoras Naomh Pádraig agus aon duine ag a bhfuil coimeád, nó dualgais i leith coimeád, daoine atá á gcoinneáil in aon áit den sórt sin; | |
[EN] | ciallaíonn “Foras Naomh Pádraig” an foras a bhfuil tagairt dó faoin ainm sin san Acht um Dhlínse Choiriúil, 1960 . | |
[EN] |
Pionós in ionad báis. |
2. —Dlífear pianseirbhís lena shaol a chur ar dhuine a dhlífí a chur chun báis mura mbeadh an tAcht seo. |
[EN] |
Nós imeachta i gcásanna dúnmharú breithe báis. |
3. —(1) I gcás ina gcúiseofar duine i ndúnmharú a líomhnaítear gur dúnmharú breithe báis é, cúiseofar é i ndúnmharú breithe báis sa díotáil. |
[EN] | (2) I gcás duine a dhíotálfar i ndúnmharú breithe báis, féadfar, mura n-údaraíonn an fhianaise é a chiontú i ndúnmharú breithe báis ach go n-údaraíonn sí é a chiontú i ndúnmharú, a chinneadh nach bhfuil sé ciontach i ndúnmharú breithe báis ach go bhfuil sé ciontach i ndúnmharú agus, mura n-údaraíonn an fhianaise ciontú i ndúnmharú ach go n-údaraíonn sí ciontú i ndúnorgain, féadfar a chinneadh nach bhfuil sé ciontach i ndúnmharú breithe báis ach go bhfuil sé ciontach i ndúnorgain. | |
[EN] | (3) Déileálfar le dúnmharú breithe báis mar chion ar leithligh ó dhúnmharú chun críocha achomhairc in aghaidh ciontú. | |
[EN] | (4) Ar achomharc a dhéanamh in aghaidh ciontú i ndúnmharú breithe báis, féadfaidh an chúirt an fíorasc ciontach i ndúnmharú nó ciontach i ndúnorgain a chur in ionad an fhíoraisc ciontach i ndúnmharú breithe báis. | |
[EN] | (5) Faoi réir na bhfo-alt sin roimhe seo, ní dhéileálfar le dúnmharú breithe báis mar chion ar leithligh ó dhúnmharú chun aon chríche. | |
[EN] |
Mailís. |
4. —(1) I gcás ina marbhóidh duine duine éigin eile go neamhdhleathach, ní dúnmharú an marú mura raibh sé ar intinn ag an duine cúisithe duine éigin a mharú, nó mórdhíobháil a dhéanamh dó, cibé acu ba é an duine a maraíodh iarbhír é nó nárbh é. |
[EN] | (2) Toimhdeofar go raibh d'intinn ag an duine cúisithe na hiarmairtí nádúrtha dóchúla a theacht as a iompar; ach féadfar an toimhde sin a fhrisnéis. | |
[EN] |
Leasú ar an Offences Against the Person Act, 1861. 1861, c. 100. |
5. —Leasaítear leis seo ailt 1, 2 agus 3 den Offences Against the Person Act, 1861 (a bhaineann le ciontú agus le pianbhreith mar gheall ar dhúnmharú) trí “capital murder” a chur in ionad “murder.” |
[EN] |
Leasú ar an Piracy Act, 1837. 1837, c. 88. |
6. —Leasaítear leis seo an Piracy Act, 1837— |
[EN] | (a) trí “and being convicted thereof shall suffer death as a felon” a scriosadh as alt 2 (a bhaineann le píoráideacht le foréigean); | |
[EN] | (b) trí “with death or otherwise” a scriosadh as alt 4 (a bhaineann le pionósú cúlpháirtithe). | |
[EN] |
Leasú ar Acht na nGiúirithe, 1927 . |
7. —Leasaítear leis seo alt 63 d'Acht na nGiúirithe, 1927 (a bhaineann le giúróirí do scaradh lena chéile le linn trialacha) trí “i ndúnmharú breithe báis” a chur in ionad “i ndúnmharbha” i bhfo-ailt (1) agus (2). |
[EN] |
Leasú ar an Acht Tréasa, 1939 . |
8. —Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 1 den Acht Tréasa, 1939 (a bhaineann le foirm na trialach i dtréas) trí “dúnmharú breithe báis” a chur in ionad “murdar” sa chéad dá áit ina bhfuil an focal sin agus “ndúnmharú breithe báis” in ionad “murdar” sa tríú áit ina bhfuil an focal sin. |
[EN] |
Leasú ar an Acht Cosanta, 1954 . |
9. —Leasaítear leis seo alt 169 den Acht Cosanta, 1954 (a bhaineann le cionta sibhialta áirithe a thriail ag armchúirt) trí mhír (b) a scriosadh agus an mhír seo a leanas a chur ina hionad: |
[EN] | “(b) más i ndúnmharú breithe báis a chiontófar é, dlífear é a chur chun báis agus, más i ndúnmharú a chiontófar é, dlífear pianseirbhís lena shaol a chur air;”. | |
[EN] |
Leasú ar an Acht um Choinbhinsiúin na Ginéive, 1962 . |
10. —Leasaítear leis seo alt 3 den Acht um Choinbhinsiúin na Ginéive, 1962 (a bhaineann le sárú tromchúiseach ar na Coinbhinsiúin sceidealta a ghabhann leis an Acht sin) trí “cuirfear pianbhreith phianseirbhíse lena shaol nó go ceann aon téarma is giorra ná sin air” a chur i mír (i) d'fho-alt (1) in ionad “cuirfear pianbhreith bháis air nó pianbhreith phianseirbhíse lena shaol nó go ceann aon téarma is giorra ná sin;”. |
[EN] |
Gearrtheideal. |
11. —Féadfar an tAcht um Cheartas Coiriúil, 1964 , a ghairm den Acht seo. |