An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV Cáin Ioncaim i Leith Díolaíochtaí áirithe) Ar Aghaidh (CUID VII Riarachán)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

CUID VI

Idirdhealú agus Céimniú Cánach Trí Fhaoisimh

Faoiseamh ioncaim thuillte.

[1920, a. 16;

1959 (Uimh. 2), a. 16 (1);

1961, a. 3.]

134. —Aon phearsa aonair a dhéanfaidh, sa mhodh a fhorordaítear leis an Acht seo, éileamh sa chéill sin agus a thabharfaidh tuairisceán san fhoirm fhorordaithe ar a ioncam iomlán, déanfar, chun méid a ioncaim inmheasúnaithe a chinneadh chun críocha cánach ioncaim, asbhaint a lamháil dó ó mhéid a ioncaim thuillte arna mheas de réir an Achta seo de mhéid is comhionann leis an gceathrú cuid den ioncam sin, ach nach mó, i gcás aon phearsan aonair, ná suim £500.

Liúntais ó ioncaim neamhthuillte i gcás daoine atá cúig bliana is seasca d'aois nó os a chionn.

[1964, a. 2.]

135. —(1) Aon phearsa aonair a dhéanfaidh, sa mhodh a fhorordaítear leis an Acht seo, éileamh sa chéill sin, a thabharfaidh tuairisceán san fhoirm fhorordaithe ar a ioncam iomlán agus a cruthóidh go raibh sé féin nó, i gcás fir phósta, a bhanchéile a chónaíonn leis, cúig bliana is seasca d'aois nó os a chionn aon tráth i rith na bliana measúnachta, lamhálfar dó, chun méid a ioncaim inmheasúnaithe a chinneadh chun críche cánach ioncaim, suim ar cóimhéid leis an gceathrú cuid dá ioncam neamhthuillte a bhaint as an ioncam sin:

Ar choinníoll—

(a) I gcás ina mbeidh teideal ag an bpearsa aonair chun asbhainte is mó ná £350 faoi alt 134—

(i) i gcás inar £500 an asbhaint sin, ní dhéanfar aon asbhaint faoin alt seo, agus

(ii) in aon chás eile, ní bheidh an asbhaint faoin alt seo níos mó ná an méid a bheidh an asbhaint faoi alt 134 faoi bhun £500, agus

(b) in aon chás eile, ní bheidh an asbhaint faoin alt seo níos mó ná £150.

(2) Chun críche fho-alt (1) measfar gurb é méid ioncaim neamhthuillte aon phearsan aonair méid a ioncaim iomláin lúide méid a ioncaim thuillte.

(3) Beidh feidhm ag forálacha Sceideal 4 agus mhír IX de Sceideal 18, le haon mhodhnuithe is gá, maidir le hasbhaintí a dhéanfar faoin alt seo.

(4) San alt seo ciallaíonn “ioncam tuillte” agus “ioncam iomlán” faoi seach ioncam tuillte arna mheas de réir forálacha an Achta seo agus ioncam iomlán ó gach bunadh arna mheas amhlaidh.

Faoiseamh d'ioncaim bheaga.

[1964, a. 3.]

136. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “ioncam iomlán” ioncam iomlán ó gach bunadh arna mheas de réir forálacha an Achta seo;

ciallaíonn “ioncam iomchuí”, maidir le haon phearsa aonair, a ioncam iomlán lúide aon chuid de a thagann chuige de bhun nó de dheasca diúscairt de réir bhrí alt 442 agus a measfaí, de bhua Chaibidil I de Chuid XXVIII dá bhfágfaí fomhíreanna (iii) agus (iv) d'alt 439 (1) ar lár, gur cuid é d'ioncam an duine a rinne an diúscairt.

(2) Faoi réir forálacha an ailt seo, aon phearsa aonair a dhéanfaidh sin a éileamh sa mhodh a fhorordaítear leis an Acht seo, a thabharfaidh tuairisceán san fhoirm fhorordaithe ar a ioncam iomlán, agus a chruthóidh nach mó a ioncam iomlán don bhliain mheasúnachta ná £450 lamhálfar dó, chun méid a ioncaim inmheasúnaithe a mheasúnú chun críocha cánach ioncaim, suim is comhionann leis an gceathrú cuid dá ioncam iomchuí a bhaint as an ioncam sin.

(3) Faoi réir an mhéid a dúradh, beidh ag pearsa aonair nach mbeidh i dteideal asbhainte faoi fho-alt (2) teideal go ndéanfar méid na cánach ioncaim is iníoctha i leith a ioncaim iomlán a laghdú, i gcás inar gá sin, ionas nach mbeidh sé níos mó ná suim is comhionann le méid comhiomlán an dá shuim seo a leanas, is é sin le rá, méid na cánach ab iníoctha dá mba £450, agus nár mhó ná £450 a ioncam iomlán, agus leath an mhéid ar mó a ioncam iomlán ná £450.

(4) Chun críocha fho-alt (3), déanfar an cháin ab iníoctha dá mba £450, ach nár mhó ná £450, ioncam iomlán na pearsan aonair, a ríomh—

(a) i gcás nach lú ná £450 ioncam iomchuí na pearsan aonair, ar an bhforas gurbh ioncam iomchuí ar fad an t-ioncam £450, agus

(b) i gcás inar lú ná £450 ioncam iomchuí na pearsan aonair, ar an bhforas gur fholaigh an £450 an t-ioncam iomchuí ar fad.

(5) Ní bheidh teideal ag pearsa aonair chun aon asbhainte nó faoisimh faoin alt seo má bhíonn teideal aige chun asbhainte faoi alt 135 agus aon asbhaint nó faoiseamh faoin alt seo is asbhaint nó faoiseamh é in ionad, agus ní asbhaint nó faoiseamh é i dteannta, na hasbhainte faoi alt 134.

(6) Beidh feidhm ag forálacha Sceideal 4 agus mhír IX de Sceideal 18, le haon mhodhnuithe is gá, maidir le hasbhaintí nó faoiseamh faoin alt seo.

An asbhaint a lamhálfar nuair a bheidh ioncam inchánaithe á chinneadh.

[1920, a. 17;

1959 (Uimh. 2), a. 17 (3) (4).]

137. —(1) Aon phearsa aonair a dhéanfaidh, sa tslí a fhorordaítear leis an Acht seo, éileamh sa chéill sin agus a thabharfaidh tuairisceán san fhoirm fhorordaithe ar a ioncam iomlán beidh sé i dteideal, chun méid an ioncaim (dá ngairtear “an t-ioncam inchánaithe” san Acht seo) a chinneadh a mbeidh cáin ioncaim le muirearú air ina leith, cibé asbhaintí a shonraítear in ailt 138 go 143 a bhaint as a ioncam inmheasúnaithe.

(2) Beidh feidhm ag forálacha Sceideal 4 agus mhír IX de Sceideal 18 chun críche éileamh i leith aon asbhaintí den sórt a dúradh.

Faoiseamh pearsanta.

[1920, a. 18;

1959 (Uimh. 2), a. 15.]

138. —(1) Má chruthaíonn an t-éilitheoir go raibh a bhanchéile ina cónaí leis i gcaitheamh na bliana measúnachta, nó go raibh a bhanchéile á cothabháil go hiomlán aige i gcaitheamh na bliana measúnachta, agus nach bhfuil sé i dteideal, agus méid a ioncaim á ríomh aige don bhliain sin chun críocha an Achta seo, aon laghdú a dhéanamh i leith na suimeanna a íocadh i leith a bhanchéile a chothabháil, beidh sé i dteideal asbhaint £394, agus in aon chás eile asbhaint £234.

(2) I gcás ina mbeadh, mura mbeadh an fo-alt seo, teideal ag an éilitheoir chun asbhaint £234 faoi fho-alt (1), ansin, má chruthaíonn an t-éilitheoir gur baintreach fir é nó gur baintreach mná í sa bhliain mheasúnachta, beidh teideal ag an éilitheoir chun asbhaint £259 in ionad an asbhaint £234 sin.

(3) Má tá ar ioncam iomlán an éilitheora aon ioncam tuillte de chuid a bhanchéile déanfar an asbhaint a bheidh le lamháil faoin alt seo a mhéadú méid is comhionann le trí cheathrú de mhéid an ioncaim thuillte sin ach nach mó in aon chás ná £45.

Duine a ghlacfaidh cúram leanaí bhaintreach fir, baintrí nó fhir phósta a chónaíonn ar leithligh óna bhanchéile.

[1920, a. 19;

1949, a. 4;

1961, a. 4.]

139. —(1) Má chruthaíonn an t-éilitheoir gur baintreach fir é agus duine is bean ghaoil dó féin nó dá bhanchéile éagtha a bheith ina cónaí leis an bhliain mheasúnachta d'fhonn cúram agus aire aon linbh dá chuid a ghlacadh, nó má chruthaíonn sé nach bhfuil aon bhean ghaoil leis féin ná lena bhanchéile éagtha aige atá ábalta nó toilteanach an cúram sin a ghlacadh agus bean éigin eile a bheith fostaithe aige lena aghaidh sin, beidh sé i dteideal, faoi réir mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo, asbhaint £100 i leith na mná gaoil nó na mná eile sin:

Ar choinníoll—

(a) nach lamhálfar aon asbhaint faoin alt seo mura gcruthóidh an t-éilitheoir nach bhfuil aon phearsa aonair eile i dteideal asbhainte i leith na mná gaoil faoi fhorálacha na Coda seo nó, má bhíonn aon phearsa aonair eile i dteideal amhlaidh, go mbeidh an phearsa aonair eile tar éis scaradh lena éileamh air; agus

(b) nach lamhálfar aon asbhaint faoin alt seo más éard í an bhean ghaoil bean phósta a chónaíonn lena fearchéile, agus gur éiligh an fearchéile agus gur lamháladh dó an asbhaint níos airde faoi alt 138 (1).

(2) San alt seo ciallaíonn “leanbh” leanbh a lamháltar asbhaint ina leith faoin gCuid seo.

(3) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás éilitheora is baintreach amhail mar atá feidhm aige i gcás éilitheora is baintreach fir ach tagairt dá fearchéile éagtha a chur in ionad tagairt dá bhanchéile éagtha.

(4) Beidh feidhm freisin ag an alt seo i gcás éilitheora is fear pósta, agus nach gcónaíonn a bhanchéile leis agus nach bhfuil i dteideal na hasbhainte níos airde faoi alt 138 (1) mar atá feidhm aige i gcás éilitheora is baintreach fir, ach amháin go gcuirfear tagairt dá bhanchéile in ionad tagartha dá bhanchéile éagtha.

Gaol a ghlacfaidh cúram dearthár nó deirféar duine neamhphósta.

[1920, a. 20;

1949, a. 5.]

140. —Má chruthaíonn an t-éilitheoir—

(a) nach bhfuil sé pósta agus go bhfuil a mháthair, is baintreach nó duine a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile, nó bean ghaoil éigin eile, ina cónaí leis d'fhonn cúram agus aire aon dearthár nó deirféar dá chuid a ghlacadh is leanbh a lamháiltear asbhaint ina leith faoin gCuid seo, agus go bhfuil sé ag cothabháil na máthar nó an ghaoil eile ar a chostas féin; agus

(b) nach bhfuil seisean ná aon phearsa aonair eile i dteideal asbhainte i leith an duine chéanna faoi aon cheann d'fhorálacha eile na Coda seo, nó má tá aon phearsa aonair eile i dteideal aon asbhainte den sórt sin, gur scar an phearsa aonair eile lena éileamh chuige,

beidh sé i dteideal asbhainte £100.

Leanaí.

[1920, a. 21;

1940, a. 6;

1949, a. 6;

1956, a. 5;

1959, a. 4;

1960, a. 2 (1);

1963, a. 11;

1966, a. 2.]

1952, Uimh. 25 .

141. —(1) Má chruthaíonn an t-éilitheoir go maireann tráth ar bith i gcaitheamh na bliana measúnachta aon leanbh leis atá faoi bhun sé bliana déag d'aois nó, má bhíonn sé os cionn sé bliana déag d'aois i dtosach na bliana sin, atá ag fáil teagaisc lánaimsire in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras oideachais eile, ansin, faoi fhorálacha an ailt seo, beidh sé i dteideal asbhaint i leith gach linbh den sórt sin agus i gcás linbh a chruthóidh an t-éilitheoir a bheith os cionn aois a aon bhliain déag i dtosach na bliana measúnachta, £150 a bheidh san asbhaint sin agus, in aon chás eile, £120 a bheidh ann.

Folaíonn an abairt “leanbh” san fhoráil seo leas-leanbh agus leanbh neamhdhlisteanach ar phós a thuistí a chéile tar éis a shaolaithe agus leanbh a bhfuil ordú uchtála i bhfeidhm ina leith faoin Acht Uchtála, 1952 .

(2) Má chruthaíonn an t-éilitheoir aon leanbh a bheith á choinneáil agus á chothabháil aige an bhliain mheasúnachta ar a chostas féin ar leanbh é faoi bhun sé bliana déag d'aois nó, má bhíonn sé os cionn sé bliana déag i dtosach na bliana sin, atá ag fáil teagaisc lánaimsire mar a dúradh, agus nach bhfuil teideal aigesean ná ag aon phearsa aonair eile chun asbhainte i leith an linbh chéanna faoi na forálacha roimhe seo den alt seo nó faoi aon cheann d'fhorálacha eile na Coda seo, nó, má bhíonn aon phearsa aonair eile i dteideal asbhainte den sórt sin, go bhfuil an phearsa aonair eile sin tar éis scaradh lena éileamh chuige sin, beidh sé i dteideal na hasbhainte céanna i leith an linbh agus dá mba leanbh leis féin an leanbh.

(3) Na tagairtí atá i bhfo-ailt (1) agus (2) do leanbh a bheith ag fáil teagaisc lánaimsire i bhforas oideachais folóidh siad tagairtí do leanbh a bheidh faoi thraenáil ag duine ar bith (dá ngairtear an fostóir ina dhiaidh seo san fho-alt seo) le haghaidh aon trádála nó gairme in imthosca de shórt gur gá don leanbh a chuid ama go léir a chaitheamh leis an traenáil go ceann tréimhse nach lú ná dhá bhliain.

Chun críche éilimh maidir le leanbh a bheidh faoi thraenáil féadfaidh an cigire a cheangal ar an bhfostóir sonraí a thabhairt maidir le traenáil an linbh i cibé foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim.

(4) Ní lamhálfar aon asbhaint faoin alt seo maidir le haon leanbh a mbeidh teideal aige dá cheart féin chun ioncaim is mó ná £80 sa bhliain, ach amháin go ndéanfar, más lú méid an bhreis ná an asbhaint ab inlamháilte ar leithligh ón bhfo-alt seo, asbhaint a lamháil a bheidh laghdaithe an méid sin.

Ar choinníoll nach ndéanfar, agus ioncam an linbh á ríomh chun críocha na forála roimhe seo, aon ioncam a chur san áireamh a mbeadh an leanbh ina theideal mar shealbhóir scoláireachta, sparánachta, nó dearlaice oideachais eile den samhail sin.

(5) Má éiríonn aon cheist maidir le aon duine a bheith i dteideal liúntais faoin alt seo maidir le leanbh os cionn sé bliana déag d'aois i leith a bheith ina leanbh a bhfuil an teagasc lánaimsire sin á fháil aige mar a dúradh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais.

(6) Más rud é, i leith aon bhliain mheasúnachta, go mbeadh teideal faoin alt seo, mura mbeadh forálacha an fho-ailt seo, ag dhá phearsa aonair nó níos mó, chun faoisimh i leith an linbh chéanna, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) ní lamhálfar ach aon asbhaint amháin faoin alt seo i leith an linbh sin;

(b) i gcás gan an leanbh sin a bheith á chothabháil ach ag aon tuiste amháin, is ag an tuiste sin amháin a bheidh sé de theideal an asbhaint sin a éileamh;

(c) i gcás ina mbeidh an leanbh sin á chothabháil ag an dá thuiste i dteannta a chéile, beidh gach tuiste acu i dteideal cibé cuid den asbhaint sin a éileamh a bheidh i gcomhréir leis an méid a chaith seisean nó sise ag cothabháil an linbh sin;

(d) nuair a bheifear á fháil amach chun críocha an fho-ailt seo an bhfuil leanbh á chothabháil ag tuiste agus, má tá, cá mhéid atá sé á chothabháil, measfar nach íocaíocht faoi chomhair nó i leith cothabháil an linbh sin aon íocaíocht a rinne an tuiste sin faoi chomhair nó i leith cothabháil an linbh sin is íocaíocht a bheidh an tuiste sin i dteideal a asbhaint agus a ioncam nó a hioncam iomlán á ríomh chun críocha an Achta seo.

Gaolta cleithiúnacha.

[1920, a. 22;

1944, a. 5;

1956, a. 6

1963, a. 12.]

142. —(1) Má chruthaíonn an t-éilitheoir go gcothabhálann sé ar a chostas féin duine ar bith, is gaol dó féin nó dá bhanchéile agus atá éagumasach, mar gheall ar sheanaois nó easláinte, ar é féin a chothabháil, nó a mháthair agus í ina baintreach nó máthair a bhanchéile agus í ina baintreach, cibé acu éagumasaithe di nó nach ea, agus is duine ar lú ná £180 sa bhliain a hioncam iomlán ó gach bunadh, beidh sé i dteideal asbhaint £60 i leith gach duine a chothabhálann sé amhlaidh, agus déanfar a chomhionann d'asbhaint i gcás éilitheora a bhfuil air, mar gheall ar sheanaois nó easláinte, bheith ag brath ar sheirbhísí duine (is duine ar lú ná £180 sa bhliain a ioncam iomlán ó gach bunadh agus is mac nó iníon leis an éilitheoir) a chónaíonn leis nó léi agus a chothabhálann sé nó sí:

Ar choinníoll go mbeidh éifeacht ag gach ceann de na forálacha roimhe seo den fho-alt seo, i gcás inar mó ná £120 sa bhliain an t-ioncam iomlán ó gach bunadh atá ag an duine ar ina leith a bheidh an asbhaint le déanamh, ionann agus dá mba rud é, in ionad asbhaint £60 a shonrú, gur shonraigh sé asbhaint den méid sin arna laghdú méid na breise.

(2) I gcás duine ar bith den sórt a dúradh a bheith á chothabháil ag beirt daoine nó níos mó i gcomhar, déanfar an asbhaint a bheidh le déanamh faoin alt seo a chionroinnt eatarthu de réir méid nó luach a ranníocaí faoi seach a leith cothabháil an duine sin.

(3) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le héilitheoir is bean mar atá feidhm aige maidir le héilitheoir is fear ach tagairt do bhanchéile a chur in ionad tagartha d'fhearchéile.

Préimheanna ar árachais iar-1916 agus ar íocaíochtaí áirithe eile.

[1918, a. 32 (1), (3), (8);

1920, a. 26;

1953, a. 2;

1959 (Uimh. 2), a. 17;

1961, a. 9.]

143. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo agus alt 152, aon éilitheoir—

(a) a d'íoc aon phréimh den sórt a shonraítear i bhfo-alt (2); nó

(b) atá faoi aon reacht nó faoi théarmaí nó coinníollacha a fhostaíochta faoi dhliteanas aon suim a íoc nó aon suim a asbhaint as a thuarastal nó as a stipinn d'fhonn blianacht iarchurtha a áirithiú dá bhaintreach nó soláthar a dhéanamh dá leanaí tar éis a bháis,

beidh sé i dteideal, chun méid an ioncaim a chinneadh ar a mbeidh sé le muirearú i leith cánach (gan forcháin a áireamh), an asbhaint a shonraítear i bhfo-alt (3) a bhaint as a ioncam inmheasúnaithe.

(2) Is iad na préimheanna dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a) aon phréimheanna a d'íoc an t-éilitheoir ar pholasaí árachais nó ar chonradh i leith blianachta iarchurtha más rud é—

(a) go ndearnadh an t-árachas nó an conradh tar éis an 22ú lá de Mheitheamh, 1916—

(i) le haon chuideachta árachais a bunaíodh go dlíthiúil sa Stát nó i dTuaisceart Éireann nó sa Bhreatain Mhór nó in aon tír eile a mbeadh feidhm maidir léi, mura mbeadh gur aisghaireadh iad, ag na hachtacháin aisghairthe a fhreagraíonn don alt seo, nó a sheolann gnó go dleathach sa Stát; nó

(ii) le cara-chumann cláraithe; nó

(iii) i gcás blianachta iarchurtha, le Coimisinéirí na bhFiacha Náisiúnta; agus

(b) gur ar shaol an éilitheora nó ar shaol a bhanchéile atá an t-árachas, nó, cibé acu é, an bhlianacht iarchurtha, tógtha amach; agus

(c) gurb eisean a rinne an t-árachas nó an conradh.

(3) Is é a bheidh san asbhaint a bheidh le baint as ioncam inmheasúnaithe an éilitheora—

(a) más tar éis an 21ú lá de Bhealtaine, 1953, a rinneadh an t-árachas nó an conradh dá dtagraítear i bhfo-alt (2) agus sin le haon chuideachta árachais nó carachumann, is cuideachta nó cumann atá cláraithe sa Stát agus á bhainistí agus á rialú ann, méid is comhionann le dhá thrian den phréimh a d'íoc sé;

(b) in aon chás eile, méid is comhionann le leath na préimhe a d'íoc sé nó, cibé acu é, leath na suime a d'íoc sé nó a asbhaineadh as a thuarastal nó a stipinn.

(4) I gcás—

(a) préimh a bheith íoctha maidir le hárachas, nó maidir le conradh i leith blianachta iarchurtha, a rinneadh le cuideachta árachais, agus

(b) go bhféadfaí asbhaint i leith na préimhe a dhéanamh faoi fho-alt (1) mura mbeadh nach cuideachta den sórt a luaitear i bhfo-alt (2) (a) (i) an chuideachta,

ní thabharfar aird ar an bhfíoras sin, agus féadfar asbhaint i leith na préimhe a dhéanamh faoi fho-alt (1) dá réir sin, más rud é—

(i) gur sa Stát atá cónaí ar an éilitheoir ach go raibh cónaí air roimhe sin lasmuigh den Stát ar feadh tréimhse leanúnaí nár ghiorra ná deich mbliana,

(ii) go ndearnadh an t-árachas nó an conradh sula raibh deireadh leis an tréimhse chónaithe leanúnach lasmuigh den Stát, agus

(iii) nach bhfuil aon ioncam ag teacht as aon urrús nó sealúchas in aon áit atá lasmuigh den Stát nó, i gcás ina bhfuil ioncam ag teacht mar sin, go bhfuil feidhm ag alt 76 (1) maidir le cáin i leith an ioncaim sin a ríomh.

(5) Ní dhéanfar, maidir le hárachais nó conarthaí i leith blianachtaí iarchurtha—

(a) asbhaint a thabhairt ach amháin i leith préimheanna nó íocaíochtaí eile is iníoctha ar pholasaithe chun suim chaipitiúil a áirithiú ar bhás, cibé acu i dteannta nó d'éagmais aon sochair eile; nó

(b) asbhaint a thabhairt i leith préimheanna nó íocaíochtaí is iníoctha i gcaitheamh tréimhse an iarchurtha i leith polasaí árachais iarchurtha:

Ar choinníoll nach ndéanfaidh an fo-alt seo difear do phréimheanna ná d'íocaíochtaí is iníoctha—

(i) ar pholasaithe nó ar chonarthaí a rinneadh i ndáil le haon scéim aoisliúntais nó scéim pinsin bona fide le haghaidh sochair fostaithe aon fhostóra nó daoine atá ag gabháil d'aon trádáil, gairm nó gnó áirithe nó le haghaidh sochair banchéile nó baintrí aon fhostaí nó duine den sórt sin nó a leanaí nó a chleithiúnaithe eile; nó

(ii) ar aon pholasaí a thóg múinteoir i meánscoil amach le linn a bheith ag feitheamh le scéim aoisliúntais nó pinsin a bhunú do na múinteoirí sin.

(6) I gcás ina n-íocfaidh banchéile préimh as a hioncam féin ar leithligh i leith árachais ar a saol féin nó ar shaol a fearchéile, déanfar an asbhaint chéanna agus dhéanfaí dá mba é a bhí sa phréimh, préimh a d'íoc a fearchéile ar a shaol féin nó i leith conartha le haghaidh blianachta iarchurtha ar a shaol féin, agus beidh éifeacht dá réir sin ag an alt seo.

(7) Déanfar tagairtí san Acht seo d'fhaoiseamh i leith préimheanna árachais saoil a fhorléirú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'asbhaintí faoi na fo-ailt roimhe seo den alt seo.

Díolúine nuair nach mó ná £240 an t-ioncam iomlán, agus faoiseamh marghanach.

[1954, a. 3.]

144. —(1) (a) Aon phearsa aonair a dhéanfaidh, sa tslí a fhorordaítear leis an Acht seo, éileamh chuige sin agus tuairisceán a thabhairt san fhoirm fhorordaithe ar a ioncam iomlán, agus cruthúnas a thabhairt nach mó ná £240 a ioncam iomlán don bhliain mheasúnachta beidh teideal aige chun díolúine ó cháin ioncaim.

(b) Aon phearsa aonair ag a mbeidh, mura mbeadh a ioncam iomlán a bheith níos mó ná £240, teideal chun díolúine mar a fhoráiltear i mír (a) beidh teideal aige chun an méid cánach ioncaim is iníoctha i leith a ioncaim iomláin, dá mba rud é go rachadh an méid sin, mura mbeadh forálacha na míre seo, thar suim ar cóimhéid le trí chúigiú an mhéid atá a ioncam iomlán os cionn £240 a laghdú anuas go dtí an suim sin.

(2) Beidh feidhm, maidir le díolúintí ó cháin nó le laghduithe ar cháin faoin alt seo, le haon mhodhnuithe is gá, ag forálacha Sceideal 4 agus mhír IX de Sceideal 18.

(3) San alt seo ciallaíonn “ioncam iomlán” ioncam iomlán ó gach bunadh arna mheas do réir forálacha an Achta seo.

Árachas in aghaidh costas tinnis.

[1955, a. 4.]

145. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “árachóir údaraithe” aon duine a bhfuil gnó árachais den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (2) ar siúl aige go dleathach sa Stát;

ciallaíonn “ioncam iomlán” ioncam iomlán ó gach bunadh arna mheas do réir forálacha an Achta seo.

(2) Má dhéanann pearsa aonair éileamh chuige sin sa tslí a fhorordaítear leis an Acht seo agus go dtabharfaidh tuairisceán san fhoirm fhorordaithe ar ioncam iomlán na pearsan agus go gcruthóidh go ndearna an phearsa, nó, más fear pósta an phearsa, go ndearna a bhanchéile, sa bhliain roimhe an mbliain mheasúnachta, íocaíocht le hárachóir údaraithe faoi chonradh árachais a fhorálann go sonrach, cibé acu i dteannta sochar eile é nó nach ea, go gcúiteofar nó go nglanfar, go hiomlán nó go páirteach, dearbhchostais liachta, mháinliachta nó altranais (lena n-áirítear costas cothabhála in ospidéal, teach altranais nó sanatorium) de dheasca tinneas nó tionóisc a bhaint don phearsa nó do chéile na pearsan nó do leanaí nó cleithiúnaithe eile leis an bpearsa nó le céile na pearsan, ansin—

(a) mura n-árachaíonn an íocaíocht aon tsochair seachas an t-aisíoc nó an t-íoc sin, déanfar méid iomlán na híocaíochta a bhaint as aon ioncam, nó a fhritháireamh i gcoinne aon ioncaim, de chuid na pearsan, más é an phearsa a rinne an íocaíocht, nó de chuid bhanchéile na pearsan más ise a rinne an íocaíocht in aghaidh na bliana measúnachta, agus

(b) má árachaíonn an íocaíocht sochair seachas an t-aisíoc nó an t-íoc sin, tabharfar a shamhail d'fhaoiseamh in aghaidh an mhéid den íocaíocht is inchurtha i leith an aisíoca nó an íoca sin,

agus, más gá, glanfar nó aisíocfar cáin dá réir sin agus déanfar ioncam iomlán na pearsan in aghaidh na bliana measúnachta a ríomh dá réir sin chun críocha uile an Achta seo.

(3) Nuair a dhéanfar amach de réir fho-alt (2) suim a bheidh le baint as ioncam duine den lánúin, nó le fritháireamh ina choinne, ansin—

(a) mura mbeidh aon ioncam ann de chuid an duine sin den lánúin in aghaidh na bliana measúnachta ar féidir faoiseamh faoin bhfo-alt sin a thabhairt ina leith, féadfar an faoiseamh a thabhairt i leith ioncaim de chuid an duine eile den lanúin in aghaidh na bliana sin, agus

(b) má bhíonn an tsuim a dhéanfar amach mar a dúradh níos mó ná ioncam an duine sin den lánúin in aghaidh na bliana measúnachta, féadfar an bhreis a bhaint as aon ioncam de chuid an duine eile den lánúin in aghaidh na bliana sin nó í a fhritháireamh ina choinne.

(4) Má thugtar faoiseamh faoin alt seo ní thabharfar ná ní lamhálfar aon fhaoiseamh ná asbhaint faoi aon fhoráil eile den Acht seo i leith na híocaíochta nó na coda d'íocaíocht (cibé acu é).

(5) Beidh feidhm maidir le faoiseamh faoin alt seo, le haon mhodnuithe is gá, ag forálacha Sceideal 4 agus mhír IX de Sceideal 18.

Forálacha ginearálta maidir le liúntais, asbhaintí agus faoisimh.

[1918, a. 17;

1920, a. 32.]

146. —Ní bheidh éilitheoir i dteideal liúntais ná asbhainte ná faoisimh faoi ailt 135 go 145 maidir le haon ioncam a mbeidh teideal aige an cháin air a mhuirearú i gcoinne aon duine eile, ná i dteideal asbhaint, coinneáil, ná sásamh a dhéanamh as aon íocaíocht a bheidh sé faoi dhliteanas déanamh le haon duine eile.

Foras measúnachta ioncaim faoi Sceideal A.

[1918, a. 19;

1920, a. 32;

1929, a. 19.]

147. —Chun críche aon éilimh ar liúntas nó asbhaint faoi ailt 134 go 145 measfar, faoi réir aon liúntais, laghdaithe, nó faoisimh arna dheonú faoin Acht seo, gurb é an t-ioncam ó úinéireacht tailte, tionóntán nó oidhreachtán is inmheasúnaithe faoi Sceideal A, a luach bliantúil arna mheas de réir na bhforálacha is infheidhmithe maidir le Sceideal A agus measfar, faoi réir aon liúntais, laghdaithe nó faoisimh arna dheonú faoin Acht seo, gurb é an t-ioncam ó áitiú tailte, tionóntán agus oidhreachtán is inmheasúnaithe faoi Sceideal B a luach inmheasúnaithe arna mheas de réir na bhforálacha is infheidhmithe maidir le Sceideal B, agus i gcás inarb é an t-éilitheoir an t-úinéir agus an t-áititheoir freisin ar na tailte, na tionontáin agus na hoidhreachtáin sin is déanaí a luaitear, measfar gurb é an t-ioncam ó na tailte, na tionóntáin nó na hoidhreachtáin sin méid an luacha bhliantúil faoi Sceideal A i dteannta méid an luacha inmheasúnaithe faoi Sceideal B.

Comhpháirtithe, tionóntaí i gcomhpháirt: éilimh ar leithligh.

[1918, a. 20;

1920, a. 32;

1965, Sc. 3, Cuid I.]

148. —Na daoine seo a leanas a bhfuil leasanna i gcómhpháirt acu, is é sin le rá—

(a) comhoidhirsigh, nasc-thionóntaí, nó tionóntaí i gcoiteannas ar bhrabúis aon ghnó; agus

(b) nasc-thionóntaí, nó tionóntaí talún nó tionóntán i gcomhpháirtíocht agus iad i gcomháitíocht iarbhír an chéanna i gcomhpháirtíocht, a bhfuil teideal acu chun na mbrabús uathu sin i scaireanna,

féadfaidh siad aon liúntas nó asbhaint a éileamh faoi alt 134 go 145 de réir a scaireanna agus a leasanna faoi seach, agus féadfar déileáil le haon éilimh den sórt sin sa slí chéanna agus dhéanfaí i gcás leasanna ar leithligh:

Ar choinníoll nach ndéanfar brabúis ó áitiú tailte a mhuirearú ar leithligh má bhíonn na tailte ligthe nó foligthe gan an léasóir do scaradh lena seilbh nó mura ag an léasaí i seilbh agus ag áitiú na dtailte go heisiatach.

An modh ar a dtabharfar liúntas.

[1918, a 16;

1920, a 32.]

149. —Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt, déanfar aon liúntas nó asbhaint faoi ailt 134 go 145 a thabhairt tríd an measúnacht a ghlanadh nó a laghdú, nó tríd an mbreis a íocadh a aisíoc, nó ar gach modh nó aon mhodh acu sin, de réir mar is gá sa chás.

Ioncam iomlán i gcás ina laghdaítear an mheasúnacht.

[1918, a. 23;

1920, a. 32.]

150. —I gcás inar deonaíodh faoiseamh in aghaidh aon bhliana measúnachta faoi aon fhorálacha den Acht seo a fhorálann le haghaidh laghdú measúnachta ar aon bhunadh ioncaim i gcásanna ina mbeidh brabúis na bliana measúnachta gearr, measfar gurb é méid na measúnachta arna laghdú an t-ioncam ón mbunadh sin agus an t-ioncam iomlán ó gach bunadh á chinneadh don bhliain sin chun críche aon éilimh ar liúntas nó asbhaint faoi ailt 134 go 145.

Faoiseamh i leith préimheanna ar árachas roimh 1916.

[1918, a. 32 (1) (8) (9);

1920, a. 26;

1952, a. 4 (3).]

151. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo agus alt 152, beidh aon éilitheoir a d'íoc aon phréimh den sórt a shonraítear i bhfo-alt (2) i dteideal go ndéanfar an méid cánach is iníoctha aige a laghdú suim is ionann agus an cháin de réir an ráta iomchuí ar mhéid na préimhe a d'íoc sé.

(2) Is iad na préimheanna dá dtagraítear i bhfo-alt (1) aon phréimheanna a d'íoc éilitheoir ar pholasaí árachais nó ar chonradh i leith blianachta iarchurtha más rud é—

(a) go ndearnadh an t-árachas nó an conradh an 22ú lá de Mheatheamh, 1916 nó roimhe,—

(i) le haon chuideachta árachais a bunaíodh go dlíthiúil sa Stát, i dTuaisceart Éireann nó sa Bhreatain Mhór nó in aon tír eile a mbeadh feidhm maidir léi, mura mbeadh gur aisghaireadh iad, ag na hachtacháin aisghairthe a fhreagraíonn don alt seo, nó a sheolann gnó go dleathach sa Stát; nó

(ii) le cara-chumann cláraithe; nó

(iii) i gcás blianachta iarchurtha, le Coimisinéirí na bhFiacha Náisiúnta; agus

(b) gur ar shaol an éilitheora nó ar shaol a bhanchéile atá an t-árachas, nó cibé acu é, an bhlianacht iarchurtha, tógtha amach, agus

(c) gurb eisean a rinne an t-árachas nó an conradh.

(3) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “an ráta iomchuí”—

(a) i gcás nach mó ná £1,000 ioncam iomlán an éilitheora ó gach bunadh arna mheas de réir forálacha an Achta seo, cibé acu den dá ráta seo a leanas is lú:

(i) leath an ráta chaighdeánaigh cánach,

(ii) an ráta a gheofar tríd an gcáin is iníoctha ag an duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a roinnt, roimh aon fhaoiseamh faoin alt seo nó aon fhaoiseamh i leith cánachais dúbailte faoi aon chomhaontú idir an Rialtas agus Rialtas aon stáit eile a asbhaint, ach tar éis laghdaithe i leith aon chánach a bheidh sé i dteideal muirearú i gcoinne aon duine eile, ar mhéid a ioncaim inchánaithe, agus chun na críche sin measfar an t-ioncam sin a bheith laghdaithe méid aon ioncaim a mbeidh sé i dteideal cáin ioncaim a a mhuirearú air mar a dúradh;

(b) i gcas inar mó ná £1,000 ioncam iomlán an éilitheora ó gach bunadh arna mheas mar a dúradh ach nach mó é ná £2,000, trí cheathrú an ráta chaighdeánaigh cánach;

(c) i gcás inar mó ná £2,000 ioncam iomlán an éilitheora ó gach bunadh arna mheas mar a dúradh, an ráta caighdeánach cánach.

(4) I gcás ina n-íocfaidh banchéile préimh as a hioncam ar leithligh i leith árachais ar a saol féin nó ar shaol a fearchéile nó i leith conartha le haghaidh aon bhlianacht iarchurtha ar a saol féin nó ar shaol a fearchéile tabharfar an liúntas céanna cánach ionann is dá mba phréimh í a d'íoc a fearchéile i leith árachais ar a shaol féin nó i leith conartha le haghaidh blianacht iarchurtha ar a shaol féin agus beidh feidhm ag an alt seo dá réir sin.

(5) Más mó an cháin is iníoctha sa deireadh ag aon éilitheoir tar éis an liúntas faoin alt seo a asbhaint ná an méid cánach ab iníoctha dá mba mhó ná £1,000 nó £2,000 ioncam iomlán an duine sin, cibé acu é, méadófar an liúntas faoin alt seo suim is ionann agus an méid is mó cáin de réir an cheathrú cuid den ráta caighdeánach ar mhéid na bpréimheanna ar ina leith thabharfar an liúntas ná méid na cánach de réir an ráta chaighdeánaigh ar an méid is lú an t-ioncam iomlán ná £1,000 nó £2,000, cibé acu é.

Faoiseamh árachais saoil—forálacha ginearálta.

[1918, a. 32 (2) (3) (5) (6);

1920, a. 26, 32;

1956, a. 2;

1958, a. 38 (3).

1963, Sc. 6, Cuid III.]

152. —(1) Ní rachaidh comhshuim na bpréimheanna nó na suimeanna eile a dtabharfar faoiseamh ina leith do dhuine ar bith faoi ailt 143 agus 151 thar an séú cuid d'ioncam iomlán an duine ó gach bunadh arna mheas de réir forálacha an Achta seo.

(2) Ní thabharfar aon fhaoiseamh faoi alt 143 nó 151 i leith aon phréimhe nó íocaíochta eile is iníoctha ar pholasaí chun suim chaipitiúil a áirithiú ar bhás (cibé acu i dteannta aon tsochair eile nó nach ea) i leith an mhéid sin den phréimh nó den íocaíocht eile de bhreis ar sheacht faoin gcéad den tsuim chaipitiúil iarbhír a árachaíodh, nó, i gcás ina mbaineann téarmaí speisialta leis an árachas ar shaol an duine árachaithe, den tsuim chaipitiúil fhorordaithe, agus, nuair a bheidh aon suim chaipitiúil den sórt sin, nó an tsuim chaipitiúil fhorordaithe, á ríomh, ní chuirfear sa chuntas aon suim is iníoctha ar aon teagmhas eile tarlú, nó ar luach aon phréimheanna a comhaontaíodh a chur ar ais, nó ar aon sochar ar mhodh bónais nó eile a bheidh nó a fhéadfadh a bheith le fáil roimh bhás nó dá éis, ag an duine ag a mbeidh an phréimh á íoc, nó ag aon duine eile, agus nach í an tsuim í a árachaíodh go hiarbhír nó an tsuim chaipitiúil fhorordaithe.

San fho-alt seo—

ciallaíonn “téarmaí speisialta” maidir le hárachas téarmaí nach bhfuil, mar gheall ar imthosca speisialta a bhaineann le sláinte an duine árachaithe, chomh fabharach maidir le méideanna na bpréimheanna is iníoctha ná maidir leis an tsuim chaipitiúil is iníoctha ar bhás, leo sin a bheadh le fáil, mura mbeadh sin, ón árachóir céanna.

ciallaíonn “an tsuim chaipitiúil fhorordaithe” maidir le hárachas (dá ngairtear an t-árachas sin sa mhíniú seo), lena mbaineann téarmaí speisialta, ar shaol duine árachaithe, an tsuim chaipitiúil ab iníoctha ag an árachóir ar bhás an duine sin de bhua árachais nár bhain téarmaí speisialta leis agus ab ionann i ngach slí leis an árachas sin ach amháin maidir leis an tsuim chaipitiúil ab iníoctha ar bhás.

(3) Ní thabharfar aon fhaoiseamh faoi alt 143 nó 151 maidir leis an mbreis ar £100 a bheidh ag comhshuim na bpréimheanna agus na n-íocaíochtaí uile is iníoctha chun aon sochair a áirithiú seachas iad sin a luaitear i bhfo-alt (2).

(4)   (a) Ní chuirfear préimheanna árachais chogaidh sa chuntas nuair a bheidh teorainneacha an séú cuid d'ioncam iomlán ó gach bunadh, nó an seacht faoin gcéad, nó an £100 a luaitear san alt seo á ríomh.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “préimheanna árachais chogaidh” aon phréimh bhreise nó suim eile a íocadh d'fhonn polasaí árachais saoil láithreach a shíneadh go dtí fiontair ó chogadh nó ó sheirbhís chogaidh ar an gcoigrích, agus aon chuid d'aon phréimh nó suim eile a íocadh i leith polasaí árachais saoil a chumhdaíonn na fiontair sin, nó ceachtar acu, is dóigh leis na Coimisinéirí a ndéanfar an t-éileamh ar fhaoiseamh chucu a bheith inchurtha i leith na bhfiontar sin, nó ceachtar acu.

(5) Ní thabharfar aon fhaoiseamh faoi alt 143 nó 151 in aghaidh aon bhliana measúnachta i leith íocaíochta más rud é—

(a) gur inlamháilte asbhaint faoi alt 222, nó

(b) gur inlamháilte asbhaint faoi alt 233 (1)

in aghaidh na bliana sin i leith na híocaíochta sin nó i leith íocaíochta dá samhail a rinneadh sa bhliain roimh an mbliain mheasúnachta.

(6) Má rinneadh aon duine a bhí i dteideal faoisimh faoi alt 151 a mhuirearú i leith cánach faoi aon Sceideal agus gur íoc sé an cháin sin, nó gur íoc sé cáin nó gur muirearaíodh cáin air trí asbhaint nó eile, ansin, ar éileamh a dhéanamh chun na gCoimi sinéirí Speisialta, agus ar an admháil ar a íocaíocht, agus cruthú chun a sástacht ar na fíorais, a thabhairt ar aird dóibh, beidh sé i dteideal go ndéanfar an cháin bhreise a d'íoc sé nó a muirearaíodh air mar a dúradh a aisíoc leis.

Neamhchónaitheoirí.

[1935, a. 8;

1964, a. 2 (3) 3 (7).]

1935, Uimh. 14 .

1920, c. 18.

153. —(1) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt leis an alt seo, beidh éifeacht ag an forálacha seo a leanas i gcás pearsan aonair nach gcónaíonn sa Stát—

(a) ní beidh sé i dteideal aon liúntais i leith ioncaim thuillte faoi alt 134;

(b) ní bheidh sé i dteideal aon asbhaint ó ioncam neamhthuillte faoi alt 135;

(c) ní bheidh sé i dteideal aon asbhaint ná faoisimh faoi alt 136;

(d) ní bheidh sé i dteideal aon cheann de na hasbhaintí ó ioncam inmheasúnaithe dá bhforáiltear le hailt 138 go 143;

(e) ní bheidh sé i dteideal aon fhaoisimh faoi alt 151.

(2) I gcás ina ndéanfaidh pearsa aonair nach gcónaíonn sa Stát a chruthú chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim—

(a) gur saoránach d'Éirinn é, nó

(b) go gcónaíonn sé lasmuigh den Stát ar son nó de bharr a shláinte nó sláinte duine dá theaghlach a chónaíonn leis nó mar gheall ar easláine nó galar éigin coirp a bheith air féin nó ar aon duine den sórt sin dá theaghlach, agus go raibh cónaí air sa Stát sular chónaigh sé amhlaidh lasmuigh den Stát, nó

(c) gur saoránach, géilliúnach, nó náisiúnach é de thír a bhfuil a cuid saoránach, géilliúnach nó náisiúnach díolmhaithe de thuras na huaire le hOrdú faoi alt 10 d'Acht na nEachtrannach, 1935 , ó aon fhoráil nó forálacha den Acht sin nó d'ordú eachtrannach faoi, nó

(d) gur duine é lenar bhain ceann de na míreanna (a) go (e) den choinníoll a ghabhann le halt 24 den Finance Act, 1920, maidir leis an mbliain dar chríoch an 5ú lá d'Aibreán, 1935, nó le haon bhliain mheasúnachta roimhe sin,

ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir leis an bpearsa aonair sin, ach i gcás na pearsan aonair sin ní thabharfar aon liúntas, asbhaint, ná sochar eile den sórt a luaitear san fho-alt sin i slí go laghdódh sé méid na cánach ioncaim is iníoctha aige faoin méid a bhfuil idir é agus an méid cánach ab iníoctha aige dá mba inmhuirir an cháin ar a ioncam iomlán ó gach bunadh (lena n-áirítear ioncam nach bhfuil faoi réir cháin ioncaim Éireannach) an chomhréir chéanna atá idir an chuid dá ioncam nach bhfuil faoi réir cháin ioncaim Éireannach agus a ioncam iomlán ó gach bunadh.

(3) Duine ar bith arb éagóir leis cinneadh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim faoin alt seo féadfaidh sé achomharc a dhéanamh ina aghaidh chun na gCoimisinéirí Speisialta.

Faoiseamh i leith ioncam a charnaigh faoi iontaobhais.

[1918, a. 25;

1925, a. 9 (1).]

154. —Más rud é de bhun forálacha aon uachta nó socraíochta go mbeidh ioncam ar bith ó aon chiste tar éis carnadh chun sochair do dhuine ar bith ar an teagmhas go slánóidh sé aois shonraithe éigin nó ag bpósfaidh sé agus, in aon bhliain mheasúnachta, nach mbeidh i méid comhshuimithe an ioncaim sin agus an ioncaim ó aon chiste eile faoi réir iontaobhas dá samhail i leith carnadh agus ioncaim iomláin an duine sin ó gach bunadh (dá ngairtear “an t-ioncam bliantúil comhshuimithe” anseo ina dhiaidh seo) ach amháin an méid a thabharfadh do phearsa aonair teideal chun díolúine iomlán ó cháin nó faoiseamh ó cháin a fháil, ansin, ar éileamh chuige sin a dhéanamh laistigh de shé bliana tar éis deireadh na bliana measúnachta inar tharla an teagmhas, beidh teideal ag an duine sin, ar an éileamh a chruthú sa tslí a fhorordaítear le Sceideal 4 agus mír IX de Sceideal 18, go n-aisíocfar leis ar chuntas na cánach a íocadh i leith an ioncaim i gcaitheamh na tréimhse carnaithe suim is comhionann leis an méid chomhshuimithe faoisimh a mbeadh teideal aige chuige dá mba ionann a ioncam iomlán ó gach bunadh in aghaidh gach bliana de na blianta ar leithligh sa tréimhse sin agus an t-ioncam bliantúil comhshuimithe don bhliain sin; ach nuair a bheidh an tsuim sin á ríomh déanfar asbhaint maidir le haon faoiseamh a bheidh faighte cheana féin.