An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XI. Teorannú Cainge.) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Rialacha maidir le Sócmhainní a Chur chun Feidhme)

27 1965

AN tACHT COMHARBAIS, 1965

CUID XII.

Forálacha maidir leis an Oifig Phrobháide agus le Clárlanna Probháide Ceantair.

An tOifigeach Probháide Cúnta.

[1959 (Uimh. 8) a. 25]

128. —(1) San alt seo ciallaíonn “an tOifigeach Probháide Cúnta” an t-oifigeach atá ar fostú san Oifig Phrobháide agus is gaire i gcéim don Oifigeach Probháide agus atá cáilithe lena cheapadh ina Oifigeach Probháide.

(2) Féadfaidh an tOifigeach Probháide Cúnta, faoi réir aon sriantachtaí is cuí le hUachtarán na hArd-Chúirte a fhorchur, na cumhachtaí, na húdaráis, na dualgais agus na feidhmeanna is infheidhmithe nó is inchomhlíonta ag an Oifigeach Probháide a fheidhmiú nó a chomhlíonadh.

Clárlanna probháide ceantair.

[1857 (c. 79) a. 16, 17; 1926 (Uimh. 27) a. 56]

129. —(1) Beidh clárlanna probháide ceantair ann do cibé ceantair agus i cibé áiteanna a cheapfaidh an tAire le hordú.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú—

(a) an ceantar dá bhfónann clárlann phrobáide cheantair a athrú;

(b) an méid ceantar den sórt sin a bhreisiú nó a laghdú;

(c) a ordú gur i cibé áit laistigh den cheantar is cuí leis a bheidh aon chlárlann phrobháide cheantair;

(d) aon chlárlann phrobháide cheantair a dhúnadh.

(3) Aon uair a dhéanfaidh an tAire ordú ag dúnadh clárlann phrobháide cheantair, féadfaidh an tAire, leis an ordú sin, socrú a dhéanamh chun gur féidir iarratais ar ionadaíocht, i gcásanna ina raibh ag an éagach, tráth a bháis, áit chónaithe sheasta laistigh den cheantar dar fhónaigh an chlárlann sin roimhe sin, a thaisceadh leis an gcláraitheoir contae don limistéar ina raibh suíomh na háite cónaithe sin, agus chun go dtarchuirfidh an cláraitheoir contae na hiarratais go dtí an Oifig Phrobháide agus go dtarchuirfear na deontais (ar iad a eisiúint, má eisítear) ón Oifig Phrobháide go dtí an cláraitheoir contae sin lena seachadadh don duine atá ina dteideal.

(4) Go dtí go ndéanfar socrú dá mhalairt faoin alt seo, leanfaidh na clárlanna probháide ceantair a bheidh ann i dtosach feidhme an Achta seo de bheith ag feidhmiú do na ceantair agus sna háiteanna a bhí ceaptha go dtí sin le dlí.

Táillí a bheidh le glacadh i gclárlanna probháide ceantair.

1936, Uimh. 48 .

[1959 (Uimh. 8) a. 24(1)]

1926, Uimh. 27 .

I.R. Uimh. 251 de 1956.

1959, Uimh. 8 .

130. —(1) San alt seo ciallaíonn “Acht 1936” an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 .

(2) Chun críocha alt 65 (a chumasaíonn don Aire táillí cúirte a ordú) d'Acht 1936, measfar gurb oifig a bunaíodh leis an Acht Oifigeach Cúirte, 1926, gach clárlann phrobháide cheantair.

(3) Leanfaidh Ordú na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte (Taillí), 1956, arna mhodhnú le halt 24 den Acht um Riaradh Eastát, 1959 , d'ainneoin an tAcht sin a aisghairm leis an Acht seo, d'fheidhm a bheith aige maidir le gach clárlann phrobháide cheantair agus le gach cláraitheoir probháide ceantair.

Cláraitheoirí probháide ceantair gníomhacha.

[1959 (Uimh. 8) a. 24 (2)]

1945, Uimh. 25 .

1951, Uimh. 8 .

131. —I gcás ina mbeidh ceangailte ar dhuine (dá ngairtear an cláraitheoir probháide ceantair gníomhach san alt seo), agus údaraithe dó, de thuras na huaire, ag an Aire faoi alt 9 den Acht Oifigeach Cúirte, 1945 , arna leasú le halt 5 den Acht Oifigeach Cúirte, 1951 , dualgais chláraitheora probháide ceantair a chomhlíonadh don cheantar dá bhfónann clárlann phrobháide cheantair áirithe, féadfaidh an tAire a údarú d'oifigeach sonraithe atá ag fónamh sa chlárlann phrobháide cheantair sin, nó san oifig chúirte cuarda a fhónann don limistéar ina bhfuil an chlárlann phrobháide cheantair sin, oifig chláraitheora probháide ceantair don cheantar sin a chomhalladh le linn an cláraitheoir probháide ceantair gníomhach a bheith as láthair go sealadach nó faoi éagumas go sealadach de dheasca breoiteachta, agus má dhéanann an tAire amhlaidh, ansin, beidh ag an oifigeach sin agus feidhmeoidh sé, le linn aon neamhláithreachta go sealadach nó aon éagumais go sealadach dén sórt sin, cumhachtaí uile, agus comhlíonfaidh sé dualgais uile, an chláraitheora probháide ceantair don cheantar sin, mura n-ordóidh agus go dtí go n-ordóidh an tAire a mhalairt.