|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID XXXV Pionóis agus Measúnachtaí) | Ar Aghaidh (Caibidil II Forcháin ar Ioncam Neamhdháilte Cuideachtaí Áirithe) |
AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967
[EN] | ||
[EN] |
CUID XXXVI Forcháin, Forcháin ar Ioncam Neamhdháilte Cuideachtaí Áirithe agus Forcháin a Bhaint as Díolaíochtaí | |
[EN] |
Caibidil I Forcháin | |
[EN] |
Muirearú i leith forchánach. [1928, a. 3; 1963, a. 25 (1).] |
522. —(1) I dteannta na cánach ioncaim a mhuirearófar de réir an ráta a fhorordófar d'aon bhliain áirithe, muirearófar, toibheofar agus íocfar don bhliain sin i leith ioncaim aon phearsan aonair, ar mó a iomlán ó gach bunadh ná an méid forordaithe, dleacht bhreise chánach ioncaim (dá ngairtear forcháin san Acht seo) de réir an ráta nó na rátaí a fhorordófar don bhliain sin. |
[EN] | San fho-alt seo ciallaíonn “a fhorordófar” a fhorordófar ag an Oireachtas. | |
[EN] | (2) Beidh forcháin dlite agus iníoctha an 1ú lá d'Eanáir an bhliain mheasúnachta, ach amháin go measfar forcháin nó aon chuid d'fhorcháin a bheidh ar áireamh i measúnacht a dhéanfar an 1ú lá d'Eanáir a dúradh nó dá éis sin a bheith dlite agus iníoctha an lá díreach i ndiaidh an lae a dhéanfar an mheasúnacht. | |
[EN] |
Asbhaint le linn forcháin a bheith á muirearú. [1959, a. 3.] |
523. —(1) Chun forcháin a mhuirearú d'aon bhliain mheasúnachta áirithe, déanfar méid is comhionann leis na hasbhaintí a mbeidh teideal aige iad a lamháil dó faoi ailt 138 (1) (2), 139,140, 141 agus 142 a bhaint as iomlán ioncaim aon phearsan le linn méid an ioncaim a muirearófar cáin ioncaim air ina leith don bhliain mheasúnachta sin a bheith á ríomh. |
[EN] | (2) I gcás teideal a bheith ag pearsa aonair nach gcónaíonn sa Stát chun asbhainte in aghaidh aon bhliana áirithe faoin alt seo, laghdófar an asbhaint an choimhréir a laghdaíonn alt 153 (2) aon fhaoiseamh a thabharfar dó in aghaidh na bliana sin faoi na forálacha a shonraítear i bhfo-alt (1). | |
[EN] | (3) I gcás fearchéile agus banchéile a mheasúnófar ar leithligh i leith cánach in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe de bhua iarratais faoi alt 197 nó 198, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le haon asbhaint a bheidh le déanamh faoi fho-alt (1) don bhliain sin: | |
[EN] | (a) cibé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar iad a mheasúnú ar leithligh i leith forchánach, is é asbhaint a bheidh le baint as a n-ioncam iomlán an asbhaint a dhéanfaí dá mba nach ndearnadh aon mheasúnacht ar leithligh; | |
[EN] | (b) má mheasúnaítear iad ar leithligh i leith forchánach, déanfar an faoiseamh ó fhorcháin a gheofar de sin a roinnt eatarthu trína ghlacadh go bhfuil a n-ioncaim faoi seach arna laghdú mar a leanas: | |
[EN] | (i) an méid (más aon mhéid é) a bheidh ar áireamh san asbhaint i leith faoisimh faoi alt 141 (2) nó 142, glacfar leis mar ní a laghdaíonn ioncam an fhearchéile nó an bhanchéile de réir mar is eisean nó ise a chothabhálann an leanbh, an gaol, an mac nó an iníon, ar ina leith a thabharfar an faoiseamh sin, | |
[EN] | (ii) faoi réir fhomhír (i), glacfar go ndéanann an asbhaint a n-ioncaim faoi seach a laghdú de réir an ráta chéanna, | |
[EN] | ach sin i slí, má bhíonn breis ag an méid a bheidh ioncam cheachtar acu le laghdú faoi fhomhíreanna (i) agus (ii) ar mhéid an ioncaim sin, go nglacfar go bhfuil ioncam an duine eile arna laghdú méid na breise. | |
[EN] |
An modh chun ioncam a mheas le haghaidh forchánach. [1918, a. 5; 1920, a. 15 (4) Sc. 3; 1928, a. 3 (3); 1965, Sc. 3, Cuid I.] |
524. —(1) Chun críocha forchánach, measfar gurb é ioncam iomlán aon phearsan aonair ó gach bunadh ioncam iomlán na pearsan sin ó gach bunadh, arna mheas sa tslí chéanna agus a cheanglaítear an t-ioncam iomlán ó gach bunadh a mheas i dtuairisceán a dhéanfar i ndáil le haon éileamh ar asbhaint as ioncam inmheasúnaithe, ach sin faoi réir na bhforálacha atá anseo ina dhiaidh seo. |
[EN] | (2) I gcás ina mbeidh measúnacht i leith cánach ioncaim tar éis teacht chun bheith críochnaitheach dochloíte chun críocha cánach ioncaim, beidh an mheasúnacht críochnaitheach dochloíte freisin agus an t-ioncam iomlán ó gach bunadh á mheas chun críocha forchánach, agus ní chuirfear san áireamh, le linn an t-ioncam iomlán ó gach bunadh a bheith á mheas, aon liúntas nó coigeartú dliteanais ar fhoras laghdú ioncaim nó caillteanais, mura mbeidh an liúntas nó an coigeartú sin déanta roimhe sin i leith cánach ioncaim ar iarratas faoi na forálacha speisialta den Acht seo a bhaineann leis sin. | |
[EN] | (3) Nuair a bheidh an t-ioncam chun críocha forchánach á mheas— | |
[EN] | (a) asbhainfear, i gcás aon talamh ar a muirearófar cáin ioncaim ar an luach bliantúil arna mheas ar shlí seachas i ndáil le brabúis (i dteannta aon asbhainte eile), aon suim a ndéanfar a méid de laghdú ar an measúnacht chun críocha bailithe, nó ar a mbeidh cáin ioncaim aisíoctha faoi fhorálacha an Achta seo maidir le costas cothabhála, deisiúchán, árachais, agus bainistí; agus | |
[EN] | (b) aon ioncam ar arb inmhuirir cáin ioncaim ar mhodh asbhainte measfar gurb ioncaim de chuid na bliana í arb infhaighte í, agus aon asbhaintí is inlamháilte ar chuntas aon suimeanna bliantúla a íocadh as maoin nó as brabúis na pearsan aonair lamhálfar iad mar asbhaintí in aghaidh na bliana arb iníoctha iad, d'ainneoin gur fhaibhrigh an t-ioncam nó na suimeanna bliantúla, de réir mar a bheidh, go hiomlán nó go páirteach roimh an mbliain sin. | |
[EN] | (4) Nuair a bheidh ioncam iomlán aon phearsan á mheas chun críche forchánach, measfar gurb é méid aon ioncaim thuillte méid iomlán an ioncaim sin gan aon liúntas a asbhaint faoi alt 134. | |
[EN] |
Muirearófar forcháin ar chomaoin i leith cúnant sriantach áirithe, etc. [1964, a. 7.] |
525. —(1) I gcás— |
[EN] | (a) ina dtabharfaidh pearsa aonair a bhí, atá nó atá ar tí dul i seilbh oifige nó fostaíochta, gealltanas (cibé acu gealltanas iomlán nó gealltanas coinníollach é agus cibé acu bailí nó nach bailí dó de réir dlí) i ndáil lena sealbhú aige, arb é a bhrí nó a éifeacht srian a chur leis an bpearsa sin maidir lena iompar nó lena ghníomhaíochtaí; agus | |
[EN] | (b) go mbeifear tar éis suim ar bith a íoc leis féin nó le haon duine eile an 14ú lá d'Aibreán, 1964, nó dá éis i leith é do thabhairt an ghealltanais sin nó dá chomhlíonadh go hiomlán nó go páirteach; agus | |
[EN] | (c) nach ndlífí, mura mbeadh an t-alt seo, an tsuim a íocadh a áireamh mar ioncam de chuid duine chun críocha cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta nó í a chur i gcuntas mar fháltas, le linn ríomh a bheith á dhéanamh, chun críocha cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta áirithe, ar ioncam aon duine nó ar chaillteanas a thabhaigh aon duine, | |
[EN] | is iad na torthaí céanna a bheidh ann maidir le forcháin don bhliain mheasúnachta a bheifear tar éis an tsuim sin a íoc a bheadh ann dá mba leis an bpearsa aonair sin (agus nach le haon duine eile) a íocadh an tsuim sin mar ghlanmhéid agus i leith glanmhéid íocaíochta bliantúla a raibh teideal ag an bpearsa aonair sin chuige, arb íocaíocht bhliantúil í ab inmhuirir i leith cánach ioncaim agus ar baineadh cáin go hiomchuí as a mór-mhéid faoi alt 434: | |
[EN] | Ar choinníoll, i gcás an phearsa aonair d'fháil bháis sular íocadh an tsuim sin go mbeidh éifeacht ag an oiread de na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo agus a bhaineann leis na torthaí a bheidh ann be bharr na n-ábhar a shonraítear i míreanna (a) go (c) mar a bheadh dá n-íocfaí an tsuim sin roimh an mbás. | |
[EN] | (2) I gcás comaoin luachmhar a thabhairt, ar shlí seachas in airgead, i leith aon ghealltanas a thabhairt nó a chomhlíonadh go hiomlán nó go páirteach, beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den alt seo ionann agus dá n-íocfaí ina ionad sin suim ar cóimhéid le luach na comaoine sin. | |
[EN] | (3) Ní bhainfidh na forálacha sin roimhe seo den alt seo le haon suim a íocadh nó comaoin a tugadh más roimh an 14ú lá d'Aibreán, 1964, a tugadh an gealltanas a bheidh i gceist. | |
[EN] | (4) I gcás aon suim a íoc le haon duine nó comaoin luachmhar a thabhairt d'aon duine in aon bhliain mheasúnachta i leith tabhairt, nó comhlíonadh, iomlán nó páirteach, gealltanais a tugadh an 14ú lá d'Aibreán, 1964, nó dá éis, agus a chomhlíonann na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (1) (a) (nach suim óna n-asbhaintear cáin go cuí faoi aon fhoráil den Acht seo), is é dualgas an duine a íocfaidh an tsuim nó a thabharfaidh an chomaoin sonraí an chéanna a sheachadadh i scríbhinn don chigire tráth nach déanaí ná mí tar éis deireadh na bliana sin, ag sonrú an duine a fuair an íocaíocht nó an chomaoin, an ghealltanais arb i ndáil leis a rinneadh nó a tugadh í agus an phearsa aonair a thug an gealltanas sin. | |
[EN] | (5) San alt seo ciallaíonn “oifig nó fostaíocht” oifig nó fostaíocht ar bith a bhfuil nó a mbeadh cáin ioncaim inmhuirir ar na díolaíochtaí uaithi faoi Sceideal E, nó faoi Chás III de Sceideal D de réir alt 76 (1) in aghaidh aon bhliana measúnachta; agus na tagairtí atá san alt seo do chomaoin luachmhar a thabhairt ní fholaíonn siad tagairtí do ní is glacadh oibleagáide chun maoin luachmhar, cearta nó buntáistí luachmhara a aistriú nó a sholáthar agus an ní sin amháin, ach folaíonn siad tagairtí d'aon ní a dhéanamh ag comhlíonadh, nó i ndáil le comhlíonadh, oibleagáide den sórt sin. | |
[EN] |
Forcháin a mheasúnú, a bhailiú agus a ghnóthú. [1918, a. 7; 1925, a. 8 (3) (4); 1928, a. 3 (3); 1932, Sc. 5.; 1936, a. 3 (1); 1963, a. 18 (2). 26 (1) (2), Sc. 6, Cuid III.] |
526. —(1) Is cigire a dhéanfaidh forcháin a mheasúnú agus a mhuirearú. |
[EN] | (2) Gach duine ar a seirbheálfaidh cigire fógra, sa slí a fhorordaítear le rialacháin faoin alt seo, á cheangal air tuairisceán ar a ioncam iomlán ó gach bunadh a thabhairt, nó, i gcás fógra a sheirbheálfar ar aon duine a ionadaíonn duine éagumasaithe, duine neamhchónaithigh, nó duine éagtha, ar ioncam iomlán an duine éagumasaithe, an duine neamhchónaithigh nó an duine éagtha ó gach bunadh, déanfaidh sé, cibé a bheidh nó nach mbeidh forcháin inmhuirir air, tuairisceán den sórt sin a thabhairt san fhoirm agus laistigh den am a cheanglófar leis an fhógra. | |
[EN] | (3) Is é dualgas gach duine ar arb inmhuirir forcháin fógra gurb inmhuirir é a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim roimh an 30ú lá de Mheán Fómhair an bhliain i ndiaidh na bliana arb inmhuirir an fhorcháin ina haghaidh. | |
[EN] | (4) Má mhainníonn aon duine tuairisceán a thabhairt faoin alt seo, nó mura mbeidh an cigire sásta le haon tuairisceán faoin alt seo, féadfaidh sé measúnacht forchánach a dhéanamh go feadh a bhreithiúnais. | |
[EN] | (5) Na forálacha uile den Acht seo a bhaineann le daoine a mbeidh cáin ioncaim le bheith inmhuirir orthu, agus a bhaineann le measúnachtaí cánach ioncaim agus le hachomhairc i gcoinne na measúnachtaí sin, agus le bailiú agus gnóthú cánach ioncaim, agus le cásanna a shonrófar le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte beidh feidhm acu, sa mhéid gurb inchurtha chun feidhme iad, maidir le muirearú, measúnú, bailiú agus gnóthú forchánach faoin alt seo. | |
[EN] | (6) Féadfaidh cigire aon mheasúnacht faoin alt seo a leasú nó measúnacht nó measúnacht bhreise a dhéanamh tráth ar bith maidir le haon bhliain mheasúnachta: | |
[EN] | Ar choinníoll, chun críocha forcháin a mhuirearú ar sheiceadóirí nó riarthóirí duine éagtha maidir leis na brabúis nó leis na gnóchain nó leis an ioncam a d'éirigh nó a d'fhaibhrigh chuige roimh a bhás, nach ndéanfar aon ghníomh nó ní acu sin tráth nach déanaí ná deireadh an tríú bliain tar éis na bliana measúnachta a fuair an duine éagtha bás i gcás inarb í an bhliain sin a deonaíodh probháid nó litreacha riaracháin, agus nach bhféadfar aon ghníomh nó ní acu sin a dhéanamh tráth is déanaí ná deireadh an dara bliain tar éis na bliana measúnachta a rinneadh an deonú sin in aon chás eile, ach go mbeidh éifeacht ag na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo faoi réir an choinníll go bhféadfar, i gcás an seiceadóir nó an riarthóir do thaisceadh mionnscríbhinn cheartúcháin chun dleacht eastáit a mheasúnú tar éis na bliana measúnachta a fuair an duine éagtha bás, aon ghníomh nó ní den sórt sin a dhéanamh tráth ar bith roimh dheireadh dhá bhliain tar éis deireadh na bliana measúnachta a taisceadh an mhionnscríbhinn cheartúcháin. | |
[EN] | (7) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh d'fhonn an t-alt seo a chur in éifeacht. | |
[EN] |
Sonraí a sheachadadh. [1922, a. 22; 1963, a. 26 (1); 1963, Sc. 6, Cuid III.] |
527. —Féadfaidh cigire, cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh measúnacht i leith forchánach, a cheangal ar aon phearsa aonair ar iarradh air tuairisceán ar a ioncam iomlán a thabhairt chun críocha forchánach cibé sonraí a thabhairt dó laistigh de cibé am a fhorordóidh sé, nach giorra ná ocht lá fichead, i dtaobh bunadh iomaí a chuid ioncaim agus an méid a tháinig ó gach bunadh, agus i dtaobh méid aon asbhaintí a éileofar a lamháil as an ioncam sin, is dóigh leis is gá. |
[EN] |
Méideanna áirithe a mheas. [1963, a. 27.] |
528. —(1) Más rud é— |
[EN] | (a) go mbeidh ar áireamh ioncaim iomláin pearsan aonair ioncam ó aon bhunadh nó bunaidh a bheidh le ríomh ar fhoras na méideanna iarbhír is infhaighte sa bhliain mheasúnachta nó i gcás ina mbeidh aon asbhaintí is inlamháilte i leith aon suimeanna bliantúla a íocadh amach as maoin nó brabúis pearsan aonair le lamháil mar asbhaintí in aghaidh na bliana arb iníoctha iad, agus | |
[EN] | (b) go mbeidh measúnacht i leith forchánach á déanamh roimh dheireadh na bliana measúnachta lena mbaineann an mheasúnacht sin i leith forchánach, | |
[EN] | ansin, le linn dó a bheith ag déanamh na measúnachta, déanfaidh an cigire, agus é ag ríomh an méid iomlán cánach is inmheasúnaithe i leith forchánach, an méid ioncaim ó gach bunadh den sórt sin nó méid aon asbhaintí inlamháilte den sórt sin a mheas agus, nuair a bheidh aon mheastachán den sórt sin á dhéanamh aige, tabharfaidh sé aird chuí ar aon mhéid comhréire ioncaim nó ar aon asbhaintí inlamháilte comhréireacha sa bhliain díreach roimh an mbliain mheasúnachta. | |
[EN] | (2) I gcás— | |
[EN] | (a) ina mbeidh meastachán déanta faoi fho-alt (1), | |
[EN] | (b) nach mbeidh fógra achomhairc tugtha i gcoinne na measúnachta i leith forchánach, agus | |
[EN] | (c) go dtabharfaidh an duine measúnaithe don chigire, laistigh de bhliain ó dheireadh na bliana measúnachta, sonraí ar mhéid ceart an ioncaim nó na n-asbhaintí ar ina leith a rinneadh an meastachán, | |
[EN] | coigeartóidh an cigire an mheasúnacht faoi threoir an difir idir méid ceart an ioncaim is inmheasúnaithe i leith forchánach agus méid na measúnachta, agus aisíocfar aon mhéid forchánach a bheidh ró-íoctha. | |
[EN] |
Méid laghdaithe forchánach a íoc an fad a bheifear ag feitheamh le hachomharc a chinneadh. [1963, a. 28.] |
529. —I gcás ina ndéanfar achomharc maidir le forcháin agus gur dóigh leis na Coimisinéirí Speisialta gur mó an méid forchánach a muirearaíodh in aon mheasúnacht ná an méid forchánach a bheidh iníoctha nuair a bheidh an t-achomharc cinnte go críochnaitheach— |
[EN] | (a) ordóidh na Coimisinéirí Speisialta go n-íocfar cibé méid laghdaithe forchánach a mheasfaidh siad is cóir, ag féachaint don eolas a bheidh ar fáil, | |
[EN] | (b) déanfar an méid laghdaithe forchánach sin a bhailiú agus a íoc i ngach slí ionann agus dá mba fhorcháin í a muirearaíodh i measúnacht a bhí tar éis teacht chun bheith ina measúnacht chríochnaitheach dhochloíte, | |
[EN] | (c) nuair a bheifear tar éis an méid forchánach is inmhuirir ó cheart a chinneadh go críochnaitheach, beidh aon iarmhéid forchánach is inmhuirir de réir an chinnte iníoctha nó aisíocfar aon cháin a ró-íocadh, de réir mar is gá sa chás. |