An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Íocaíochtaí ó Chuideachtaí le Comhchuideachtaí i Leith Caillteanas) Ar Aghaidh (Caibidil II Stoic, Scaireanna agus Urrúis le Cuideachtaí Monaraíochta)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

CUID XX

Faoiseamh d'Infheisteoirí in Urrúis Éireannacha

Caibidil I

Stoic, scaireanna, agus Urrúis Cuideachtaí seachas Cúideachtaí Monaraíochta

Faoiseamh d'infheisteoirí.

[1932, a. 7.]

1963, Uimh. 33 .

329. —(1) I gcás ina ndéanfaidh pearsa aonair ar sa Stát agus nach in aon áit eile atá cónaí air a éileamh, agus a chruthú chun sástacht na gCoimisinéirí Speisialta, go bhfuil sé i dteideal úinéireacht tairbhiúil aon stoic, scaireanna, nó urrúis lena mbaineann an t-alt seo, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas, is é sin le rá—

(a) beidh an phearsa aonair sin i dteideal go n-aisíocfar leis 20 faoin gcéad den cháin ioncaim is infheidhmithe maidir le haon díbhinn nó ús a fuair sé i leith an stoic, na scaireanna, nó an urrúis sin, ach amháin sa mhéid go ndearnadh nó go ndéantar faoiseamh nó aisíoc i leith na cánach sin a dheonú faoi aon fhoráil eile den Acht seo;

(b) le linn ioncam iomlán na pearsan aonair sin ó gach bunadh a bheith á mheas chun críocha cánach ioncaim agus forchánach, measfar méid aon díbhinne nó úis i leith na stoic, na scaireanna, nó an urrúis sin a bheith laghdaithe 20 faoin gcéad.

(2) Faoi réir Chaibidil II den Chuid seo agus fhorálacha alt 330 agus 331, beidh feidhm ag an alt seo maidir leis na stoic, na scaireanna, agus na hurrúis uile a eisíodh lena suibscríobh ag an bpobal tar éis an 4ú lá de Lúnasa, 1932, a ndeimhneoidh an tAire Airgeadais ina leith go bhfuil sé sásta, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, go bhfuil na coinníollacha seo a leanas go léir comhlíonta maidir leis an stoc, leis an scair nó leis an urrús sin, is é sin le rá—

(a) go bhfuil an stoc, an scair nó an t-urrús sin arna eisiúint ag cuideachta a chomhlíonann na forálacha seo a leanas, is é sin le rá—

(i) go bhfuil an chuideachta sin corpraithe de réir dlíthe an Stáit nó fúthu, agus

(ii) gur cuideachta atá faoi theorainn scaireanna de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963 , an chuideachta sin, agus

(iii) gur sa Stát a bhainistítear agus a rialaítear an chuideachta sin, agus

(iv) gur sa Stát a sheolann an chuideachta sin a gnó nó (i gcás cuideachta nach bhfuil tosaithe aici ar ghnó a sheoladh) a bheartaíonn sí a gnó a sheoladh, go hiomlán nó go formhór; agus

(b) go bhfuil an caipiteal a cruinníodh tríd an stoc, an scair nó an t-urrús sin a eisiúint á úsáid nó go mbeartaítear é a úsáid nó gur úsáideadh é chun tionscal nó tionscail mar a mhínítear leis an alt seo a bhunú nó a leathnú sa Stát; agus

(c) nach mbeartaítear aon chuid den chaipiteal sin a úsáid, nó nach bhfuil sé á úsáid nó nár úsáideadh é, chun gnó atá ann nó aon scair nó leas i ngnó atá ann a fháil (go díreach nó go neamhdhíreach) nó chun infheistíochtaí a cheannach, nó chun iasachtaí nó bintiúir atá ann a ghlanadh; agus

(d) go bhfuil an eisiúint stoic, scaireanna nó urrúis sin tuairiscithe agus ainmnithe ar shlí gur so-aitheanta í thar gach eisiúint eile (más ann) de chuid na cuideachta sin.

(3) Gach barántas, seic nó ordú a tharraingeofar nó a dhéanfar chun íoc as aon díbhinn nó ús i leith aon stoc, scair nó urrús lena mbaineann an t-alt seo luafaidh sé go soiléir (de réir mar is gá sa chás)—

(a) gurb é atá in iomlán na suime ar a bhfuil an barántas, an tseic, nó an t-ordú sin déanta nó tarraingte íocaíocht ag íoc nó ar chuntas díbhinne nó úis i leith an stoic, na scaire nó an urrúis sin; nó

(b) gurb é atá i gcuid (a luafar a méid ar leithligh) den tsuim sin íocaíocht ag íoc nó ar chuntas na díbhinne nó an úis sin.

(4) Aon stoc, scair nó urrús lena mbaineann an t-alt seo scoirfidh sé de bheith ina stoc, ina scair, nó ina urrús (de réir mar a bheidh) lena mbaineann an t-alt seo má dheimhníonn agus nuair a dheimhneoidh an tAire Airgeadais maidir leis an stoc, leis an scair, nó leis an urrús sin go bhfuil sé sásta, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála—

(a) go bhfuil an chuideachta a d'eisigh an stoc, an scair nó an t-urrús tar éis scor de na forálacha atá leagtha amach i bhfo-alt (2) (a) a chomhlíonadh, nó

(b) go ndearnadh an caipiteal a cruinníodh tríd an stoc, an scair nó an t-urrús sin a eisiúint a úsáid, nó go bhfuil sé á úsáid, go hiomlán nó go páirteach, chun críocha seachas tionscal nó tionscail mar a mhínítear leis an alt seo a bhunú nó a leathnú sa Stát, nó

(c) go bhfuil an caipiteal sin á úsáid go hiomlán nó go páirteach contrártha d'fho-alt (2) (c), nó

(d) go bhfuil scortha den eisiúint stoic, scaireanna, nó urrús sin a thuairisciú agus a ainmniú de réir fho-alt (2) (d), nó

(e) nach bhfuil fo-alt (3) á chomhlíonadh maidir leis an stoc, leis an scair nó leis an urrús sin.

(5) San alt seo ciallaíonn “tionscal” aon trádáil nó gnó ar bith ach amháin gual allmhairithe a cheannach agus a dhíol, gás le haghaidh soilsiúcháin, téimh nó cumhachta a mhonarú nó a imdháil, cóir iompair de bhóthar a sheoladh, a eagrú nó a stiúradh, caitheamh aimsire nó siamsaíocht de shórt ar bith a sholáthar, stoic, scaireanna nó urrúis a shealbhú (ar shlí seachas ar mhodh cistí cúltaca nó fochistí a infheistú) nó déileáil iontu, cibé acu stoic, scaireanna nó urrúis d'aon chineál nó cineálacha áirithe nó de chuid chuideachta nó cuideachtaí áirithe.

Srianadh alt 329.

[1935, a. 7; 1963, a. 19.]

1936, Uimh. 45 .

330. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “duine cáilithe” duine is saoránach d'Éirinn, agus

ciallaíonn “cuideachta shealbhaíochta cháilithe” cuideachta—

(i) a bhfuil a cuid scaireanna eisithe, go feadh méid is mó ná a leath (de réir luacha ainmniúil) ar úinéireacht tairbhiúil ag duine nó daoine cáilithe, agus

(ii) a bhfuil ar a laghad dhá thrian (de réir luacha ainmniúil) gach cineál scaireanna dá cuid a eisíodh agus lena ngabhann cearta vótála (cibé acu cinn láithreacha iad nó cinn a thiocfaidh chun bheith ann in imthosca todhchaí áirithe) ar úinéireacht tairbhiúil ag duine nó daoine cáilithe.

(2) Ní bheidh feidhm ag alt 329 maidir le haon stoc, scair nó urrús a eisíodh tar éis an 30ú lá d'Iúil, 1935, mura ndéanfaidh deimhniú ón Aire Airgeadais faoi fho-alt (2) den alt sin a dheimhniú go bhfuil na coinníollacha seo a leanas (i dteannta na gcoinníollacha atá leagtha amach san fho-alt sin (2)) comhlíonta maidir leis an stoc, leis an scair nó leis an urrús sin, is é sin le rá, gurb é a d'eisigh an stoc, an scair nó an t-urrús sin cuideachta—

(a) ar daoine cáilithe tromlach na stiúrthóirí (seachas stiúrthóir bainistí a chaitheann iomlán a chuid ama lena dhualgais mar stiúrthóir den sórt sin), agus

(b) mura cuideachta atá ceadúnaithe faoin Acht Árachais, 1936 , chun gnó árachais a sheoladh, an chuideachta, is cuideachta a bhfuil a cuid scaireanna eisithe, go feadh méid is mó ná a leath (de réir luacha ainmniúil), ar úinéireacht tairbhiúil ag duine atá, nó ag beirt daoine nó níos mó a bhfuil gach duine acu, ina dhuine cáilithe nó ina chuideachta shealbhaíochta cháilithe,

(c) a bhfuil ar a laghad dhá thrian (de réir luacha ainmniúil) gach cineál scaireanna dá cuid a eisíodh agus lena ngabhann cearta vótála (cibé acu cinn láithreacha iad nó cinn a thiocfaidh chun bheith ann in imthosca todhchaí áirithe) ar úinéireacht tairbhiúil ag duine atá, nó ag beirt daoine nó níos mó a bhfuil gach duine acu, ina dhuine cáilithe nó ina chuideachta shealbhaíochta cháilithe.

(3) Gan dochar d'fhorálacha alt 329 (4) scoirfidh aon stoc, scair, nó urrús a eisíodh tar éis an 30ú lá d'Iúil, 1935, agus lena mbaineann alt 329 de bheith ina stoc, ina scair, nó ina úrrús (cibé acu é) lena mbaineann an t-alt sin má dheimhníonn agus nuair a dheimhneoidh an tAire Airgeadais maidir leis an stoc, an scair, nó an t-urrús gur deimhin leis, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, go bhfuil an chuideachta a d'eisigh an stoc, an scair, nó an t-urrús tar éis scor de na coinníollacha atá leagtha amach i bhfo-alt (2) den alt seo a chomhlíonadh.

Scaireanna, etc., a meastar a bheith eisithe le haghaidh a suibscríofa ag an bpobal.

[1956, a. 7.]

331. —(1) I gcás—

(a) inar eisigh cuideachta aon stoic, scaireanna nó urrúis ar tugadh deimhniú faoi alt 329 (2) ina leith atá fós in éifeacht, agus

(b) go n-eiseoidh an chuideachta ina dhiaidh sin aon stoic, scaireanna nó urrúis—

(i) a thairgfear do shealbhóirí i gcáil shealbhóirí na stoc, na scaireanna nó na n-urrús céadluaite nó cineál áirithe díobh, nó a leithroinnfear orthu, tráth na heisiúna sin ina dhiaidh sin nó timpeall an trátha sin, agus

(ii) a thairgfear nó a leithroinnfear amhlaidh ar fhoras a ríomhfar de réir sealbhán na sealbhóirí sin faoi seach,

ansin, chun críocha alt 329, measfar na stoic, na scaireanna nó na hurrúis a eiseoidh an chuideachta ina dhiaidh sin mar a dúradh a bheith á n-eisiúint lena suibscríobh ag an bpobal.

(2) D'ainneoin aon ní in alt 329 (2) (b) (c) féadfar deimhniú a thabhairt faoi alt 329 (2) i leith aon stoc, scaireanna nó urrús de chuid cuideachta a eisíodh nó a eiseofar mar stoic, scaireanna nó urrúis láníoctha agus a measfar, de bhua fho-alt (1) den alt seo, a bheith arna n-eisiúint lena suibscríobh ag an bpobal.

(3) I gcás ina dtabharfar deimhniú faoi alt 329 (2) i leith aon stoc, scaireanna nó urrús ní thabharfar faoiseamh ná aisíoc faoi alt 329 (1) i leith aon díbhinne nó úis ar na stoic, na scaireanna nó na hurrúis ab iníoctha roimh dháta an deimhnithe.