An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHEAD SCEIDEAL Aisghairm) Ar Aghaidh (AN TRÍÚ SCEIDEAL Forálacha is Inchurtha chun Feidhme maidir le hOrduithe Ceannaigh Éigeantaigh)

21 1966

ACHT NA dTITHE, 1966

AN DARA SCEIDEAL

Ábhair nach mór d'Údarás Tithíochta Aird a bheith acu Orthu agus Iad ag Breithniú an bhFuil Teach Neamh-Oiriúnach chun Daoine Cónaí Ann

Alt 66.

1. Cobhsaíocht;

2. Friotaíocht in aghaidh tóiteáin;

3. Sábháilteacht staighrí agus comhphasáistí lena n-áirítear bail na pábhála in aon chlós nó spás oscailte a chomhghabhann leis an teach;

4. Friotaíocht in aghaidh taisligh;

5. Friotaíocht in aghaidh traiseoladh teasa;

6. Friotaíocht in aghaidh traiseoladh fuaime;

7. Friotaíocht in aghaidh foircthe;

8. Soláthar uisce, córacha sláintíochta agus siltean;

9. Aerspás agus aerú;

10. Soilsiú, nádúrtha agus saorga;

11. Saoráidí chun bia a ullmhú, a stóráil agus a chócaireacht;

12. A mhéid nach gcomhlíonann an teach aon chaighdeán nó ceanglas (seachas caighdeán nó ceanglas a bhaineann le haon ábhar a luaitear anseo roimhe seo) atá i bhfodhlíthe foirgníochta atá i bhfeidhm sa limistéar faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1964, nó i rialacháin foirgníochta atá i bhfeidhm sa limistéar faoin Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 .