An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II An Chomhairle Oiliúna) Ar Aghaidh (Caibidil II Gníomhaíochtaí Tionsclaíocha Ainmnithe)

5 1967

AN tACHT OILIÚNA TIONSCAIL, 1967

CUID III

Oiliúint Tionscail

Caibidil I

Deontais, Iasachtaí agus Tobhaigh

Deontais agus iasachtaí chun cúrsaí agus saoráidí áirithe a sholáthar.

19. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo féadfaidh an Chomhairle deontais agus iasachtaí a thabhairt, as airgead a bheidh faoina réir aici agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach léi, do dhaoine a sholáthróidh cúrsaí nó saoráidí oiliúna eile a cheadóidh an Chomhairle.

(2) Ní rachaidh deontas faoin alt seo thar an méid a shonróidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, chun críocha an ailt seo ó am go ham agus féadfar méideanna éagsúla a shonrú amhlaidh maidir le cúrsaí éagsúla agus le saoráidí éagsúla.

(3) D'ainneoin fo-alt (1) den alt seo, ní thabharfar deontas as airgead a bheidh á choimeád i gcuntas a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 21 den Acht seo ach amháin i gcás—

(a) ina mbeidh gníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe á seoladh ag an duine a mbeartaítear an deontas a thabhairt dó, agus

(b) gur ar fhoras a mbeifear tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste oiliúna tionscail iomchuí (más ann) ina thaobh a bheifear ag tabhairt an deontais.

Deontais agus oibrithe i ngnóthais áirithe a oiliúint.

20. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo féadfaidh an Chomhairle deontais a thabhairt, as airgead faoina réir aici agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí léi, chun oiliúint a thabhairt, sa Stát nó in áit eile, d'oibrithe chun críocha gnóthais tionscail más deimhin leis an gComhairle—

(a) gur gá cúnamh airgeadais chun a áirithiú go mbunófar an gnóthas, agus

(b) gur gnóthas réasúnta buan a bheidh sa ghnóthas agus go seolfar go héifeachtúil é.

(2) (a) Ní rachaidh deontas faoin alt seo thar an méid a shonróidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, chun críocha an ailt seo ó am go ham agus féadfar méideanna áirithe a shonrú amhlaidh maidir le gnóthais tionscail d'aicme áirithe.

(b) Ní dhéanfar deontas faoin alt seo chun oiliúint a thabhairt d'oibrithe ar phróiseas ceardúil i ngnóthas tionscail i limistéar neamhfhorbartha a thabhairt roimh theacht in éifeacht don aisghairm a dhéantar leis an Acht seo ar alt 7 den Acht um Limistéirí Neamhfhorbartha, 1952 , ná maidir le hoibrithe ar tugadh deontas faoin alt sin 7 i leith a n-oiliúna ar an bpróiseas.

(c) Ní dhéanfar deontas faoin alt seo chun oiliúint a thabhairt d'oibrithe ar phróiseas ceardúil i ngnóthas tionscail i limistéar seachas limistéar neamfhorbartha a thabhairt roimh theacht in éifeacht don aisghairm a dhéanann an tAcht seo ar alt 5 den Acht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1963 , ná maidir le hoibrithe ar tugadh deontas faoin alt sin 5 i leith a n-oiliúna ar an bpróiseas.

(d) Ní dhéanfar deontas faoin alt seo chun oibrithe a oiliúint le haghaidh gnóthais tionscail ag an aerfort a thabhairt roimh theacht in éifeacht don leasú a dhéantar leis an Acht seo ar fho-alt (2) d'alt 9 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 , ná maidir le hoibrithe ar thug Cuideachta Forbartha Aerfort Neamchustam na Sionna Teoranta deontas i leith a n-oiliúna le haghaidh an ghnóthais.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i gníomh cibé lá a shocrófar chuige sin le hordú ón Aire.

(4) Tar éis don leasú an luaitear i mír (d) d'fho-alt (2) den alt seo a theacht in éifeacht, ní thabharfaidh Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta aon deontas chun oibrithe a oiliúint le haghaidh gnóthais tionscail ag an aerfort.

(5) San alt seo—

tá an bhrí chéanna le “aerfort” atá leis in alt 1 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 ;

folaíonn “gnóthas tionscail” gnóthas atá ann ar dháta an Achta seo a rith;

ciallaíonn “limistéar neamhfhorbartha” limistéar lena mbaineann na hAchtanna um Limistéir Neamhfhorbartha, 1952 go 1963.

Tobhaigh.

21. —(1) D'fhonn na caiteachais maidir le comhlíonadh, i leith gníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe, feidhmeanna na Comhairle faoin Acht seo a íoc, féadfaidh an Chomhairle, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste oiliúna tionscail iomchuí (más ann), ordú (dá ngairtear ordú tobhaigh san Acht seo) a dhéanamh d'fhorchur tobhaigh ar na fostóirí sa ghníomhaíocht, seachas cibé fostóirí (más ann) a dhíolmhófar leis an ordú tobhaigh, agus, aon uair a dhéanfar ordú tobhaigh, déanfaidh gach fostóir den sórt sin ar a bhforchuirfear é tobhach a mbeidh cibé méid ann is iomchuí ag féachaint d'fhorálacha an ordaithe thobhaigh a íoc de réir an ordaithe thobhaigh leis an gComhairle, agus coimeádfaidh an Chomhairle i gcuntas ar leithligh an t-airgead a gheobhaidh an Chomhairle ar son agus ar cuntas an tobhaigh.

(2) Tabharfaidh ordú tobhaigh do gach fostóir a mheasúnófar i leith an tobhaigh ceart achomhairc chun binse achomhairc a bheidh arna chomhdhéanamh faoi alt 22 den Acht seo agus ina theannta sin féadfaidh sé forálacha a bheith ann maidir leis na hábhair seo a leanas:

(a) fostóirí d'aicme nó de thuairisc áirithe a dhíolmhú ó fhorálacha an ordaithe;

(b) tobhach d'aicme áirithe nó de réir ráta shonraithe a fhorchur ar fhostóirí;

(c) an fhianaise lena bhféadfar dliteanas an fhostóra i leith an tobhaigh agus a urscaoileadh ón dliteanas sin a bhunú; agus

(d) an tráth nó na tráthanna a bheidh tobhach dlite agus iníoctha leis an gComhairle.

(3) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, féadfaidh An Chomhairle, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste oiliúna tionscail iomchuí (más ann), agus le toiliú an Aire, ordú tobhaigh nó ordú faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm le hordú.

(4) I gcás ina mbeidh an Chomhairle chun ordú tobhaigh a dhéanamh nó a leasú, cuirfidh an Chomhairle dréacht den ordú nó den leasú, de réir mar a bheidh, chuig an Aire, agus ní dhéanfar an t-ordú nó an leasú go dtí go gceadóidh an tAire an dréacht.

(5) Gach suim is iníoctha ag fostóir leis an gComhairle faoin alt seo ar son nó ar cuntas tobhaigh a forchuireadh le hordú tobhaigh is fiach conartha shimplí í a bheidh dlite don Chomhairle agus féadfaidh an Chomhairle í a ghnóthú dá réir sin ón bhfostóir in aon chúirt dlínse inniúla.

(6) Gach ordú tobhaigh nó ordú faoi fho-alt (3) den alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Binsí achomhairc.

22. —(1) Déanfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh forála chun binse nó binsí a bhunú chun achomhairc ó fhostóirí a mheasúnófar i leith aon tobhaigh a fhorchuirfear faoin Acht seo a chinneadh agus féadfaidh na forálacha seo a leanas a bheith sna rialacháin sin—

(a) foráil maidir leis an nós imeachta a leanfar i gcás aon achomhairc den sórt sin;

(b) foráil chun daoine a thoghairm chun freastal agus fianaise agus doiciméid a thabhairt ar aird; agus

(c) foráil chun a údarú finnéithe a chur faoi mhionn.

(2) Má tharlaíonn, i gcás achomhairc, go gcruthóidh achomharcóir do bhinse a bhunófar de réir rialachán faoin alt seo nár cheart é a mheasúnú i leith tobhaigh nó gur méid níos lú ba cheart a mheasúnú air, cealóidh nó, de réir mar a bheidh, laghdóidh an binse an mheasúnacht, ach in aon chás eile daingneoidh sé í, agus is cinneadh críochnaitheach aon chinneadh ag an mbinse.

(3) Aon duine is comhalta de bhinse a bhunófar de réir rialachán faoin alt seo íocfar leis, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, cibé táille i leith freastal ag cruinnithe den bhinse agus cibé liúntais i leith costas a thabhóidh sé a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(4) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú ar rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.