An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN DARA SCEIDEAL.) Ar Aghaidh (AN CEATHRU SCEIDEAL. Méadú ar Phinsin Chréachta agus Mhíthreora agus ar Phinsin Phósta a deonaíodh faoi Alt 10 d'Acht 1932.)

27 1964

AN tACHT ARM-PHINSEAN (MÉADÚ), 1964

AN TRIU SCEIDEAL.

Rátaí Méadaithe na bPinsean a Deonaíodh d'Oifigigh Áirithe faoi Alt 10 agus faoi Alt 12 d'Acht 1927

Ailt 7 (1), 9 (1).

1. (1) Aon phinsean míthreora a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 d'oifigeach a urscaoileadh as na fórsaí roimh an 16ú lá de Nollaig, 1959, agus ar a raibh, ar dháta a urscaoilte, míchumas de dheasca galair ab inchurthaileith seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse Aibreán, 1922—Meán Fómhair, 1924, is é an méid a bheidh ann an méid ab iníoctha leis an oifigeach sin faoi na hAchtanna dá mba ar an 16ú lá de Nollaig, 1959, a urscaoileadh as na fórsaí é agus gurbh ionann a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta sin agus a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar dháta a urscaoilte iarbhír, agus gurbh é an scála pinsin ab infheidhmithe ina chás an scála iomchuí atá sna Táblaí a ghabhann le fo-alt (2) d'alt 4 d'Acht 1959.

(2) Aon phinsean míthreora a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 d'oifigeach a urscaoileadh as na fórsaí roimh an 16ú lá de Nollaig, 1959, agus ar a raibh, ar dháta a urscaoilte, míchumas de dheasca galair ab inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith tréimhse na héigeandála, is é an méid a bheidh ann an méid ab iníoctha leis an oifigeach sin dá mba ar an 16ú lá de Nollaig, 1959, a urscaoileadh as na fórsaí é agus gurbh ionann a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta sin agus a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar dháta a urscaoilte iarbhír, agus gurbh é an scála pinsin ab infheidhmithe ina chás an scála iomchuí atá sna Táblaí a ghabhann le fo-alt (2) d'alt 4 d'Acht 1957.

2. Aon phinsean créachta a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1927 d'oifigeach a urscaoileadh as na fórsaí roimh an 16ú lá de Nollaig, 1959, is é an méid a bheidh ann an méid ab iníoctha leis an oifigeach sin faoi na hAchtanna dá mba ar an 16ú lá de Nollaig, 1959, a urscaoileadh as na fórsaí é agus gurbh ionann a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta sin agus a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar dháta a urscaoilte iarbhír, agus gurbh é an scála pinsin ab infheidhmithe ina chás an scála iomchuí atá sna Táblaí a ghabhann le fo-alt (2) d'alt 4 d'Acht 1957.