Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

33 1964


Uimhir 33 de 1964.


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (ACHTACHÁIN A AISGHAIRM), 1964

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH AISGHAIRME AR ACHTACHÁIN ÁIRITHE NÓ CODANNA d'ACHTACHÁIN ÁIRITHE A CUIREADH Ó ÉIFEACHT TRÍ CHUID II DEN ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (UIMH. 2), 1960 , A RITH NÓ ATÁ NEAMHRIACHTANACH DE CHIONN A RITE, AGUS FAIRIS SIN DO DHÉANAMH AISGHAIRME AR ACHTACHÁIN GHAOLMHARA ÁIRITHE EILE NÓ CODANNA DE NA hACHTACHÁIN SIN IS INMHEASTA A BHEITH Ó FHEIDHM NÓ ATÁ NEAMHRIACHTANACH. [2 Nollaig, 1964].

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Aisghairm.

1. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Achtacháin a Aisghairm), 1964 , a ghairm den Acht seo.