|
|||||
|
Ar Aghaidh (Sceideal A DEONTAIS) |
[EN] | ||
Uimhir 21 de 1965. | ||
[EN] |
AN tACHT LEITHREASA, 1965 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO CHUR SUIM ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ IS TRÍOCHA DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD SEASCA A SÉ, DO LEITHREASÚ NA SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE, 1965 , AGUS A DHEONAÍTEAR LEIS AN ACHT SEO, CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ ÁIRITHE MAIDIR LE hIASACHT A FHÁIL. [30 Iúil, 1965.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
Deontais as an bPríomh-Chiste | ||
[EN] |
£144,857,090 a eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir na bliana 1965-66. |
1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim chéad daichead is ceithre mhilliún, ocht gcéad caoga is seacht míle, is nócha punt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá is tríocha de Mhárta, míle naoi gcéad seasca a sé. |
[EN] |
Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £144,857,090 a fháil ar iasacht. |
2. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon suim nó suimeanna nach mó san iomlán ná céad daichead is ceithre mhilliún, ocht gcéad caoga is seacht míle, is nócha punt a fháil ar iasacht ó dhuine ar bith, agus chun an céanna a fháil ar iasacht féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis. |
[EN] | (2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear phríomhshuim agus ús aon urrús a eiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint. | |
[EN] | (3) Déanfar aon airgead a chruinneofar trí urrúis a eiseofar faoin Acht seo a chur chun creidmheasa do chuntas an Státchiste agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon slí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil. | |
Deontais a Leithreasú | ||
[EN] |
Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon, £243,338,174, a leithreasú. |
3. —(1) Na suimeanna uile a dheonaítear as an bPríomh-Chiste, leis an Acht seo agus leis an Acht eile a luaitear i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo, chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim dhá chéad daichead is trí mhilliún, trí chéad tríocha is ocht míle, céad seachtó is ceithre phunt, déantar iad a leithreasú agus measfar iad a bheith arna leithreasú, amhail ó dháta na nAchtanna a luaitear sa Sceideal sin A a rith, chun na seirbhísí agus na críocha a luaitear i Sceideal B a ghabhann leis sin. An achomaireacht ar sceidil a ghabhann léi, maraon leis an nóta (más ann) a ghabhann leis na sceidil sin, measfar gur cuid den Acht seo iad amhail is dá mbeidís i gcorp an Achta seo. |
[EN] | (2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deiridh de Sceideal B a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim ocht milliún déag, céad is ocht míle, naoi gcéad nócha is ceithre phunt a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais i gcóir na seirbhísí agus na críocha a shonraítear sa Sceideal sin. | |
[EN] |
Iasacht a fháil in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit. |
4. —(1) Chun aon iasacht a fháil a n-údaraítear dó í a fháil faoin Acht seo nó faoi aon Acht arna rith roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin, féadfaidh an tAire Airgeadais iasacht a fháil in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit. |
[EN] | (2) Is é méid a bheidh le híoc isteach sa Státchiste i leith aon iasachta a gheofar faoin alt seo ná na fáltais iarbhír in airgead reatha an Stáit ón iasacht agus, chun críocha cumhachtaí an Aire Airgeadais chun iasacht a fháil, measfar gurb é an méid a íocfar isteach as Státchiste an méid iarbhír a fuarthas ar iasacht. | |
[EN] | (3) Is é méid a bheidh le heisiúint as an Státchiste chun iasacht a gheofar faoin alt seo a aisíoc, nó ús uirthi a íoc, ná costas an aisíoctha, nó costas íoctha an úis, in airgead reatha an Stáit. | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
5. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1965 , a ghairm den Acht seo. |
An Achomaireacht ar Sceidil A agus B Dá dtagraítear san Acht seo |