An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XXXIII Bailiú) Ar Aghaidh (CUID XXXV Pionóis agus Measúnachtaí)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

CUID XXXIV

Aisíoc

Aisíoc i leith ús a íocadh le bainc, tithe úis, etc.

[1918, a. 36.]

496. —(1) I gcás ina ndéanfar ús is iníoctha sa Stát ar airleacan ó bhanc a sheolann gnó baincéireachta bona fide sa Stát a íoc leis an mbanc gan cáin a bhaint as brabúis nó gnóchain a chuirfear faoi mhuirear cánach, beidh an duine a íocfaidh an t-ús i dteideal, ar chruthú na bhfíoras chun sástacht na gCoimisinéirí Speisialta, aisíoc cánach ar mhéid an úis a fháil.

(2) Ar chruthú mar é a fháil déanfar aisíoc mar é i gcás úis (nach ús bliantúil) is iníoctha sa Stát ar airleacan ó dhuine a dhéanann i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim gnó bona fide a sheoladh mar chomhalta de stocmhargadh sa Stát nó ó aon duine a dhéanann i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim gnó bona fide tí lascaine a sheoladh sa Stát:

Ar choinníoll nach ndéanfar aon aisíoc mura deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim go ndearna nó go ndéanfaidh an duine a thug an t-airleacan an t-ús a thabhairt i gcuntas sa ráiteas a tugadh nó a bheidh le tabhairt chun críocha cánach ioncaim.

An ráta cánach ar dá réir a dhéanfar aisíoc.

[1925, a. 11;

1959 (Uimh. 2), a. 17 (4), 18.]

497. —Aon aisíoc cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana measúnachta a mbeidh teideal ag duine ar bith chuige maidir le haon asbhaint faoi ailt 138 agus 143 déanfar é, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt leis an Acht seo, de réir an ráta chaighdeánaigh cánach don bhliain sin:

Ar choinníoll, i gcás aon duine a chruthóidh maidir le haon bhliain áirithe nach bhfuil aon ioncam inchánaithe aige don bhliain sin mar gheall ar na hasbhaintí a bhfuil teideal aige chucu, gurb é a bheidh in aon aisíoc a bheidh le déanamh méid iomlán na cánach a d'íoc sé trí asbhaint nó eile, i leith a ioncaim in aghaidh na bliana sin a aisíoc.

Teorainn ama le haghaidh éileamh ar aisíoc.

[1918, a. 41;

1925, a. 9 (2).]

498. —Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt go sainráiteach le haon fhoráil den Acht seo, ní ghéillfear d'aon éileamh ar aisíoc cánach ioncaim faoin Acht seo mura ndéanfar an t-éileamh sin laistigh de na sé bliana díreach tar éis deireadh na bliana measúnachta lena mbaineann sé.