|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 23 de 1964. | ||
[EN] |
AN tACHT IASCAIGH (LEASÚ), 1964 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ ALT 55 DEN ACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959 , AGUS D'AISGHAIRM ALT 63 DEN ACHT SIN. [14 Iúil, 1964.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
1. —(1) Féadfar an tAcht Iascaigh (Leasú), 1964 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1964, a ghairm de na hAchtanna Iascaigh, 1959 agus 1962, agus den Acht seo le chéile. | |
[EN] |
Leasú ar alt 55 den Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 . |
2. —Déantar leis seo alt 55 den Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 , a leasú trí— |
[EN] | (a) “lena mbaineann an t-alt seo” a scriosadh i bhfo-ailt (1) agus (3), | |
[EN] | (b) trí “a thosóidh roimh an lú lá d'Aibreán, 1965”, a scriosadh i bhfo-ailt (6) agus (7), agus | |
[EN] | (c) trí fho-alt (8) a scriosadh. | |
[EN] |
Alt 63 den Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 , a aisghairm. |
3. —Aisghairtear leis seo alt 63 den Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 . |