An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT COMHARBAIS, 1965) Ar Aghaidh (CUID II Cineachadh Eastáit Réadaigh agus Phearsanta ar Bhás)

27 1965

AN tACHT COMHARBAIS, 1965

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Comharbais, 1965 , a ghairm den Acht seo.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá, nach luaithe ná an lú lá d'Iúil, 1966, a cheapfaidh an tAire le hordú.

Léiriú.

3. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéasc a mhalairt—

ciallaíonn “riarachán” maidir le heastát duine éagtha, litreacha riaracháin, cibé acu maille le huacht é nó nach ea, agus cibé acu chun críocha speisialta nó chun críocha teoranta a dheonaítear é;

ciallaíonn “riarthóir” duine dá ndeonaítear riarachán;

folaíonn “tíolacas” morgáiste, muirear, léas, aontú, aistriú, séanadh, scaoileadh agus gach forcinntiú eile maoine le haon ionstraim seachas uacht;

déanfar “an chúirt” a fhorléiriú de réir alt 6;

déanfar “eastát” a fhorléiriú de réir alt 14;

ciallaíonn “deontas” deontas ionadaíochta;

ciallaíonn “naíon” duine faoi bhun bliain is fiche d'aois;

ciallaíonn “díthiomnóir” duine nach bhfágann uacht ar bith nó a fhágann uacht ach a fhágann gan diúscairt leas tairbhiúil éigin ina eastát, agus forléireofar “díthiomnach” dá réir sin;

ciallaíonn “ceart dlíthiúil” ceart céile faoi alt 111 chun scair in eastát duine éagtha;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

folaionn “leagáid airgid” blianacht, leagáid ghinearálta, leagáid thaispeántach sa mhéid nach n-urscaoiltear í as an maoin sainainmnithe, agus aon treoir ghinearálta eile ó thiomnóir chun airgead a íoc, lena n-áirítear na dleachtanna báis uile a ndéantar aon réadtiomnú, tiomnacht, nó íocaíocht lena theacht in éifeacht saor uathu;

déanfar “per stirpes” a fhorléiriú de réir fho-alt (3);

ciallaíonn “ionadaí pearsanta” an seiceadóir nó an riarthóir de thuras na huaire do dhuine éagtha;

folaíonn “seilbh” fáil cíosanna agus brabús, más ann, nó an ceart chun iad a fháil;

ciallaíonn “probháid” probháid uachta;

folaíonn “maoin” maoin de gach sórt idir réadach agus phearsanta;

ciallaíonn “ceannaitheoir” deontaí, léasaí, sannaí, morgáistí, muirearóir nó duine eile a fhaigheann de mheon macánta eastát nó leas i maoin ar chomaoin luachmar;

tá le “eastát réadach” an bhrí a thugtar dó le halt 4;

ciallaíonn “ionadaíocht” probháid nó riarachán;

folaíonn “scair”, maidir le heastát duine éagtha, aon scair nó leas, cibé acu faoi uacht, faoi dhíthiomnacht nó mar cheart dlíthiúil a thig, agus folaíonn sé freisin an ceart chun an eastáit go léir;

tá le “corparáid iontaobhais” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (4) d'alt 30;

ciallaíonn “comaoin luachmhar” comaoin in airgead nó i luach airgid;

folaíonn “uacht” codaisíl.

(2) Sliochtaigh agus gaolta duine éagtha a gineadh roimh a bhás ach a rugadh beo ina dhiaidh sin, áireofar iad, chun críocha an Achta seo, mar dhaoine a rugadh le linn saol an éagaigh agus a mhair ina dhiaidh.

(3) Má bhíonn eastát duine éagtha nó aon scair ann le dáileadh per stirpes ar a shliocht, ansin, aon sliocht is faide amach ná leanbh leis an éagach tógfaidh siad trí gach glún ghaoil, de réir a bpórstoic, i scaireanna comhionanna má bhíonn thar ceann amháin ann, an scair a thógfadh tuismitheoir an tsleachta sin dá mba bheo dó le linn bhás an éagaigh, agus ní thógfaidh aon sliocht de chuid an éagaigh más beo do thuismitheoir an tsleachta sin le linn bhás an éagaigh agus go bhfuil sé inniúil amhlaidh ar scair a thógáil.

(4) San Acht seo, aon tagairt a dhéantar d'aon achtachán is tagairt í don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.

(5) San Acht seo, aon tagairt a dhéantar do Chuid, d'alt nó do Sceideal, is tagairt í do Chuid, d'alt nó de Sceideal san Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile í.

An bhrí atá le “eastát réadach” agus “eastát nó leas”.

[1959 (Uimh. 8) a. 2, 6]

4. —Chun críocha an Achta seo—

(a) folaíonn “eastát réadach” airnéisí réadacha, agus talamh i seilbh, i bhfuíoll nó i bhfrithdhílse, agus gach eastát nó leas i dtalamh nó thar talamh (lena n-áirítear eastát réadach ar teachtadh i modh morgáiste nó urrúis, ach gan airgead atá le teacht faoi iontaobhas chun talamh a dhíol, ná airgead a urraíodh nó a muirearaíodh ar thalamh, a áireamh);

(b) measfar eastát nó leas duine éagtha in eastát sainoidhrithe a bheith ina eastát nó ina leas a scoir ar a bhás, ach ní mheasfar gurb eastát nó leas a scoir amhlaidh aon eastát nó leas, breise nó eile, a bhí ag an duine éagtha i bhfuíoll nó i bhfrithdhílse agus ab fhéidir a dhiúscairt lena uacht;

(c) measfar eastát nó leas duine éagtha faoi nascthionóntacht, má mhaireann aon tionónta i ndiaidh an duine éagtha, a bheith ina eastát nó ina leas a scoir ar é d'fháil bháis;

(d) ar chorparáideach aonair d'fháil bháis measfar a eastát nó a leas in eastát réadach na corparáide a bheith ina eastát nó ina leas a scoir ar é d'fháil bháis;

(e) ní mheasfar eastát nó leas duine éagtha in eastát réadach a bheith ina eastát nó ina leas a scoir ar é d'fháil bháis de bhíthin amháin nár fhág sé, mar gheall ar neamhdhlisteanacht nó eile, neasghaol ar marthain ina dhiaidh.

Toimhde go bhfuarthas bás san am céanna i gcásanna éiginnteachta.

[Nua]

5. —Más rud é, tar éis tosach feidhme an Achta seo, go mbeidh beirt duine nó níos mó tar éis bás a fháil in imthosca a fhágfaidh éiginnte é cé acu a mhair i ndiaidh an duine nó na ndaoine eile, ansin, chun eastát aon duine acu a dháileadh, measfar iad go léir d'fháil bháis san am céanna.

Dlínse.

[1961 (Uimh. 39) a. 22 (1) agus an Tríú Sceideal ag uimh. thag. 16 agus 17]

6. —(1) Féadfaidh an Ard-Chúirt an dlínse a thugtar do chúirt leis an Acht seo a oibriú.

(2) Faoi réir fho-alt (3), beidh ag an gCúirt Chuarda, i gcomhréim leis an Ard-Chúirt, dlínse uile na hArd-Chúirte chun imeachtaí de na cineálacha seo a leanas a éisteacht agus a chinneadh:

(a) caingean i leith deontas ionadaíochta, nó cúlghairm ionadaíochta, eastáit duine éagtha i gcás cointinne ar bith ina leith;

(b) imeachtaí i leith riarachán eastáit duine éagtha nó i leith aon scaire ann;

(c) aon imeacht faoi alt 56, 115, 117 nó 121.

(3) Mura rud é go síneoidh na páirtithe riachtanacha sna himeachtaí i gcúis, roimh an éisteacht nó tráth ar bith lena linn, an fhoirm thoilithe a ordaítear le rialacha cúirte, ní bheidh dlínse ag an gCúirt Chuarda, de bhua fho-alt (2), i gcás eastát an duine éagtha—

(a) sa mhéid gurb eastát pearsanta é, a bheith tráth a bháis níos mó ná £5,000 ina mhéid nó ina luach, taobh amuigh d'aon ní chun a mbeadh teideal aige mar iontaobhaí gan a bheith aige go tairbhiúil, ach gan dada a bhaint as mar gheall ar fhiacha a bhí dlite ón duine éagtha agus gan íoc aige, agus

(b) sa mhéid gurb eastát réadach é a raibh sé, tráth a bháis, i bhfeo-úinéireacht air nó ina sheilbh go tairbhiúil, a bheith níos mó ná £100 ina luacháil inrátaithe.

(4) Is é an breitheamh don chuaird ina raibh áit chónaithe sheasta ag an éagach, tráth a bháis, a oibreoidh an dlínse a thugtar don Chúirt Chuarda leis an alt seo.

Caiteachas.

7. —Déanfar, sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é, na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an Oireachtas.

Aisghairm.

8. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Dara Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún.

Cosaint.

[1959 (Uimh. 8) a. 8]

9. —(1) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear d'aon achtachán neamh-aisghairthe a ligeann probháid nó riarachán ar ceal i gcás eastáit phearsanta nach n-áirítear airnéisí réadacha ann.

(2) Faoi réir alt 118, ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo—

(a) difear d'aon dleacht is iníoctha i leith eastáit réadaigh ná aon dleacht a chur ar eastát réadach seachas an dleacht is iníoctha ina leith díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, ná

(b) difear d'aon leigheas chun aon dleacht bháis a ghnóthú;

ar choinníoll, áfach, go mbeidh dleacht chomharbais iníoctha ag féachaint do na rialacha dáilte maoine atá san Acht seo.

(3) Ach amháin sa mhéid go bhforáiltear a mhalairt go sainráite le haon fhoráil den Acht seo, ní bhainfidh forálacha an Achta seo le heastát aon duine a gheobhaidh bás roimh thosach feidhme an Achta seo.

(4) Ní bhainfidh forálacha an Achta seo le huacht tiomnóra a gheobhaidh bás roimh thosach feidhme an Achta seo, ach bainfidh siad le huacht gach tiomnóra a gheobhaidh bás tar éis an tosach feidhme sin, cibé acu roimh an am sin nó ina dhiaidh a forghníomhaíodh an uacht.

(5) Ní dhéanfaidh aisghairm aon achtacháin leis an Acht seo, ach amháin mar is léir a mhalairt, difear d'aon dlínse, foirm nó cúrsa pléadála, cleachtas nó nós imeachta atá bunaithe agus a tháinig ón achtachán aisghairthe.