18 1965


Uimhir 18 de 1965.


AN tACHT UM THIONSCAIL NA GAELTACHTA (LEASÚ), 1965


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM THIONSCAIL NA GAELTACHTA, 1957 . [20 Iúil, 1965.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Mínithe.

1957, Uimh. 29 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Bord” Gaeltarra Éireann;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Thionscail na Gaeltachta, 1957 .

Leasú ar alt 1 den Phríomh-Acht.

1956, Uimh. 21 .

2. —Déantar leis seo alt 1 den Phríomh-Acht a leasú tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “an Ghaeltacht”:

“ciallaíonn ‘an Ghaeltacht’ na limistéir a mbeidh cinnte de thuras na huaire gur limistéir Ghaeltachta iad le hordú faoi alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 ;”.

Leasú ar alt 4 den Phríomh-Acht.

3. —Déantar leis seo alt 4 den Phríomh-Acht (a bhaineann le cumhachtaí agus feidhmeanna an Bhoird) a leasú tríd an méid seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (4) i ndiaidh mhír (b):

“(bi) le toiliú an Aire arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála—

(A) páirt a ghlacadh le daoine eile i bhfoirmiú comhlachta chorpraithe nó i gcomhpháirtíocht nó ar dhóigh eile,

(B) comhlacht corpraithe a fhoirmiú, nó scaireanna a cheannach nó a thógáil nó a dhíol i gcomhlacht corpraithe, agus

(C) deontas a thabhairt, ar cibé téarmaí, más aon téarmaí iad, is cuí leis, do chomhlacht corpraithe ina bhfuil scaireanna aige,

chun tionscail agus scéimeanna somhaoineacha fostaíochta a bhunú, a fhorbairt nó a chothabháil sa Ghaeltacht,

(bii) deontais a thabhairt, dá rogha féin agus ar cibé téarmaí, más aon téarmaí iad, is cuí leis, chun cabhrú le daoine miontionscadail shomhaoineacha a bhunú, a fhorbairt nó a chothabháil sa Ghaeltacht, ar choinníoll nach rachaidh aon deontas den sórt sin thar dhá mhíle punt agus nach dtabharfar aon deontas den sórt sin i leith tionscadail má tugadh deontas ón bhForas Tionscal i leith an tionscadail sin,”.

Leasú ar alt 5 den Phríomh-Acht.

4. —Déantar leis seo alt 5 den Phríomh-Acht (a bhaineann le comhdhéanamh an Bhoird) a leasú trí “Seacht gcomhalta ar a mhéid” a chur in ionad “Cúigear comhaltaí” i bhfo-alt (1).

Leasú ar alt 14 den Phríomh-Acht.

5. —Déantar leis seo alt 14 den Phríomh-Acht (a dhéanann foráil i dtaobh cruinnithe agus nós imeachta an Bhoird) a leasú trí “(mura mbíonn thar chúig chomhalta ar an mBord) nó ceathrar (má bhíonn sé chomhalta nó seacht gcomhalta ar an mBord)” a chur isteach i bhfo-alt (2) i ndiaidh “Triúr”.

Leasú ar alt 19 den Phríomh-Acht.

6. —Déantar leis seo alt 19 den Phríomh-Acht (a dhéanann foráil i dtaobh sócmhainní áirithe a shealbhaítear le haghaidh na dtionscal tuaithe a aistriú chun an Bhoird) a leasú trí na focail i bhfo-alt (3) ó “agus beidh an tsuim sin” go dtí deireadh an fho-ailt sin a scriosadh.

Leasú ar alt 26 den Phríomh-Acht.

7. —Déantar leis seo alt 26 den Phríomh-Acht (a dhéanann foráil i dtaobh airleacain inaisíoctha chun an Bhoird as an bPríomh-Chiste) a leasú—

(i) trí “dhá mhilliún punt” a chur in ionad “cúig chéad míle punt” i bhfo-alt (1), agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2) i ndiaidh “den Acht seo”:

“; ar choinníoll, áfach,—

(a) go measfar aon suim a airleacadh amhlaidh roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1965, a scor ar an dáta sin de bheith inaisíoctha amhlaidh, agus

(b) nach mbeidh aon suim a airleacfar amhlaidh tar éis an 1ú lá d'Aibreán, 1965, inaisíoctha amhlaidh (agus ní bheidh feidhm maidir léi ag ailt 28 agus 29 den Acht seo) go dtí cibé dáta a chinnfidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire”.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

8. —(1) Féadfar an tAcht um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1965 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Thionscail na Gaeltachta, 1957 agus 1965, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar i dteannta a chéile iad mar aon Acht amháin.