18 1964


Uimhir 18 de 1964.


AN tACHT ÁRACHAIS, 1964

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN CISTE DÁ nGAIRFEAR AN CISTE CÚITIMH ÁRACHAIS A BHUNÚ FAOI CHOMHAIR DLITEANAS ÁIRITHE DE CHUID ÁRACHÓIRÍ DÓCMHAINNEACHA, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN DEONTAS AGUS IASACHTAÍ A BHEITH LE TABHAIRT DON CHISTE AG AN AIRE AIRGEADAIS AGUS RANNÍOCAÍ A BHEITH LE TABHAIRT DON CHISTE AG ÁRACHÓIRÍ AGUS CHUN NA gCRÍOCHA SIN AGUS CRÍOCHA EILE DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA ÁRACHAIS, 1909 GO 1961. [7 Iúil, 1964.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Mínithe.

1961, Uimh. 39 .

1936, Uimh. 45 .

1. —San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “an Cuntasóir” an Cuntasóir atá ag gabháil leis an Ard-Chúirt de bhua Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961;

ciallaíonn “Acht 1936” an tAcht Árachais, 1936 ;

ciallaíonn “an Ciste” an Ciste Cúitimh Árachais a bhunaítear le halt 2 den Acht seo;

ciallaíonn “árachóir” cuideachta nó siondacáit árachais ag a bhfuil ceadúnas árachais chun gnó árachais seachas gnó árachais saoil nó gnó árachais tionscail a sheoladh;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

ciallaíonn “polasaí” aon doiciméad nó scríbhinn eile trína ndéantar conradh árachais (seachas conradh athárachais) maidir le gnó árachais (seachas gnó árachais saoil nó gnó árachais tionscail) nó trína gcomhaontaítear é a dhéanamh nó is fianaise ar aon chonradh den sórt sin.

An Ciste Cúitimh Árachais.

2. —(1) Beidh arna bhunú an lá a thiocfaidh mí tar éis dáta an Achta seo a rith ciste dá ngairfear an Ciste Cúitimh Árachais.

(2) Faoi réir forálacha an Achta seo agus aon rialachán faoi, déanfar an Ciste a chothabháil agus a riaradh faoi urláimh Uachtarán na hArd-Chúirte ag gníomhú dó tríd an gCuntasóir.

(3) (a) Féadfaidh an Cuntasóir airgead a fháil ar iasacht don Chiste agus, chun urrús a thabhairt maidir leis an iasacht sin, féadfaidh sé infheistíochtaí de chuid an Chiste a mhuirearú.

(b) Ní rachaidh an méid iomlán a bheidh ar iasacht tráth ar bith faoin bhfo-alt seo thar mhilliún punt.

(4) Féadfaidh an Cuntasóir airgead de chuid an Chiste a infheistiú in urrúis a n-údaraítear le dlí d'iontaobhaithe cistí iontaobhais a infheistiú iontu.

(5) Féadfaidh an Cuntasóir árachú in aghaidh fiontair a bhainfidh leis an gCiste.

(6) Íocfar iad seo a leanas isteach sa Chiste:

(a) an tsuim a íocfar faoi alt 4 den Acht seo agus aon suimeanna a íocfar faoi ailt 5 nó 6 den Acht seo,

(b) ús, díbhinní agus ioncam agus faibhrithe eile ar chaipiteal a thiocfaidh ó infheistíochtaí an Chiste,

(c) na fáltais as infheistíochtaí an Chiste a réadú,

(d) airgead a gheofar ar iasacht don Chiste,

(e) suimeanna a gheobhaidh an Cuntasóir faoi aon árachas a chuirfidh an Cuntasóir i gcrích maidir leis an gCiste,

(f) díbhinní a íocfar leis an gCuntasóir de bhua fho-alt (2) d'alt 3 den Acht seo i gcúrsa árachóir a fhoirceannadh ag an Árd-Chúirt,

(g) airgead eile is leis an gCiste nó a fhaibhreoidh don Chiste nó a gheobhaidh an Cuntasóir ina leith.

(7) Íocfar iad seo a leanas as an gCiste:

(a) caiteachais faoina rachfar ag bunú, ag cothabháil nó ag riaradh an Chiste,

(b) aisíocaíochtaí ar airgead a fuarthas ar iasacht don Chiste agus íocaíochtaí úis ar an airgead sin,

(c) suimeanna is iníoctha as an gCiste de bhun alt 3 den Acht seo,

(d) suimeanna eile is iníoctha go cuí as an gCiste.

(8) (a) Cuirfidh an Cuntasóir faoi deara go gcoimeádfar na cuntais is cuí agus is gnách ar airgead a íocfar isteach sa Chiste nó amach as agus, laistigh de nócha lá tar éis deireadh gach tréimhse cuntasaíochta nó cibé tréimhse a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe, cuirfidh sé faoi deara go dtabharfar don Aire achomaireacht ar chuntais an Chiste don tréimhse chuntasaíochta sin agus tuarascáil ar riaradh an Chiste i gcaitheamh na tréimhse cuntasaíochta sin.

(b) Chuirfidh an tAire faoi deara go bhfoilseofar gach achomaireacht agus tuarascáil a thabharfar dó faoin bhfo-alt seo.

Íocaíochtaí as an gCiste i leith dliteanas áirithe de chuid árachóirí dócmhainneacha.

3. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, féadfar cibé méideanna a íoc as an gCiste le leachtaitheoir árachóra dócmhainnigh a ndearnadh ar an lú lá d'Eanáir, 1963, nó a ndéanfar dá éis sin imeachtaí a thosú le haghaidh a fhoirceanta ag an Ard-Chúirt, is gá chun aon suim a íoc (seachas suim is iníoctha i leith aisíoc préimhe) a bheidh dlite do dhuine faoi pholasaí d'eisigh an t-árachóir sa Stát agus is polasaí i leith teagmhais a gceanglaítear le hAcht 1936 ar an árachóir árachas a chur i gcrích ina aghaidh, maraon leis na costais nó na caiteachais (más ann) faoina ndeachaigh an duine de riachtanas agus de réir réasúin agus é ag iarraidh íoc na suime a áirithiú, agus ar na méideanna a fháil don leachtaitheoir, íocfaidh sé le gach duine den sórt sin an tsuim a bheidh dlite dó mar a dúradh maraon leis na costais agus na caiteachais a dúradh faoina ndeachaigh sé (má chuaigh).

(2) I gcás méid a íoc as an gCiste le leachtaitheoir árachóra faoi fho-alt (1) den alt seo i leith suime a bheidh dlite faoi pholasaí a d'eisigh an t-árachóir agus i leith na gcostas agus na gcaiteachas a dúradh faoina ndeachthas (má chuathas) maidir leis an tsuim, glacfar leis an méid a íocadh sna himeachtaí le haghaidh foir-ceannadh an árachóra ag an Ard-Chúirt mar fhiach cruthaithe ar an árachóir ag a mbeidh an tosaíocht chéanna leis an tsuim a bheadh dlite faoin bpolasaí agus beidh an Cuntasóir, maidir leis an méid a íocadh as an gCiste, ina chreidiúnaí de chuid an árachóra.

(3) I gcás suim a bheith dlite do dhuine faoi pholasaí de bhíthin breithiúnais a fuarthas i gcoinne an duine nó i leith cúitimh is iníoctha mar íocaíocht sheachtainiúil ag an duine faoi na hAchta um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955, ansin, faoi réir forálacha an ailt seo, is é an méid is iníoctha as an gCiste faoi fho-alt (1) den alt seo i leith na suime sin cibé méid is réasúnach leis an mBreitheamh den Ard-Chúirt a bheidh i seilbh na n-imeachtaí le haghaidh foirceannadh an árachóra a d'eisigh an polasaí.

(4) Más rud é, i gcás suim a bheidh dlite faoi pholasaí, go ndéanfaidh Búró Mótar-Árachóirí na hÉireann íocaíocht is ionann agus iomlán na suime, ní dhéanfar aon íocaíocht as an gCiste faoin alt seo i leith na suime, agus más rud é, i gcás suim den sórt sin, go ndéanfaidh an Búró sin íocaíocht is ionann agus cuid den tsuim, ní rachaidh íocaíocht as an gCiste i leith na suime thar mhéid na suime lúide méid na híocaíochta ón mBúró sin.

(5) Má bhíonn suimeanna de bhreis ar mhilliún punt dlite faoi pholasaithe a d'eisigh árachóir amháin, ní íocfar thar milliún punt as an gCiste i leith na suimeanna sin agus tabharfar na híocaíochtaí ar dhóigh go ndéanfar i gcás gach suim ar leith a bheidh dlite faoi na polasaithe an chionúireacht chéanna di a íoc as an gCiste.

Deontas don Chiste ón Aire Airgeadais.

4. —Tabharfaidh an tAire Airgeadais don Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas deontas tríocha míle punt agus úsáidfear an tsuim sin chun íocaíochtaí a dhéanamh faoi alt 3 den Acht seo le leachtaitheoir an Equitable Insurance Company, Limited.

Airleacain don Chiste ón Aire Airgeadais.

5. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, cibé suimeanna is cuí leis a airleacan ó am go ham don Chiste chun go bhféadfar íocaíochtaí as an gCiste faoi alt 3 den Acht seo a dhéanamh go luathlámhach.

(2) Déanfar airleacain faoi fho-alt (1) den alt seo ar cibé téarmaí maidir le haisíoc, ús agus nithe eile a chinnfidh an tAire Airgeadais tar éis dul i gcomhairle leis an Aire.

(3) Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste na suimeanna go léir a íocfar as an gCiste chun airleacan faoin alt seo a aisíoc nó de bhun aon téarma nó coinníll a ndearnadh airleacan faoina réir faoin alt seo.

(4) Is as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a airleacfar an t-airgead uile a bheidh ag teastáil ó am go ham ón Aire Airgeadais faoi chomhair suimeanna a thiocfadh chun bheith iníoctha aige faoin alt seo.

(5) Chun soláthar a dhéanamh le haghaidh suimeanna a airleacan as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, féadfaidh an tAire Airgeadais aon suimeanna is gá chun na críche sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis, agus féadfaidh sé, chun críocha na hiasachta sin, urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi réir cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh.

(6) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc príomhshuime agus úis aon urrús a eiseofar faoin alt seo agus an chaiteachais faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.

Ranníocaí leis an gCiste ó árachóirí.

6. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, déanfaidh árachóir (seachas árachóir dócmhainneach atá á fhoirceannadh ag an Ard-Chúirt), an lú lá de Dheireadh Fómhair, nó roimhe sin, in aon bhliain ina gcinnfear céatadán faoi fho-alt (2) den alt seo, an ranníoc iomchuí a íoc leis an Aire, agus cuirfidh an tAire ar aghaidh chun an Chiste é.

(2) (a) Sa bhliain 1964 agus i ngach bliain ina dhiaidh sin a mbeidh an Ciste, dar leis an Aire, sa dóigh gur chóir tacaíocht airgeadais a shólathar dó, cinnfidh sé an céatadán is dóigh leis ba chóir a íoc leis an gCiste d'ioncam comhiomlán bliantúil árachóirí ó phréimheanna is iníoctha nó a íocadh i leith polasaithe a eisíodh sa Stát.

(b) Is é a bheidh sa ranníoc (dá ngairtear an ranníoc iomchuí san alt seo) is iníoctha ag árachóir faoi fho-alt (1) den alt seo in aon bhliain ina gcinnfear céatadán faoi mhír (a) den fho-alt seo suim is comhionann leis an gcéatadán sin d'ioncam an árachóra ó phréimheanna is iníoctha nó a íocadh sa bhliain airgeadais ag an árachóir is déanaí a chríochnaigh roimh an lú lá d'Iúil sa bhliain sin maidir le polasaithe a eisíodh sa Stát.

(3) Déanfaidh Coiste Lloyd ranníoc iomchuí is iníoctha ag siondacáit a íoc leis an Aire.

(4) I gcás nach ndearnadh ranníoc iomchuí a íoc de réir forálacha an ailt seo, féadfaidh an tAire é a ghnóthú—

(a) i gcás an ranníoc a bheith iníoctha ag siondacáit, ó Choiste Lloyd, agus

(b) in aon chás eile, ón árachóir ag a bhfuil sé iníoctha,

mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla agus, arna ghnóthú ag an tAire, cuirfear ar aghaidh chun an Chiste é, agus féadfaidh an tAire, más cuí leis é, ar fhógra nach giorra ná lá agus fiche a thabhairt don árachóir ag a bhfuil an ranníoc iníoctha, ceadúnas árachais an árachóra a chúlghairm.

(5) San alt seo ní fholaíonn “préimh” aon airgead ná luach airgid is iníoctha nó a íocadh i leith gnó árachais saoil nó gnó árachais tionscail nó i leith teagmhais nach gceanglaítear le hAcht 1936 ar an árachóir árachas a chur i gcrích ina aghaidh.

Srian le ceadúnais árachais a dheonú.

1963, Uimh. 33 .

7. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo agus d'ainneoin aon ní in Acht 1936, ní dheonóidh an tAire aon cheadúnais árachais faoi Chuid II den Acht sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le ceadúnas árachais a dheonú do chuideachta a foirmíodh agus a cláraíodh faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , agus a chomhlíonann na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (6) nó i mír (b) d'fho-alt (11) d'alt 12 d'Acht 1936.

Leasú ar alt 22 d'Acht 1936.

8. —(1) Leasaítear leis seo alt 22 d'Acht 1936 trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad míreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (1):

“(a) suim chéad míle punt i leith ceann amháin nó an dá cheann de na gnóthaí árachais seo a leanas, is é sin le rá, gnó árachais saoil agus gnó árachais tionscail, agus

(b) suim chéad míle punt i leith aon ghnó nó gnóthaí árachais seachas gnó árachais saoil, gnó árachais tionscail agus gnó árachais ghloine.”

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh sé mhí tar éis dáta an Achta seo a rith.

Leasú ar alt 23 d'Acht 1936.

1961, Uimh. 39 .

9. —(1) Leasaítear leis seo alt 23 d'Acht 1936 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):

“(1) Aon uair a bheidh agus fad a bheidh aon ghnó árachais seachas gnó árachais saoil, gnó árachais tionscail, gnó infheistíochta bannaí agus gnó árachais ghloine á sheoladh sa Stát ag siondacáit amháin nó ag dhá shiondacáit nó níos mó, déanfaidh Coiste Lloyd, de bhua Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 , suim chéad míle punt a thaisceadh agus a choimeád ar taisceadh leis an gCuntasóir atá ag gabháil leis an Ard-Chúirt.”

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh sé mhí tar éis dáta an Achta seo a rith.

Foráil maidir le héarlaisí atá faoi láthair ag árachóirí san Ard-Chúirt.

10. —(1) Aon uair, díreach roimh thosach feidhme ailt 8 agus 9 den Acht seo, a bheidh éarlais á coimeád ar taisceadh de bhun Acht 1936 leis an gCuntasóir ag cuideachta árachais nó ag Coiste Lloyd i leith cineál áirithe gnó árachais agus gur gá don chuideachta nó don Choiste de réir an ailt sin 8 nó 9, cibé acu é, suim airgid a thaisceadh agus a choimeád ar taisceadh leis an gCuntasóir i leith an chineál áirithe céanna gnó árachais, déanfaidh an Cuntasóir an éarlais sin a bhí á coimeád ar taisceadh amhlaidh díreach roimh thosach feidhme na n-alt sin 8 agus 9 agus na hinfheistíochtaí a ionadóidh an céanna a choinneáil agus measfar gur cuid iad d'éarlais a thaisc an chuideachta nó an Coiste, cibé acu é, de bhun an ailt sin 8 nó 9, cibé acu é, i leith an chineál áirithe gnó árachais a dúradh.

(2) Díreach ar thosach feidhme na n-alt sin 8 agus 9, déanfaidh an Cuntasóir i gcás gach éarlaise a bheidh á coinneáil aige de bhun fho-alt (1) den alt seo, an luach margaidh a bheidh le linn an tosach feidhme sin ar na hinfheistíochtaí a ionadóidh an éarlais an tráth sin a ríomh agus a chinntiú, agus tabharfaidh sé láithreach don chuideachta nó don Choiste, cibé acu é, ag a raibh an éarlais á coimeád, fógra i scríbhinn ina luafar méid luacha margaidh a cinntíodh mar a dúradh, agus an méid atá an luach margaidh faoi bhun lánmhéid cuí na héarlaise, agus má dhéanann an chuideachta nó an Coiste, cibé acu é, tráth nach déanaí ná mí ar a mhéid tar éis an fógra sin a fháil, suim a thaisceadh leis an gCuntasóir is ionann agus an difríocht idir luach margaidh agus lánmhéid cuí na héarlaise, déanfar an tsuim a thaiscfear amhlaidh a chur leis an éarlais a ionadóidh na hinfheistíochtaí sin agus a áireamh mar chuid di agus measfar an lánmhéid cuí a bheith san éarlais amhail ar thosach feidhme na n-alt sin 8 agus 9 agus uaidh sin amach.

Leasú ar alt 27 d'Acht 1936.

11. —(1) Leasaítear leis seo alt 27 d'Acht 1936—

(a) trí “céad míle punt” a chur in ionad “fiche míle púnt” agus “gnó árachais fheithicle inneallghluaiste” a scriosadh i bhfo-alt (1),

(b) trí fho-alt (2) a scriosadh, agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4), eadhon:

“(4) I bhfo-alt (3) den alt seo ciallaíonn ‘gnó árachais oiriúnach’ aon ghnó árachais seachas gnó árachais saoil, gnó árachais tionscail, gnó infheistíochta bannaí, agus gnó árachais ghloine.”

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh sé mhí tar éis dáta an Achta seo a rith.

Ceannach agus díol scaireanna i gCuideachta Árachais Saoil na hÉireann, Teoranta, ag an Aire Airgeadais.

12. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon scaireanna de chuid Chuideachta Árachais Saoil na hÉireann, Teoranta, a fháil trí suibscríobh ina leith nó trína gceannach agus féadfaidh sé iad a dhíol.

(2) Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste na suimeanna go léir á íocfar leis an Aire Airgeadais i gcomaoin é do dhíol aon scaireanna de chuid Chuideachta Árachais Saoil na hÉireann, Teoranta, nó i leith díbhinní nó airgid eile is iníoctha maidir leis na scaireanna sin.

(3) Déanfar na suimeanna go léir a bheidh ag teastáil ó am go ham ón Aire Airgeadais chun scaireanna a fháil i gCuideachta Árachais Saoil na hÉireann Teoranta, a airleacan as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

(4) Chun soláthar a dhéanamh le haghaidh suimeanna a airleacan as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, féadfaidh an tAire Airgeadais cibé suimeanna is gá chun na críche sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis, agus féadfaidh sé, chun críche na hiasachta sin, urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi réir cibé ráta úis agus cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte nó eile is cuí leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh.

(5) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc príomhshuime agus úis aon urrús a eiseofar faoin alt seo agus muirear agus íoc an chaiteachais faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.

Forléiriú airteagail comhlachais Chuideachta Árachais Saoil na hÉireann, Teoranta.

1938, Uimh. 31 .

1934, Uimh. 36 .

13. —Chun críocha fho-mhír (x) de mhír 8 den chomhaontú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht Arachais (Leasú), 1938 , measfar—

(a) gurb é an tAire Airgeadais agus gurbh é riamh úinéir tairbhiúil aon scaireanna a bheidh ar seilbh aige i gCuideachta Árachais Saoil na hÉireann, Teoranta, agus

(b) go bhfuil an tAire Airgeadais agus go raibh sé riamh ina shaoránach d'Éirinn agus ina chomhlacht corpraithe sealbhach cáilithe de réir bhrí mhír (f) d'fho-alt (1) d'alt 9 den Acht chun Déantúisí a Rialú, 1934.

agus forléireofar airteagail chomhlachais Chuideachta Árachais Saoil na hÉireann, Teoranta, agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

Rialacháin.

14. —(1) Féadfaidh an tAire cibé rialacháin a dhéanamh a mheasfaidh sé is gá nó is iomchuí chun éifeacht iomlán a thabhairt d'fhorálacha an Achta seo.

(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Caiteachais.

15. —Déanfar, sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é, na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

16. —(1) Féadfar an tAcht Árachais, 1964 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar na hAchtanna Árachais, 1909 go 1961, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Árachais, 1909 go 1964, a ghairm díobh le chéile.