An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Liúntais Chaipitiúla) Ar Aghaidh (CUID XX Faoiseamh d'Infheisteoirí in Urrúis Éireannacha)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

Caibidil III

Íocaíochtaí ó Chuideachtaí le Comhchuideachtaí i Leith Caillteanas

Léiriú.

[1962, a. 13(1).]

323. —(1) Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn “tréimhse chuntasaíochta”, maidir le cuideachta, tréimhse a bhfuil cuntais na cuideachta déanta amach ina haghaidh;

ciallaíonn “seach-chuideachta” cuideachta a corpraíodh tráth nach luaithe ná an 14ú lá de Nollaig, 1961, agus nach déanaí ná an 31ú lá de Mhárta, 1965, agus is cuideachta—

(a) a bhfuil teachtadh tairbhiúil—

(i) ar chuid dá gnáth-scairchaipiteal ag gach ceann de dhá chuideachta nó níos mó, agus

(ii) ar 95 faoin gcéad ar a laghad dá gnáth-scairchaipiteal ag cuideachtaí, agus

(b) nach dteachtann aon stoc, scair ná urrús a d'eisigh cuideachta a theachtann go tairbhiúil cuid den ghnáthscairchaipiteal sin;

ciallaíonn “liúntais chaipitiúla” liúntais, seachas liúntais a bhíonn le tabhairt, le linn brabúis nó gnóchain a bheith á ríomh, faoi alt 241 nó faoi Chuid XIV, XV, XVI nó XVII;

ciallaíonn “cuideachta” comhlacht corpraithe a chónaíonn sa Stát agus a sheolann trádáil;

ciallaíonn “íocaíocht easnaimh” íocaíocht le seach-chuideachta ó cheann dá príomh-cuideachtaí faoi chomhaontú a fhorálann go n-iompróidh an phríomh-chuideachta caillteanais nó caillteanas áirithe, nó go mbeidh sí páirteach i gcaillteanais nó i gcaillteanas áirithe, a bhainfidh don tseach-chuideachta i dtrádáil a sheolann sí nach íocaíocht a bheadh, ar leith ón gCaibidil seo, le cur i gcuntas le linn brabúis nó gnóchain nó caillteanais ceachtar cuideachta a bheith á ríomh, ná le háireamh mar ioncam de chuid na seach-chuideachta;

ciallaíonn “gnáth-scairchaipiteal”, maidir le cuideachta, caipiteal eisithe uile (is cuma cad é an t-ainm atá air) na cuideachta, seachas caipiteal a bhfuil ceart ag a shealbhóirí díbhinn a fháil de réir ráta shocraithe nó ráta a athróidh de réir an ráta cánach ioncaim, ach nach bhfuil aon cheart eile acu chun scair de bhrabúis na cuideachta;

ciallaíonn “príomh-chuideachta”, maidir le seach-chuideachta, cuideachta a theachtann go tairbhiúil cuid de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta sin;

ciallaíonn “trádáil” trádáil a sheoltar go hiomlán nó go páirteach sa Stát.

íocaíochtaí easnaimh mar fháltais thrádála agus caiteachais thrádála.

[1962, a. 13 (2) (3) (4) (5).]

324. —(1) Faoi réir forálacha na Caibidle seo, más rud é, maidir le seach-chuideachta—

(a) go mbeidh easnamh uirthi i dtrádáil áirithe in aghaidh tréimhse cuntasaíochta,

(b) go bhfaighidh sí, maidir leis an trádáil sin, íocaíocht easnaimh in aghaidh na tréimhse sin, is íocaíocht easnaimh a mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir léi,

ansin, le linn ríomh a bheith á dhéanamh, chun críocha cánach ioncaim, ar bhrabúis, gnóchain nó caillteanais na cuideachta agus na príomh-chuideachta óna bhfuarthas an íocaíocht, áireofar an íocaíocht mar fháltas trádála de chuid na seach-chuideachta a bhí infhaighte ag an gcuideachta sin an lá deiridh den tréimhse, agus lamhálfar í mar asbhaint don phríomh-chuideachta ionann agus dá mba chaiteachas trádála í a tabhaíodh an lá sin.

(2) Aon íocaíocht easnaimh in aghaidh tréimhse cuntasaíochta is íocaíocht easnaimh a bhfuil feidhm maidir léi ag fo-alt (1) a bheidh inti más rud é (agus ar an gcuntar sin amháin)—

(a) gach tráth i rith na tréimhse—

(i) gur sheach-chuideachta an chuideachta ab íocaí, agus

(ii) gur phríomh-chuideachta maidir leis an gcuideachta ab íocaí an chuideachta ab íocóir, agus

(b) go ndéanfar an íocaíocht tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis deireadh na tréimhse.

(3) Má fhaigheann seach-chuideachta íocaíocht easnaimh nó íocaíochtaí easnaimh ó phríomh-chuideachta amháin nó níos mó in aghaidh tréimhse cuntasaíochta agus go mbeidh breis ag an íocaíocht nó iomlán na n-íocaíochtaí ar an easnamh ina trádáil iomchuí don tréimhse sin, déanfar neamhshuim den bhreis chun críocha na Caibidle seo; agus, i gcás ina mbeidh íocaíochtaí ó níos mó ná príomh-chuideachta amháin i gceist, measfar na híocaíochtaí a bheith arna laghdú i cibé slí ar a gcomhaontófar idir na cuideachtaí uile lena mbainfidh nó, cheal comhaontú, mar a chinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim.

(4) I gcás ina ndéanfar íocaíocht easnaimh le seach-chuideachta in aghaidh níos mó ná aon tréimhse cuntasaíochta amháin de chuid na cuideachta sin nó ina ndéanfar í ag príomh-chuideachta a sheolann níos mó ná trádáil amháin, cinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim an chuid chionroinnte den íocaíocht a bheidh chun críocha na Caibidle seo le cur i leith aon tréimhse nó trádála.

An bhrí atá le “easnamh”.

[1962 a. 13 (6).]

325. —(1) Chun críocha na Caibidle seo—

(a) beidh easnamh ar chuideachta i dtrádáil in aghaidh tréimhse cuntasaíochta más rud é (agus ar an gcuntar sin amháin) go mbeidh comhshuim—

(i) aon chaillteanais a tharla sa trádáil sa tréimhse (arna ríomh ar an modh céanna a ríomhtar brabúis nó gnóchain faoi na forálacha, seachas an Chaibidil seo, is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D),

(ii) aon suimeanna is inchurtha i leith tréimhse na liúntas caipitiúla a bheidh le tabhairt le linn muirearú a bheith á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchain na trádála in aghaidh aon bhliana measúnachta a bhfuil a hiomlán nó cuid di laistigh den tréimhse, agus

(iii) aon íocaíochtaí lena mbaineann alt 433 nó 434 (seachas íocaíochtaí lena mbaineann alt 434 de bhua alt 288) is íocaíochtaí a rinneadh go hiomlán agus go heisiatach chun críocha na trádála agus nach inasbhainte le linn brabúis nó gnóchain nó caillteanais na trádála a bheith á ríomh,

níos mó ná comhshuím—

(I) aon bhrabús nó gnóchan ón trádáil sa tréimhse (arna ríomh de réir na bhforálacha, seachas an Chaibidil seo, is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D), agus

(II) aon suimeanna is inchurtha i leith tréimhse cothromaíochta na muirear faoi Chuid XVI a bheidh le déanamh le linn muirearú a bheith á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchain na trádála in aghaidh aon bhliana measúnachta a bhfuil a hiomlán nó cuid di laistigh den tréimhse, agus

(b) má bhíonn breis den sórt sin ann, measfar gur cóimhéid an t-easnamh agus an bhreis.

(2) Chun críocha an ailt seo, measfar gurb é an méid de liúntas nó de mhuirear is inchurtha i leith tréimhse an méid de a bheidh le háireamh le linn ríomh a bheith á dhéanamh chun críocha cánach brabús corparáide ar bhrabúis na cuideachta in aghaidh na tréimhse sin.

Measúnachtaí a choigeartú i gcásanna áirithe.

[1962, a. 13 (7).]

326. —(1) I gcás ina mbeidh, faoi na forálacha roimhe seo den Chaibidil seo, íocaíocht easnaimh, nó cuid d'íocaíocht easnaimh, a rinne príomh-chuideachta le háireamh mar chaiteachas trádála i dtréimhse chuntasaíochta—

(a) a bhfuil a hiomlán nó cuid di laistigh de bhonn-tréimhsí na cuideachta do níos mó ná bliain mheasunachta amháin, nó

(b) nach bhfuil a hiomlán ná cuid di laistigh de bhonn-tréimhse na cuideachta d'aon bhliain mheasúnachta,

ansin, déanfar cibé coigeartuithe, más ann, is gá—

(i) i gcás a thagann faoi mhír (a) den fho-alt seo, ar an measúnacht d'aon bhliain, seachas an chéad bhliain, a luaitear sa mhír sin, nó

(ii) i gcás a thagann faoi mhír (b) den fho-alt seo, ar an measúnacht don chéad bhliain díreach i ndiaidh deireadh na tréimhse cuntasaíochta sin nó, i gcás inar buanscoireadh den trádáil roimh thosach na bliana sin, don bhliain a chríochnóidh an tréimhse chuntasaíochta sin,

chun a áirithiú, a mhéid is féidir é, go ndéanfar iomlán na suimeanna, arbh iad, ar neamhaird leis an gCaibidil seo, na measúnachtaí deiridh ar an gcuideachta iad, a laghdú méid nach mó ná nach lú ná méid na híocaíochta easnaimh.

(2) Chun críocha an fho-alt seo is í bonn-tréimhse cuideachta do bhliain mheasúnachta an tréimhse ar ar na brabúis nó na gnóchain ina haghaidh a bheidh cáin ioncaim in aghaidh na bliana sin le ríomh go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D i leith na trádála a bheidh i gceist.

An modh ina dtabharfar éifeacht don Chaibidil seo.

[1962, a. 13 (8).]

327. —Déanfar cibé measúnachtaí breise, laghduithe ar mheasúnachtaí nó aisíocaíochtaí cánach is gá a dhéanamh in aon chás chun éifeacht a thabhairt don Caibidil seo; agus má dhéanann íocaíocht easnaimh caillteanas a mbeidh aisíocaíocht cánach faighte ag cuideachta ina leith faoi alt 307 nó 311, a laghdú nó a mhúchadh, déanfar an méid sin den aisíocaíocht nach ndéanfaí, dá gcuirfí an íocaíocht easnaimh i gcuntas, a ghnóthú, mura mbeidh sé slánaithe i slí eile, ón gcuideachta trí mheasúnacht faoi Chás IV de Sceideal D; agus measfar chun críche na measúnachta sin gurb éard í an íocaíocht easnaimh, nó cuid iomchuí di, ioncam is inmhuirir faoin gCás sin IV in aghaidh na bliana measúnachta dá ndearnadh an aisíocaíocht.

Srian ar fhaoiseamh i leith caillteanas seach-chuideachtaí.

[1962, a. 13 (9).]

328. —Ní bheidh éifeacht ag an alt seo maidir le caillteanas a bhain do sheach-chuideachta i rith tréimhse cuntasaíochta a thosaigh níos mó ná cúig bliana tar éis an dáta a chéad-thosaigh an chuideachta ag trádáil; agus i gcás, tar éis trádáil a bheith bunaithe nó tosaithe ag seach-chuideachta, go dtiocfaidh go mbeidh an trádáil nó cuid den trádáil á seoladh ag cuideachta eile, measfar, chun críocha an ailt seo, gurb é an lá céanna a chéad-thosaigh an chuideachta chéadluaite agus an chuideachta eile ag trádáil.