An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT NA bPAITINNÍ, 1964) Ar Aghaidh (CUID II. Iarratas, Imscrúdú, Freasúra, etc.)

12 1964

ACHT NA bPAITINNÍ, 1964

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar Acht na bPaitinní, 1964 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Leiriú.

1927, Uimh. 16 .

2. —San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1927” an tAcht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 ;

ciallaíonn “iarratasóir”, maidir le hiarratas, an duine a dhéan faidh an t-iarratas, agus folaíonn sé duine a mbeidh ordachán tugtha ina fhabhar faoi alt 22 den Acht seo, agus ionadaí pearsanta iarratasóra éagtha;

folaíonn “earra” aon substaint nó ábhair, agus aon ghléasra, inneallra nó gaireas, cibé acu atá sé daingnithe ar thalamh nó nach bhfuil;

folaíonn “sannaí” ionadaí pearsanta sannaí éagtha, agus folaíonn tagairtí do shannaí duine ar bith tagairtí do shannaí a ionadaí phearsanta nó a shannaí;

ciallaíonn “oibriú go trádálach” monarú an earra nó seoladh an phróisis a thuairiscítear agus a éilítear i sonraíocht le haghaidh paitinne i mbunachas nó in eagraíocht chinnte shubstaintiúil nó trí mheán an chéana, agus sin ar scála atá leordhóthanach agus réasúnach sna himthosca go léir;

ciallaíonn “an Ceannasaí” an Ceannasaí Paitinní, Dearthaí agus Trádmharcanna a cheapfar faoin Acht seo;

tá le “iarratas coinbhinsiúin” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (3) d'alt 6 den Acht seo;

tá le “tír choinbhinsiúin” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (1) d'alt 93 den Acht seo;

ciallaíonn “an Chúirt” an Ard-Chúirt;

ciallaíonn “dáta comhdaithe”, maidir le haon doiciméad a chomhdófar faoin Acht seo, an dáta a chomhdófar an doiciméad nó, má mheastar de bhua aon fhorála den Acht seo nó de rialacha faoin Acht seo gur ar aon dáta eile a comhdaíodh é, ciallaíonn sé an dáta a mheastar a comhdaíodh é;

ciallaíonn “ceadúnas eisiatach” ceadúnas ó phaitinní a thugann don cheadúnaí, nó don cheadúnaí agus do dhaoine a bheidh údaraithe aige, agus gach uile dhuine eile (lena n-áirítear an paitinní) a eisiamh, aon cheart maidir leis an aireagán, agus forléireofar “ceadúnaí eisiatach” dá réir sin;

ciallaíonn “aireagán” aon ealaín, próiseas, inneall, monarú nó comhshuíomh ábhair, atá nua agus úsáideach, nó aon fheabhsú, atá nua agus úsáideach, ar aon ealaín, próiseas, inneall, monarú nó comhshuíomh ábhair, agus folaíonn sé aireagán líomhnaithe agus freisin aon mhodh nó próiseas nua tástála is infheidhme chun monarú a fheabhsú nó a rialú;

ciallaíonn “an tIrisleabhar” an iris a eiseoidh an Ceannasaí de bhun alt 81 den Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

ciallaíonn “an Oifig” Oifig na bPaitinní a bunaíodh le hAcht 1927 agus a choimeádtar ar bun le halt 77 den Acht seo;

ciallaíonn “paitinn” litreacha paitinne le haghaidh aireagáin;

ciallaíonn “paitinn bhreisithe” paitinn a dheonófar de réir alt 28 den Acht seo;

ciallaíonn “paitinní” an duine nó na daoine a bheidh taifeadta de thuras na huaire ar chlár na bpaitinní mar dheontaí nó dílseánach na paitinne;

ciallaíonn an briathar “forordú”, maidir le himeachtaí os comhair na Cúirte, forordú le rialacha cúirte, agus, in aon chás eile, forordú le rialacha faoin Acht seo;

tá le “dáta tosaíochta” an bhrí a thugtar dó le halt 10 den Acht seo;

ciallaíonn an briathar “foilsiú” cur ar fál don phobal leis an bhfocal scríofa nó de bhriathar béil nó trí úsáid phoiblí, nó ar aon dóigh eile.

Orduithe agus rialacha.

3. —(1) I gcás ina dtugtar cumhacht le haon fhoráil den Acht seo chun orduithe nó rialacha a dhéanamh, féadfar na horduithe nó na rialacha sin a dhéanamh maidir le gach ceann nó maidir le haon cheann nó cinn de na nithe lena mbaineann an fhoráil; agus féadfar forálacha éagsúla a dhéanamh le haon orduithe nó rialacha den sórt sin maidir le cineálacha éagsúla cásanna lena mbaineann na horduithe nó na rialacha.

(2) Gach ordú nó riail a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an riail a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó na rialach, beidh an t-ordú nó an riail ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin riail sin.

(3) Gach ordú no riail a dhéanfar faoin Acht seo fógrófar é faoi dhó san Irisleabhar.

Caiteachais.

4. —Déanfar na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Forálacha idirlinne agus aisghairm.

5. —(1) Beidh éifeacht chun críocha an Achta seo ag na forálacha idirlinne atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Faoi réir na bhforálacha idirlinne sin, déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.