An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XVIII Liúntas i leith Caiteachais ar Earraí áirithe a Tháirgeadh) Ar Aghaidh (Caibidil II Liúntais Chaipitiúla)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

CUID XIX

Caillteanais

Caibidil I

Faoiseamh i leith Caillteanas

Ceart chun aísíoc cánach faoi threoir caillteanas.

[1918, a. 34;

1963, a. 18.]

307. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, má tharlaíonn aon bhliain mheasúnachta gur bhain caillteanas do dhuine ar bith in aon trádáil, gairm nó fostaíocht, a bhí á sheoladh aige leis féin nó i gcomhpháirtíocht, nó ag áitiú tailte chun críocha feirmeoireachta amháin, nó ag áitiú talamh coille ar ghlac sé de rogha é a mhuirearú i leith cánach faoi Sceideal D maidir leis, beidh teideal aige, ar éileamh chuige sin a dhéanamh, chun cibé aisíoc cánach is gá chun a áirithiú nach rachaidh an méid comhiomlán cánach in aghaidh na bliana a bheidh íoctha aige ar deireadh thar an méid a bheadh iompartha aige dá ndéanfaí a ioncam a laghdú méid an chaillteanais.

(2)   (a) Chun críocha fho-alt (1) ríomhfar méid na cánach a bheadh iompartha dá laghdófaí ioncam méid caillteanais—

(i) i gcás inar do phearsa aonair a bhain an caillteanas, ar an bhforas go measfar go laghdaíonn an caillteanas ioncam iomchuí na pearsan aonair ar dtús, ansin ioncam eile na pearsan aonair, ansin ioncam iomchuí bhanchéile nó fhearchéile na pearsan aonair agus ansin ioncam eile bhanchéile nó fhearchéile na pearsan aonair, agus

(ii) I gcás inar i dtrádáil a bhí á seoladh ag comhlacht corpraithe a tharla an caillteanas, ar an bhforas go measfar go laghdaíonn an caillteanas ioncam an chomhlachta chorpraithe ar dtús ó bhrabúis nó gnóchain na trádála inar tharla an caillteanas agus ansin ioncam eile an chomhlachta chorpraithe.

(b) chun críocha mhír (a) (i), ciallaíonn “ioncam iomchuí” ioncam tuillte nó ioncam neamhthuillte de réir mar a tharlódh gurb é a bheadh in ioncam tuillte nó in ioncam neamhthuillte duine ioncam a d'éirigh sa tréimhse chéanna ar bhain an caillteanas don duine sin ón ngníomhaíocht chéanna.

(3) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt le halt 216 (2), déanfar, chun críocha an ailt seo, méid an chaillteanais a tharla i ngníomhaíocht a ríomh sa tslí chéanna ina ndéanfaí brabúis nó gnóchain ón ngníomhaíocht a ríomh faoi fhorálacha iomchuí an Achta seo.

(4) I gcás ina mbeidh aisíoc déanta le duine ar bith in aghaidh aon bhliana áirithe faoin alt seo—

(a) ní dhéanfar aon chuid den chaillteanas a measadh, agus an t-aisíoc á ríomh, a laghdaigh a ioncam a chur i gcuntas le linn méid measúnachta in aghaidh aon bhliana ina dhiaidh sin a bheith á ríomh, agus

(b) déanfar an oiread sin den chaillteanas agus a bhí de cheangal ann, faoi fho-alt (2), a mheas gur laghdaigh sé ioncam de shaghas áirithe nó ioncam ó bhunadh áirithe a áireamh chun críocha uile an Achta seo mar asbhaint a bheidh le déanamh ó ioncam den saghas sin nó ó ioncam ón mbunadh sin, cibé acu é, le linn ioncam iomlán an duine in aghaidh na bliana a bheith á ríomh.

(5) Déanfar aon éileamh ar aisíoc faoin alt seo, i bhfoirm a bheidh forordaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim, tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis deireadh na bliana measúnachta agus is chun an chigire a chuirfear é agus is eisean a chinnfidh é, ach más éagóir le duine ar bith aon chinneadh ón gcigire ar aon éileamh den sórt sin féadfaidh sé, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire sin laistigh de lá agus fiche tar éis an cinneadh a chur in iúl dó, achomharc a chur chun na gCoimisinéirí Speisialta.

(6) Déanfaidh na Coimisinéirí Speisialta achomharc a chuirfear chucu faoi fho-alt (5) a éisteacht agus a chinneadh ionann agus dá mba achomharc chucu é i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim agus dá réir sin beidh feidhm, leis na modhnuithe is gá, ag na forálacha den Acht seo maidir le hathéisteacht achomhairc nó le cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte ar phonc dlí.

Daoine ag a bhfuil dhá thrádáil nó níos mó á seoladh.

[1918, Sc. D. Cana I agus II, r.13.]

308. —Aon duine a sheolann, leis féin nó i gcomhpháirtíocht, dhá thrádáil ar leithligh nó níos mó arb inmhuirir a mbrabúis faoi Sceideal D féadfaidh sé an caillteanas arna ríomh faoin Acht seo a bhain dó in aon trádáil amháin nó níos mó acu sin a bhaint as méid, nó a fhritháireamh in aghaidh mhéid, na mbrabús arna ríomh amhlaidh a bhain dó in aon trádáil eile acu sin, agus feádfaidh sé ráitis ar leithligh a thabhairt maidir le gach trádáil den sórt sin.

Ceart chun caillteanais a thabhairt ar aghaidh go blianta todhchaí.

[1929, a. 14; 1960, a. 3 (1) (a);

1965, Sc. 3, Cuid I.]

309. —(1) I gcás inar bhain caillteanas (a bheidh le ríomh sa tslí chéanna le brabúis nó gnóchain faoi na forálacha den Acht seo is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D) do dhuine in aon trádáil nó gairm a bhí á seoladh aige, leis féin nó i gcomhpháirtíocht, ar caillteanais iad nach mbeidh faoiseamh tugtha ina leith go hiomlán faoi alt 307 nó 308 ná faoi aon fhoráil eile den Acht seo, féadfaidh sé a éileamh go ndéanfar aon chuid den chaillteanas nach mbeidh faoiseamh tugtha ina leith amhlaidh a thabhairt ar aghaidh agus, a mhéid is féidir sin, a asbhaint as méid, nó a fhritháireamh in aghaidh mhéid, na mbrabús nó na ngnóchan a measúnófar é ina leith faoi Sceideal D maidir leis an trádáil nó leis an ngairm sin in aghaidh aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, ach amháin más rud é agus sa mhéid gur rud é go mbeidh faoiseamh i leith aon chaillteanais tugtha do dhuine ar bith faoin alt seo nach mbeidh an duine sin i dteideal faoiseamh a éileamh i leith an chaillteanais sin faoi aon fhoráil eile den Acht seo.

(2) Déanfar aon fhaoiseamh faoin alt seo a thabhairt a mhéid is féidir ón gcéad mheasúnacht ina dhiaidh sin, agus a mhéid nach féidir é a thabhairt amhlaidh, ansin tabharfar é ón gcéad mheasúnacht eile agus mar sin de.

(3) Más rud é—

(a) gur bhain caillteanas do dhuine a bhí ag áitiú talamh coille is duine a bheadh, dá mbeadh brabús déanta aige, inmhuirir in aghaidh na bliana ina dhiaidh sin i leith cánach faoi Sceideal D arna ríomh de réir mhéid an bhrabúis sin mar gheall ar a rogha faoi alt 36, nó

(b) gur bhain caillteanas do dhuine a bhí ag áitiú tailte is duine a bheadh, dá mbeadh brabús déanta aige, inmhuirir, in aghaidh na bliana ina dhiaidh sin, i leith cánach faoi Sceideal D arna ríomh de réir mhéid an bhrabúis sin mar gheall ar a rogha faoi alt 34;

beidh feidhm ag an alt seo ionas go dtabharfar faoiseamh i leith an chaillteanais sin sa tslí chéanna agus an méid céanna agus a thabharfaí dá mba chaillteanas é a tharla i dtrádáil:

Ar choinníoll, má tharlaíonn bliain ar bith tar éis na bliana a tharla an caillteanas, go ndéanfar an duine dar bhain an caillteanas a mheasúnú faoi Sceideal B i leith áitiú na dtailte a bheidh i gceist nach lamhálfar aon asbhaint ná fritháireamh mar a dúradh i leith an chaillteanais sin in aghaidh na bliana sin nó aon bhliana ina dhiaidh sin.

Faoiseamh faoi Chás IV i leith caillteanas.

[1945 a. 2; 1960, a. 3 (1) (b).]

310. —(1) Má tharlaíonn aon bhliain mheasúnachta go mbainfidh caillteanas do dhuine in aon idirbheart (is idirbheart de chineál go ndlífí, dá mbeadh aon bhrabúis tar éis teacht de, é a mheasúnú ina leith faoi Chás IV de Sceideal D) a rachaidh sé ina bhun, go haonarach nó i gcomhpháirtíocht, féadfaidh sé a éileamh go ndéanfar méid an chaillteanais sin, a mhéid is féidir, a asbhaint as méid, nó a fhitháireamh in aghaidh méid, na mbrabús nó na ngnóchan ar a measúnófar é faoin gCás sin IV don bhliain sin agus go ndéanfar aon chuid den chaillteanas nach dtabharfar faoiseamh amhlaidh ina leith a thabhairt ar aghaidh agus, a mhéid is féidir, a asbhaint as méid, nó a fhritháireamh in aghaidh méid, na mbrabús nó na ngnóchan ar a measúnófar é faoin gCás sin IV in aghaidh aon bhliana measúnachta ina dhiaidh sin.

(2) Nuair a bheifear ag cur an ailt seo chun feidhme maidir le caillteanas a bhain do chomhpháirtí i gcomhpháirtíocht measfar go gciallaíonn “méid na mbrabús nó na ngnóchan ar a measúnófar é”, maidir le haon bhliain áirithe, cibé cuid den mhéid ar a measúnófar an chomhpháirtíocht faoi Chás IV de Sceideal D agus a bheadh de cheangal air faoin Acht seo a thuairisciú i dtuairisceán ar a ioncam iomlán don bhliain sin.

(3) Aon fhaoiseamh a thabharfar faoin alt seo ar mhodh aon chuid de chaillteanas a thabhairt ar aghaidh tabharfar é a mhéid is féidir ón gcéad mheasúnacht ina dhiaidh sin, agus a mhéid nach féidir é a thabhairt amhlaidh ansin ón gcéad mheasúnacht eile agus mar sin de.

Caillteanas foirceannaidh.

[1960, a. 4 (1) (2).]

311. —(1) I gcás ina mbeifear tar éis buanscor de thrádáil nó gairm, agus gur bhain caillteanas lena mbaineann an t-alt seo (dá ngairtear caillteanas foirceannaidh anseo ina dhiaidh seo san alt seo), d'aon duine a bhí á seoladh, go haonarach nó i gcomhpháirtíocht, díreach roimh thráth an scoir, ansin, faoi réir forálacha alt 312 go 315 féadfaidh sé a éileamh go ndéanfar, an oiread agus is féidir, méid an chaillteanais fhoirceannaidh a asbhaint as méid, nó a fhritháireamh i gcoinne méid, na mbrabús nó na ngnóchan a mbeidh cáin ioncaim muirearaithe air ina leith faoi Sceideal D maidir leis an trádáil nó an ghairm in aghaidh na dtrí bliana measúnachta díreach roimh an mbliain mheasúnachta a tharlóidh an scor, agus déanfar na leasuithe sin uile ar mheasúnachtaí nó aisíocaíochtaí cánach is gá chun éifeacht a thabhairt don éileamh:

Ar choinníoll nach dtabharfar faoiseamh i leith an ábhair chéanna faoin alt seo agus faoi fhoráil éigin eile den Acht seo.

(2) Aon fhaoiseamh a thabharfar faoin alt seo tabharfar é, an oiread agus is féidir, ón measúnacht in aghaidh bliana níos déanaí i dtosaíocht ar bhliain níos luaithe.

Caillteanas foirceannaidh a chinneadh.

[1960, a. 4 (3) (4).]

312. —(1) Déanfar an cheist cé acu a bhain nó nár bhain aon chaillteanas foirceannaidh do dhuine i dtrádáil nó i ngairm agus má bhain, cad é an caillteanas foirceannaidh é, a chinneadh, chun críocha alt 311, trí shuimeanna más aon suimeanna é, na nithe seo a leanas a ghlacadh (a mhéid nach mbeidh siad áirithe ar shlí eile chun aon mhuirear i leith cánach a laghdú nó faoiseamh a thabhairt ina leith), is é sin le rá:

(a) an caillteanas a bhain dó sa trádáil nó sa ghairm an bhliain mheasúnachta a bheifear tar éis buanscor di;

(b) na liúntais chaipitiúil iomchuí don bhliain mheasúnachta sin;

(c) an caillteanas a bhain dó sa trádáil nó sa ghairm sa chuid den bhliain mheasúnachta roimhe sin dar tosach dhá mhí dhéag roimh dháta an scoir;

(d) an codán céanna de na liúntais chaipitiúla iomchuí don bhliain mheasúnachta sin roimhe sin ar codán de bhliain an chuid a thosaigh mar a dúradh.

(2) I bhfo-alt (1), ciallaíonn “na liúntais chaipitiúla iomchuí”, maidir le haon bhliain mheasúnachta, na liúntais chaipitiúla a bheidh le tabhairt nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchan na trádála nó na gairme don bhliain sin gan méideanna a tugadh ar aghaidh ó bhliain roimhe sin a áireamh, agus, chun críocha fho-alt (1) (a) (c), ríomhfar méid caillteanais ar an modh céanna a ríomhtar brabúis nó gnóchain faoi na forálacha den Acht seo is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D.

Méid brabús nó gnóchan.

[1960, a. 4 (5) (6) (7); 1965, a. 55 (10).]

313. —(1) Faoi réir fho-alt (3), maidir le méid na mbrabús nó na ngnóchain ar muirearaíodh cáin ioncaim ar dhuine ina leith in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe i leith brabús nó gnóchain trádála nó gairme measfar, chun críocha faoisimh faoi alt 311 ón measúnacht don bhliain sin, gurb é méid é méid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan arb inmheasúnaithe ina leith é in aghaidh na bliana sin lúide—

(a) suim ar cóimhéid le méid iomlán na n-asbhaintí i leith liúntas caipitiúil, má b'ann, a tugadh, le linn brabúis nó gnóchain a bheith á muirearú, agus

(b) suim ar cóimhéid le méid iomlán na n-asbhaintí, má b'ann, a bhí le baint, i leith íocaíochtaí a rinneadh nó caillteanais a tharla, as brabúis nó gnóchain le linn ioncam iomlán an duine don bhliain a bheith á ríomh chun críocha cánach ioncaim, nó a bheadh le baint amhlaidh dá mba phearsa aonair an duine, agus

(c) i gcás comhlacht daoine, suim ar cóimhéid leis an oiread sin de na brabúis nó de na gnóchain agus a caitheadh ag íoc díbhínní:

Ar choinníoll, i gcás inar féidir déileáil, i bpáirt nó go hiomlán, le haon asbhaint den sórt a luaitear i mír (b) mar asbhaint a baineadh as na brabúis nó na gnóchain nó mar asbhaint a baineadh as ioncam eile, go bhféadfar, an oiread agus is féidir, déileáil, chun críocha an fho-ailt seo, leis an asbhaint mar asbhaint a baineadh as an ioncam eile.

(2) Má dhéantar, faoi fhomhír (1) (b), méid na mbrabús nó na ngnóchan arbh inmheasúnaithe duine ina leith in aghaidh aon bhliana áirithe a laghdú faoi threoir íocaíochta a rinne sé, déanfar laghdú comhéire ar mhéid an chaillteanais fhoirceannaidh a bhféadfar faoiseamh a thabhairt ina leith faoin alt seo in aghaidh blianta roimhe sin mura go hiomlán eisiatach chun críocha na trádála nó na gairme a rinneadh an íocaíocht.

(3) I gcás duine, a éileoidh faoiseamh faoi alt 311 ar scor, a bheith ag seoladh na trádála nó na gairme i gcomhpháirtíocht ó thosach an tríú bliain mheasúnachta roimh bhliain an scoir, measfar, chun críocha fho-alt (1), gurb é méid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan arbh inmheasúnaithe é ina leith in aghaidh aon bhliana, nó coda de bhliain roimh 1965-66 ar measúnaíodh ina haghaidh an chomhpháirtíocht i leith na trádála nó na gairme, suim a scaire sin, arna ríomh de réir an Achta seo ar muirearaíodh cáin ar an gcomhpháirtíocht ina leith agus déanfar, chun na críche sin, suim na mbrabús nó na ngnóchan ar muirearaíodh amhlaidh an chomhpháirtíocht ina leith a ríomh mar ríomhfaí í faoi fho-alt (1) dá mbaineadh an fo-alt sin le comhpháirtíocht mar a bhaineann sé le pearsa aonair.

An bhrí atá le “buanscortha” agus le “liúntais chaipitiúla”.

[1960, a. 4(8) (9);

1965, a. 55 (11).]

314. —(1) Chun críocha uile alt 311 go 315 déileálfar le trádáil nó gairm ionann is dá mbeadh sí buanscortha agus trádáil nó gairm nua bunaithe nó tosaithe nuair a dhéileálfar léi amhlaidh chun críocha alt 59, nó nuair a mheasfar trádáil leithleach chomhpháirtí a bheith buanscortha faoi threoir alt 71 (1) (a) (ii), ach—

(a) aon duine a leanfaidh de bheith á seoladh díreach tar éis scor den sórt sin ní bheidh teideal aige chun faoisimh i leith aon chaillteanais fhoirceannaidh ar an scor sin, agus

(b) ar aon scor, féadfar faoiseamh a thabhairt do dhuine nach leanfaidh de bheith ag seoladh amhlaidh i leith caillteanais fhoirceannaidh i gcoinne brabús nó gnóchán ar muirearaíodh é ina leith i ndáil leis an trádáil nó an ghairm chéanna in aghaidh tréimhse roimh scor roimhe sin, má bhí sé gan sos á seoladh idir an dá scor, agus, ina chás sin, má tharla an scor roimhe sin laistigh de dhá mhí dhéag roimh an scor eile, déanfar neamhshuim di chun críocha alt 312 (1).

(2) In ailt 312 agus 313 ciallaíonn “liúntas chaipitiúla” liúntais, seachas liúntais a bheidh le tabhairt nuair a bheifear ag ríomh brabús nó gnóchan, faoi alt 241 nó faoi Chuid XIX, XV, XVI nó XVII.

Eilimh an chaillteanais fhoireannaidh a chinneadh.

[1960, a. 4 (10) (11).]

315. —(1) Is chun an chigire a dhéanfar, agus is é an cigire a chinnfidh, aon éileamh faoi alt 311, ach féadfaidh duine ar bith arb éagóir leis aon chinneadh ón gcigire ar aon éileamh den sórt sin achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta ar fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire sin laistigh de lá is fiche tar éis an cinneadh a chur in iúl dó.

(2) éistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Speisialta achomharc a dhéanfar chucu faoi fho-alt (1) ionann is dá mba achomharc é in aghaidh measúnachta i leith cánach ioncaim, agus beidh feidhm dá réir sin, faoi réir na modhnuithe is gá, ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus le cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte ar phonc dlí a fháil air.

Méid measúnachta faoi alt 434 a lamháil mar chaillteanas chun críocha áirithe.

[1963, a. 10.]

316. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás ina mbeifear tar éis duine a mheasúnú i leith cánach don bhliain 1963-64 nó do bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin faoi alt 434, maidir le híocaíocht a rinneadh go hiomlán agus go heisiatach chun críocha trádála nó gairme, déanfar, chun críocha ailt 309 agus 311 go 315 an méid ar ar íocadh cáin faoin measúnacht sin a áireamh amhail agus dá mba chaillteanas é a tharla sa trádáil nó sa ghairm sin agus lamhálfar faoiseamh ina leith de réir sin:

Ar choinníoll nach lamhálfar aon fhaoiseamh faoin alt seo i leith aon íocaíochta den sórt sin ná i leith aon choda d'íocaíocht den sórt sin nach n-íocfar sa deireadh ag an duine a measúnaíodh nó a mhuirearófar ar chaipiteal.

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon suim a mheasúnófar faoi alt 434 de bhua Chaibidil II de Chuid XII nó alt 221 (2) (b), 288, 363 nó 435.