20 1966


Uimhir 20 de 1966.


AN tACHT LOINGIS CHEANNAÍOCHTA, 1966

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DÁ CHUMASÚ ÉIFEACHT A THABHAIRT DO CHOINBHINSIÚN IDIRNÁISIÚNTA UM SHÁBHÁILTEACHT ANAMA AR MUIR A SÍNÍODH I LONDAIN AN 17ú LÁ DE MHEITHEAMH, 1960, DO LEASÚ ALT 271 DEN MERCHANT SHIPPING ACT, 1894, AGUS CHUN CRÍOCHA A BHAINEANN LEIS SIN. [12 Iúil, 1966.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1952, Uimh. 29 .

1894, c. 60.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Loingis Cheannaíochta (Coinbhinsiún Sábháltachta), 1952 ;

tá le “rialacha um dhéanmhas agus suirbhéireacht lastloinge” an bhrí a shonraítear in alt 3 (1);

tá le “deimhniú sábháilteacha um dhéanmhas lastloinge” an bhrí a shonraítear in alt 4 (1);

ciallaíonn “an Coinbhinsiún” an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir a síníodh i Londain thar ceann an Rialtais an 17ú lá de Mheitheamh, 1960;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an Merchant Shipping Act, 1894;

tá le “deimhniú sábháilteachta coinníollta um dhéanmhas lastloinge” an bhrí a shonraítear in alt 4 (2);

ciallaíonn “an Coinbhinsiún Sábháilteachta” an Coinbhinsiún Eadarnáisiúnta um Shábhálteacht Anama ar Muir a síníodh i Londain thar ceann an Rialtais an 10ú lá de Mheitheamh, 1948.

(2) In Acht 1952 ciallóidh “na hAchta Loingis Cheannaíochta” na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1962, agus an tAcht seo; agus forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna sin mar aon ní amháin.

Acht 1952 a chur chun feidhme maidir leis an gCoinbhinsiún.

2. —D'fhonn go bhféadfar éifeacht a thabhairt don Choinbhinsiún (atá curtha in ionad an Choinbhinsiúin Sábháilteachta), beidh éifeacht ag Acht 1952 ionann is—

(a) dá gcuirfí tagairtí don Choinbhinsiún in ionad na dtagairtí atá ann don choinbhinsiún Sábháilteachta; agus

(b) dá bhfolódh tagairtí atá ann don Acht sin, ach amháin in ailt 1 agus 2, tagairtí don Acht seo.

Ceanglais nua maidir le lastlonga

Rialacha um dhéanmhas agus suirbhéireacht lastloinge.

3. —(1) Féadfaidh an tAire rialacha a dhéanamh (dá ngairtear rialacha um dhéanmhas agus suirbhéireacht lastloinge san Acht seo) d'fhorordú ceanglas maidir le cabhail, trealamh agus innealra long lena mbaineann an t-alt seo agus á cheangal go ndéanfar aon longa den sórt sin atá cláraithe sa Stát a shuirbhéireacht a mhéid, sa tslí agus cibé tráthanna a fhorordóidh na rialacha.

(2) Beidh sna rialacha sin cibé ceanglais is dóigh leis an Aire a chuirfidh i gcrích forálacha an Choinbhinsiúin maidir le cabhail, trealamh agus innealra na long sin, ach amháin sa mhéid go mbeidh na forálacha sin á gcur i gcrích faoi aon rialacha nó rialacháin eile a rinneadh faoi na hAchtanna Loingis Cheannaíochta.

(3) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le—

(a) longa farraige nach lú ná cúig chéad tonna a dtonnáiste comhiomlán; agus

(b) longa farraige nach lú a dtonnáiste ná cibé tonnáiste is ísle ná sin, agus de cibé tuairisc, a shonróidh an tAire le hordú;

seachas galtáin phaisnéirí, longa trúpaí, luaimh phléisiúir, árthaí iascaireachta, agus longa nach dtiomáintear go meicniúil; ach go mbeidh feidhm aige maidir le longa nach bhfuil cláraithe sa Stát an fad amháin a bheidh siad i gcalafort sa Stát agus nach mbeidh siad díolmhaithe ó na rialacha um dhéanmhas agus suirbhéireacht lastloinge faoi na forálacha seo a leanas den Acht seo.

(4) Beidh ar na hábhair a bhféadfar táillí a cheapadh maidir leo le hordú faoi alt 5 d'Acht 1952 suirbhéireachtaí a cheanglaíonn na rialacha um dhéanmhas agus suirbhéireacht lastloinge a dhéanamh, agus beidh feidhm ag na forálacha a chuirtear chun feidhme le halt 27 (2) den Acht sin (a bhaineann le seachadadh dearbhuithe suirbhéireachta agus achomhairc chun na cúirte suirbhéireachta) maidir leis na suirbhéireachtaí sin cibé acu chun na críche a bhaineann le heisiúint aon deimhnithe nó nach ea a dhéanfar iad.

(5) Maidir le suirbhéireachtaí a cheanglaíonn na rialacha um dhéanmhas agus suirbhéireacht lastloinge a dhéanamh agus a dhéantar ar shlí eile seachas ag suirbhéir long a ceapadh faoi na hAchtanna Loingis Cheannaíochta—

(a) ní bheidh feidhm ag an méid sin d'alt 6 d'Acht 1952 a cheanglaíonn táillí a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste; agus

(b) na forálacha a chuirtear chun feidhme le halt 27 (2) d'Acht 1952 beidh feidhm acu faoi réir cibé modhnuithe a fhorordaíonn na rialacháin um dhéanmhas agus suirbhéireacht lastloinge; agus

(c) ní bheidh feidhm ag an míniú ar “dearbhú suirbhéireachta” in alt 3 d'Acht 1952.

(6) Féadfar ordú faoi fho-alt (3) (b) den alt seo a athrú nó a chúlghairm le hordú ina dhiaidh sin.

Deimhnithe sábháilteachta um dhéanmhas lastloinge agus deimhnithe díolúine.

4. —(1) Más deimhin leis an Aire nó le cibé duine a bheidh údaraithe aige chun na críche sin, tar éis dó dearbhuithe suirbhéireachta a fháil maidir le long lena mbaineann alt 3 den Acht seo agus atá cláraithe sa Stát, go gcomhlíonann an long na rialacha um dhéanmhas agus suirbhéireacht lastloinge is inchurtha chun feidhme maidir leis an long agus le cibé turais ar a mbíonn sí ag gabháil, eiseoidh sé deimhniú mar a leanas i leith na loinge má iarrann an t-úinéir é—

(a) mura lú ná cúig chéad tonna tonnáiste comhiomlán na loinge agus go mbeidh sí ag gabháil ar thurais idirnáisiúnta, deimhniú san fhoirm a fhorordaíonn an Coinbhinsiún;

(b) in aon chás eile, deimhniú á thaispeáint go gcomhlíonann sí na rialacha sin;

agus san Acht seo gairtear deimhniú sábháilteachta um dhéanmhas lastloinge d'aon deimhniú den sórt sin.

(2) Más deimhin leis an Aire, tar éis dó dearbhuithe suirbhéireachta a fháil maidir le long den sórt sin, go bhfuil an long díolmhaithe, de bhua é d'fheidhmiú aon chumhachta a thugtar dó le halt 45 d'Acht 1952 nó leis na rialacha um dhéanmhas agus suirbhéireacht lastloinge, ó aon cheann de cheanglais na rialacha sin is inchurtha chun feidhme maidir leis an long agus le cibé turais ar a mbíonn sí ag gabháil, agus go gcomhlíonann sí an chuid eile de na ceanglais sin, eiseoidh sé deimhniú mar a leanas i leith na loinge má iarrann an t-úinéir é—

(a) mura lú a tonnáiste comhiomlán ná cúig chéad tonna agus go mbeidh sí ag gabháil ar thurais idirnáisiúnta—

(i) deimhniú díolúine a déarfaidh cé acu de cheanglais an Choinbhinsiúin, is ceanglais a chuirtear chun críche leis na rialacha agus is inchurtha chun feidhme mar a dúradh, óna bhfuil an long díolmhaithe agus a déarfaidh go bhfuil an díolúine faoi réir an choinníll an long do ghabháil ar na turais agus í do chomhlíonadh na gcoinníollacha (más ann) a shonraítear sa deimhniú; agus

(ii) deimhniú á thaispeáint go gcomhlíonann an long an chuid eile de na ceanglais;

(b) in aon chás eile, deimhniú á thaispeáint go gcomhlíonann an long cibé ceanglais de chuid na rialacha um dhéanmhas agus suirbhéireacht lastloinge is inchurtha chun feidhme maidir leis an long agus leis na turais ar a mbeidh sí ag gabháil agus nach bhfuil sí díolmhaithe uathu;

agus san Acht seo gairtear deimhniú sábháilteachta coinníollta um dhéanmhas lastloinge d'aon deimhniú a eiseofar faoi mhír (a) (ii) nó faoi mhír (b) den fho-alt seo.

(3) Leanfaidh deimhniú a eiseofar faoin alt seo, seachas deimhniú díolúine, i bhfeidhm go ceann cúig bliana nó go ceann cibé tréimhse is giorra ná sin a shonrófar ann, ach sin gan dochar do chumhacht an Aire é a chealú; agus leanfaidh deimhniú díolúine a eiseofar faoin alt seo i bhfeidhm an fad céanna a leanfaidh an deimhniú coinníollta comhfhreagrach i bhfeidhm.

(4) Féadfaidh an tAire le hordú an tréimhse a bhféadfar deimhniú faoin alt seo a eisiúint ina haghaidh a fhadú go dtí tréimhse sé bliana ar a mhéid.

(5) Gan dochar don chumhacht chun tréimhse a fhadú a thugtar le halt 27 (5) d'Acht 1952, i gcás ina mbeidh deimhniú faoin alt seo i bhfeidhm maidir le long agus gur eisíodh an deimhniú in aghaidh tréimhse is giorra ná a cheadaítear faoi na forálacha sin roimhe seo den alt seo, féadfaidh an tAire nó aon duine a bheidh údaraithe aige chun na críche sin, más deimhin leis, tar éis dó dearbhuithe suirbhéireachta a fháil maidir leis an long, gur cuí é a dhéanamh, ré an deimhnithe a fhadú go ceann tréimhse nach faide ná bliain, agus nach faide agus an tréimhse ar eisíodh é ina haghaidh, agus aon tréimhse a cuireadh d'fhad léi roimhe sin faoin bhfo-alt seo a chur san áireamh, ná an tréimhse ab fhaide a bhféadfaí é a eisiúint ina haghaidh faoin alt seo.

(6) Maidir le deimhniú arna eisiúint nó arna fhadú faoin alt seo ag duine a bheidh údaraithe ag an Aire, beidh feidhm—

(a) ag na forálacha a chuirtear chun feidhme le halt 27 (8) d'Acht 1952 (a bhaineann le deimhnithe a eiseoidh an tAire a chur ar aghaidh, a chealú, a thabhairt suas, a phostáil suas agus a fhalsú), ach amháin alt 276 den Phríomh-Acht (deimhnithe a chur ar aghaidh), agus

(b) ag alt 5 d'Acht 1952 (táillí);

díreach mar atá feidhm acu maidir le deimhnithe ón Aire, ach ní bheidh feidhm ag an méid sin d'alt 6 d'Acht 1952 a cheanglaíonn táillí a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.

(7) Féadfar ordú faoi fho-alt (4) den alt seo a athrú nó a chúlghairm le hordú ina dhiaidh sin.

Fógra i dtaobh athruithe agus suirbhéireachtaí breise.

5. —(1) An dualgas atá ar úinéir nó máistir loinge faoi alt 25 (2) d'Acht 1952 fógra a thabhairt i dtaobh athruithe agus athnuachaintí beidh réim aige, i gcás long a bhfuil deimhniú faoi alt 4 den Acht seo i bhfeidhm ina leith maidir leis an gcabhail, maidir leis an innealra agus maidir le haon trealamh seachas a bhfuil luaite san fho-alt sin, ach más duine a bhí údaraithe faoin alt sin 4 a d'eisigh an deimhniú, féadfar an dualgas sin a chomhlíonadh trí fhógra a thabhairt dó in ionad é a thabhairt don Aire.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) den alt sin 25 (suirbhéireacht bhreise agus deimhnithe a chealú) maidir le haon long den sórt sin, ionann is—

(a) dá mbeadh réim ag mír (a) de maidir le haon athrú nó athnuachan nach foláir de bhua an ailt seo fógra a thabhairt ina thaobh; agus

(b) dá mbeadh mír (b) agus nach mbeadh mír (c) de inchurtha chun feidhme d'ainneoin nach galtán paisinéirí í an long;

agus beidh cumhacht an Aire faoin bhfo-alt sin chun deimhniú den sórt sin a chealú infheidhmithe freisin i gcás nár cuireadh an long le suirbhéireacht a dhéanamh uirthi mar a cheanglaítear leis na rialacha um dhéanmhas agus suirbhéireacht lastloinge.

Toirmeasc ar dhul chun farraige gan na deimhnithe iomchuí.

6. —(1) Ní rachaidh aon long lena mbaineann alt 3 den Acht seo agus atá cláraithe sa Stát chun farraige mura mbeidh—

(a) deimhniú sábháilteachta um dhéanmhas lastloinge; nó

(b) deimhniú sábháilteachta coinníollta um dhéanmhas lastloinge agus, má tá an long ar tí dul ar thuras idirnáisiúnta, deimhniú díolúine comhfhreagrach; nó

(c) cibé deimhniú nó deimhnithe a bheadh ag teastáil dá mba ghaltán paisinéirí í,

inchurtha chun feidhme maidir leis an long and leis an turas ar a bhfuil sé ar tí dul i bhfeidhm maidir leis an long.

(2) Má théann aon long chun farraige nó má fhéachann sí dul chun farraige contrártha don alt seo, beidh úinéir nó máistir na loinge ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(3) Déanfaidh máistir gach loinge lena mbaineann alt 3 den Acht seo agus atá cláraithe sa Stát an deimhniú nó na deimhnithe a cheanglaítear leis na forálacha sin roimhe seo den alt seo a thabhairt ar aird don oifigeach custam ar a n-éileofar imréiteach don long; agus ní thabharfar an t-imréiteach, agus féadfar an long a choinneáil, go dtí go dtabharfar an deimhniú nó na deimhnithe sin ar aird amhlaidh.

Díolúine do longa ag a bhfuil na deimhnithe iomchuí.

7. —I gcás ina dtabharfar ar aird maidir le long nach bhfuil cláraithe sa Stát—

(a) deimhniú Coinbhinsúin Sábháilteachta inghlactha agus arb ionann é agus deimhniú sábháilteachta um dhéanmhas lastloinge; nó

(b) deimhnithe Coinbhinsiúin Sábháilteachta inghlactha agus arb ionann iad faoi seach agus deimhniú sábháilteachta coinníollta um dhéanmhas lastloinge agus deimhniú díolúine comhfhreagrach;

beidh an long díolmhaithe ó na rialacha um dhéanmhas agus suirbhéireacht lastloinge.

Pionós faoi neamhchomhlíonadh rialacha agus cumhacht choinneála.

8. —(1) Má sháraítear na rialacha um dhéanmhas agus suirbhéireacht lastloinge in aon slí maidir le long, beidh úinéir nó máistir na loinge sin ciontach i gcion agus ar é a chiontú ar díotáil dlífear fínéail nach mó ná cúig chéad punt a chur air, nó ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(2) Féadfaidh suirbhéir long aon long a iniúchadh lena chinntiú go gcomhlíonann sí forálacha na rialacha um dhéanmhas agus suirbhéireacht lastloinge (seachas na rialacha a bhaineann le suirbhéireacht) agus chun na críche sin beidh aige cumhachtaí uile cigire de chuid na Roinne Iompair agus Cumhachta; agus má fhaigheann sé amach nach gcomhlíonann an long na forálacha sin, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don úinéir nó don mháistir á chur in iúl cá bhfuil ag teip ar an long iad a chomhlíonadh agus cad a mheasann sé is gá chun an easpa a chur ina cóir.

(3) Cuirfear gach fógra faoi fho-alt (2) den alt seo i bhfios i slí a ordóidh an tAire don phríomh-oifigeach custam in aon chalafort ina n-iarrfaidh an long imréiteach nó transire; agus coinneofar an long go dtabharfar deimhniú ar aird faoi láimh shuirbhéir long á chur in iúl gur cuireadh an easpa ina cóir.

Rialú Damáiste agus Fearais Tharrthála

Pleananna um rialú damáiste agus eolas cobhsaíochta do ghaltáin phaisinéirí.

9. —Féadfaidh rialacha déanmhais (is iad sin rialacha arna ndéanamh faoi alt 10 d'Acht 1952 maidir le cabhail, trealamh agus innealra galtán paisinéirí atá cláraithe sa Stát) go soláthrófar sna longa sin—

(a) pleananna a chuirfear ar taispeáint mar a fhoráiltear leis na rialacha nó fúthu, agus eolas eile maidir le teorainneacha seomríní uiscedhíonacha, na hoscailtí orthu, an tslí leis na hoscailtí sin a dhúnadh agus na socruithe chun aon staoin mar gheall ar thuiliú a cheartú; agus

(b) eolas is gá mar threoir don mháistir chun dóthain cobhsaíochta a choimeád le go mbeadh an long in ann damáiste a sheasamh.

Leathnú ar chumhacht chun rialacha a dhéanamh maidir le fearais tharrthála.

10. —Déanfar fo-alt (1) d'alt 427 den Phríomh-Acht (a thugann cumhacht don Aire Iompair agus Cumhachta rialacha a dhéanamh maidir le fearais tharrthála) a leasú mar a leanas:—

(a) i mír (e) (buoyant apparatus required to be carried on board ships carrying passengers) fágfar ar lár na focail “carrying passengers”;

(b) cuirfear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh mhír (m):—

“(mm) the provision in ships of plans or other information relating to the means of preventing, detecting, controlling and extinguishing outbreaks of fire”;

(c) i mír (q) (examination of appliances and equipment required by the rules to be carried) cuirfear na focail “and maintenance” isteach i ndiaidh an fhocail “examination”.

Radió-fhearas agus deimhnithe raidió

Ceanglais maidir le raidió-ghaireas iniompair a iomprófar in árthaí tarrthála.

11. —(1) Féadfaidh na rialacha raidió ceanglais a fhorordú maidir le cibé raidió-ghaireas iniompair nach foláir do bháid agus do raftaí tarrthála a iompar faoi rialacha um fhearais tharrthála.

(2) Beidh feidhm ag fo-ailt (7) agus (8) d'alt 15 d'Acht 1952 (a bhaineann le hiniúchadh agus coinneáil long d'fhonn a áirithiú go gcloítear leis na raidió-rialacha) maidir leis an raidió-ghaireas iniompair a cheanglaítear amhlaidh a iompar ar na báid nó ar na raftaí tarrthála a bhíonn ar aon long, díreach mar atá feidhm acu maidir le raidió-fhearas na loinge.

Raidió-fhearas.

12. —In ionad fho-alt (4) d'alt 15 d'Acht 1952 (a shonraíonn an raidió-fhearas a chuirfear de cheangal faoi na raidió-rialacha) cuirfear an fo-alt seo a leanas:—

“(4) An raidió-fhearas is gá faoi na rialacha sin a sholáthar—

(a) do ghaltán paisinéirí d'aon tonnáiste ar bith, nó d'aon long sé chéad déag tonna nó níos mó de thonnáiste comhiomlán nach galtán paisinéirí ná árthach iascaireachta, is fearas raidió-theileagrafaíochta a bheidh ann; agus

(b) d'aon long eile, is fearas raidió-theileafónaíochta nó fearas raidió-theileagrafaíochta, de rogha an úinéara, a bheidh ann.”

Deimhnithe raidió do lastlonga beaga a athnuachan.

13. —I gcás ina mbeidh deimhniú raidió nó deimhniú raidió coinníollta i bhfeidhm maidir le long faoi chúig chéad tonna de thonnáiste comhiomlán, seachas galtán paisinéirí, agus go ndéanfaidh raidió-shuirbhéir suirbhéireacht ar an long tráth nach tuisce ná dhá mhí roimh dheireadh na tréimhse a mbeidh an deimhniú i bhfeidhm ina haghaidh, ansin, más rud é, tar éis an dearbhú suirbhéireachta a fháil, go n-eiseofar deimhniú nua roimh dheireadh na tréimhse sin—

(a) féadfar an deimhniú reatha a chealú; agus

(b) féadfar, d'ainneoin aon ní in alt 27 (3) d'Acht 1952, an deimhniú nua a eisiúint in aghaidh tréimhse dar críoch dáta nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis deireadh na tréimhse céadluaite.

Ilghnéitheach

Deimhnithe díolúine a eisiúint i gcás ina n-eiseoidh tír de chuid an Choinbhinsiúin deimhnithe coinníollta comhfhreagracha.

14. —I gcás ina n-iarrfaidh an tAire, faoi alt 27 (a) d'Acht 1952, ar rialtas aon tíre lena mbaineann an Coinbhinsiún deimhnithe den sórt a údaraítear don Aire a eisiúint faoi alt 20 (3), alt 22 (2) nó alt 23 (2) den Acht, nó faoi mhír (a) d'alt 4 (2) den Acht seo a eisiúint i leith loinge, agus go mbeidh an rialtas sin toilteanach deimhniú coinníollta a eisiúint faoin gcéanna de bhun an iarrtha sin, ach nach mbeidh siad toilteanach an deimhniú díolúine comhfhreagrach a eisiúint, féadfaidh an tAire an deimhniú díolúine sin a eisiúint i leith na loinge sin.

Eolas i dtaobh cobhsaíocht loinge.

15. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir leis an eolas i dtaobh cobhsaíocht loinge nach foláir a sholáthar faoi alt 32 d'Acht 1952.

(2) Ach amháin mar a fhoráiltear leis an bhfo-alt seo a leanas, beidh an t-eolas, nuair a thabharfar ar dtús é, bunaithe ar chobhsaíocht loinge a chinneadh trí thástáil chlaona, agus aon uair a bheidh athrú ábhartha tagtha ar a chruinneas mar gheall ar athruithe a dhéanamh ar an long, cuirfear eolas nua ina ionad; agus in aon chás mar sin féadfaidh an tAire a cheangal go ndéanfar tástáil chlaona nua.

(3) Féadfaidh an tAire—

(a) i gcás aon loinge, cead a thabhairt an t-eolas a bhunú ar chobhsaíocht comhloinge arna cinneadh trí thástáil chlaona;

(b) i gcás long a bheidh dearrtha go speisialta chun leachtanna nó amh-mhianra a iompar i mbuilce, nó i gcás aon aicme long den sórt sin, an tástáil chlaona a ligean thar ceal más deimhin leis ón eolas a bheidh ar fáil maidir le longa eile den chineál céanna go n-áirithíonn miosúireachtaí agus cóiríochtaí na loinge go mbeadh breis is a dóthain cobhsaíochta inti sna dála luchtaithe go léir a bhainfidh léi.

Modhnú ar alt 46 d'Acht 1952.

16. —Ní choiscfidh fo-alt (1) d'alt 46 d'Acht 1952 (a dhíolmhann longa áirithe ó fhorálacha áirithe)—

(a) cibé forálacha acu sin a luaitear i míreanna (a) agus (b) den fho-alt sin a bhaineann le deimhnithe arna n-eisiúint faoi alt 23 den Acht sin nó a gcothrom de dheimhnithe Coinbhinsiúin Sábháilteachta inghlactha a chur chun feidhme maidir le haon long ar trí chéad tonna nó níos mó a tonnáiste comhiomlán;

(b) cibé forálacha acu sin a luaitear i mír (a) den fho-alt sin a bhaineann le deimhnithe arna n-eisiúint faoi alt 4 den Acht seo a chur chun feidhme maidir le haon long lena mbaineann alt 3 den Acht seo agus atá cláraithe sa Stát;

ar an gcuntar amháin gur lú ná cúig chéad tonna a tonnáiste comhiomlán.

Leathnú ar an dualgas chun contúirtí do loingseoireacht a thuairisciú.

R. & O.R., Uimh. 298 de 1936.

17. —Ar na hábhair nach foláir do mháistir loinge eolas a chur ar aghaidh ina dtaobh de réir na Rialacha Loingis Cheannaíochta (Comharthaí Guaise agus Práinne agus Rabhtha Contabhartha), 1936, agus alt 35 d'Acht 1952, áirítear—

(a) aertheochtaí faoin reophoinnte a ghabhann le gálaí gaoithe a chuireann reothalach trom ar bharrdhéanmhas long; agus

(b) gaotha ar neart 10 nó os a chionn ar Scála Beaufort nach bhfuarthas aon rabhadh stoirme ina dtaobh.

Toirmeasc ar dhul chun farraige ar thuras idirnáisiúnta gan lampa comharthaíochta ceadaithe.

18. —(1) Ní rachaidh aon long ar mó ná céad caoga tonna a tonnáiste comhiomlán agus atá cláraithe sa Stát chun farraige ar thuras idirnáisiúnta gan lampa comharthaíochta de chineál a bheidh ceadaithe ag an Aire a bheith feistithe uirthi.

(2) Má théann aon long chun farraige, nó má fhéachann sí dul chun farraige, contrártha don alt seo, beidh úinéir nó máistir na loinge sin ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

Longa ag iompar paisinéirí

Leasú ar alt 271 den Merchant Shipping Act, 1894.

19. —(1) Cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (1) d'alt 271 den Phríomh-Acht (a thoirmisceann ar ghaltáin phaisinéirí ag iompar thar dhá phaisinéir déag seoladh gan deimhniú suirbhéireachta):—

“(1) Every passenger steamer which carries more than twelve passengers shall be surveyed once at least in each year in the manner provided in this Part of this Act; and no ship (other than a steam ferry boat working in chains) shall proceed to sea or on any voyage or excursion with more than twelve passengers on board, unless there is in force in respect of the ship a certificate as to survey under this Part of this Act, applicable to the voyage or excursion on which the ship is about to proceed, or that voyage or excursion is one in respect of which the Minister for Transport and Power has exempted the ship from the requirements of this subsection.”

agus i ndeireadh fho-alt (2) den alt sin (a chumasíonn long phaisinéirí a choinneáil go dtí go dtabharfar deimhniú den sórt sin ar aird) cuirfear isteach na focail “unless the voyage or excursion on which she is about to proceed is one in respect of which she has been exempted as aforesaid”.

(2) Déanfar tagairtí sna hAchtanna Loingis Cheannaíochta do ghaltán paisinéirí a fhorléiriú mar thagairtí d'aon long le linn di a bheith, nó a bheith ar tí dul, ar thuras nó ar shaorthuras in aon chás inar gá deimhniú galtáin phaisinéirí a bheith i bhfeidhm ina leith.

Forliontach

Forálacha idirlinne agus aisghairm.

20. —(1) Ní dhéanfaidh aon ní in alt 6 den Acht seo nó in alt 31 (1) d'Acht 1952 a thoirmeasc ar long dul chun farraige gan deimhniú den sórt sin is gá, nó gan deimhniú cothrom leis an gceann is gá, faoin alt sin 6, go ceann dhá bhliain ó dháta tosach feidhme an Achta seo.

(2) Ní dhéanfaidh aon ní in alt 16 (a) den Acht seo nó in alt 26 (1) (b) (ii) nó in alt 31 (1) d'Acht 1952 a thoirmeasc ar long ar lú ná cúig chéad tonna a tonnáiste comhiomlán dul chun farraige gan deimhniú den sórt sin is gá, nó gan deimhniú cothrom leis an gceann is gá, faoin alt sin 26 (1) (b) (ii) go ceann bliana ó dháta tosach feidhme an Achta seo.

(3) Féadfaidh an tAire le rialacháin a fhoráil go ndéanfar mar a leanas chun cibé críocha, in aghaidh cibé tréimhse agus faoi réir cibé coinníollacha a shonrófar leis na rialacháin nó fúthu—

(a) go ndéileálfar chun críocha an Achta seo le haon tír lena mbaineann an Coinbhinsiún Sábháilteachta ionann is dá mba thír í lena mbaineann an Coinbhinsiún; agus

(b) go ndéileálfar le haon deimhniú arbh éard é roimh thosach feidhme an Achta seo deimhniú Coinbhinsiúin Sábháilteachta inghlactha de réir brí Acht 1952 mar a achtaíodh ar dtús é ionann is dá mba dheimhniú Coinbhinsiúin Sábháilteachta inghlactha é de réir brí an Achta sin arna leasú leis an Acht seo.

(4) Déantar leis seo na forálacha seo a leanas d'Acht 1952 a leasú, is é sin le rá—

(a) tríd an míniú ar “na hAchta Loingis Cheannaíochta” in alt 3 (1) a aisghairm;

(b) tríd na focail “faoi na forála roimhe seo den” in alt 28 (1) a scriosadh agus an focal “faoin” a chur ina n-ionad;

(c) tríd na focail ó “agus beidh sé bunaithe” in alt 32 (2) go dtí deireadh an fho-ailt a scriosadh;

(d) trí mhíreanna 2 go 4 sa Dara Sceideal a scriosadh.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

21. —(1) Féadfar an tAcht Loingis Cheannaíochta, 1966 , a ghairm den Acht seo agus féadfar na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1966, a ghairm de na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1962, agus den Acht seo le chéile.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i bhfeidhm cibé lá a cheapfaidh an Rialtas le hordú.