An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XXXII Iasachtaí Rialtais agus Iasachtaí Poiblí Eile) Ar Aghaidh (CUID XXXIV Aisíoc)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

CUID XXXIII

Bailiú

Cáin a bhailiú in oifigí poiblí.

[1918 a. 155 (2).]

476. —I gcás ina ndéanfar an cháin ar aon tuarastail, táillí, pá, peircuisí, nó brabúis eile, nó ar aon bhlianachtaí, pinsin, nó stipinn aon oifige a mbeidh coimisinéirí ceaptha go speisialta ina leith a asbhaint, cuirfidh na coimisinéirí faoi seach faoi deara dúblaigh mheasúnachta a sheachadadh do na hoifigigh chuí sna ranna nó sna hoifigí a bheidh i gceist, agus coimeádfaidh na hoifigigh sin cuntais fhíora ar an gcáin uile a asbhainfear amhlaidh agus beidh siad freagrach inti, agus tabharfar cuntas sa cháin sin do na Coimisinéirí Ioncaim agus íocfar leo í.

Am le cáin a íoc.

[1918, a. 157;

1924, a. 43;

1928, a. 5.]

477. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, aon cháin ioncaim a bheidh ar áireamh i measúnacht i leith aon bhliana beidh sí iníoctha an 1ú lá nó roimh an 1ú lá d'Eanáir an bhliain sin, ach amháin go measfar, i gcás cánach a bheidh ar áireamh i measúnacht i leith aon bhliana a dhéanfar an 1ú lá nó tar éis an 1ú lá d'Eanáir, go mbeidh an cháin sin dlite agus iníoctha an chéad lá tar éis an lae a dhéanfar an mheasúnacht.

(2) Maidir leis an gcáin seo a leanas a mhuirearófar in aghaidh aon bhliana áirithe, is é sin le rá—

(a) cáin a mhuirearófar faoi Sceideal A maidir le hioncam is ioncam tuillte; agus

(b) cáin a mhuirearófar faoi Sceideal B ar aon phearsa aonair nó gnólacht maidir le tailte nach n-áitítear ach le haghaidh feirmeoireachta amháin; agus

(c) cáin a mhuirearófar faoi Sceideal D ar aon phearsa aonair nó gnólacht maidir le brabúis nó gnóchain aon trádála nó gairme; agus

(d) faoi réir forálacha alt 126, cáin a mhuirearófar ar aon phearsa aonair i leith aon oifige nó fostaíochta ach amháin pearsana aonair a ndéantar a gcáin a asbhaint faoi cheann tréimhsí cinnte is giorra ná leathbhliain;

is amhlaidh a bheidh, in ionad í a bheith iníoctha an 1ú lá nó roimh an 1ú lá d'Eanáir an bhliain sin nó cibé dáta eile a shonraítear i bhfo-alt (1), go mbeidh sí iníoctha ina dhá thráthchuid chomhionanna, a n-íocfar an chéad tráthchuid díobh an 1ú lá nó roimh an 1ú lá d'Eanáir na bliana sin, nó cibé lá eile mar a dúradh agus a n-íocfar an dara tráthchuid díobh an 1ú lá nó roimh an 1ú lá d'Iúil dá éis sin agus beidh feidhm ag na forálacha den Acht seo i dtaobh gnóthú cánach maidir le gach tráthchuid den cháin, ionann agus mar atá feidhm acu maidir le méid iomlán na cánach:

Ar choinníoll, i gcás nach ndéanfar an mheasúnacht go dtí dáta tar éis an 1ú lá d'Iúil dá éis sin a dúradh, nach mbeidh éifeacht ag an bhfo-alt seo agus go mbeidh an cháin dlite agus iníoctha mar a fhoráiltear i bhfo-alt (1).

(3) Íocfaidh cuideachtaí iarnróid cáin faoi Sceideal D ina ceithre íocaíochtaí ráithiúla, is é sin le rá, an 20ú lá, nó roimh an 20ú lá, de Mheitheamh, Meán Fómhair, Nollaig agus Márta, faoi seach, gach bliain.

Nótaí éilimh agus admhálacha a eisiúint.

[1918, a. 158;

1963, Sc. 6, Cuid III.]

478. —(1) Déanfaidh an Bailitheoir, nuair a thiocfaidh an cháin chun bheith dlite agus iníoctha, éileamh ar na suimeanna faoi seach a bheidh sna dúblaigh, agus a chuirfear faoina chúram le bailiú, ó na daoine ar a mbeidh siad muirearaithe, nó sna háiteanna a raibh cónaí orthu go deiridh, nó sna háitribh ar muirearaíodh an cháin ina leith, de réir mar a bheidh.

(2) Ar an gcáin a bheith íoctha, tabharfaidh an Bailitheoir, gan táille, admháil faoina láimh ar an bhfoirm fhorordaithe.

Bailiú trí mheán stampaí.

[1918, a. 160.]

1891, c. 38.

1908, c. 48.

479. —Má dhéanann na Coimisinéirí Ioncaim socruithe le haghaidh bailiú na cánach trí mheán stampaí i gcás ar bith, féadfaidh siad aon stampaí a ullmhú agus a eisiúint chun na críche sin, agus beidh feidhm, maidir le haon stampaí den sórt sin, ag forálacha (lena n-áirítear pianfhorálacha) an Stamp Duties Management Act, 1891, agus alt 65 den Post Office Act, 1908.

Tochsal.

[1918, a. 162, 164;

1965, a. 3 (4).]

480. —(1) Má mhainníonn nó má dhiúltaíonn duine an tsuim a bheidh muirearaithe a íoc, ar an mBailitheoir do dhéanamh éilimh de réir na measúnachtaí agus na mbarántas a seachadadh dó, déanfaidh an Bailitheoir, mar gheall ar a neamhíoc sin, tochsal ar na tailte, na tionóntáin agus na háitribh ar ina leith a muirearaíodh an cháin, nó ar an duine a muirearaíodh trína earraí agus a airnéis, agus ar na hearraí agus na hairnéisí eile sin go léir a údaraítear leis seo don Bhailitheoir a thochsal, gan a thuilleadh údaráis chun na críche sin seachas an barántas a seachadadh dó ar é a cheapadh:

Ar choinníoll nach ndéanfar aon tochsal ar na tailte, na tionóntáin agus na háitribh a ndearnadh an cháin a mhuirearú ina leith má díoladh na tailte, na tionóntáin agus na háitribh sin ar chomaoin luachmhar agus nach é an duine ar ar muirearaíodh an cháin an t-áititheoir a thuilleadh.

(2) D'fhonn aon tochsal den sórt sin a thobhach, féadfaidh an Bailitheoir, tar éis barántas chuige sin a fháil, faoi lámha agus séalaí na gCoimisinéirí Speisialta, aon teach nó áitreabh a oscailbhriseadh, i dtrátha an lae, agus aon chomhalta den Gharda Síochána a ghlaoch chun cabhraithe leis. Tabharfaidh gach comhalta den sórt sin, nuair a iarrfar sin air, cabhair agus cúnamh don Bhailitheoir ag forghníomhú an bharántais agus ag tobhach an tochsail sa teach nó san áitreabh.

(3) Is é an Bailitheoir a fhorghníomhóidh, nó is faoina threorú agus ina láthair a fhorghníomhófar tobhach nó barántas le haghaidh oscailbhriste.

(4) Déanfar tochsal a thoibheoidh an Bailitheoir a choimeád go ceann cúig lá, ar chostais agus ar mhuirir an duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh íoc.

(5) Mura n-íocfaidh an duine réamhráite an tsuim a bheidh dlite, mar aon leis na costais agus na muirir, laistigh den chúig lá sin, déanfaidh beirt nó níos mó d'áititheoirí an pharóiste inar tógadh an tochsal, nó déanfaidh daoine dóthanacha eile, an tochsal a mheas, agus díolfaidh an Bailitheoir nó a ionadaí é ar ceant poiblí i leith íocaíocht na suime a bheidh dlite agus na gcostas agus na gcaiteachas go léir. Déanfaidh an Bailitheoir nó a ionadaí na costais agus na muirir a bhainfidh le tógáil, coimeád, agus díol an tochsail a choinneáil, agus aon fhuílleach a thiocfaidh den tochsal, tar éis na costais agus na muirir agus an tsuim a bheidh dlite a asbhaint, tabharfar ar ais í d'úinéir na n-earraí ar a ndearnadh tochsal.

(6) Má bhíonn tailte a mhuirearófar faoi Sceideal A gan áitiú, agus nach bhféadfar aon tochsal a fháil orthu an tráth is iníoctha an cháin, féadfaidh an Bailitheoir aon am sa todhchaí nuair a bheidh aon tochsal le fáil ar na tailte, dul isteach, gabháil agus díol a dhéanamh faoi na cumhachtaí céanna a bheadh aige dá mba é an tráth a tháinig an cháin chun bheith dlite a dhéanfaí an tochsal agus go raibh an t-áititheoir ag áitiú san am sin.

Cáin a bhailiú agus a ghnóthú faoi Sceidil A agus B.

[1918, a. 199;

1965, a. 3 (5).]

481. —(1) Féadfaidh an Bailitheoir cáin faoi Sceidil A agus B a bhailiú, a ghnóthú agus a thobhach trí thochsal ón duine a mhuirearófar, nó ó áithitheoir na maoine a mhuirearófar, nó ar an áitreabh ar ina leith a dhéanfar an mheasúnacht, agus féadfar na hearraí agus an airnéis go léir, cibé duine ar leis iad, a gheofar in aon áitreabh den sórt sin a thochsal agus a dhíol i leith gnóthú aon chánach den sórt sin; nó féadfar an cháin sin, nó aon riaráistí den cháin sin, a bhailiú, a ghnóthú agus a thobhach sa tslí chéanna a ndéanfaí aon cháin eile a mhuirearófaí faoin Acht seo a bhailiú, a ghnóthú agus a thobhach:

Ar choinníoll nach bhféadfar aon tochsal a thobhach ar áititheoir na maoine a mhuirearófar ná ar an áitreabh ar ina leith a rinneadh an mheasúnacht más rud é go mbeifear tar éis an mhaoin nó an t-áitreabh sin a dhíol ar chomaoin luachmhar agus gur le tréimhse roimh an díol a bhain an cháin.

(2) Aon cháin a mhuirearófar faoi Sceideal A maidir le haon mhaoin féadfaidh an Bailitheoir í a bhailiú, a ghnóthú agus a thobhach ón tiarna talún nó ó neasléasóir an áitribh a muirearaíodh, cibé acu a bheidh sé ainmnithe sa mheasúnacht nó nach mbeidh.

(3) I gcás ina mbeifear tar éis measúnacht faoi Sceideal A a dhéanamh ar thionónta nó áititheoir an áitribh a mhuirearófar, ní bheidh an tiarna talún nó an neasléasóir faoi dhliteanas ach amháin maidir le himeachtaí faoi fho-alt (2), mura n-íocfaidh an tionónta an t-áititheoir, agus ní bheidh sé faoi dhliteanas, ach amháin maidir leis an gcuid sin den cháin a muirearaíodh is inmhuirir, i leith an chíosa is iníoctha leis go bliantúil as an áitreabh a muirearaíodh.

Tosaíocht ag cáin ar fhiacha eile.

[1918, a. 163.]

482. —(1) Aon earraí nó airnéis ar bith, de chuid aon duine áirithe an tráth a thagann aon cháin chun bheith i riaráiste, ní dhlífear iad a thógáil de bhua aon fhorghníomhaithe ná de bhua aon phróise, barántais nó údaráis eile ar bith, ná de bhua aon tsannta, ar aon chuntas nó dúmas ar bith, ach amháin ar agra an tiarna talún in aghaidh cíosa, mura ndéanfaidh an duine ar ar a agra a rinneadh an forghníomhú nó an ghabháil, nó mura gcuirfidh an duine sin faoi deara go ndéanfar, na riaráistí cánach uile a bheidh dlite tráth na gabhála, nó is iníoctha in aghaidh na bliana a dhéanfar an ghabháil, a íoc leis an mBailitheoir, sula ndíolfar nó sula n-aistreofar na hearraí nó an airnéis.

(2) I gcás ina n-éileofar cáin in aghaidh tréimhse is faide ná bliain, féadfaidh an duine arb ar a thionscnamh a rinneadh an ghabháil, ar an gcáin a bheidh dlite in aghaidh bliana iomláine amháin a íoc leis an mBailitheoir, dul ar aghaidh lena ghabháil ionann agus dá mba rud é nár éilíodh aon cháin.

(3) Má fhaillítear nó má dhiúltaítear an cháin a éileofar amhlaidh nó an cháin in aghaidh bliana iomláine amháin, cibé acu é, a íoc, déanfaidh an Bailitheoir na hearraí agus an airnéis a thochsal, d'ainneoin na gabhála nó an tsannta, agus rachaidh sé ar aghaidh á ndíol, mar a fhorordaítear leis an Acht seo, d'fhonn íocaíocht a fháil ar iomlán na cánach a muirearaíodh agus a éilítear, agus ar na costais agus na muirir réasúnacha a bhainfidh leis an tochsal agus an díol sin, agus beidh an Bailitheoir a dhéanfaidh sin slán de bhua an Achta seo.

Mainnitheoir a chimiú chun príosúin.

[1918, a. 165.]

483. —(1) Má mhainníonn nó má dhiúltaíonn duine cáin a íoc a mhuirearófar air de bhua an Achta seo laistigh de dheich lá glan tar éis í a éileamh mar a dúradh, féadfaidh na Coimisinéirí Speisialta, le barántas faoina lámha agus a séalaí, é a chimiú chun príosúin, agus é a choimeád ann gan bannaí go dtí go n-íocfar an tsuim sin nó go dtí go rachfar in urrús chun a sástacht i leith a híoc, mar aon le cibé suim bhreise, a mheasfaidh na Coimisinéirí a bheith réasúnach, i leith na gcostas agus na gcaiteachas a bhain lena ghabháil agus a thabhairt chun príosúin; agus déanfar gach duine den sórt sin a choinneáil agus a choimeád i bpríosún de réir bhrí agus éifeacht an bharántais.

(2) Le hordú ón Aire Airgeadais nó ó na Coimisinéirí Ioncaim eiseoidh na Coimisinéirí Speisialta a mbarántas chun rialtóir an phríosúin ina mbeidh aon mhainnitheoir á choinneáil faoina mbarántas, á ordú an mainnitheoir a scaoileadh saor, agus, ar sin a fháil dó, déanfaidh an rialtóir láithreach é a scaoileadh saor ó choimeád, mura mbeidh sé faoi choinneáil ar aon chúis eile seachas í sin a bheidh sonraithe sa bharántas cimithe.

Dualgas fostóra maidir le cáin is iníoctha ag fostaithe.

[1923, a. 6;

1963, Sc. 6, Cuid III.]

484. —(1) I gcás ina mbeidh mainnithe ag aon duine fostaithe aon cháin ioncaim a íoc faoi Sceideal D nó E a bheidh dlite de agus iníoctha aige in aghaidh aon bhliana áirithe, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra a thabhairt dá fhostóir tráth ar bith tar éis tréimhse trí mhí a bheith caite ó tháinig an cháin ioncaim sin chun bheith dlite agus iníoctha, á cheangal ar an bhfostóir an méid cánach ioncaim a bheidh i riaráiste amhlaidh a asbhaint as aon luach saothair is iníoctha aige leis an dune fostathe.

(2) Ar an bhfógra a fháil dó asbhainfidh an fostóir na suimeanna sin, nach mó ar fad ná méid iomlán na cánach ioncaim a bheidh i riaráiste amhlaidh, cibé tráthanna agus i cibé slí, a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim agus déanfaidh sé láithreach na méideanna a asbhainfear amhlaidh a íoc leis an Ard-Chuntasóir Ioncaim.

(3) Má dhiúltaíonn nó má mhainníonn aon fhostóir aon suimeanna a íoc leis an Ard-Chuntasóir Ioncaim laistigh den am a shonrófar san fhógra, dlífidh an fostóir aon suim den sórt sin a íoc ionann agus dá mba air a measúnaíodh í go cuí, agus féadfar imeachtaí lena gnóthú a bhunú in aon slí a fhorordaítear leis an Acht seo, lena n-áirítear na Coimisinéirí Speisialta d'eisiúint a mbarántas chun an Bhailitheora, á iarraidh air an fostóir sin a thochsal trína earraí agus a airnéis, agus ní hurchosc ar bith ar aon suim den sórt sin a ghnóthú trí imeachtaí nó tochsal an fostóir do mhainniú an tsuim sin a asbhaint ón duine fostaithe.

(4) I gcás inar comhlacht daoine an fostóir beidh feidhm ag ailt 178 (3) (4) agus 207 (2) (3) maidir le haon ní is gá a dhéanamh faoin alt seo.

(5) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear do Riail 5 de Sceideal 2.

(6) Aon fhostóir a íocfaidh leis an Ard-Chuntasóir nó leis an mBailitheoir aon suim cánach ioncaim den sórt a éileofar le haon fhógra den sórt sin beidh sé saortha agus urscaoilte i leith cibé méid airgid is comhionann leis an íocaíocht ionann agus dá mba gur íocadh an tsuim airgid sin iarbhír mar luach saothair leis an duine fostaithe.

Gnóthú ag an sirriam nó ag an gCláraitheoir contae.

[1923, a. 7;

1958, a. 55;

1963, a. 101.]

1926, Uimh. 18 .

1945, Uimh. 25 .

1923, Uimh. 21 .

1958, Uimh. 25 .

485. —(1) Aon uair a mhainneoidh duine ar bith aon suim a íoc a fhéadfar a thobhach air maidir le cáin ioncaim, agus d'ainneoin (i gcás measúnacht Sceideal A) nach mbeidh an mainnitheoir ainmnithe i measúnacht na cánach, eiseoidh an Bailitheoir deimhniú chuig an gcláraitheoir contae nó chuig sirriam an chontae ina mbeidh cónaí ar an mainnitheoir nó ina mbeidh áit ghnó aige nó (nuair is ar thailte nó ar thionóntáin a bheidh an cháin gan íoc muirearaithe) ina mbeidh na tailte agus na tionóntáin, ag deimhniú méid na suime a bheidh gan íoc amhlaidh agus an duine ar a mbeidh an méid sin intobhaigh agus na tailte agus na tionóntáin (más ann) ar a mbeidh an tsuim muirearaithe.

(2) Ar an deimhniú a fháil rachaidh an cláraitheoir contae nó an sirriam, láithreach, ag tobhach na suime a dheimhneofar ann a bheith gan íoc trí ghabháil a dhéanamh ar na hearraí, na hainmhithe agus an airnéis eile ina bháillíocht is leis an mainnitheoir agus (nuair is ar thailte nó ar thionóntáin a bheidh an cháin gan íoc muirearaithe) ar an iomlán nó ar aon chuid de na hearraí, de na hainmhithe agus den airnéis eile a gheofar ar na tailte nó ar na tionóntáin sin, agus chun na gcríocha sin beidh aige (i dteannta na gceart, na gcumhachtaí agus na ndualgas a thugtar dó leis an alt seo) na cearta, na cumhachtaí agus na dualgais sin go léir a bheidh dílsithe dó de thuras na huaire le dlí i ndáil le heascaire fieri faclas a fhorghníomhú a mhéid nach mbeidh an céanna ar neamhréir leis na cearta, na cumhachtaí agus na dualgais bhreise a thugtar dó leis an alt seo.

(3) Faoi réir fho-alt (4), beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) maidir le forcháin a ghnóthú, cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin a measúnaíodh í, mar atá feidhm acu maidir le cáin ioncaim a ghnóthú.

(4) Nuair a bheidh fo-alt (1) á chur chun feidhme maidir le forcháin a ghnóthú, beidh éifeacht ag an bhfo-alt sin ach tagairt do oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim, arna údarú acu chun críocha an fho-ailt seo a chur in ionad tagartha don Bhailitheoir.

(5) Beidh teideal ag cláraitheoir contae nó ag sirriam a bheidh ag forghníomhú deimhniú faoin alt seo—

(a) más mó ná £600 an tsuim a dheimhneofar sa deimhniú a bheith gan íoc, cibé táillí agus costais, arna ríomh de réir na scálaí a bheidh ceaptha ag an Aire Dlí agus Cirt faoi mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 14 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 , agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, a mhuirearú agus (i gcás inar iomchuí é) a chur leis an tsuim sin agus (in aon chás) a thobhach faoin deimhniú, is táillí agus costais a bheadh teideal aige a mhuirearú a chur leis an tsuim sin agus a thobhach amhlaidh dá mba ordú forghníomhaithe de réir bhrí an Achta um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 , (dá ngairtear “ordú forghníomhaithe” san alt seo) ón Ard-Chúirt an deimhniú,

(b) más mó ná £50 ach nach mó ná £600 an tsuim a dheimhneofar sa deimhniú a bheith gan íoc, cibé táillí agus costais, arna ríomh de réir na scálaí sin, a mhuirearú agus (i gcás inar iomchuí é), a chur leis an tsuim sin agus (in aon chás) a thobhach faoin deimhniú, is a bheadh sé i dteideal a mhuirearú nó a chur leis an tsuim sin agus a thobhach amhlaidh dá mba ordú forghníomhaithe ón gCúirt Chuarda an deimhniú, agus

(c) mura mó ná £50 an tsuim a dheimhneofar as deimhniú a bheith gan íoc, cibé táillí agus costais arna ríomh de réir na scálaí sin, a mhuirearú agus (i gcás inar iomchuí é) a chur leis an tsuim sin agus (in aon chás) a thobhach faoin deimhniú a bheadh sé i dteideal a mhuirearú nó a chur leis an tsuim sin agus a thobhach amhlaidh dá mba ordú forghníomhaithe ón gCúirt Dúiche an deimhniú.

(6) I gcás ina bhfuil in ordú a rinneadh roimh dháta an Achta seo a rith faoi alt 12 den Acht Oifigeach, Cúirte, 1945, tagairt do thobhach faoi dheimhniú a eisíodh faoi alt 7 den Acht Airgid, 1923 , nó do thobhach faoi dheimhniú a eisíodh faoin alt sin 7 arna leathnú le halt 55 den Acht Airgeadais, 1958 , forléireofar an tagairt mar thagairt do thobhach faoi dheimhniú a eisíodh faoin alt seo.

Cumhacht ag an mBailitheoir agus ag oifigigh údaraithe agra a dhéanamh.

486. —(1) I gcás nach mó ná £600 an méid atá dlite (cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis) maidir le cáin ioncaim nó forcháin, féadfaidh an Bailitheoir nó an t-oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim, a bheidh údaraithe go cuí chun an cháin sin a bhailiú agra a dhéanamh ina ainm féin sa Chúirt Chuarda i leith an mhéid sin a dúradh atá dlite amhlaidh mar fhiach atá dlite don Aire Airgeadais.

(2) I gcás nach mó ná £50 an méid atá dlite amhlaidh, féadfaidh an Bailitheoir nó an t-oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe go cuí an cháin sin a bhailiú agra a dhéanamh ina ainm féin sa Chúirt Dúiche i leith an méid sin a dúradh atá dlite amhlaidh mar fhiach atá dlite don Aire Airgeadais.

(3) In aon imeacht a bhunóidh an Bailitheoir nó an t-oifigeach eile faoin alt seo is fianaise chríochnaitheach ar an gcáin a bheith measúnaithe go cuí oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim do thabhairt dúblach mheasúnachta an Bhailitheora nó cóipe den dúblach sin a airbheartóidh a bheith deimhnithe mar chóip dhílis ar aird.

(4) Beidh costais aon imeachta den sórt sin faoi réir an dlí agus an chleachtais is infheidhmithe maidir le costais imeachta mar é le haghaidh gnáthfhiach sibhialta ar aon-mhéid leis a ghnóthú sa Chúirt chéanna.

Leanúint d'imeachtaí a bheidh ar feitheamh.

[1930, a. 5.]

487. —Más rud é, roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, go mbeidh an Bailitheoir a ceapadh go cuí chun aon cháin ioncaim a bhailiú tar éis aon imeachtaí a bhunú faoi alt 486 nó go leanfaidh sé faoin alt seo le haon imeachtaí a bunaíodh faoi fho-alt (1) nó (2) d'alt 486 chun an cháin sin a ghnóthú agus, le linn na n-imeachtaí sin a bheith ar feitheamh, go scoirfidh an Bailitheoir sin ar chúis ar bith de bheith ina Bhailitheoir arna cheapadh amhlaidh chun an cháin sin a bhailiú beidh deireadh láithreach le ceart an Bhailitheora sin chun leanúint leis na himeachtaí sin agus beidh teideal ag an mBailitheoir a bheidh ceaptha amhlaidh chun an cháin sin a bhailiú i gcomharbas ar an mBailitheoir a scoirfidh amhlaidh, más mian leis sin, teacht chun bheith agus a bheith ina pháirtí sna himeachtaí sin in áit an Bhailitheora a scoirfidh amhlaidh agus beidh sé i dteideal leanúint leis na himeachtaí sin dá réir sin.

Imeachtaí san Ard-Chúirt.

[1958, a. 54;

1963, a. 26 (3);

1963, Sc. 6, Cda II agus III.]

488. —(1) Gan dochar d'aon tslí eile trína bhféadfar iallach a chur go n-íocfar suimeanna atá dlite i leith cánach ioncaim, forchánach nó cánach brabús corparáide, féadfaidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe acu chun críocha an fho-ailt seo, agra a dhéanamh ina ainm féin san Ard-Chúirt chun aon suim a bheidh dlite maidir le haon cheann de na cánacha sin a ghnóthú, mar fhiach atá dlite don Aire Airgeadais chun sochair don Phríomh-Chiste, ón duine ar a mbeidh an céanna muirearaithe nó óna sheiceadóirí nó a riarthóirí, nó ó aon duine óna mbeidh an tsuim áirithe sin inbhailithe, cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin a muirearaíodh amhlaidh an duine a bheidh muirearaithe amhlaidh, agus féadfar na himeachtaí a thosú trí thoghairm achomair.

(2) I gcás oifigeach a thosaigh imeachtaí de bhun an ailt seo, nó a lean leis na himeachtaí de bhua an fho-ailt seo, d'fháil bháis nó do scor ar aon slí eile ar aon chúis de bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha fho-alt (1)—

(a) beidh deireadh le ceart an oifigigh sin chun leanúint leis na himeachtaí agus dílseoidh an ceart chun leanúint leo a cibé oifigeach eile a bheidh údaraithe amhlaidh agus a ainmneoidh na Coimisinéirí Ioncaim;

(b) i gcás ina n-ainmneofar an t-oifigeach eile sin beidh sé i dteideal dá réir sin é a chur in ionad an oifigigh chéadluaite mar pháirtí sna himeachtaí, agus

(c) i gcás ina ndéanfar oifigeach a chur amhlaidh in ionad oifigigh eile, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don chosantóir gur cuireadh amhlaidh in ionad an oifigigh eile sin é.

(3) In imeachtaí de bhun an ailt seo, beidh deimhniú arna shíniú ag Coimisinéir Ioncaim ag deimhniú na bhfíoras seo a leanas, eadhon, gurb oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim duine áirithe agus go bhfuil sé údaraithe acu chun críocha fho-alt (1) ina fhianaise, nó go gcruthófar a mhalairt, ar na fíorais sin.

(4) In imeachtaí de bhun an ailt seo, beidh deimhniú arna shíniú ag Coimisinéir Ioncaim ag deimhniú na bhfíoras seo a leanas, eadhon, gur scoir an gearánaí de bheith ina oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a d'údaraigh siad chun críocha fho-alt (1), gurb oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim duine eile, go bhfuil an duine eile sin údaraithe acu chun críocha an fho-ailt sin agus go bhfuil sé ainmnithe acu, maidir leis na himeachtaí, chun críocha fho-alt (2), ina fhianaise, nó go gcruthófar a mhalairt, ar na fíorais sin.

(5) In imeachtaí de bhun an ailt seo—

(a) beidh deimhniú arna shíniú ag cigire ag deimhniú an fhíorais gur tháinig, sular tionscnaíodh na himeachtaí, suim shonraithe i leith cánach ioncaim chun bheith dlite den chosantóir agus iníoctha aige faoi mheasúnacht a tháinig chun bheith críochnaitheach agus dochloíte, agus

(b) beidh deimhniú arna shíniú ag an mBailitheoir ag deimhniú na bhfíoras seo a leanas, eadhon, gurb eisean an Bailitheoir atá cuí-údaraithe chun an tsuim shonraithe sin a bhailiú, gur éilíodh go cuí ar an gcosantóir, sular tionscnaíodh na himeachtaí, an tsuim shonraithe sin a íoc agus go bhfuil an tsuim shonraithe sin nó cuid shonraithe di dlite den chosantóir agus gan íoc aige fós,

ina fhianaise, nó go gcruthófar a mhalairt, ar na fíorais sin.

(6) (a) Is foráil iomchuí den alt seo, chun críocha an fho-ailt seo, gach foráil acu seo a leanas den alt seo:

(i) fo-alt (3),

(ii) fo-alt (4),

(iii) mír (a) d'fho-alt (5),

(iv) mír (b) d'fho-alt (5).

(b) In imeachtaí de bhun an ailt seo, féadfar deimhniú ag deimhniú an fhíorais nó na bhfíoras dá dtagraítear i bhforáil iomchuí agus a airbheartaíonn a bheith sínithe mar a shonraítear san fhoráil sin a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, nó go gcruthófar a mhalairt, é a bheith sínithe ag duine a shealbhaigh, tráth an tsínithe, an oifig nó an post a bheidh luaite sa deimhniú gurb í nó é oifig nó post an duine í nó é a shínigh é.

(7) Féadfar gach suim nó aon suim a bheidh dlite de aon duine áirithe amháin i leith aon cheann nó níos mó de na cánacha a luaitear i bhfo-alt (1) a chur san aon-toghairm amháin.

(8) Na rialacha den Ard-Chúirt is infheidhmithe de thuras a huaire maidir le himeachtaí sibhialta a thosaítear trí thoghairm achomair bainfidh siad, faoi réir an ailt seo, le himeachtaí de bhun an ailt seo.

Fianaise in imeachtaí i leith gnóthú cánach.

[1926, a. 39.]

489. —(1) In aon imeachtaí sa Chúirt Chuarda nó sa Chúirt Dúiche nó maidir le cáin ioncaim nó forcháin a ghnóthú, beidh mionnscríbhinn arna déanamh go cuí ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim (lena n-áirítear, maidir leis na nithe a luaitear i míreanna (c) agus (d) den fho-alt seo, an Bailitheoir) ag teistiú i dtaobh aon ní de na nithe seo a leanas—

(a) go ndearnadh go cuí an mheasúnacht chánach,

(b) go bhfuil an mheasúnacht tagtha chun bheith críochnaitheach agus dochloíte,

(c) go bhfuil an cháin nó aon chuid shonraithe di dlite agus gan íoc,

(d) gur éilíodh go cuí an cháin a íoc,

ina fianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar na nithe a theisteofar amhlaidh.

(2) Mura ndíospóidfidh an cosantóir nó an freagróir na deimhnisc sa mhionnscríbhinn, ní gá don oifigeach a rinne an mhionnscríbhinn teacht i láthair ná fianaise ó bhéal a thabhairt le linn éisteacht na n-imeachtaí ná ní gá aon chlár, comhad, leabhar measúnachta, ná taifead eile maidir leis an gcáin a thabhairt ar aird ná a chur i bhfianaise ag an éisteacht.

(3) Má dhíospóideann an cosantóir nó an freagróir aon deimhneasc sa mhionnscríbhinn, déanfaidh an bhreitheamh, ar cibé téarmaí maidir le costais is dóigh leis is cóir, caoi réasúnach a thabhairt, tríd an éisteacht a chur ar atráth nó ar shlí eile, le haghaidh an t-oifigeach a rinne an mhionnscríbhinn do theacht i láthair agus aon fhianaise a thabhairt ó bhéal sna himeachtaí agus le haghaidh aon taifead den sórt a dúradh a thabhairt ar aird agus a chur i bhfianaise sna himeachtaí.

Foirm ordú forghníomhaithe san Ard-Chúirt nó sa Chúirt Chuarda.

[1963, a. 100.]

490. —(1) Baineann an t-alt seo le haon imeachtaí a thionscnófar san Ard-Chúirt nó sa Chúirt Chuarda chun cáin ioncaim nó forcháin a ghnóthú nó le haon fhíneáil, pionós nó forghéilleadh i ndáil le haon cháin den sórt sin.

(2) D'ainneoin aon ní contrártha dó sin a fhoráiltear le haon achtachán nó faoi aon achtachán nó le haon riail cúirte—

(a) i gcás ina dtabharfar aon mhéid áirithe i mbreithiúnas san Ard-Chúirt i gcoinne an chosantóra in imeachtaí lena mbaineann an t-alt seo, is san fhoirm atá leagtha amach i Sceideal 14, Cuid I, a bheidh foirm an ordaithe fhorghníomhaithe a eiseofar maidir leis an méid, agus is suim £1 10s. 0d. an tsuim is inghnóthaithe i leith costas an ordaithe fhorghníomhaithe,

(b) i gcás inarb í an Chúirt Chuarda a thabharfaidh an breithiúnas is san fhoirm atá leagtha amach i Sceideal 14, Cuid II, a bheidh foirm an ordaithe fhorghníomhaithe a eiseofar amhlaidh, agus is suim 16s. 6d. an tsuim is inghnóthaithe i leith costas an ordaithe fhorghníomhaithe.

Airgead atá dlite a ghnóthú.

[1924, a. 38.

1963, a. 99.]

491. —(1) Gach suim atá dlite maidir le cáin ioncaim nó le forcháin agus freisin gach fíneáil, pionós, nó forghéilleadh a tabhaíodh i ndáil le cáin ioncaim nó le forcháin, measfar gur fiach é atá dlite don Aire Airgeadais chun sochair an Phríomh-Chiste agus beidh sé iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim agus (gan dochar d'aon mhodh eile chun a ghnóthaithe) féadfar agra a dhéanamh ina leith agus féadfar é a ghnóthú trí chaingean, nó imeacht oiriúnach éigin eile, ar agra an Ard-Aighne in aon chúirt dlínse inniúla.

(2) Aon airgead atá dlite don Phríomh-Chiste, nó iníoctha leis an bPríomh-Chiste nó chun sochair dó, amhlaidh tá ag gabháil leis na cearta, na pribhléidí agus na tosaíochtaí sin uile atá ag gabháil leis go dtí seo, ach ní oibreoidh an fo-alt seo chun gurb iníoctha an t-airgead sin i dtosaíocht ar fhiacha eile.

Breithiúnais i leith cáin a ghnóthú.

[1940, a. 28.]

492. —(1) Más rud é, in aon imeachtaí chun cáin ioncaim nó forcháin a ghnóthú, go dtabharfar breithiúnas i gcoinne an duine ar ina choinne a thionscnófar na himeachtaí agus go mbeidh foráil sa bhreithiúnas chun an duine sin a ghabháil agus a phríosúnú agus go nglacfar le suim ar chuntas nó mar pháirt-íoc sa mhéid ar tugadh an breithiúnas ina leith—

(a) ní choiscfidh ná ní dhocharóidh an glacadh sin an iarmhéid a bheidh gan íoc den mhéid sin a ghnóthú faoin mbreithiúnas, agus

(b) féadfar an breithiúnas a fhorghníomhú agus a chur i bhfeidhm maidir leis an iarmhéid chomh hiomlán i ngach slí agus leis na meáin chéanna agus dá mba gurbh í an iarmhéid an méid ar tugadh an breithiúnas ina leith, agus

(c) beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin maidir leis an iarmhéid ag an dlí a bhaineann leis an mbreithiúnas a fhorghníomhú agus a chur i bhfeidhm, agus

(d) chun críocha an breithiúnas a fhorghníomhú agus a chur i bhfeidhm, beidh deimhniú ó rúnaí nó rúnaí cúnta do na Coimisinéirí Ioncaim ina luafar méid na hiarmhéide ina fhianaise chríochnaitheach ar mhéid na hiarmhéide.

(2) San alt seo folaíonn “breithiúnas” aon ordú nó foraithne.

Fad na príosúnachta mar gheall ar neamhíoc cánach.

[1943, a. 18.]

493. —I gcás ina ndearna nó ina ndéanfaidh cúirt dlínse inniúla aon duine áirithe a chimiú chun príosúin mar gheall ar shuim airgid a fhágáil gan íoc agus í dlite don Aire Airgeadais chun sochair don Phríomh-Chiste i leith cánach ioncaim nó forchánach, déantar leis seo a údarú do na Coimisinéirí Ioncaim agus a cheangal orthu go ndéanfaidh siad ar shé mhí a bheith caite ó dháta cimithe an duine sin chun príosúin a urscaoileadh ó phríosún a ordú cibé acu a bheidh nó nach mbeidh an tsuim íoctha ar mar gheall ar a neamhíoc a cimíodh amhlaidh é.

Cáin a muirearaíodh ar bhrabúis nach intochsail a ghnóthú.

[1918, a. 170.]

494. —(1) I gcás inar muirearaíodh cáin ar bhrabúis ríchíosanna, margaí nó aontaí, nó ar dholaí, ar iascaigh nó ar aon bhrabúis bhliantúla nó corr-bhrabúis eile nach intochsail, beidh úinéir nó áititheoir nó glacadóir na mbrabús freagrach sa cháin a mhuirearófar amhlaidh, agus féadfaidh sé an céanna a choinneáil agus a asbhaint as aon bhrabúis den sórt sin.

(2) I ngach cás den sórt sin féadfaidh an Bailitheoir tochsal a dhéanamh ar na daoine a bheidh freagrach faoi seach, agus féadfaidh sé na cumhachtaí go léir a fheidhmiú a thugtar chuige sin leis an Acht seo.

Imeachtaí i gcoinne bailitheora nó a urraí.

[1918, a. 180.]

1934, Uimh. 31 .

1918, c. 40.

495. —(1) Nuair a bheifear ag triail aon chaingne i gcoinne urraí bailitheora a ceapadh faoi alt 7 den Acht Airgid, 1934 , ar bhanna ina ndeachaigh sé nó ar eascaire fiosrúcháin faoi dhamáistí in aon chaingean den sórt sin a fhorghníomhú, is leor cuntas a thabhairt ar aird, i lámhscríbhneoireacht nó faoí láimh an bhailitheora sin, ar aon suim airgid a bhailigh sé nó a fuair sé, i leith nó ar cuntas na cánach nó an airgid, mar chruthú go bhfuair sé gach suim airgid a bheidh luaite ansin, ar cuntas na cánach a cuireadh faoina chúram le bailiú.

(2) Aon sceideal a sheachadfaidh aon bhailitheoir den sórt sin de bhun alt 175 den Income Tax Act, 1918, agus a mbeidh ann, nó a airbheartaíonn go bhfuil ann, ainmneacha daoine a mhainnigh maidir le híoc na cánach agus na suimeanna a bheidh i riaráiste, beidh sé, in aon chaingean den sórt sin agus ar gach ócáid eile, ina leor-chruthú chun an bailitheoir agus a urraí, faoi seach, a chur faoi mhuirear na suimeanna airgid eile go léir a bheidh ar áireamh sa dúblach nó sna dúblaigh a cuireadh faoina chúram le bailiú agus nach mbeidh ar áireamh sa sceideal sin nó nár tugadh cuntas iontu roimhe sin agus a íocadh leis an oifigeach cuí; agus na suimeanna go léir den sórt sin nach mbeidh ar áireamh sa sceideal amhlaidh, nó nach mbeidh cuntas tugtha iontu roimhe sin agus a bheidh gan íoc, measfar iad a bheith bailithe agus faighte ag an mbailitheoir agus iad a bheith ina láimh gan íoc agus i riaráiste.