An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Foirgnimh agus Déanmhais Thionscail: Liúntas Foirgníochta Tionscail) Ar Aghaidh (CUID XVI Liúntais Bhliantúla i Leith Caiteachais Chaipitiúil áirithe ar Fhoirgnimh agus Déanamhais Thionscail, ar Innealra agus Gléasra, ar Phaitinní agus ar Dhreidireacht)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

Caibidil III

Illghnéitheach agus Ginearálta

“Caiteachas caipitiúil” faoi ailt 251 agus 254.

[1956, a. 23 (3), 26;

1956, F.I. a. 16 (3) (b).]

260. —Chun críocha ailt 251 agus 254, ní áireofar mar chaiteachas caipitiúil aon chaiteachas is cead a asbhaint nuair a bheifear ag ríomh, chun críocha cánach ioncaim, brabús nó gnóchan trádála nó gairme a bhí á seoladh ag an duine a thabhaigh an caiteachas.

An dáta a tabhaíodh caiteachas.

[1956, a. 23 (4);

1956, F.I., a. 16 (4).]

261. —Chun críocha na Coda seo, measfar gurb é an lá a tabhaíodh aon chaiteachas an lá a tháinig an tsuim a bheidh i gceist chun bheith iníoctha.

An bhrí atá le “bonn-tréimhse”.

[1956, a. 25, 26;

1956, F.I., a. 18.]

262. —(1) Sa Chuid seo; tá le “bonn-tréimhse” an bhrí a thugtar dó leis na forálacha ina dhiaidh seo den alt seo.

(2) I gcás duine a mbeidh liúntas le tabhairt dó faoin gCuid seo, is é a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnachta an tréimhse ar ar a brabúis nó a gnóchain a bheidh cáin ioncaim na bliana sin le ríomh go críochnaitheach faoi Chás I nó faoi Chás II de Sceideal D, i leith na trádála a bheidh i gceist nó, más rud é, de bhua aon fhorála den Acht seo, go mbeidh sé le meas gurb iad brabúis nó gnóchain na tréimhse sin brabúis nó gnóchain aon tréimhse eile, an tréimhse eile sin.

Ar choinníoll, i gcás aon trádála nó gairme—

(a) má théann dhá bhonn-tréimhse isteach ar a chéile, go measfar chun críocha an fho-ailt seo gur sa chéad bhonntréimhse agus ansin amháin atá an tréimhse a bhaineann leo araon;

(b) má tá eatramh idir deireadh na bonn-tréimhse do bhliain mheasúnachta áirithe agus an bhonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, ansin, murab í an bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin bliain na trádála nó na gairme a bhuanscor, go measfar gur chuid den dara bonn-tréimhse an t-eatramh; agus

(c) má bhíonn eatramh idir deireadh na bonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta roimh bhliain na trádála nó na gairme a bhuanscor agus an bhonn-tréimhse do bhliain a buanscoir, go measfar gur cuid den chéad bhonn-tréimhse an t-eatramh.

(3)   (a) Déanfar aon tagairt sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (2) den alt seo do thrádáil nó gairm a bhuanscor a fhorléiriú mar ní a fholaíonn tagairt do tharlú aon ní a bheidh, faoi aon cheann d'fhorálacha an Achta seo, le meas mar ní is ionann agus trádáil nó gairm a bhuanscor.

(b) Déanfar aon tagairt sa choinníoll sin do dhá thréimhse dul isteach ar a chéile a fhorléiriú mar ní a fholaíonn tagairt do dhá thréimhse comhtheacht le chéile nó do thréimhse a bheith ar áireamh i dtréimhse eile, agus forléireofar dá réir sin tagairtí don tréimhse a bhaineann le gach cheann de dhá thréimhse.