An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Iasachtaí agus Deontais Tithíochta, etc.) Ar Aghaidh (Caibidil V Liúntais Easáitiúcháin)

21 1966

ACHT NA dTITHE, 1966

Caibidil IV

Ranníocaí ón Aire i leith Muirear Iasachta Bliantúil Áirithe

Ranníocaí ón Aire i leith muirear iasachta bliantúil áirithe de chuid údarás tithíochta.

1963, Uimh. 28 .

1964, Uimh. 29 .

44. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3) den alt seo agus cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, ranníoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, a dhéanamh, i gcaitheamh cibé tréimhse nach faide ná caoga bliain a chinnfidh an tAire, faoi chomhair na muirear iasachta bliantúil a thabhaigh údarás tithíochta i leith airgead a fuair siad ar iasacht—

(a) chun teaghaisí a sholáthar faoin Acht seo nach mbeidh deontas faoi alt 15 den Acht seo tugtha ina leith, nó

(b) chun láithreáin chun críocha foirgníochta a sholáthar, ar choinníoll gur deimhin leis an Aire gurb é an lú lá d'Iúil, 1965, dá éis sin a tosaíodh ar obair forbartha an láithreáin.

(2) I gcás teaghaisí a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le ranníoc faoi fho-alt (1) den alt seo seachas ranníoc speisialta :

(a) ní bheidh an ranníoc níos mó ná seasca a sé agus dhá thrian faoin gcéad de na muirir iasachta bhliantúla sin más deimhin leis an Aire gur soláthraíodh na teaghaisí—

(i) tar éis tosach feidhme an ailt seo, mar chóiríocht do dhaoine scothaosta,

(ii) mar chóiríocht do dhaoine a easáitíodh, roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis, nó a easáiteofar—

(I) de dheasca aon oibríochtaí ag údarás tithíochta faoin Acht seo,

(II) faoi alt 77 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 (lena n-áirítear, go sonrach, aon oibríochtaí faoi chomhshocraíocht chun talamh a fhorbairt a rinne nó a chuir údarás tithíochta i gcrích le duine nó comhlacht faoi fho-alt (3) den alt sin 77) nó

(III) faoi alt 3 den Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1964 ,

(iii) mar chóiríocht do dhaoine a easáitíodh de dheasca na tithe a bhí acu titim nó a dhíothú,

(iv) mar chóiríocht do dhaoine a chónaíonn faoi dhála plódaithe,

(v) mar chóiríocht do dhaoine i gcall tithíochta ar chúiseanna liachta, atruacha nó cúiseanna eile dá sórt sin, más amhlaidh do dhála na ndaoine sin nach bhféadfaí iad a atithiú ar aon slí eile,

(b) ní bheidh an ranníoc níos mó ná tríocha a trí agus trian faoi gcéad de na muirir iasachta bhliantúla sin in aon chás eile.

(3) I gcás láithreáin chun críocha foirgníochta a sholáthrófar faoin Acht seo, ní bheidh ranníoc faoi fho-alt (1) den alt seo níos mó ná tríocha a trí agus trian faoin gcéad de na muirir iasachta bhliantúla sin.

(4) Gan dochar do ghinearálacht na cumhachta chun rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo, féadfaidh aon rialacháin den sórt sin foráil a dhéanamh do gach coinníoll nó d'aon choinníoll acu seo a leanas maidir le teaghaisí, láithreáin chun críocha foirgníochta nó talamh eile, cibé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar ranníoc faoi chomhair muirir iasachta bhliantúla faoi réim nó de bhun na Caibidle seo i leith na dteaghaisí, na láithreán nó na talún eile:

(a) coinníollacha maidir le cíosanna teaghaisí;

(b) coinníollacha maidir le caighdeáin foirgníochta;

(c) coinníollacha chun ranníocaí ón ráta bardasach nó ón ráta contae (mar is iomchuí) a éileamh faoi chomhair costais údaráis áitiúil i leith a seirbhísí tithíochta;

(d) coinníollacha maidir le teaghaisí a chothabháil;

(e) coinníollacha maidir le teaghaisí nó talamh eile a dhíol nó a léasadh faoin Acht seo;

(f) coinníollacha maidir le láithreáin a fhorbairt chun críocha foirgníochta;

ar choinníoll gur tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus ar an gcuntar sin amháin a dhéanfar rialacháin a dhéanfaidh foráil le haghaidh coinníollacha a luaitear i mír (e) den fho-alt seo.

(5) I gcás inarb é tuairim an Aire go ndearnadh ranníoc, nó go bhféadfaí ranníoc a dhéanamh, roimh thosach feidhme an ailt seo faoi aon achtachán a chúlghairtear leis an Acht seo faoi chomhair na muirear iasachta bliantúil i leith airgead a fuair údarás tithíochta ar iasacht chun teaghaisí a sholáthar, ní dhéanfar aon ranníoc faoin alt seo i leith na muirear sin, ach an ranníoc a dhéanfar amhlaidh nó is dóigh leis an Aire a fhéadfaí a dhéanamh mar aon le haon ranníoc eile a bheadh, mura mbeadh an aisghairm, le déanamh ag an Aire faoin achtachán féadfaidh an tAire, faoi réir fho-ailt (6) agus (7), den alt seo, é a dhéanamh ionann is dá mba nár achtaíodh an tAcht seo.

(6) Aon ranníoc a dhéanfar de bhua fho-alt (5) den alt seo, féadfar, más oiriúnach leis an Aire é, é a dhéanamh faoi réir coinníollacha lena n-áirítear gach coinníoll nó aon choinníoll a luaitear i mír (a), (c), (d), nó (e) d'fho-alt (4) den alt seo.

(7) Gach ranníoc i leith muirir iasachta bhliantúla faoi réim nó de bhua an ailt seo féadfaidh an tAire a dhéanamh díreach leis an údarás tithíochta nó leis an duine óna bhfuarthas ar iasacht an t-airgead arb ina leith a tabhaíodh na muirir iasachta sin.

(8) Chun críocha an ailt seo, measfar nach rachaidh an méid airgid a bheidh údarás tithíochta tar éis a fháil ar iasacht chun teaghaisí nó láithreáin chun críocha foirgníochta a sholáthar thar méid arna ríomh sa tslí a fhorordaítear le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire chun críocha an ailt seo agus féadfar modh áirithe ríofa a fhorordú i ndáil le teaghaisí nó láithreáin i limistéar áirithe nó de shaghas áirithe, nó teaghaisí ar gá caiteachas breise chucu, mar gheall ar a suíomh, a láithreán, a ndearadh nó gné a bhfoirgnithe.

(9) San alt seo, ciallaíonn “ranníoc speisialta” ranníoc faoi fho-alt (1) den alt seo arna dhéanamh ag an Aire faoi chomhair na muirear iasachta bliantúil a bheidh tabhaithe ag údarás tithíochta is comhairle contae i leith teaghaise ar deimhin leis fúithi gur teaghais í a sholáthraigh an t-údarás an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1963, nó dá éis i dtuathlimistéar mar chóiríocht do dhuine arb í an talmhaíocht a shlí bheatha nó cuid shubstainteach dá shlí bheatha agus a áitíonn talamh nach mó ná cúig phunt a luacháil inrátaithe nó comhiomlán a luachálacha inrátaithe (gan aon fhoirgnimh air a áireamh).

Ranníocaí ón Aire i leith iasachtaí áirithe a gheobhaidh comhlachtaí a sholáthraíonn teaghaisí nó láithreáin chun críocha foirgníochta.

45. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo agus cibé rialachán a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, féadfaidh an tAire ó ham go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, ranníoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a dhéanamh, ar feadh cibé tréimhse nach faide na caoga bliain a chinnfidh an tAire faoi chomhair na muirear iasachta bliantúil a thabhaigh comhlacht arna cheadú as an Aire chun críocha an ailt seo i leith airgead a fuair siad ar iasacht chun teaghaisí nó láithreáin chun críocha foirgníochta lena mbaineann an t-alt seo a sholáthar.

(2) Baineann an t-alt seo le teaghaisí agus láithreáin chun críocha foirgníochta nach féidir leis an Aire ranníoc a dhéanamh maidir leo de dhroim agus amháin de dhroim gur ar shlí seachas ag údarás tithíochta a soláthraíodh na teaghaisí nó na láithreáin.

(3) Ní bheidh ranníoc i leith muirear iasachta bliantúil a dhéanfar faoin alt seo níos mó ná méid uasta an ranníoca a fhéadfadh an tAire a dhéanamh faoi alt 44 den Acht seo dá mba údarás tithíochta a sholáthraigh na teaghaisí nó na láithreáin lena mbainfidh an ranníoc.

(4) Gach ranníoc i leith muirear iasachta bliantúil faoin alt seo féadfaidh an tAire é a dhéanamh díreach leis an gcomhlacht nó leis an duine óna bhfuarthas ar iasacht an t-airgead arb ina leith a tabhaíodh na muirir iasachta sin.

Ranníocaí a choimeád siar nó a laghdú.

46. —Más deimhin leis an Aire aon tráth gur fhág comhlacht a cheadaigh sé chun críocha alt 45 den Acht seo nó údarás tithíochta gan chomhalladh aon choinníollacha ar a ndéantar ranníoc faoi chomhair muirear iasachta bliantúil faoi réim nó de bhua na Caibidle seo, féadfaidh an tAire méid aon ranníoca den sórt sin a laghdú nó a íoc a fhionraí nó scor de é a íoc, mar is cuí leis.

Iocaíocht ón Aire in ionad ranníocaí i leith muirear iasachta bliantúil.

47. —(1) I gcás ina mbeidh an tAire i dteideal go ndéanfadh sé, ach nach ndearna sé, ranníoc faoin gCaibidil seo faoi chomhair muirir iasachta bhliantúla a tabhaíodh i leith airgead a fuair comhlacht a cheadaigh an tAire chun críocha alt 45 den Acht seo ar iasacht, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, le toiliú an Aire Airgeadais, agus faoi réir cibé coinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha á cheangal gealltanas a thabhairt) is oiriúnach leis an Aire, in ionad an ranníoc a dhéanamh suim, a mbeidh cibé méid inti a chinnfidh an tAire ach nach mó ná an ranníoc uasta a bheidh an tAire i dteideal amhlaidh a dhéanamh, a íoc leis an iasachtaí nó leis an duine ón bhfuarthas an t-airgead ar iasacht.

(2) I gcás ina mbeidh an tAire tar éis ranníoc a dhéanamh faoi réim nó de bhua na Caibidle seo faoi chomhair muirir iasachta bhliantúla a tabhaíodh i leith airgead a fuair údarás tithíochta nó comhlacht a cheadaigh an tAire chun críocha an ailt sin 45 ar iasacht, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis aon tráth, le toiliú an Aire Airgeadais, agus faoi réir cibé coinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha á cheangal gealltanas a thabhairt) is oiriúnach leis an Aire, in ionad na ranníocaí breise a dhéanamh, suim a chinnfidh an tAire a bheith comhionann le luach caipitiúil na ranníocaí breise a íoc leis an iasachtaí nó leis an duine óna bhfuarthas an t-airgead ar iasacht.

(3) I gcás ina mbeidh an tAire tar éis íocaíocht a dhéanamh faoin alt seo agus, mar choinníoll ar a ndearnadh an íocaíocht, gur tugadh gealltanas dó nach mbeidh comhlíonta, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas :

(a) dlífidh an t-údarás nó an comhlacht méid na híocaíochta a aisíoc leis an Aire; agus

(b) féadfaidh an tAire an méid a ghnóthú ón údarás nó ón gcomhlacht mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(4) Má bhíonn suim dlite d'údarás tithíochta ón Aire agus, san am céanna, go ndlífidh an t-údarás faoin alt seo méid a aisíoc leis an Aire, féadfar an tsuim a fhritháireamh i gcoinne an mhéid, go hiomlán nó go páirteach de réir mar is iomchuí.

(5) San alt seo ciallaíonn na “ranníocaí breise” na ranníocaí nó an ranníoc faoi chomhair na muirear iasachta bliantúil a thabhaigh údarás tithíochta nó comhlacht a cheadaigh an tAire chun críocha an ailt sin 45 i leith airgead a fuarthas ar iasacht a bheadh le déanamh ag an Aire faoi réim nó de bhua na Caibidile seo mura mbeadh go ndearna sé íocaíocht de réir forálacha fho-alt (2) den alt seo.

Fóirdheontas ón Aire i leith muirear iasachta áirithe.

48. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, fóirdheontas (dá ngairtear an fóirdheontas úis san alt seo) a íoc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, i leith airgead lena mbaineann an t-alt seo agus a fuair an t-údarás ar iasacht, ar cóimhéid leis an difear idir na muirir iasachta a thabhaíodh i leith an airgid sin agus na muirir iasachta ar an méid céanna arna ríomh de réir cibé ráta nó rátaí úis níos lú a chinnfidh an tAire.

(2) Ní áireofar an fóirdheontas úis mar ranníoc faoi chomhair muirear iasachta bliantúil chun críocha alt 44 den Acht seo ná ní dhéanfaidh sé difear do mhéid ranníoca is iníoctha de bhua fho-alt (5) den alt sin 44.

(3) Ní bhaineann an t-alt seo ach le hairgead a fuair údarás tithíochta ar iasacht chun críocha Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1958, Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1962, as ciste na n-iasachtaí áitiúla an 5ú lá de Bhealtaine, 1948, nó dá éis chun tithe, iostáin nó cóiríocht tithíochta eile lenar bhain Rialacháin na dTithe (Ranníocaíochta Muirear Iasachta), 1932 go 1951, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, a sholáthar.

(4) I gcás ina mbeidh an tAire tar éis fóirdheontas a íoc faoi alt 15 d'Acht na dTithe (Leasú), 1958 , i rith na bliana airgeadais a thosaigh díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ní dhéanfar an fóirdheontas úis i leith airgead lenar bhain an fóirdheontas faoin alt sin 15 a íoc i rith na bliana airgeadais sin.