An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Liúntaís i leith Caiteachais Chaipitiúil ar Longa Nua a Cheannach) Ar Aghaidh (Caibidil II Foirgnimh agus Déanmhais Thionscail: Liúntas Foirgníochta Tionscail)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

CUID XV

Liúntais Tosaigh i Leith Caiteachais Chaipitiúil áirithe ar Innealra agus Gléasra agus ar Fhoirgnimh agus Déanmhais Thionscail

Caibidil I

Innealra agus Gléasra: Liúntais Tosaigh

Liúntais tosaigh.

[1956, a. 23;

1962, a. 11 (1);

1965, a. 62.]

251. —(1) Nuair a dhéanfaidh duine a sheolann trádáil a bhfuil na brabúis nó na gnóchain aisti inmhuirir (ar shlí seachas de dhroim rogha faoi alt 34) faoi Chás I de Sceideal D caiteachas caipitiúil a thabhú ag soláthar innealra nua nó gléasra nua le haghaidh na trádála, seachas feithiclí atá oiriúnach chun daoine nó earraí a iompar de bhóthar nó feithiclí eile a tharraingt de bhóthar, ansin, faoi réir forálacha an Achta seo, tabharfar dó, in aghaidh na bliana measúnachta sa bhonn-tréimhse ar tabhaíodh an caiteachas ina haghaidh, liúntas (dá ngairtear liúntas tosaigh sa Chaibidil seo) ar cóimhéid leis an gcúigiú cuid den chaiteachas, agus tabharfar an liúntas sin mar asbhaint nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchan na trádála.

(2) Aon chaiteachas a tabhaíodh chun críocha trádála ag duine a bhí ar tí dul á seoladh déileálfar leis chun críocha fho-alt (1) ionann is dá mba é an chéad lá a bhí sí á seoladh ag an duine sin a thabhaigh sé é.

(3) Ní bhainfidh fo-alt (1) ná fo-alt (2) le haon chaiteachas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1956.

(4) D'ainneoin aon ní atá sna forálacha roimhe seo den alt seo, beidh éifeacht ag an gCaibidil seo maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 14ú lá de Nollaig, 1961, nó dá éis sin, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1968, ionann agus dá gcuirfí “le dhá chúigiú” in ionad “leis an gcúigiú” i bhfo-alt (1).

(5) Aon éileamh a dhéanfaidh duine ar liúntas faoin alt seo nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchan a thrádála, cuirfear é sa ráiteas bliantúil nach foláir a thabhairt faoin Acht seo ar na brabúis nó na gnóchain aisti agus cuirfear ina teannta deimhniú a bheidh sínithe ag an éilitheoir, agus a measfar gur cuid den éileamh é, á rá gur ar innealra nua nó gléasra nua a tabhaíodh an caiteachas agus ag tabhairt cibé sonraí a thaispeánfaidh go bhfuil an liúntas le tabhairt.

(6) San alt seo, ciallaíonn “nua” neamhúsáidte agus gan bheith réchaite, ach measfar long a bheith nua fiú amháin má húsáideadh í nó más long réchaite í.

Feidhm alt 241 (2) (3) (5).

[1956, a. 24 (2);

1960, Sc. 4, Cuid I.]

252. —Beidh feidhm maidir le liúntais tosaigh ag alt 241 (2) (3) (5) mar atá feidhm ag na fo-ailt sin maidir le hasbhaintí is inlamháilte i leith caitheamh agus cuimilt innealra nó gléasra.

Feidhm i gcás gairmeacha, etc.

[1956, a. 26;

1958, Sc. 4.]

253. —Beidh feidhm, le haon mhodhnuithe is gá, ag na forálacha roimhe seo den Chaibidil seo maidir le caiteachas caipitiúil a thabhaigh duine is inmheasúnaithe faoi Chás II de Sceideal D den Acht seo.