An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN DARA SCEIDEAL Ábhair nach mór d'Údarás Tithíochta Aird a bheith acu Orthu agus Iad ag Breithniú an bhFuil Teach Neamh Oiriúnach chun Daoine Cónaí Ann) Ar Aghaidh (AN CEATHRÚ SCEIDEAL Rialacha is Inchurtha Chun Feidhme Maidir le Measúnú Cúitimh)

21 1966

ACHT NA dTITHE, 1966

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Forálacha is Inchurtha chun Feidhme maidir le hOrduithe Ceannaigh Éigeantaigh

Alt 76.

1. Is san fhoirm fhorordaithe a bheidh ordú ceannaigh éigeantaigh agus tuairisceoidh sé, faoi threoir léarscála, an talamh lena mbaineann sé agus beidh ann, faoi réir na modhnuithe a luaitear anseo ina dhiaidh seo agus aon oiriúnuithe is gá—

1845, c. 18.

(a) Achtanna na gClásal Talún (gan ailt céad fiche a seacht go céad tríocha a dó den Lands Clause Consolidation Act, 1845, ná airteagal 20 den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1890 a áireamh;

(b) an Acquisition of Land (Assessment of Compensation), Act. 1919.

2. Is iad seo a leanas na modhnuithe ar faoina réir a chuirfear Achtanna na gClásal Talún agus an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, in ordú ceannaigh éigeantaigh:

(a) i gcás nach mó ná cúig chéad punt an t-airgead ceannaigh nó an cúiteamh is iníoctha le duine a éilíonn aon leas i dtalamh, agus go dtabharfaidh an t-éilitheoir fianaise prima facie gur duine é ag a bhfuil cumhacht díol faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh nó faoi Achtanna na gClásal Talún agus go ndeimhneoidh sé don údarás tithíoctha go raibh sé féin, nó a neas-réamhtheachtaí i dteideal, go pearsanta, nó trí ghníomhaire, ag fáil cíosanna nó brabús na talún, nó á áitiú iarbhír, ar feadh sé bliana ar a laghad díreach roimhe sin, féadfaidh an t-údarás déileáil leis an éilitheoir mar úinéir iomlán an leasa arb ina leith a éilíonn sé, agus féadfar an t-airgead ceannaigh nó an cúiteamh a íoc leis;

(b) i gcás leas in aon talamh, ar iníoctha suim nach mó ná cúig céad punt airgid cheannaigh nó cúitimh ina leith, a bheith faoi réir aon mhorgáiste nó muirir, féadfar méid an airgid cheannaigh nó an chúitimh a íoc leis an duine atá i dteideal an mhorgáiste nó an mhuirir, nó má bhíonn níos mó ná morgáiste nó muirear amháin den sórt sin ann, ansin leis an duine atá i dteideal an mhorgáiste nó an mhuirir is túisce i dtosaíocht, agus déanfar an méid a íocfar amhlaidh a ghlacadh de laghdú ar an bpríomhshuim a bheidh dlite de thuras na huaire i leith an mhorgáiste nó an mhuirir, d'ainneoin aon treoir, coinnioll, nó cúnant dá mhalairt in aon ionstraim;

(c) i gcás údarás tithíochta a bheith, de bhun mhír (a) nó (b) den airteagal seo, tar éis cúig chéad punt ar a mhéid airgid cheannaigh nó cúitimh a íoc le duine ar bith, tabharfaidh an duine admháil san fhoirm fhorordaithe don údarás i leith an airgid cheannaigh nó an chúitimh agus, ach amháin i gcás talamh lena mbaineann ordú dílseacháin, beidh an admháil, i gcás í a thabhairt ag duine ar féidir déileáil leis mar úinéir iomlán nó ag duine atá i dteideal morgáiste nó muirir ar leas aon duine den sórt sin, éifeachtúil chun feo simplí na talún arb ina leith a íocadh an t-airgead ceannaigh nó an cúiteamh a dhílsiú go hiomlán don údarás, saor ó eirí agus ó gach eastát, ceart, teideal agus leas de gach sórt (seachas ceart slí poiblí);

(d) déanfar meabhrán ar an méid a íocadh faoi mhír (b) den airteagal seo a fhormhuiniú, i gcás inar féidir sin, ar ionstraim bhunaithe an mhorgáiste nó an mhuirir, agus síneoidh an duine é a gheobhaidh an t-airgead ceannaigh nó an cúiteamh, agus tabharfaidh an t-údarás tithíochta cóip den mheabhrán do gach duine ar dóigh leis an údarás teideal a bheith aige chun aon leasa sa talamh atá faoi réir an mhorgáiste nó an mhuirir;

(e) déanfaidh an t-údarás tithíochta cóip den admháil a luaitear i mír (c) den airteagal seo, ar aon duine atá i dteideal aon eastáit nó leasa sa talamh arb ina leith a íocadh an t-airgead ceannaigh nó an cúiteamh á iarraidh, a thabhairt don duine sin;

(f) aon duine a éilíonn go bhfuil teideal aige chun aon airgid cheannaigh nó cúitimh a íocadh le duine eile faoin airteagal seo, féadfaidh sé, laistigh de shé bliana tar éis an íocaíocht a dhéanamh, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda agus ar an éisteacht féadfaidh an chúirt, más cuí léi, an t-iarratas a dhíbhe nó foraithne a dhéanamh i gcoinne an údaráis tithíochta i leith na suime a chinnfidh an chúirt a bheith dlite i leith an éilithe agus is fiach a bheidh dlite don údarás den duine lenar íoc siad an t-airgead an tsuim dá ndéanfar aon fhoraithne den sórt sin;

(g) más rud é—

(i) gur dealraitheach don údarás tithíochta nach bhfuil an duine atá ag déanamh aon éilithe ar airgead ceannaigh nó ar chúiteamh i leith talún, nó ar aon eastát nó leas i dtalamh, i dteideal iomlán na talún, an eastáit nó an leasa, nó

(ii) nach bhfuil an teideal chun na talún, an eastáit, nó an leasa suite chun sástacht an údaráis tithíochta,

agus nach mó ná dhá chéad déag punt an t-airgead ceannaigh nó an cúiteamh, féadfaidh an t-údarás é a íoc isteach sa Chúirt Chuarda agus air sin beidh an dlínse go léir ag an gcúirt ina leith is infheidhmithe ag an Ard-Chúirt faoi Achtanna na gClásal Talún agus air sin beidh na cearta agus na cumhachtaí comhchosúla go léir ag an údarás i leith na talún, an eastáit nó an leasa a bheadh acu dá mba isteach san Ard-Chúirt a íocadh an t-airgead ceannaigh nó an cúiteamh;

(h) beidh éifeacht ag alt 72 den na Lands Clauses Consolidation Act, 1845, ionann is dá gcuirfí “five hundred pounds” in ionad “twenty pounds”;

(i) d'ainneoin Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 , a aisghairm leis an Acht seo, leanfar de “two” a chur in ionad “three” in airteagal 6 den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1890;

(j) beidh éifeacht ag airteagal 24 den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1890, arna leasú le halt 31 d'Acht 1948 (a aisghairtear leis an Acht seo) ionann is dá gcuirfí “at which, on the date of such entry the local authority could borrow from the local loans fund” in ionad “of three pounds per centum per annum”;

(k) measúnófar an cúiteamh de réir na bhforálacha sin den Acht seo a bhaineann le measúnú cúitimh i leith talamh a fhaightear go héigeantach agus is infheidhmithe maidir leis an gcás áirithe;

(l) ní chuirfidh eadránaí i gcuntas—

(i) aon leas i dtalamh a bhunófar tar éis an dáta a fhoilseofar, de réir airteagal 4 den Sceideal seo, fógra go ndearnadh an t-ordú, ná

(ii) aon fhoirgneamh a thógfar nó aon fheabhsú nó athrú a dhéanfar tar éis an dáta sin más dóigh leis an eadránaí nach raibh gá réasúnach leis an bhfoirgneamh a thógáil nó an feabhsú nó an t-athrú a dhéanamh agus gur d'fhonn cúiteamh nó cúiteamh breise a fháil a cuireadh sin i gcrích.

3. Má bhaineann an t-ordú ceannaigh éigeantaigh le talamh ar a bhfuil teach agus gurb é tuairim an údaráis tithíochta faoin teach go bhfuil sé neamhoiriúnach chun daoine cónaí ann agus nach féidir ar chostas réasúnach é a dhéanamh oiriúnach chun daoine cónaí ann, tuairisceofar an teach ar an modh forordaithe san ordú.

4. Sula gcuirfidh an t-údarás tithíochta an t-ordú ceannaigh éigeantaigh faoi bhráid an Aire—

(a) foilseoidh siad, i nuachtán amháin nó níos mó a léitear ina limistéar feidhmiúcháin, fógra san fhoirm fhorordaithe, á rá go ndearnadh ordú den sórt sin agus ag insint áite ina bhféadfar cóip den ordú agus den léarscáil dá dtagraítear san ordú a fheiceáil gach tráth réasúnach; agus

(b) seirbheálfaidh siad ar gach úinéir, léasaí agus áititheoir (ach amháin tionóntaí ar feadh míosa nó ar feadh tréimhse is giorra ná mí) aon talún lena mbaineann an t-ordú fógra san fhoirm fhorordaithe ag insint éifeacht an ordaithe agus go bhfuiltear ar tí é a chur faoi bhráid an Aire lena dhaingniú agus ag sonrú an trátha ar lena linn a fhéadfar agus an mhodha ar a bhféadfar agóidí a dhéanamh ina choinne.

5. (1) I gcás ina mbeifear tar éis ordú ceannaigh éigeantaigh a chur faoi bhráid an Aire, féadfaidh sé, más oiriúnach leis, agus faoi réir na bhforálacha seo a leanas den airteagal seo—

(a) an t-ordú a neamhniú le hordú neamhniúcháin, nó

(b) an t-ordú a dhaingniú, le modhnú nó gan mhodhnú, le hordú daingniúcháin,

maidir le hiomlán nó cuid den talamh lena mbaineann an t-ordú ceannaigh éigeantaigh agus má dhéanann an tAire ordú neamhniúcháin nó ordú daingniúcháin maidir le cuid den talamh sin, féadfaidh an tAire ordú neamhniúcháin nó ordú daingniúcháin nó ordú neamhniúcháin nó ordú daingniúcháin breise, de réir mar a bheidh, a dhéanamh maidir le haon chuid den talamh sin nach mbaineann ordú neamhniúcháin a rinneadh roimhe sin ná ordú daingniúcháin a rinneadh roimhe sin leis.

(2) Ní dhaingneoidh an tAire ordú ceannaigh éigeantaigh a mhéid a bhaineann sé le haon talamh a mbeidh agóid déanta go cuí ina leith ag aon duine de na daoine a mbeidh ceangal ann fógra i dtaobh an t-ordú a dhéanamh a sheirbheáil orthu, go dtí go mbeidh sé tar éis a chur faoi deara fiosrúchán áitiúil poiblí i dtaobh na hagóide sin a dhéanamh agus go dtí go mbreithneoidh sé an agóid sin agus an tuarsacáil ón duine a rinne an fiosrúchán, mura rud é—

(a) go dtarraingeofar siar an agóid sin, nó

(b) gur deimhin leis an Aire go mbaineann an agóid sin, go heisiatach, le hábhair a bhféadfaidh an t-eadránaí a bhféadfadh gurb é a mheasúnódh an cúiteamh déileáil leo.

(3) Aon ordú a dhéanfaidh an tAire—

(a) ní údaróidh sé don údarás tithíochta aon talamh a fháil go héigeantach nach n-údaródh an t-ordú ceannaigh éigeantaigh iomchuí dóibh a fháil amhlaidh dá ndaingneofaí é gan mhodhnú;

(b) ní údaróidh sé don údarás tithíochta aon teach a fháil mar theach atá neamhoiriúnach chun daoine cónaí ann agus nach féidir a dhéanamh, ar chostas réasúnach, oiriúnach chun daoine cónaí ann, mura mbeidh an tuairisc sin air san ordú bunaidh.

(4) Más é tuairim an Aire maidir le teach a dtuairiscítear in ordú ceannaigh éigeantaigh gur teach é atá neamhoiriúnach chun daoine cónaí ann agus nach féidir é a dhéanamh oiriúnach ar chostas réasúnach nár cheart é a tbuairisciú amhlaidh, neamhneoidh sé an t-ordú a mhéid a bhaineann sé leis an teach murarb é a thuairim go bhféadfaidh an t-údarás tithíochta é a fháil go cuí, agus sa chás sin modhnóidh sé an t-ordú i gcaoi is go n-údaróidh sé don údarás an teach a fháil agus cúiteamh arna mheasúnú de réir Chuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a íoc ina leith.

(5) Le linn aon achtachán a bheidh curtha isteach in ordú ceannaigh éigeantaigh a bheith á fhorléiriú—

(a) déanfar aon tagairt don Acht speisialta a fhorléiriú mar thagairt don Acht seo mar aon leis an ordú;

(b) déanfar aon tagairt don údarás daingniúcháin a fhorléiriú mar thagairt don Aire;

(c) déanfar aon tagairt d'údarás áitiúil nó do thionscantóirí an ghnóthais a fhorléiriú mar thagairt d'údarás tithíochta;

(d) déanfar aon tagairt do Chuid I nó do Chuid II d'Acht 1890 a fhorléiriú mar thagairt don Acht seo;

(e) déanfar aon tagairt do thalamh a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon leas nó ceart thar talamh a fuarthas nó atá ar teachtadh ón údarás a rinne an t-ordú ceannaigh éigeantaigh.