24 1966


Uimhir 24 de 1966.


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1966

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA bPINSEAN SEANAOISE, 1908 GO 1965, NA nACHTANNA UM CHÚNAMH DÍFHOSTAÍOCHTA, 1933 GO 1965, NA nACHTANNA UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAÍ, 1935 GO 1965, NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH (LIÚNTAIS LEANAÍ), 1944 GO 1965, AGUS NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1952 GO 1965. [19 Iúil, 1966.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1933, Uimh. 46 .

1935, Uimh. 29 .

1952, Uimh. 11 .

1960, Uimh. 25 .

1964, Uimh. 28 .

1965, Uimh. 20 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “na hAchtanna” Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1965, arna leasú leis an Acht seo;

ciallaíonn “Acht 1933” an tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 ;

ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 ;

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952;

ciallaíonn “Acht 1960” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1960 ;

ciallaíonn “Acht 1964” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1964 ;

ciallaíonn “Acht 1965” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1965 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Leasa Shóisialaigh.

Rátaí pinsean seanaoise a mhéadú.

2. —(1) Déantar leis seo alt 77 d'Acht 1952 a leasú tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla a ghabhann le fo-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1965):

“AN TÁBLA

An Ráta Pinsin

Rátaí Seachtainiúla

Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara

Éilitheoir nó pinsinéir, gan aon leanbh cáilithe

Éilitheoir nó pinsinéir, leanbh cáilithe amháin

Éilitheoir nó pinsinéir, beirt leanbh cháilithe nó níos mó

(1)

(2)

(3)

(4)

s.

d.

s.

d.

s.

d.

Má bhíonn achmainn bhliantúil an éilitheora nó an phinsinéara arna ríomh go cuí—

ina Neamhní     ..     ..

52

6

62

6

72

6

Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann, cúig scilling i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt.

níos mó ná Neamhní, gan bheith níos mó ná £26 5s. 0d.     ..     ..

47

6

57

6

67

6

níos mó ná £26 5s. 0d. gan bheith níos mó ná £52 10s. 0d.     ..     ..

42

6

52

6

62

6

níos mó ná £52 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £65 10s. 0d.     ..     ..

37

6

47

6

57

6

níos mó ná £65 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £78 10s. 0d.     ..     ..

32

6

42

6

52

6

níos mó ná £78 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £104 15s. 0d.     ..     ..

27

6

37

6

47

6

níos mó ná £104 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £117 15s. 0d.     ..     ..

22

6

32

6

42

6

níos mó ná £117 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £130 15s. 0d.     ..     ..

17

6

27

6

37

6

níos mó ná £130 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £143 15s. 0d.     ..     ..

12

6

22

6

32

6

níos mó ná £143 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £156 15s. 0d.     ..     ..

7

6

17

6

27

6

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an lú lá de Shamhain, 1966.

Rátaí cúnamh dífhostaíochta a mhéadú.

1961, Uimh. 22 .

3. —(1) Déantar leis seo an méid seo a leanas a chur in Acht 1933 in ionad an Sceidil (a cuireadh ag gabháil leis an Acht sin le halt 3 d'Acht 1965):

“AN SCEIDEAL.

Rátaí Cúnamh Dífhostaíochta.

Na haicmí daoine lena mbaineann na rátaí cúnamh dífhostaíochta atá leagtha amach sa Sceideal seo

An ráta cúnamh dífhostaíochta a bhaineann le daoine atá ina gcónaí in aon limistéar uirbeach

An ráta cúnamh dífhostaíochta a bhaineann le daoine atá ina gcónaí in aon áit eile

sa tseachtain

sa tseachtain

Duine gan chleithiúnaí

39s. 0d.

33s. 0d.

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe

72s. 6d.

64s. 6d.

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus leanbh cleithúnach amháin     ..

82s. 6d.

74s. 6d.

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus beirt leanbh chleithiúnacha nó níos mó     ..     ..

92s. 6d.

84s. 6d.

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 5s. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 5s. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

Duine ag a bhfuil leanbh cleithiúnach amháin     ..     ..

52s. 0d.

46s. 0d.

Duine ag a bhfuil beirt leanbh chleithiúnacha nó níos mó     ..

62s. 0d.

56s. 0d.

móide, má bhíonn níos má nó beirt leanbh chleithiúnacha ann, 5s. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 5s. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

(2) Leasaítear leis seo alt 17 (2) d'Acht 1933 trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad míreanna (a) agus (b) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1961 , is é sin le rá:

“(a) má bhíonn sé gan acmhainn ar bith, de réir an ráta sceidealta; agus

(b) má bhíonn acmhainn aige, de réir ráta is comhionann leis an ráta sceidealta arna laghdú scilling sa tseachtain in aghaidh gach scilling nó cuid de scilling dá acmhainn.”

(3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an lú lá de Shamhain, 1966.

Rátaí pinsean baintreach (neamhranníocach) a mhéadú.

4. —(1) Déantar leis seo alt 20 (a cuireadh isteach le hAcht 1952) d'Acht 1935 a leasú tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad Tábla B:

“TABLA B

Rátaí Seachtainiúla Pinsean Baintreach (Neamhranníocach)

Acmhainn na Baintrí

Baintreach gan aon leanbh cáilithe

Baintreach, leanbh cáilithe amháin

Baintreach, beirt leanbh cháilithe nó níos mó

(1)

(2)

(3)

(4)

s.

d.

s.

d.

s.

d.

Má bhíonn acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí—

Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann, cúig scilling i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt.

ina NEAMHNÍ     ..

51

0

61

0

71

0

níos mó ná Neamhní gan bheith níos mó ná £26 5s. 0d.     ..     ..

46

0

56

0

66

0

níos mó ná £26 5s. 0d. gan bheith níos mó ná £52 10s. 0d.     ..     ..

41

0

51

0

61

0

níos mó ná £52 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £65 10s. 0d.     ..     ..

36

0

46

0

56

0

níos mó ná £65 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £78 10s. 0d.     ..     ..

31

0

41

0

51

0

níos mó ná £78 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £104 15s. 0d.     ..     ..

26

0

36

0

46

0

níos mó ná £104 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £117 15s. 0d.     ..     ..

21

0

31

0

41

0

níos mó ná £117 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £130 15s. 0d.     ..     ..

16

0

26

0

36

0

níos mó ná £130 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £143 15s. 0d.     ..     ..

11

0

21

0

31

0

níos mó ná £143 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £156 15s. 0d.     ..     ..

6

0

16

0

26

0

níos mó ná £156 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £169 15s. 0d.     ..     ..

Neamhní

11

0

21

0

níos mó ná £169 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £182 15s. 0d.     ..     ..

Neamhní

6

0

16

0

níos mó ná £182 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £195 15s. 0d.     ..     ..

Neamhní

Neamhní

11

0

níos mó ná £195 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £208 15s. 0d.     ..     ..

Neamhní

Neamhní

6

0

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá de Shamhain, 1966.

Leasú ar alt 6 d'Acht 1952.

5. —(1) Déantar leis seo alt 6 (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1960) d'Acht 1952 a leasú trí—

(a) “trí scilling agus naoi bpingin” a chur in ionad “trí scilling agus seacht bpingin” (a cuireadh isteach le hAcht 1965) i mír (a), agus

(b) “seacht scilling agus cúig phingin” a chur in ionad “seacht scilling agus trí phingin” (a cuireadh isteach le hAcht 1965) i mír (b).

(2) Tiocfaidh an t-alt seo agus ailt 6, 7, 11 agus 12 den Acht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Leasú ar alt 28A d'Acht 1952.

6. —(1) Leasaítear leis seo alt 28A (a cuireadh isteach le hAcht 1960) d'Acht 1952 trí—

(a) “nó pinsean (ranníocach) baintrí” a chur isteach i ndiaidh “chun pinsin (ranníocach) shean-aoise” i bhfo-alt (1), agus

(b) an fo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Forálfar le rialacháin chun críocha an ailt seo go mbeidh pinsean (ranníocach) baintrí is iníoctha de bhua na rialachán sin iníoctha de réir ráta is lú ná an ráta a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus féadfaidh na rátaí a shonrófar leis na rialacháin athrú de réir an méid atá na coinníollacha ranníoca comhlíonta, ach is é an méadú sochair céanna a bheidh iníoctha faoi alt 27 (2) den Acht seo ab iníoctha dá mbeadh na coinníollacha ranníoca iomchuí comhlíonta go hiomlán.”

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire faoi alt 5 den Acht seo.

Leasú ar alt 32 d'Acht 1952.

7. —(1) Leasaítear leis seo alt 32 (1) d'Acht 1952 trí “nó suimeanna is iníoctha mar phinsean baintrí (ranníocach) in aghaidh tréimhsí a roghnaíonn an duine pinsean baintrí (neamhranníocach) a fháil ina n-aghaidh” a chur isteach i ndiaidh “sochar” i bhfomhír (b).

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire faoi alt 5 den Acht seo.

Leasú ar alt 35 d'Acht 1952.

8. —Leasaítear leis seo alt 35 d'Acht 1952 tríd na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) Nuair a bheidh méid an tsochair a chaill ranníocóir fostaithe nó duine eile mar gheall ar mhainneachtain nó faillí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo á dhéanamh amach chun críocha an ailt seo, ní áireofar aon chúnamh sóisialach a íocadh leis an ranníocóir sin nó le duine eile ar feadh na tréimhse a bhí sé ag cailleadh sochair mar gheall ar an mainneachtain nó ar an bhfaillí a dúradh.

(5) Féadfaidh an tAire méid an chúnaimh shóisialaigh a íocadh le ranníocóir fostaithe nó le duine eile ar feadh tréimhse a bhí sé ag cailleadh sochair mar gheall ar mhainneachtain nó ar fhaillí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a ghnóthú—

(a) i gcás an ranníocóir sin nó an duine eile sin do ghnóthú méid iomlán an tsochair a cailleadh, ón ranníocóir sin nó ón duine eile sin—

(i) trí shuim a bhaint as aon sochar nó cúnamh sóisialach a bhfuil nó a mbeidh an ranníocóir sin nó an duine eile sin ina theideal, nó

(ii) mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla, nó

(b) in aon chás eile, ón bhfostóir a bhí ciontach sa mhainneachtain nó san fhaillí mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla,

agus, má ghnóthaíonn an tAire méid an chúnaimh shóisialaigh ón bhfostóir, déanfar an tsuim is inghnóthaithe ag an ranníocóir sin nó ag an duine eile sin ón bhfostóir a laghdú méid an chúnaimh shóisialaigh sin.

(6) Íocfar isteach sa Státchiste aon suimeanna a ghnóthóidh an tAire faoi fho-alt (5) den alt seo.

(7) San alt seo ciallaíonn ‘cúnamh sóisialach’ pinsean faoi na hAchtanna Pinsean Seanaoise, 1908 go 1966, cúnamh dífhostaíochta faoi na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1966, nó pinsean faoi na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1966.”

Leasú ar alt 47 d'Acht 1952.

1963, Uimh. 26 .

9. —Leasaítear leis seo alt 47 (3) d'Acht 1952 trí “nó alt 27” a chur isteach i ndiaidh “alt 26” i mír (aa) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1963 ).

Leasú ar alt 77 d'Acht 1952.

10. —Leasaítear leis seo alt 77 d'Acht 1952 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-alt (2B) (a cuireadh isteach le hAcht 1964):

“(2B) San alt seo ciallaíonn ‘leanbh cáilithe’ maidir le héilitheoir nó le pinsinéir leanbh a bhfuil an t-éilitheoir nó an pinsinéir i dteideal liúntais leanaí ina leith faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1966, agus folaíonn sé, más bean í an t-éilitheoir nó an pinsinéir, leanbh léi a bhfuil ceann an líon tí ina bhfuil cónaí uirthi i dteideal liúntais leanaí faoi na hAchtanna sin.”

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.

1956, I.R. Uimh. 236.

11. —(1) (a) Déantar leis seo an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 a leasú trí—

(i) “2A,” a chur isteach i ndiaidh “2,” i mír 1 de,

(ii) “7s. 5d.” a chur in ionad “7s. 4d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1965) agus “6s. 4d.” a chur in ionad “6s. 3d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1965) i mír 1 (a),

(iii) “7s. 5d.” a chur in ionad “7s. 4d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1965) agus “7s. 1d.” a chur in ionad “7s. 0d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1965) i mír 1 (b),

(iv) “5s. 2d.” a chur in ionad “5s. 1d.” (a cuireadh isteach sa dá fhomhír le hAcht 1965) i mír 2 (a) agus (b),

(v) an mhír seo a leanas a chur i ndiaidh na míre sin 2:

“2A. Más fostaíocht ranníocóra fhostaithe bhaineann í agus gur fostaíocht le talmhaíocht í go formhór, beidh ráta speisialta ranníoca fostaíochta ann mar a leanas:

(a) iníoctha ag an ranníocóir fostaithe: 4s. 5d.

(b) iníoctha ag an bhfostóir: 5s. 6d.”,

(vi) “le talmhaíocht nó” a scriosadh as mír 3 agus “4s. 0d.” a chur in ionad “3s. 11d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1965) i mír 3 (a) agus “4s. 11d.” a chur in ionad “4s. 10d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1965) i mír (3 b),

(vii) “5s. 2d.” a chur in ionad “4s. 8d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1965) i mír 3A (a) (a cuireadh isteach le hAcht 1960) agus “6s. 3d.” a chur in ionad “5s. 7d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1965) i mír 3A (b),

(viii) “1s. 10d.” a chur in ionad “1s. 9d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1965) i mír 4 (a) (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956) agus “1s. 11d.” a chur in ionad “1s. 10d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1965) i mír 4 (b),

(ix) “1s. 10d.” a chur in ionad “1s. 9d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1965) i mír 5 (b) (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956),

(x) “5s. 8d.” a chur in ionad “5s. 7d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1965) i mír 6 (a) (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956) agus “7s. 1d.” a chur in ionad “7s. 0d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1965) i mír 6 (b), agus

(xi) “5s. 8d.” a chur in ionad “5s. 7d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1965) i mír 7 (a) (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956) agus “6s. 2d.” a chur in ionad “6s. 1d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1965) i mír 7 (b).

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “Rialacháin 1956” na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Modhnuithe ar Arachas), 1956.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire faoi alt 5 den Acht seo.

Leasú ar an gCeathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.

12. —(1) Scoirfidh mír 1 den Cheathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 d'éifeacht a bheith aici, sa mhéid go bhforálann sí go bhfágfar as an áireamh ranníocaí fostaíochta faoi mhír 3A den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin i leith fostaíocht a tharlóidh tar éis tosach feidhme an fho-ailt seo.

(2) Déantar leis seo an Ceathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 a leasú tuilleadh tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (b) de mhír 4:

“(b) má bhíonn, ag an am iomchuí, ceithre bliana nó tréimhse is faide ná sin caite ó theacht faoi árachas don fhearchéile,—

(i) nach lú ná tríocha is a naoi meánuimhir na ranníoc a bheidh íoctha nó creidiúnaithe ina leith in aghaidh gach ceann de na trí bliana ranníoca, nó (más cuí é de réir a thaifid árachais) de na cúig bliana ranníoca a chríochnaigh i ndeireadh na bliana ranníoca iomláine deiridh roimh an am iomchuí, nó

(ii) nach lú ná daichead is a hocht meánuimhir na ranníoc a bheidh íoctha nó creidiúnaithe ina leith in aghaidh na tréimhse a thosaigh i dtús na bliana ranníoca a tharla dó teacht faoi árachas agus a chríochnaigh i ndeireadh na bliana ranníoca iomláine deiridh roimh an am iomchuí”.

(3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire faoi alt 5 den Acht seo.

Pinsean a íoc faoi na hAchtanna in ionad pinsean baintrí (ranníocach) nó pinsean seanaoise (ranníocach) i gcásanna áirithe.

13. —(1) I gcás duine atá in aois pinsin a bheith ag fáil nó i dteideal pinsean baintrí (ranníocach) nó pinsean seanaoise (ranníocach) nó más duine é a bhfuil méadú ar an bpinsean deiridh sin iníoctha leis de bhua alt 26 (2) d'Acht 1952, agus a bheadh, mura mbeadh alt 20 d'Acht 1960, cáilithe chun pinsean a fháil faoi na hAchtanna—

(a) féadfar d'ainneoin aon ní atá san alt sin 20, pinsean a íoc leis an duine sin faoi na hAchtanna ar feadh aon tréimhse a mbeadh ráta an phinsin is iníoctha faoi na hAchtanna níos mó ná ráta an phinsin baintrí, (ranníocach) an phinsin seanaoise (ranníocach), nó an méadú ar an gcéanna, cibé acu é, ab iníoctha, agus

(b) in aon chás ina n-íocfar amhlaidh, an pinsean faoi na hAchtanna, leanfar de bheith i dteideal pinsin baintrí (ranníocach), pinsin seanaoise (ranníocach) nó an mhéadaithe ar an gcéanna, cibé acu é, ach aon phinsean nó méadú is iníoctha ar feadh aon tréimhse den sórt sin—

(i) ní íocfar é leis an duine sin ná ina leith, agus

(ii) íocfar é as an gCiste Árachais Shóisialaigh leis an Státchiste.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an lú lá de Shamhain, 1966.

Leasú ar alt 8 d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1924 .

1924, Uimh.19.

14. —Leasaítear leis seo alt 8 (1) d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1924, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (i) (a cuireadh isteach le hAcht 1964):

“(i) i gcás nach bhfuil aon leanaí (dá ngairtear leanaí cáilithe san fho-alt seo) ag an duine a bhfuil sé i dteideal liúntais leanaí ina leith faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1966, nó, más bean an duine agus nach bhfuil aon leanaí aici (dá ngairtear leanaí cáilithe san fho-alt seo freisin) a bhfuil ceann an líon tí ina bhfuil cónaí uirthi i dteideal liúntais leanaí faoi na hAchtanna sin, ná céad, caoga is sé phunt agus cúig scilling déag,”.

Comhshocraíochtaí cómhalartacha.

15. —(1) Féadfaidh an tAire cibé orduithe is gá a dhéanamh chun go gcuirfear i gcrích aon chomhshocraíochtaí cómhalartachta nó aon chomhshocraíochtaí eile a dhéanfar leis an údarás cuí faoi aon Rialtas eile maidir le hábhair a bhaineann le hárachas agus le sochair faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1966, le pinsin faoi na hAchtanna, le pinsin faoi na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1966, le cúnamh faoi na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1966, agus le liúntais faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1966, agus féadfaidh sé le haon ordú den sórt sin cibé oiriúnuithe agus modhnuithe a mheasann sé is gá a dhéanamh sna hAchtanna sin.

(2) Aisghairtear leis seo ailt 64 agus 83 d'Acht 1952 agus alt 61 (2) d'Acht 1935.

(3) Aon ordú a rinneadh faoi alt 64 nó alt 83 d'Acht 1952 nó faoi alt 61 (2) d'Acht 1935 agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh dháta an Achta seo a rith leanfaidh sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige ionann is dá mba faoin alt seo a rinneadh é.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

1966, Uimh. 16 .

16. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1966 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1965, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1966, a ghairm díobh le chéile, agus a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1965, forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1966, a ghairm díobh le chéile, agus a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtai, 1935 go 1965, forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1966, a ghairm díobh le chéile, agus a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1965, forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1966, a ghairm díobh le chéile, agus a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1965, agus an tAcht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 , forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus folófar é sa chomhlua “na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1966,”.