An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V Talamh a Fháil, etc.) Ar Aghaidh (Caibidil II Teaghaisí Áirithe a Sholáthrófar faoin Acht seo.)

21 1966

ACHT NA dTITHE, 1966

CUID VI

Talamh agus Teaghaisí a Dhiúscairt

Caibidil I

Talamh

Údarás tithíochta do dhiúscairt talún.

1946, Uimh. 24 .

88. —(1) Féadfar aon talamh a gheobhaidh údarás tithíochta chun críocha nó faoi réim an Achta seo nó a leithreasófar chun críocha an Achta seo a dhíol, a léasadh nó a mhalartú faoi réir cibé coinníollacha a mheasfaidh an t-údarás is gá ag féachaint do chríocha an Achta seo.

(2) (a) I gcás, maidir le haon talamh a gheobhaidh údarás tithíochta chun críocha nó faoi réim an Achta seo nó a leithreasóidh siad chun críocha an Achta seo, ina measfaidh an t-údarás nach dteastóidh úsáid na talún uathu le haghaidh aon fheidhm dá gcuid go ceann tréimhse áirithe, féadfaidh an t-údarás léas ar an talamh a dheonú ar feadh na tréimhse sin nó aon tréimhse is giorra ná sin agus beidh an léas sainráite mar léas arna dheonú chun críocha an fho-ailt seo.

(b) Ní bheidh feidhm ag an Land Law (Ireland) Act, 1881, ag na hAchta um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1931 agus 1958, ná ag an Acht Srianta Cíosa, 1960 , maidir le léas a dheonófar mar a dúradh chun críocha an fho-ailt seo.

(3) Maidir le haon diúscairt talún faoin alt seo, beidh feidhm agus éifeacht ag alt 83 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 , ionann is dá gcuirfí an méid seo a leanas in ionad míreanna (b), (c) agus (d), d'fho-alt (1) den alt sin:

“  (b) ag cruinniú den údarás áitiúil a thionólfar tar éis deich lá glan a bheith caite ón lá a cuireadh amach na fógraí sin, beartóidh an t-údarás le rún mar a leanas:

(i) go ndéanfar an diúscairt de réir na dtéarmaí a bheidh sonraithe sna fógraí sin, nó

(ii) go ndéanfar an diúscairt de réir na dtéarmaí a bheidh sonraithe sa rún, nó

(iii) nach ndéanfar an diúscairt,

(c) má bheartaíonn an t-údarás áitiúil le rún de bhun mhír (b) den fho-alt seo go ndéanfar an diúscairt de réir na dtéarmaí a bheidh sonraithe sna fógraí sin, féadfar an diúscairt a dhéanamh de réir na dtéarmaí sin,

(d) má bheartaíonn an t-údarás áitiúil le rún de bhun mhír (b) den fho-alt seo go ndéanfar an diúscairt de réir na dtéarmaí a bheidh sonraithe sa rún, féadfar an diúscairt sin a dhéanamh, le toiliú an Aire, de réir na dtéarmaí sin”,

(4) San alt seo, ní fholóidh “talamh” teaghais lena mbaineann alt 90 den Acht seo ná iostán de réir brí alt 93 den Acht seo ar féidir iarratas a dhéanamh ina leith faoi alt 16 d'Acht 1936.