22 1964


Uimhir 22 de 1964.


ACHT AN ARD-REACHTAIRE CUNTAS AGUS CISTE (LEASÚ), 1964

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ, LE hÉIFEACHT CHÚLGHABHÁLACH, LE hAGHAIDH LUACH SAOTHAIR AN ARD-REACHTAIRE CUNTAS AGUS CISTE. [14 Iúil, 1964.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Luach saothair an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

1. —Íocfar leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste an luach saothair céanna is iníoctha de thuras na huaire le Rúnaí Roinne Stáit a n-íoctar luach saothair leis faoi threoir na rátaí pá do ghráid seirbhíse ginearálta, agus is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc an luach saothair.

Aisghairm.

1923, Uimh. 1 .

1947, Uimh. 19 .

1953, Uimh. 24 .

1959, Uimh, 41.

2. —Aisghairtear leis seo fo-alt (1) d'alt 2 d'Acht an Ard-Scrúdóra, 1923, alt 2 d'Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1947 , alt 1 d'Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1953 , agus alt 1 d'Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1959 .

Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua.

3. —(1) Féadfar Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1964 , a ghairm den Acht seo.

(2) Measfar an tAcht seo a theacht i ngníomh an lú lá de Shamhain, 1961, agus beidh éifeacht aige amhail ar an lá sin agus uaidh.

(3) Féadfar Achtanna an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, 1923 go 1964, a ghairm d'Achtanna an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, 1923 go 1959, agus den Acht seo le chéile.