13 1964


Uimhir 13 de 1964.


ACHT NA mBANNAÍ TALÚN, 1964

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ACHT NA mBANNAÍ TALÚN, 1934.

[30 Meitheamh, 1964.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Gearrtheideal, orléiriú agus lua.

1. —(1) Féadfar Acht na mBannaí Talún, 1964 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus na hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus féadfar é a lua i dteannta na nAchtanna sin.

Leasú ar alt 6 d'Acht na mBannaí Talún, 1934.

1934, Uimh. 11 .

1953, Uimh. 18 .

2. —Déantar leis seo alt 6 d'Acht na mBannaí Talún, 1934, a chuireann teorainn le bunú agus eisiúint bannaí talún, a leasú trí “fiche is cúig mhilliún punt” a chur i bhfo-alt (1) in ionad “chúig mhilliún déag punt” (a cuireadh isteach ann le halt 7 den Acht Talún, 1953 ).