|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM CHOSAINT AINMHITHE (LEASÚ), 1965) | Ar Aghaidh (CUID II Cosaint Ainmhithe) |
AN tACHT UM CHOSAINT AINMHITHE (LEASÚ), 1965
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta | |
| [EN] |
Gearrtheideal, lua agus forléiriú. 1911, c. 27. |
1. —(1) Féadfar an tAcht um Chosaint Ainmhithe (Leasú), 1965 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Déanfar an tAcht seo agus an Protection of Animals Act, 1911, a fhorléiriú mar aon ní amháin, agus féadfar na hAchtanna um Chosaint Ainmhithe, 1911 agus 1965, a ghairm den Acht sin agus den Acht seo le chéile. | |
| [EN] |
Mínithe. 1911, c. 27. |
2. —San Acht seo— |
| [EN] | ciallaíonn “An Príomh-Acht” an Protection of Animals Act, 1911; | |
| [EN] | ciallaíonn “coilleadh” obráid chun na gonaid a bhaint amach ar fad trí mháinliacht nó próiseas a ceapadh chun seargadh iomlán a thabhairt orthu; | |
| [EN] | folaíonn “cú” aon fhuipéad agus aon phór nó crosphór cú nó fuipéid; | |
| [EN] | folaíonn “capall” asal, miúil agus ráineach; | |
| [EN] | folaíonn “bóthar poiblí” aon mhórbhealach poiblí, sráid phoiblí nó cosán poiblí; | |
| [EN] | ciallaíonn “áit phoiblí” aon áit a bhfuil rochtain ag an bpobal air cibé acu de cheart nó le cead é agus cibé acu ar tháille a íoc nó saor ó tháille é; | |
| [EN] | ciallaíonn “tréidlia” duine atá cláraithe de thuras na huaire sa chlár de mháinleagha beithíoch a bunaíodh agus a choiméadtar faoi Acht na Máinliaigh Beithíoch, 1931 ; | |
| [EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta. | |
| [EN] |
Aisghairm, 1912, c. 17, 1921, c. 14. |
3. —Déantar leis seo an Protection of Animals Act (1911) Amendment Act, 1912, agus an Protection of Animals Act (1911) Amendment Act, 1921, a aisghairm. |