An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Sceideal B) Ar Aghaidh (CUID III Sceideal C agus na Príomh-Fhorálacha a Bhaineann leis sin)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

Caibidil III

Ginearálta

Cóipeanna de rátaí a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim.

[1918, a. 191;

1944, a. 3 (1).]

39. —(1) D'fhonn cáin a mheasúnú is inmhuirir faoi Sceidil A agus B, déanfaidh rúnaí nó cléireach údaráis rátúcháin, nó duine a bheidh ag gníomhú sa cháil sin, cóipeanna dílse den ráta contae deiridh nó den ráta bardasach deiridh a rinne an t-údarás dá limistéar rátúcháin nó d'aon chuid de a chur ar aghaidh chun na gCoimisinéirí Ioncaim ag a gceannoifig i mBaile Átha Cliath ar iad á iarraidh sin.

(2) íocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le haon duine den sórt sin na caiteachais a bhain le déanamh na gcóipeanna sin uile, nach mó ná ráta dhá scilling agus sé phingin ar gach céad rátúchán.

(3) Má fhaillíonn aon duine den sórt sin na cóipeanna sin a chur ar aghaidh, tar éis do na Coimisinéirí Ioncaim á iarraidh air sin a dhéanamh, forghéillfidh sé suim £50 i leith gach faillí den sórt sin.

Luachálacha a thabhairt ar aird do chigire.

[1918, a. 192;

1944, a. 3 (1).

40. —(1) Déanfaidh gach duine, ar aon chigire, nó oifigeach eile a bheidh ag gníomhú i bhfeidhmiú an Achta seo, á iarraidh sin, aon suirbhé nó luacháil a thabhairt ar aird dó ar dá réir a bheidh na rátaí d'aon limistéar rátúcháin nó cuid de limistéar rátúcháin measúnaithe nó gearrtha, nó aon ráta nó measúnacht déanta faoi aon Acht a bhaineann leis an ráta contae nó leis an ráta bardasach, a bheidh ina choimeád nó ina sheilbh agus tabharfaidh sé cead don chigire nó don oifigeach eile an céanna a iniúchadh, agus cóipeanna de nó sleachta as a thógáil, gan íocaíocht.

(2) Duine ar bith den sórt sin a dhiúltóidh, ar iarratas den sórt sin chuige, aon suirbhé, luacháil, ráta nó measúnacht a thabhairt ar aird a bheidh ina choimeád nó ina sheilbh, nó cead a thabhairt é a iniúchadh, nó cibé cóipeanna de nó sleachta as a thógáil a mheasfaidh an cigire nó an t-oifigeach eile a bheith oiriúnach, forghéillfidh sé suim £50 in aghaidh gach diúltú den sórt sin.

Cumhacht na gCoimisinéirí Ioncaim chun athluacháil a ordú.

[1918, a. 193;

1944, a. 3 (1).

41. —(1) Más dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim in aon chás nach bhfuil aon luacháil inrátaithe áirithe atá i bhfeidhm de thuras na huaire ceart (ag féachaint do na prionsabail ar dá réir ba chóir an luacháil a bheith déanta de réir dlí) maidir le hiomlán na maoine, nó le cuid den mhaoin, a háirítear ann, féadfaidh siad a ordú don Choimisinéir Luachála athluacháil ar an maoin a dhéanamh nó a chur faoi deara é a dhéanamh, chun críocha cánach, de réir na bprionsabal a bheidh forordaithe le dlí, agus déanfaidh an Coimisinéir Luachála, nó cuirfidh sé faoi deara go ndéanfar, an athluacháil agus an mheasúnacht le gach luas dá chaothúla, agus síneoidh sé an athluacháil agus cuirfidh sé ar aghaidh í go dtí na Coimisinéirí Ioncaim.

(2) Déanfar an cháin is inmhuirir faoi Sceidil A agus B, tar éis aon athluacháil den sórt sin, a mheasúnú agus a mhuirearú dá réir sin.

(3) Aon duine a mheasúnófar de réir aon athluacháil den sórt sin féadfaidh sé, más éagóir leis í, achomharc a dhéanamh in aghaidh na measúnachta ar an bhforas go bhfuil an athluacháil mícheart agus féadfaidh na Coimisinéirí Speisialta a éistfidh an t-achomharc, nó féadfaidh an Breitheamh a athéistfidh an t-achomharc, an athluacháil agus an mheasúnacht a athrú, agus cibé ordú ina thaobh sin a dhéanamh, is oiriúnach leo nó leis.

Maoin neamháitithe.

[1918, Sc. A, Uimh. VII, r. 4; Sc. B, r. 4.]

42. —Déanfar cáin faoi Sceidil A agus B a mhuirearú ar an uile mhaoin, cibé acu a bheidh sí áitithe tráth na measúnachta nó nach mbeidh, ach má bhíonn aon teach nó má thagann aon teach chun bheith neamháitithe ar feadh na bliana measúnachta nó coda di, ní thoibheofar an cháin air in aghaidh na tréimhse a bheidh sé neamháitithe amhlaidh, agus déanfaidh an cigire, ar chruthú a fháil i dtaobh na tréimhse a bhí an teach neamháitithe, an cháin in aghaidh na tréimhse sin a urscaoileadh ar achomharc.

Cosaint maidir le caingne eisiachtana.

[1918, a. 205.]

43. —Ní bhuafar ar chaingean eisiachtana i leith neamhíoc cíosa ar an bhforas nach bhfuil an duine a dhlíonn an cíos a íoc i dteideal asbhainte faoin Acht seo a laghdódh an méid a bheidh dlite de faoi bhun cíos bliana.

Faoiseamh do dhaoine a bacadh óna gcuid talún a úsáid.

[1927, a. 6.]

44. —Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim go ndearnadh duine a bhí i dteideal úinéireachta agus áitiú aon talún a bhac in aon bhliain mheasúnachta mar gheall ar fhoghail, imeaglú, nó dáil chorraithe na comharsanachta ón talamh sin a úsáid agus a áitiú, beidh cumhacht acu a chur faoi deara cibé faoiseamh a thabhairt is cóir agus is réasúnach sna himthosca sin i leith aon chánach is iníoctha i gcás na talún sin faoi Sceideal A nó Sceideal B in aghaidh na bliana measúnachta sin.

Faoiseamh do chomharchumainn feirmeoireachta agus d'iontaobhaithe feirmeoireachta.

[1927, a. 7.]

45. —Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil aon talamh ar úinéireacht agus á áitiú ag comharchumann a bunaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1927, chun talamh a fháil le roinnt ar a chomhaltaí nó ag comhlacht iontaobhaithe a bunaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1927, chun talamh a fháil le roinnt ar a gcuid cestuisqui-trustent agus más deimhin freisin leis na Coimisinéirí Ioncaim, ag féachaint d'ioncam inchánaithe na bpearsan aonair iomaí ag á bhfuil leas tairbhiúil sa talamh sin, go gcuirfeadh sé cruatan míchuí ar na pearsana aonair sin an cháin a measúnaíodh maidir leis an talamh sin faoi Sceideal A nó faoi Sceideal B d'aon bhliain áirithe a chruinniú, beidh cumhacht ag an Coimisinéirí Ioncaim a chur faoi deara go dtabharfar cibé faoiseamh is cóir agus is réasúnach i leith na cánach sin.

Míniú ar “an ráta bardasach”.

[1944, a. 3 (2); An tAcht Rialtais Áitiúil, 1946 , a. 18 (6).]

1930, Uimh. 27 .

1934, Uimh. 35 .

1939, Uimh. 25 .

1941, Uimh. 5 .

1946, Uimh. 24 .

46. —Sa Chuid seo ciallaíonn “an ráta bardasach” aon ráta arb é atá ann—

(a) an ráta is intobhaigh ag Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Átha Cliath faoi alt 63 den Act Rialtais Áitiúla (Baile Átha Cliath), 1930, nó

(b) an ráta is intobhaigh ag Bardas Dhún Laoghaire faoi alt 63 den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Átha Cliath), 1930 , a dúradh, nó

(c) an ráta is intobhaigh faoi alt 25 d'Acht Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 , nó

(d) an ráta is intobhaigh faoi alt 24 d'Acht Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 , nó

(e) an ráta is intobhaigh faoi alt 16 d'Acht Bainistí Chathair Chorcaighe (Leasú), 1941 , nó

(f) an ráta is intobhaigh faoi alt 18 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 .