Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL.)

27 1964


Uimhir 27 de 1964.


AN tACHT ARM-PHINSEAN (MÉADÚ), 1964

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT CHUN PINSIN AGUS LIÚNTAIS ÁIRITHE IS INÍOCTHA FAOI NA hACHTANNA ARM-PHINSEAN, 1923 GO 1962, A MHÉADÚ GO CÚLGHABHÁLACH, AGUS CHUN AISCÍ ÁIRITHE IS INÍOCTHA FAOI NA hACHTANNA SIN A MHÉADÚ. [15 Iúil, 1964.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1923, Uimh. 26 .

1927, Uimh. 12 .

1932, Uimh. 24 .

1937, Uimh. 15 .

1941, Uimh. 2 .

1943, Uimh. 14 .

1946, Uimh. 3 .

1949, Uimh. 19 .

1953, Uimh. 23 .

1957, Uimh. 19 .

1959, Uimh. 15 .

1960, Uimh. 2 .

1960, Uimh. 39 .

1961, Uimh. 6 .

1962, Uimh. 22 .

1962, Uimh. 34 .

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1923” an tAcht Arm-Phinsean, 1923 ;

ciallaíonn “Acht 1927” an tAcht Arm-Phinsean, 1927 ;

ciallaíonn “Acht 1932” an tAcht Arm-Phinsean, 1932 ;

ciallaíonn “Acht 1937” an tAcht Arm-Phinsean, 1937 ;

ciallaíonn “Acht 1941” an tAcht Arm-Phinsean, 1941 ;

ciallaíonn “Acht 1943” an tAcht Arm-Phinsean, 1943 ;

ciallaíonn “Acht 1946” an tAcht Arm-Phinsean, 1946 ;

ciallaíonn “Acht 1949” an tAcht Arm-Phinsean, 1949 ;

ciallaíonn “Acht 1953” an tAcht Arm-Phinsean, 1953 ;

ciallaíonn “Acht 1957” an tAcht Arm-Phinsean, 1957 ;

ciallaíonn “Acht 1959” an tAcht Arm-Phinsean, 1959 ;

ciallaíonn “Acht 1960” an tAcht Arm-Phinsean, 1960 ;

ciallaíonn “Acht Uimh. 2 de 1960 ” an tAcht Arm-Phinsean (Uimh. 2), 1960 ;

ciallaíonn “Acht Mhéadú 1961” an tAcht Arm-Phinsean (Méadú), 1961 ;

ciallaíonn “Acht 1962” an tAcht Arm-Phinsean, 1962 ;

ciallaíonn “Acht Mhéadú 1962” an tAcht Arm-Phinsean (Méadú), 1962 .

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1962;

ciallaíonn “an tréimhse Aibreán, 1922-Meán Fómhair, 1924” an tréimhse dar thosach an 1ú lá d'Aibreán, 1922, agus dar chríoch an 30ú lá de Mhéan Fómhair, 1924.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna mar aon ní amháin.

(3) Na tagairtí atá san Acht seo d'aon achtachán, forléireofar iad mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

Méadú ar phinsin chréachta agus ar aiscí faoi alt 1 d'Acht 1923.

2. —(1) Aon phinsean créachta a deonaíodh faoi alt 1 d'Acht 1923 d'oifigeach a urscaoileadh as na fórsaí roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, agus is iníoctha faoi na hAchtanna de réir an ráta a luaitear i gcolún (3) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (4) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

(2) Aon phinsean créachta a deonaíodh faoi alt 1 d'Acht 1923 d'oifigeach a urscaoileadh as na fórsaí an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó dá éis, agus roimh an 16ú lá de Nollaig, 1959, is é méid a bheidh ann an méid ab iníoctha leis an oifigeach sin i leith an phinsin chréachta sin faoi na hAchtanna—

(a) dá mba ar an 16ú lá de Nollaig, 1959, a urscaoileadh as na fórsaí é,

(b) dá mb'ionann a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta sin agus ar dháta a urscaoilte iarbhír agus,

(c) gurbh é an scála pinsin a bhain leis an scála iomchuí atá sna Táblaí a ghabhann le fo-alt (2) d'alt 4 d'Acht 1957.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo i gcás oifigeach a urscaoileadh as na fórsaí an 18ú lá de Nollaig, 1954.

(4) Aon phinsean créachta a deonaíodh faoi alt 1 d'Acht 1923 do shaighdiúir agus is iníoctha de réir an ráta a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht Mhéadú 1962 ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag an uimhir thagartha chomhréire a bheidh sé iníoctha.

(5) Déantar leis seo alt 1 d'Acht 1923, arna leasú le halt 4 d'Acht 1957, a leasú tuilleadh trí “£251” a chur in ionad “£175” agus “£150 10s. 0d.” in ionad “£105” i bhfo-alt (3), agus beidh éifeacht dá réir sin ag alt 3 d'Acht 1923 (sa mhéid go mbaineann sé le haisce a dheonú).

Méadú ar phinsin chréachta faoi alt 3 d'Acht 1923.

3. —(1) Aon phinsean créachta a deonaíodh faoi alt 3 d'Acht 1923 do dhuine ar measadh céim oifigigh sna fórsaí a bheith aige agus is iníoctha faoi na hAchtanna de réir an ráta a luaitear i gcolún (3) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (4) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

(2) Aon phinsean créachta a deonaíodh faoi alt 3 d'Acht 1923 do dhuine ar measadh céim saighdiúra sna fórsaí a bheith aige agus is iníoctha de réir an ráta a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht Mhéadú 1962 ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag an uimhir thagartha chomhréire a bheidh sé iníoctha.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1923.

4. —Déantar leis seo an Dara Sceideal (a shonraíonn liúntais do chleithiúnaithe oifigeach éagtha áirithe) a ghabhann le hAcht 1923 a leasú mar a leanas—

(a) i mír 1, cuirfear “£217” in ionad “£206 10s.” (a cuireadh isteach le halt 5 d'Acht Mhéadú 1962), agus cuirfear “£270” in ionad “£188” (a cuireadh isteach le halt 6 d'Acht 1957),

(b) i mír 2 agus i mír 3, cuirfear “£60” agus “£98 10s.” in ionad “£57” agus “£94” (a cuireadh isteach le halt 5 d'Acht Mhéadú 1962), faoi seach, agus

(c) i mír 5, cuirfear “£2 9s. 3d.” in ionad “£2 7s.” (a cuireadh isteach le halt 5 d'Acht Mhéadú 1962).

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1923.

5. —Déantar leis seo an Tríú Sceideal (a shonraíonn liúntais do chleithiúnaithe saighdiúirí éagtha áirithe) a ghabhann le hAcht 1923 a leasú mar a leanas—

(a) i mír 1, cuirfear “£2 3s. 6d.” in ionad “£2 1s. 6d.” (a cuireadh isteach le halt 6 d'Acht Mhéadú 1962), agus cuirfear “£112 10s.” in ionad “£78 10s.” (a cuireadh isteach le halt 7 d'Acht 1957)

(b) i mír 2, cuirfear “12s. 6d.” “8s. 6d.” agus “£1 1s. 6d.” in ionad “12s. 0d.”, “8s. 0d.” agus “£1 0s. 6d.” (a cuireadh isteach le halt 6 d'Acht Mhéadú 1962), faoi seach, agus

(c) i mír 4, cuirfear “£1 17s. 3d.” in ionad “£1 15s. 6d.” (a cuireadh isteach le halt 6 d'Acht Mhéadú 1962).

Méadú ar phinsin mhíthreora faoi alt 9 d'Acht 1927.

6. —(1) Aon phinsean míthreora a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1927 d'oifigeach agus is iníoctha faoi na hAchtanna de réir an ráta a luaitear i gcolún (3) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (4) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

(2) Aon phinsean míthreora a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1927 do shaighdiúir agus is iníoctha de réir an ráta a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht Mhéadú 1962 ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag an uimhir thagartha chomhréire a bheidh sé iníoctha.

Méadú ar phinsin mhíthreora faoi alt 10 d'Acht 1927.

7. —(1) Déanfar méid pinsin mhíthreora a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 d'oifigeach a urscaoileadh as na fórsaí roimh an 16ú lá de Nollaig, 1959, a chinneadh de réir na bhforálacha atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Aon phinsean míthreora a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 do shaighdiúir ar a raibh, ar dháta a urscaoilte as na fórsaí, míchumas de dheasca galair ab inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse Aibreán, 1922-Meán Fómhair, 1924, agus is iníoctha de réir an ráta a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht Mhéadú 1962 ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag an uimhir thagartha chomhréire a bheidh sé iníoctha.

(3) Aon phinsean míthreora a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 do shaighdiúir ar a raibh, ar dháta a urscaoilte as na fórsaí, míchumas de dheasca galair ab inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith tréimhse na héigeandála agus is iníoctha de réir an ráta a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht Mhéadú 1962 ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag an uimhir thagartha chomhréire a bheidh sé iníoctha.

(4) Déantar leis seo an Chéad Sceideal (a shonraíonn scálaí agus rátaí na bpinsean míthreora is iníoctha faoi alt 10 d'Acht 1927 le hoifigigh agus le saighdiúirí agus le comhaltaí de Sheirbhís Altranais an Airm ar a bhfuil galar is inchurtha i leith seirbhíse le Fórsa ó na Náisiúin Aontaithe) a ghabhann le hAcht Uimh. 2 de 1960 , arna leasú le halt 8 d'Acht Mhéadú 1962, a leasú tuilleadh:

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad Chuid II—

“CUID II.

Saighdiúirí.

An Grád Míchumais

Rátaí Pinsin Mhíthreora sa tseachtain

£

s.

d.

100 faoin gcéad

..

4

17

6

90    ,,    ,,

..

4

11

0

80    ,,    ,,

..

4

1

6

.”

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad Chuid IV—

“CUID IV.

Comhaltaí de Sheirbhís Altranais an Airm.

An Grád Míchumais

Scála an Phinsin sa bhliain

£

s.

d.          

100    faoin   gcéad

255

0

0

90        ,,            ,,

..

239

0

0

80        ,,            ,,

..

213

0

0

.”

Méadú ar phinsin chréachta agus ar aiscí faoi alt 11 d'Acht 1927.

8. —(1) Aon phinsean créachta a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 11 d'Acht 1927 d'oifigeach agus is iníoctha faoi na hAchtanna de réir an ráta a luaitear i gcolún (3) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (4) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

(2) Aon phinsean créachta a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 11 d'Acht 1927 do shaighdiúir agus is iníoctha de réir an ráta a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht Mhéadú 1962 ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag an uimhir thagartha chomhréire a bheidh sé iníoctha.

(3) Déantar leis seo fo-alt (4) d'alt 11 d'Acht 1927, arna leasú le halt 10 d'Acht 1957, a leasú tuilleadh trí “£251” a chur in ionad “£175” agus “£150 10s.” a chur in ionad “£105”.

Méadú ar phinsin chréachta áirithe agus ar aiscí áirithe faoi alt 12 d'Acht 1927.

9. —(1) Déanfar méid pinsin chréachta a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1927 d'oifigeach a urscaoileadh as na fórsaí roimh an 16ú lá de Nollaig, 1959, a chinneadh de réir na bhforálacha atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Aon phinsean créachta a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1927 do shaighdiúir a urscaoileadh as na fórsaí roimh an 30ú lá d'Iúil, 1949, agus ar a raibh, ar dháta a urscaoilte, míchumas de dheasca créachta ab inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí seachas i rith tréimhse na héigeandála agus is iníoctha de réir an ráta a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht Mhéadú 1962 ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag an uimhir thagartha chomhréire a bheidh sé iníoctha.

(3) Aon phinsean créachta a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1927 do shaighdiúir a urscaoileadh as na fórsaí roimh an 30ú lá d'Iúil, 1949, agus ar a raibh, ar dháta a urscaoilte, míchumas de dheasca créachta ab inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith tréimhse na héigeandála agus is iníoctha de réir an ráta a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht Mhéadú 1962 ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag an uimhir thagartha chomhréire a bheidh sé iníoctha.

(4) Déantar leis seo fo-alt (4) d'alt 12 d'Acht 1927, arna leasú le halt 11 d'Acht 1957, a leasú tuilleadh—

(a) trí “dhá chéad is aon phunt” a chur in ionad “céad agus dá fhichead punt” agus “dhá phunt déag agus deich scilling” in ionad “ocht bpuint agus cúig scillinge déag” i mír (a),

(b) trí “céad punt agus deich scilling” a chur in ionad “seachtó punt” agus “sé phunt agus cúig scilling” in ionad “ceithre phunt seacht scilling agus sé phingin” i mír (b).

(5) Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1949 (a shonraíonn méid pinsin chréachta is iníoctha faoi alt 12 d'Acht 1927 le daoine a urscaoileadh as na fórsaí an 30ú lá d'Iúil, 1949, nó dá éis) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad Chuid II (a cuireadh isteach le fo-alt (4) d'alt 10 d'Acht Mhéadú 1962):

“CUID II.

Pinsin Chréachta—Saighdiúirí.

An Grád Míchumais

Ráta an Phinsin sa tseachtain

£

 s.

d.

100 faoin gcéad

4

17

6

90    ,,      ,,

4

11

0

80    ,,      ,,

4

1

6

70    ,,      ,,

3

11

6

60    ,,      ,,

3

2

6

50    ,,      ,,

2

12

3

40    ,,      ,,

2

1

6

30    ,,      ,,

1

11

3

20    ,,      ,,

1

0

9

.”

Méadú ar phinsin mhíthreora faoi alt 13 d'Acht 1927.

10. —(1) Aon phinsean míthreora a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1927 d'oifigeach a urscaoileadh as na fórsaí roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó do dhuine ar cinneadh gurbh oifigeach é, agus is iníoctha faoi na hAchtanna de réir an ráta a luaitear i gcolún (3) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (4) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

(2) Aon phinsean míthreora a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1927 d'oifigeach a urscaoileadh as na fórsaí an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó dá éis, agus roimh an 2ú lá de Shamhain, 1959, is é méid a bheidh ann an méid ab iníoctha leis an oifigeach sin i leith an phinsin mhíthreora sin faoi na hAchtanna—

(a) dá mba ar an 16ú lá de Nollaig, 1959, a urscaoileadh as na fórsaí é,

(b) dá mb'ionann a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta sin agus ar dháta a urscaoilte iarbhír, agus

(c) gurbh é an scála pinsin a bhain leis an scála iomchuí atá sna Táblaí a ghabhann le fo-alt (2) d'alt 4 d'Acht 1957,

(3) Aon phinsean míthreora a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1927 do shaighdiúir a urscaoileadh as na fórsaí roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó do dhuine ar cinneadh gur shaighdiúir é, agus is iníoctha de réir an ráta a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht Mhéadú 1962 ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag an uimhir thagartha chomhréire a bheidh sé iníoctha.

(4) Aon phinsean míthreora a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1927 do shaighdiúir a urscaoileadh as na fórsaí an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó dá éis, agus is iníoctha de réir an ráta a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht Mhéadú 1962 ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag an uimhir thagartha chomhréire a bheidh sé iníoctha.

Rátaí méadaithe pinsin bhreise agus pinsin phósta d'oifigigh.

11. —Beidh pinsean breise nó pinsean pósta iníoctha le hoifigeach de réir an ráta a thaispeántar i gcolún (2) den Tábla a ghabhann leis an alt seo os coinne an ghráid mhíchumais iomchuí a thaispeántar i gcolún (1) den Tábla sin in ionad an ráta chomhréire i leith an ghráid mhíchumais sin a shonraítear sa séú colún den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1923, arna leasú, agus sa tríú colún den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1927, arna leasú.

An Tábla.

An Grád Míchumais

Ráta an Phinsin Bhreise nó an Phinsin Phósta sa tseachtain

(1)

(2)

£

s.

d.

100 faoin gcéad

1

9

0

90    ,,      ,,

1

6

3

80    ,,      ,,

1

3

3

70    ,,      ,,

1

0

6

60    ,,      ,,

17

6

50    ,,      ,,

14

6

40    ,,      ,,

11

9

30    ,,      ,,

8

9

20    ,,      ,,

5

9

Rátaí méadaithe pinsin bhreise agus pinsin phósta do shaighdiúirí.

12. —Beidh pinsean breise (i gcás oifigigh neamhchoimisiúnta nó fir) nó pinsean pósta (i gcás saighdiúra) iníoctha de réir an ráta a thaispeántar i gcolún (2) den Tábla a ghabhann leis an alt seo os coinne an ghráid mhíchumais iomchuí a thaispeántar i gcolún (1) den Tábla sin in ionad an ráta chomhréire i leith an ghráid mhíchumais sin a shonraítear sa seachtú colún den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1923, arna leasú, sa chúigiú colún den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1927, arna leasú, agus sa tríú colún den tábla a ghabhann le fo-alt (6) d'alt 3 d'Acht 1943, arna leasú.

An Tábla.

An Grád Míchumais (1)

Ráta an Phinsin Bhreise nó an Phinsin Phósta sa tseachtain (2)

£

 s.

d.

100 faoin gcéad

19

3

90    ,,      ,,

17

6

80    ,,      ,,

15

6

70    ,,      ,,

13

6

60    ,,      ,,

11

9

50    ,,      ,,

9

9

40    ,,      ,,

7

9

30    ,,      ,,

5

9

20    ,,      ,,

4

0

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927.

13. —Déanfar an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927 a fhorléiriú ionann agus dá gcuirfí—

(a) in ionad na tagartha i gCuid I do phinsean pósta £20 sa bhliain, tagairt do phinsean pósta £39 sa bhliain, agus

(b) in ionad na tagartha i gCuid II do phinsean pósta cúig scilling sa tseachtain, tagairt do phinsean pósta naoi scilling agus naoi bpingin sa tseachtain.

Leasú ar ar Séú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927.

14. —Déantar leis seo an Séú Sceideal (a shonraíonn liúntais do chleithiúnaithe comhaltaí éagtha áirithe de na fórsaí) a ghabhann le hAcht 1927 a leasú mar a leanas—

(a) i mír 1 de Chuid I, cuirfear “£217” in ionad “£206 10s. 0d.” (a cuireadh isteach le halt 13 d'Acht Mhéadú 1962) agus cuirfear “£270” in ionad “£188” (a cuireadh isteach le halt 13 d'Acht 1957),

(b) i mír 2 agus i mír 3 de Chuid I, cuirfear “£60” agus “£98 10s.” in ionad “£57” agus “£94” (a cuireadh isteach le halt 13 d'Acht Mhéadú 1962), faoi seach,

(c) i mír 1 de Chuid II, cuirfear “£2 3s. 6d.” in ionad “£2 1s. 6d.” (a cuireadh isteach le halt 13 d'Acht Mhéadú 1962), agus cuirfear “£112 10s.” in ionad “£78 10s.” (a cuireadh isteach le halt 13 d'Acht 1957), agus

(d) i mír 2 de Chuid II, cuirfear “12s. 6d.”, “8s. 6d.” agus “£1 1s. 6d.” in ionad “12s. 0d.”, “8s. 0d.” agus “£1 0s. 6d.” (a cuireadh isteach le halt 13 d'Acht Mhéadú 1962), faoi seach.

Leasú ar an Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927.

15. —Déantar leis seo an Seachtú Sceideal (a shonraíonn liúntais do chleithiúnaithe comhaltaí éagtha áirithe de na fórsaí) a ghabhann le hAcht 1927 a leasú mar a leanas—

(a) i gCuid I, cuirfear “£148,” “£217”, “£270”, “£44 10s.” agus “£82 10s.” in ionad “£141”, “£206 10s.”, “£257 10s.”, “£42 10s.” agus “£78 10s.” (a cuireadh isteach le halt 14 d'Acht Mhéadú 1962), faoi seach, agus cuirfear “£270” in ionad “£188” (a cuireadh isteach le fo-alt (1) d'alt 14 d'Acht 1957),

(b) i gCuid II, cuirfear “£1 11s.”, “11s. 6d.”, agus “£1 3s.” in ionad “£1 9s. 6d.”, “11s. 0d.” agus “£1 2s.” (a cuireadh isteach le fo-alt (1) d'alt 14 d'Acht Mhéadú 1962), faoi seach, agus cuirfear “£123 10s.” in ionad “£86” (a cuireadh isteach le fo-alt (1) d'alt 14 d'Acht 1957).

(2) Measfar gur tagairt do mhír 1 agus do mhír 3 de Chuid I agus do mhír 1 agus do mhír 3 de Chuid II den Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927, arna leasú le fo-alt (1) den Alt seo, an tagairt in alt 25 d'Acht 1953 do mhír 1 agus do mhír 3 de Chuid I agus do mhír 1 agus do mhír 3 de Chuid II den Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927.

(3) Déanfar Cuid III den Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927 (a cuireadh isteach le fo-alt (5) d'Acht 1943) a fhorléiriú amhail is dá gcuirfí “£129” i mír 6 in ionad “£123” (a cuireadh isteach le fo-alt (3) d'alt 14 d'Acht Mhéadú 1962) agus “£258 10s.” in ionad “£180” (a cuireadh isteach le fo-alt (3) d'alt 14 d'Acht 1957).

(4) Déanfar Cuid IV den Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927 (a cuireadh isteach le fo-alt (5) d'alt 5 d'Acht 1943) a fhorléiriú amhail is dá gcuirfí “£64” i mír 6 in ionad “£61” (a cuireadh isteach le fo-alt (4) d'Acht Mhéadú 1962) agus “£258 10s.” in ionad “£180” (a cuireadh isteach le fo-alt (4) d'alt 14 d'Acht 1957).

Méadú ar phinsin chréachta, mhíthreora agus phósta agus ar aiscí faoi alt 10 d'Acht 1932.

16. —(1) Aon phinsean créachta nó pinsean míthreora a deonaíodh faoi fho-alt (1) nó faoi fho-alt (2) d'alt 10 d'Acht 1932 agus is iníoctha de réir an ráta a luaitear i gcolún (3) den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (5) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

(2) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1932 a leasú trí “céad ochtó is sé phunt is deich scilling” a chur in ionad “céad agus tríocha punt” (a cuireadh isteach le halt 15 d'Acht 1957).

(3) Aon phinsean pósta a deonaíodh faoi fho-alt (3) d'alt 10 d'Acht 1932 agus is iníoctha de réir an ráta a luaitear i gcolún (4) den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (6) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1932.

17. —Déantar leis seo an Dara Sceideal (a shonraíonn liúntais agus aiscí d'aicmí áirithe daoine) a ghabhann le hAcht 1932 a leasú mar a leanas—

(a) i mír 1 de Chuid I, cuirfear “£166” in ionad “£158 10s.” (a cuireadh isteach le halt 16 d'Acht Mhéadú 1962), agus cuirfear “£215 10s.” in ionad “£150” (a cuireadh isteach le halt 16 d'Acht 1957),

(b) i mír 2 agus i mír 3 de Chuid I, cuirfear “£44 10s.” agus “£74 10s.” in ionad “£42 10s.” agus “£71” (a cuireadh isteach le halt 16 d'Acht Mhéadú 1962), faoi seach, agus

(c) i mír 5 de Chuid II, cuirfear “£1 17s. 3d.” in ionad “£1 15s. 6d.” (a cuireadh isteach le halt 16 d'Acht Mhéadú 1962).

Méadú ar liúntais do ghaolta áirithe le Sínitheoirí leis an bhForógra a foilsíodh Luan Cásca, 1916.

18. —(1) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 3 d'Acht 1937 a leasú trí “sheacht gcéad seasca is aon phunt” a chur in ionad “sheacht gcéad agus cúig is fiche punt” (a cuireadh isteach le halt 17 d'Acht Mhéadú 1962) i mír (a) (a bhaineann leis an liúntas is iníoctha le baintreach (más ann di) dhuine ba Shínitheoir leis an bhFórogra a foilsíodh Luan Cásca, 1916).

(2) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 3 d'Acht 1937 a leasú tuilleadh trí “thrí chéad tríocha is aon phunt” a chur in ionad “trí chéad agus cúig phunt déag” (a cuireadh isteach le halt 17 d'Acht Mhéadú 1962) i mír (c) (a bhaineann leis an liúntas is iníoctha le gach deirfiúr le Sínitheoir den sórt sin).

Leasú ar alt 19 d'Acht 1937.

19. —Déantar leis seo alt 19 d'Acht 1937 (a dhéanann foráil le haghaidh aiscí do bhaintreacha nó leanaí comhaltaí éagtha d'eagrais áirithe) a leasú trí “de dhá chéad caoga is ocht bpunt agus deich scilling” a chur i bhfo-alt (3) in ionad “de chéad agus ochtó punt” (a cuireadh isteach le halt 17 d'Acht 1957).

Méadú ar phinsin faoi alt 26 d'Acht 1937.

20. —(1) Gach pinsean deiridh faoi alt 26 d'Acht 1937 is iníoctha de réir punt cúig scilling déag agus sé phingin sa tseachtain, is de réir punt seacht scilling déag agus trí phingin sa tseachtain a bheidh sé iníoctha.

(2) Gach pinsean deiridh faoi alt 26 d'Acht 1937 is iníoctha de réir dhá phunt agus seacht scilling sa tseachtain, is de réir dhá phunt naoi scilling agus trí phingin sa tseachtain a bheidh sé iníoctha.

Méadú ar phinsin faoi ailt 28 agus 29 d'Acht 1937.

21. —Beidh éifeacht ag alt 28 agus ag alt 29 d'Acht 1937 (a dhéanann foráil le haghaidh pinsean do sheanchomhaltaí de na fórsaí agus do chomhaltaí d'eagrais áirithe i leith créachtaí nó galair a forthromaíodh de bharr seirbhíse) amhail is dá gcuirfí an Cúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad an Sceidil a ghabhann leis an Acht sin.

Méadú ar phinsin faoi alt 6 d'Acht 1941.

22. —(1) Gach pinsean deiridh faoi alt 6 d'Acht 1941 is iníoctha de réir punt cúig scilling déag agus sé phingin sa tseachtain, is de réir punt seacht scilling déag agus trí phingin sa tseachtain a bheidh sé iníoctha.

(2) Gach pinsean deiridh faoi alt 6 d'Acht 1941 is iníoctha de réir dhá phunt agus seacht scilling sa tseachtain, is de réir dhá phunt naoi scilling agus trí phingin sa tseachtain a bheidh sé iníoctha.

Leasú ar alt 3 d'Acht 1943.

23. —Forléireofar alt 3 d'Acht 1943 amhail agus dá gcuirfí sa Tábla a ghabhann le fo-alt (5), in ionad na tagartha do phinsean fir phósta £30 sa bhliain tagairt do phinsean fir phósta £58 sa bhliain.

Méadú ar phinsin faoi alt 4 d'Acht 1943.

24. —Cuirfear an Sceideal seo a leanas in ionad an Sceidil (a cuireadh isteach le halt 21 d'Acht Mhéadú 1962) a ghabhann le halt 4 d'Acht 1943 (a leathnaíonn forálacha áirithe d'Acht 1927 ionas go mbaineann siad le comhaltaí Sheirbhís Altranais an Airm)—

“AN SCEIDEAL.

Scála Pinsean Míthreora agus Pinsean Créachta do Chomhaltaí Sheirbhís Altranais an Airm.

An Grád Míchumais

Scála an Phinsin

£

s.

d.

100 faoin gcéad

255

0

0 sa bhliain

90    ,,      ,,

239

0

0  ,,    ,,

80    ,,      ,,

213

0

0  ,,    ,,

70    ,,      ,,

188

0

0  ,,    ,,

60    ,,      ,,

164

0

0  ,,    ,,

50    ,,      ,,

136

0

0  ,,    ,,

40    ,,      ,,

109

0

0  ,,    ,,

30    ,,      ,,

82

0

0  ,,    ,,

20    ,,      ,,

54

10

0  ,,    ,,

.”

Méadú ar phinsin faoi alt 6 d'Acht 1943.

25. —(1) Gach pinsean deiridh faoi alt 6 d'Acht 1943 is iníoctha de réir punt cúig scilling déag agus sé phingin sa tseachtain, is de réir punt seacht scilling déag agus trí phingin sa tseachtain a bheidh sé iníoctha.

(2) Gach pinsean deiridh faoi alt 6 d'Acht 1943 is iníoctha de réir dhá phunt agus seacht scilling sa tseachtain, is de réir dhá phunt naoi scilling agus trí phingin sa tseachtain a bheidh sé iníoctha.

Leasú ar alt 7 d'Acht 1943.

26. —Chun críocha alt 7 d'Acht 1943, arna leasú le fo-ailt (1), (2) agus (3) d'alt 41 d'Acht 1953—

(a) ciallaíonn an abairt “an tsuim bhliantúil oiriúnach,” i gcás duine atá seachtó bliain nó níos mó d'aois—

(i) maidir le fear singil nó bean singil nó le baintreach fir nó baintreach mná nach bhfuil aon leanaí aige nó aici, £108,

(ii) maidir le baintreach fir nó baintreach mná a bhfuil leanaí aige nó aici, suim na méideanna seo a leanas, is é sin, £108 agus £11 14s. i leith gach linbh,

(iii) maidir le fear pósta nó bean phósta a maireann an céile agus nach bhfuil aon leanaí aige nó aici agus atá ag fáil pinsean seanaoise (ranníocach) faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1963, nó a bhfuil an céile ag fáil pinsean den sórt sin nó pinsean seanaoise (neamhranníocach) nó pinsean daill faoi Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1963, £127 10s.,

(iv) maidir le haon fhear pósta nó bean phósta eile a maireann an céile agus nach bhfuil aon leanaí aige nó aici, £151,

(v) maidir le fear pósta nó bean phósta a maireann an céile agus a bhfuil leanaí aige nó aici agus atá ag fáil pinsean seanaoise (ranníocach) faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1963, nó a bhfuil an céile ag fáil pinsean den sórt sin nó pinsean seanaoise (neamhranníocach) nó pinsean daill faoi na hAchtanna Pinsean Seanaoise, 1908 go 1963, suim na méideanna seo a leanas, is é sin £127 10s. agus £11 14s. i leith gach linbh,

(vi) maidir le haon fhear pósta nó bean phósta eile a maireann an céile agus a bhfuil leanaí aige nó aici, suim na méideanna seo a leanas, is é sin, £151 agus £11 14s. i leith gach linbh;

(b) ciallaíonn an abairt “an tsuim bhliantúil oiriúnach” i gcás duine atá faoi bhun seachtó bliain d'aois—

(i) maidir le fear singil nó bean singil nó baintreach fir nó baintreach mná nach bhfuil aon leanaí aige nó aici, £134,

(ii) maidir le baintreach fir nó baintreach mná a bhfuil leanaí aige nó aici, suim na méideanna seo a leanas, is é sin, £134 agus £11 14s. i leith gach linbh,

(iii) maidir le fear pósta nó bean phósta a maireann an céile ach nach bhfuil aon leanaí aige nó aici, £160,

(iv) maidir le fear pósta nó bean phósta a maireann an céile agus a bhfuil leanaí aige nó aici, suim na méideanna seo a leanas, is é sin, £160 agus £11 14s. i leith gach linbh.

Méadú ar phinsin faoi alt 12 d'Acht 1946.

27. —Beidh éifeacht ag alt 12 d'Acht 1946 (a dhéanann foráil le haghaidh pinsean i leith eitinne a forthromaíodh de bharr seirbhíse i rith tréimhse na héigeandála) amhail is dá gcuirfí an Sceideal seo a leanas in ionad an Dara Sceideal (a cuireadh isteach le halt 24 d'Acht Mhéadú 1962) a ghabhann le hAcht 1946—

“AN DARA SCEIDEAL.

Rátaí Pinsean faoi Alt 12 den Acht seo.

An Grád Míchumais

Pinsin

(1)

(2)

faoin gcéad

£

s.

d.

100

241

10

0

sa bhliain

90

217

0

0

,,    ,,

80

193

0

0

,,    ,,

.”

Rátaí méadaithe pinsin phósta áirithe.

28. —Déanfar leis seo an scála seo a leanas a chur in ionad na scálaí sna colúin iomchuí—

(a) den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1946, agus

(b) den Tábla a ghabhann le Cuid III den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1949:

(1)

(2)

(3)

faoin gcéad

s.

d.

s.

d.

100

14

6

7

9

90

13

3

7

0

80

11

9

6

3

70

10

3

5

6

60

8

9

4

9

50

7

3

4

0

40

5

9

3

0

30

4

3

2

3

20

3

0

1

6

.”

Méadú ar liúntais faoi alt 4 d'Acht 1953.

29. —Déantar leis seo fo-alt (1) d'Acht 1953 (a dhéanann foráil le haghaidh liúntas do ghaolta áirithe daoine éagtha áirithe ag a raibh seirbhís mhíleata roimh an sos) a leasú mar a leanas—

(1) i mír (a), cuirfear “£331” in ionad “£315” (a cuireadh isteach le halt 26 d'Acht Mhéadú 1962),

(2) i mír (aa) agus i mír (ab) (a cuireadh isteach le halt 8 d'Acht 1959), cuirfear “£166” in ionad “£158” (a cuireadh isteach le halt 25 d'Acht Mhéadú 1962),

(3) i mír (b), cuirfear “£238 10s.” in ionad “£227” (a cuireadh isteach le halt 25 d'Acht Mhéadú 1962), agus

(4) i mír (c) agus i mír (d), cuirfear “£166” in ionad “£158,” (a cuireadh isteach le halt 25 d'Acht Mhéadú 1962).

Méadú ar liúntais do leanaí áirithe le Sínitheoirí leis an bhForógra a foilsíodh Luan Cásca, 1916.

30. —I bhfo-alt (1) d'alt 45 d'Acht 1953 (a bhaineann leis na liúntais is iníoctha le leanaí áirithe le Sínitheoirí leis an bhForógra a foilsíodh Luan Cásca, 1916) cuirfear “£166” in ionad “£158” (a cuireadh isteach le halt 26 d'Acht Mhéadú 1962).

Leasú ar alt 4 d'Acht Uimh. 2 de 1960 .

31. —Déantar leis seo alt 4 d'Acht Uimh. 2 de 1960 a leasú trí “£201” agus “£12 10s.” a chur in ionad “£140” agus “£8 15s.”, faoi seach, i gclásal (i) de mhír (b) d'fho-alt (2).

Méadú ar phinsin faoi alt 5 d'Acht Uimh. 2 de 1960 .

32. —(1) Gach pinsean deiridh faoi alt 5 d'Acht Uimh. 2 de 1960 is iníoctha de réir punt cúig scilling déag agus sé phingin sa tseachtain, is de réir punt seacht scilling déag agus trí phingin sa tseachtain a bheidh sé iníoctha.

(2) Gach pinsean deiridh faoi alt 5 d'Acht Uimh. 2 de 1960 is iníoctha de réir dhá phunt agus seacht scilling sa tseachtain, is de réir dhá phunt naoi scilling agus trí phingin sa tseachtain a bheidh sé iníoctha.

Méadú ar phinsin faoi alt 7 d'Acht Uimh. 2 de 1960 .

33. —Beidh éifeacht ag alt 7 d'Acht Uimh. 2 de 1960 (a dhéanann foráil le haghaidh pinsean i leith galair a forthromaíodh de bharr seirbhíse le Fórsa ó na Náisiúin Aontaithe), arna leasú le halt 29 d'Acht Mhéadú 1962, ionann agus dá gcuirfí an Tábla seo a leanas in ionad an Tábla a ghabhann leis:

“AN TABLA

Rátaí Pinsean.

An Grád Míchumais

Pinsean

(1)

(2)

faoin gcéad

£

 s.

d.

100

241

10

0

sa bhliain

90

217

0

0

,,    ,,

80

193

0

0

,,    ,,

.”

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann le hAcht Uimh. 2 de 1960 .

34. —Déantar leis seo an scála seo a leanas a chur in ionad na scálaí atá sna colúin iomchuí de Chuid III den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht Uimh. 2 de 1960 :

(1)

(2)

(3)

 s.

d.

s.

d.

100 faoin gcéad

14

6

7

9

90 ,,         ,,

13

3

7

0

80 ,,         ,,

11

9

6

3

.”

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht Uimh. 2 de 1960 .

35. —(1) Déantar leis seo an Dara Sceideal (a shonraíonn liúntais do chleithiúnaigh chomhaltaí éagtha áirithe de na fórsaí) a ghabhann le hAcht Uimh. 2 de 1960 a leasú mar a leanas—

(a) i gCuid I, cuirfear “£148”, “£217”, “£270”, “£44 10s.” agus “£82 10s.” in ionad “£141”, “£206 10s.”, “£257 10s.”, “£42 10s.” agus “£78 10s.” (a cuireadh isteach le fo-alt (1) d'alt 28 d'Acht Mhéadú 1962), faoi seach, agus cuirfear “£270” in ionad “£188”,

(b) i gCuid II, cuirfear “£1 11s.”, “11s. 6d.” agus “£1 3s.” in ionad “£1 9s. 6d.”, “11s. 0d.” agus “£1 2s.” (a cuireadh isteach le fo-alt (1) d'alt 28 d'Acht Mhéadú 1962), faoi seach, agus cuirfear “£123 10s.” in ionad “£86.”

(2) An tagairt atá i bhfo-alt (2) d'alt 6 d'Acht Uimh. 2 de 1960 do mhír 1 agus do mhír 3 de Chuid I agus do mhír 1 agus do mhír 3 de Chuid II den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht Uimh. 2 de 1960 , measfar gur tagairt í do mhír 1 agus do mhír 3 de Chuid I and do mhír 1 agus do mhír 3 de Chuid II den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht Uimh. 2 de 1960 , arna leasú le fo-alt (1) den alt seo.

(3) I mír 6 de Chuid III den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht Uimh. 2 de 1960 , cuirfear “£129” in ionad “£123” (a cuireadh isteach le fo-alt (3) d'alt 28 d'Acht Mhéadú 1962), agus cuirfear “£258 10s.” in ionad “£180”.

(4) I mír 6 de Chuid IV den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht Uimh. 2 de 1960 , cuirfear “£64” in ionad “£61” (a cuireadh isteach le fo-alt (4) d'alt 28 d'Acht Mhéadú 1962), agus cuirfear “£258 10s.” in ionad “£180”.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1962.

36. —Déantar leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1962 a leasú—

(a) tríd an tábla seo a leanas a chur in ionad an tábla a ghabhann le Cuid I:

An Grád Míchumais

An pinsean pósta sa tseachtain

s.

d.

100%

14

6

90%

13

0

80%

16

6

70%

10

0

60%

8

6

50%

7

3

40%

5

9

30%

4

6

20%

3

3

”,

(b) tríd an tábla seo a leanas a chur in ionad an tábla a ghabhann le Cuid II:

An Grád Míchumais

An pinsean pósta sa tseachtain

s.

d.

100%

14

6

90%

13

0

80%

11

6

”, agus

(c) tríd an tábla seo a leanas a chur in ionad an tábla a ghabhann le Cuid III:

Ráta an phinsin

Ráta an phinsin phósta sa tseachtain

£

s.

d.

s.

d.

2

9

3

7

6

1

17

3

5

9

”,

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1962.

37. —Déantar leis seo an Dara Sceideal (a shonraíonn liúntais do chleithiúnaithe daoine éagtha áirithe) a ghabhann le hAcht 1962 a leasú trí “£1 11s.”, “11s. 6d.” agus “£1 3s.” a chur in ionad “£1 9s. 6d.”, “11s. 0d.” agus “£1 2s.” (a cuireadh isteach le halt 31 d Acht Mhéadú 1962), faoi seach, agus trí “£123 10s.” a chur in ionad “£86”.

Aisghairm.

38. Déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear sa Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún.

Tosach feidhme.

39. —Measfar forálacha an Achta seo a theacht i ngníomh an lú lá de Shamhain, 1963, agus beidh éifeacht amhail ón dáta sin ag an méadú ar phinsin (lena n-áirítear pinsin bhreise agus pinsin phósta) agus ar liúntais a fhoráiltear leis na forálacha sin.

Gearrtheideal agus comhlua.

40. —(1) Féadfar an tAcht Arm-Phinsean (Méadú), 1964 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1964, a ghairm de na hAchtanna agus den Acht seo le chéile.