An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XXIX Cáin Ioncaim Maidir le Riaradh Eastát) Ar Aghaidh (Caibidil II Míniú ar Cháin Ioncaim a Asbhaineadh a chur ag gabháil le Barántais Díbhinne agus Úis)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

CUID XXX

Díbhinní Éireannacha, Etc.

Caibidil I

Forálacha Ginearálta maidir le Díbhinní

Cáin a bhaint as díbhinní.

[1918, Gin. r. 20.]

456. —Déanfar na brabúis nó na gnóchain a bheidh le muirearú ar aon chomhlacht daoine a ríomh de réir forálacha an Achta seo ar mhéid iomlán an chéanna sula ndéanfar aon díbhinn den chéanna maidir le haon scair, ceart nó teideal chuige sin, agus beidh an comhlacht daoine a íocfaidh an díbhinn sin i dteideal an cháin is iomchuí di a asbhaint.

Méid na díbhinne as a mbeidh asbhaint le déanamh.

[1940, a. 5.]

457. —(1) Forléireofar forálacha alt 456, maidir le haon díbhinn a d'íoc aon chomhlacht daoine, mar ní a údaraíonn go ndéanfaí cáin a bhaint as an méid iomlán a íocadh as brabúis agus gnóchain an chomhlachta sin—

(a) a muirearaíodh i leith cánach, nó

(b) a bheadh, faoi fhorálacha an Achta seo, le cur san áireamh le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar dhliteanas an chomhlachta sin a bheith inmheasúnaithe i leith cánach d'aon bhliain áirithe má cheangail na forálacha sin an ríomh a dhéanamh faoi threoir brabús agus gnóchan na bliana sin agus ní faoi threoir brabús agus gnóchan aon bhliana nó tréimhse eile.

(2) Díbhinn ar bith a d'íoc aon chomhlacht daoine a n-údaraítear le halt 456 arna leasú leis na forálacha atá i bhfo-alt (1) cáin a bhaint aisti measfar, chun críocha uile an Achta seo, gur ioncam í de cibé méid ba chomhionann, tar éis cáin a bhaint aisti mar a údaraítear amhlaidh—

(a) i gcás inar asbhaineadh cáin as an díbhinn sin, leis an nglanmhéid a fuarthas, agus

(b) i ngach cás eile, leis an méid a fuarthas.

(3) Beidh éifeacht ag alt 458 maidir le díbhinní ach aird chuí a thabhairt ar na forálacha atá i bhfo-alt (2).