An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XXXVIII Tosach Feidhme, Aisghairm, Cosaint, Forálacha Sealadacha agus Forálacha Eatramhacha agus Gearrtheideal) Ar Aghaidh (SCEIDEAL 2 Rialacha is Infheidhmithe maidir le Sceideal E)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

SCEIDEAL 1

Sásra chun Cáin a Mheasúnú, a Mhuirearú agus a íoc faoi Sceideal C agus, i gCásanna áirithe, faoi Sceideal D

Ailt 48 , 460 , 461.

CUID I.

Díbhinní, etc., ioncaim phoiblí, is iníoctha le Banc na hÉireann, nó a cuireadh ar iontaobh Bhanc na hÉireann le híoc

[1918, Sc. C. Bc. na hé., r. 1.]

1. Ar aon íocaíocht a theacht chun bheith dlite, déanfaidh Banc na hÉireann maidir leis na díbhinní agus na brabúis a ghabhann leo sin is iníoctha leo as ioncam poiblí an Stáit, nó is iníoctha as aon ioncam poiblí agus a cuireadh ar a n-iontaoibh le híoc agus le himdháil, cuntais fhíora ar na nithe seo a leanas a sheachadadh, i leabhair a chuirfear ar fáil chuige sin, do no coimisinéirí a bheidh ceaptha chun an cháin orthu a mheasúnú agus a mhuirearú—

(a) méideanna na ndíbhinní agus na mbrabús a ghabhann leo sin is iníoctha leis an mBanc;

(b) na díbhinní uile a cuireadh ar iontaobh an Bhainc le híoc leis na daoine le teideal chucu; agus

(c) an méid cánach is inmhuirir ar an gcéanna de réir an ráta atá i bhfeidhm tráth an íoca gan aon asbhaint eile seachas mar a lamháiltear leis an Acht seo.

[do., r. 2.]

2. Sonróidh na cuntais sin cuntas leithleach gach duine.

[do., r. 3.]

3. Déanfaidh na coimisinéirí an cháin is inmhuirir ar na cuntais a sheachadfar a mheasúnú feadh iomlán a mbreithiúnais agus a mbarúla, agus seachadfaidh siad chun na gCoimisinéirí Speisialta na leabhair mheasúnachta agus iad sínithe acu.

[do., r. 4.]

4. Cuirfidh na Coimisinéirí Speisialta faoi deara go ndéanfar amach dhá dheimhniú ina dtaispeánfar an méid iomlán cánach, méideanna iomlána na ndíbhinní agus na mbrabús a ghabhann leo ar a bhfuil cáin muirearaithe, agus tuairisc na ndaoine nó na gcomhlachtaí daoine lenarb iníoctha an céanna, nó ag a bhfuil a n-imdháil nó a bhfuil a n-íoc ar a n-iontaobh.

[do., r. 5.]

5. Cuirfear deimhniú amháin chun na gcoimisinéirí arb é a ndualgas an mheasúnacht a dhéanamh agus cuirfear an ceann eile chun na gCoimisinéirí Ioncaim.

[do., r. 6, 7.]

6.—(1) I gcás díbhinní agus brabús a ghabhann leo sin, is iníoctha le Banc na hÉireann as ioncam poiblí an Stáit, cuirfidh Banc na hÉireann do leithligh an cháin i leith an mhéid is iníoctha leo.

(2) I gcás díbhinní agus brabús a ghabhann leo sin a cuireadh ar iontaobh Bhanc na hÉireann le híoc agus le himdháil—

(a) déanfaidh Banc na hÉireann, sula ndéanfaidh sé aon íoc, méid na cánach a choinneáil chun críocha an Achta seo;

(b) measfar coinneáil an mhéid a bheith ina íoc ar an gcáin ag na daoine a bheidh i dteideal na ndíbhinní agus déanfaidh siad lamháil ina leith ar iarmhar an chéanna a fháil; agus

(c) beidh Banc na hÉireann saortha agus urscaoilte i leith suime ar cóimhéid leis an méid a choinneofar ionann agus dá mbeifí tar éis an tsuim sin a íoc iarbhír.

[do. r. 8;

1925, Sc. 3.]

7. Déanfar airgead a cuireadh do leithligh nó a coinníodh faoi mhír 6 a íoc isteach i gcuntas ginearálta na gCoimisinéirí Ioncaim i mBanc na hÉireann, agus i dteannta gach íocaíochta den sórt sin beidh deimhniú, faoi lámha beirt nó níos mó de na coimisinéirí a rinne an mheasúnacht, ar mhéid na measúnachta faoina ndearnadh an íocaíocht.

[1924, a. 6 (4).]

8. I gcás ina ndéanfaidh Banc na hÉireann gach uile ní is gá chun go bhféadfar an cháin a mheasúnú agus a íoc i leith Stoic Rialtas na Breataine agus Stoic na hIndia a bheidh inscríofa ina leabhair i mBaile Atha Cliath, gheobhaidh an Banc mar luach saothair liúntas, a ríomhfar faoi threoir an méid díbhinní a bheidh íoctha maidir leis na Stoic sin as ar baineadh cáin, agus a shocróidh an tAire Airgeadais.

[Sc. C, Bc., na hÉ., r. 9.]

9. Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt in aon achtacháin eile a bheidh i bhfeidhm ar dháta thosach feidhme an Achta seo, ní dhéanfar aon mheasúnacht, muirearú ná asbhaint cánach faoin gCuid seo den Sceideal seo i gcás nach mó ná caoga scilling aon íocaíocht leath-bhliantúil i leith aon díbhinní, ach déanfar na díbhinní sin a mheasúnú agus a mhuirearú faoi Chás III de Sceideal D.

CUID II

[1924, a. 7, Sc. 1.]

Forálacha maidir le díbhinní, etc., is iníoctha as ioncam poiblí na hÉireann trí Bhanc Náisiúnta na Cathrach, Teo.

1. Ar aon íocaíocht a theacht chun bheith dlite, déanfaidh Banc Náisiúnta na Cathrach, Teoranta, maidir le haon díbhinní is iníoctha as ioncam poiblí an Stáit agus a cuireadh ar a iontaobh le híoc nó le himdháil, cuntais fhíora ar na nithe seo a leanas a sheachadadh do na Coimisinéirí Speisialta i leabhair a chuirfear ar fáil chuige sin—

(a) na díbhinní uile a cuireadh ar a iontaobh le híoc leis na daoine le teideal chucu; agus

(b) an méid cánach is inmhuirir ar an gcéanna de réir an ráta atá i bhfeidhm tráth an íoca gan aon asbhaint eile seachas mar a lamháiltear leis an Acht seo.

2. Sonróidh na cuntais sin cuntas leithleach gach duine.

3. Beidh ag na Coimisinéirí Speisialta na cumhachtaí go léir is gá maidir leis na leabhair agus na cuntais a dúradh a scrudú, a iniúchadh, a sheiceáil agus a imréiteach, agus déanfaidh siad na díbhinní a mheasúnú agus a mhuirearú de réir an ráta cánach a bheidh i bhfeidhm tráth an íoca ach iad laghdaithe méid na udíolúintí (más ann) a bheidh lamháilte acu, agus tabharfaidh siad fógra ar an méid a mheasúnófar agus a mhuirearófar amhlaidh do Bhanc Náisiúnta na Cathrach, Teoranta.

4. Déanfaidh Banc Náisiúnta na Cathrach, sula ndéanfaidh sé aon íoc, méid na cánach a choinneáil chun críocha an Achta seo.

5. Measfar coinneáil an mhéid a bheith ina íoc ar an gcáin ag na daoine a bheidh i dteideal na ndíbhinní agus déanfaidh siad lamháil ina leith ar iarmhar an chéanna a fháil, agus beidh Banc Náisiúnta na Cathrach, Teoranta, saortha agus urscaoilte i leith suime ar cóimhéid leis an méid a choinneofar ionann agus dá mbeifí tar éis an tsuim sin a íoc iarbhír.

6. Is leis an Ard-Chuntasóir Ioncaim a íocfar airgead a chuirfear do leithligh agus a choinneofar amhlaidh.

CUID III

[1918, Sc. C., r. Rne; 1923, a. 11.]

Díbhinní ioncaim phoiblí is iníoctha ag oifigí poiblí agus ranna poiblí

1. Is faoi Sceideal C a mhuirearóidh na Coimisinéirí Speisialta díbhinní ioncaim phoiblí is iníoctha ag aon oifig phoiblí nó Roinn Stáit.

2. Feidhmeoidh na Coimisinéirí Speisialta cumhachtaí agus dualgais mar atá ag coimisinéirí dá gcumhachtaítear díbhinní a mhuirearú is iníoctha as an ioncam poiblí i gcásanna eile.

3. Nuair a dhéanfar aon íocaíochtaí mar a dúradh, déanfaidh an t-oifigeach cuí an cháin orthu a ríomh agus a dheimhniú le haghaidh íoca, agus coinneoidh seisean an cháin agus íocfaidh sé an céanna isteach i gcuntas ginearálta na gCoimisinéirí Ioncaim i mBanc na hÉireann.

CUID IV

[1918, Sc. C., Gníomhairí Ioca, r. 1; Sc. D, r. Ilgh. 7;

1923, a. 10 (5);

1938, a. 5 (2) (3) (4) (6).]

Díbhinní ioncaim phoiblí eile, díbhinní lena mbaineann Cuid XXXI, fáltais ó chupóin agus an praghas a íocadh ar chupóin a cheannach

1.—(1) Gach duine den sórt a luaitear anseo ina dhiaidh seo, is é sin le rá—

(a) gach duine (seachas Banc na hÉireann) a mbeidh sé curtha ar a iontaobh aon díbhinní a íoc is iníoctha le haon daoine sa Stát amach as aon ioncam poiblí seachas ioncam an Stáit; agus

(b) gach duine sa Stát a mbeidh sé curtha ar a iontaobh aon díbhinní lena mbaineann Cuid XXXI a íoc; agus

(c) gach baincéir nó duine eile sa Stát a gheobhaidh íoc aon díbhinní in imthosca go bhfuil na díbhinní inmhuirir i leith cánach faoi Sceideal C, nó i gcás díbhinní lena mbaineann Cuid XXXI, faoi Sceideal D; agus

(d) gach baincéir sa Stát a dhíolfaidh nó a réadóidh ar shlí eile cupóin ar mhodh go bhfuil na fáltais ón díol nó ón réadú inmhuirir i leith cánach faoi Sceideal C, nó i gcás díbhinní lena mbaineann Cuid XXXI, faoi Sceideal D; agus

(e) gach déileálaí i gcupóin sa Stát a cheannóidh cupóin i slí go bhfuil an praghas a íocadh á gceannach inmhuirir i leith cánach faoi Sceideal C, nó i gcás díbhinní lena mbaineann Cuid XXXI, faoi Sceideal D,

déanfaidh sé, laistigh de mhí tar éis é a cheangal amhlaidh air le fógra arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil, cuntas i scríbhinn a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim, ina n-inseoidh sé a ainm agus a áit chónaithe, agus ina mbeidh tuairisc ar na díbhinní sin, nó ar na fáltais nó ar an bpraghas a íocadh ar a gceannach, agus déanfaidh sé freisin, ar éileamh ón gcigire a bheidh údaraithe chuige sin ag na Coimisinéirí Ioncaim, cuntais fhíora iomlána a sheachadadh don chigire, le haghaidh úsáide na gCoimisinéirí Speisialta, ar mhéid na ndíbhinní sin go léir, nó ar mhéid na bhfáltas nó an phraghais a íocadh ar cheannach.

(2) Sonróidh na cuntais a dúradh cuntais leithleacha gach duine de na daoine le teideal na díbhinní, na fáltais nó an praghas a íocadh ar cheannach sin a fháil, agus inseoidh sé ainm agus seoladh gach duine acu sin, agus tabharfaidh sé sonraí ar na méideanna is iníoctha agus, i gcás méideanna is iníoctha as aon ioncam poiblí seachas ioncam an Stáit, sonraí ar an ioncam poiblí ar amach as is iníoctha gach méid leithleach.

2. “Daoine inmhuirir” a ghairtear ina dhiaidh seo sa Chuid seo de na daoine a luaitear i bhfomhíreanna (1) (a), (1) (b), (1) (c), (1) (d) agus (1) (e) de mhír 1.

[Sc. C, Gníomhaírí Ioca, r. 2;

1938, a. 5 (3) (4).]

3. Beidh ag na Coimisinéirí Speisialta na cumhachtaí go léir is gá maidir le scrúdú, iniúchadh, seiceáil agus imréiteach na leabhar agus na gcuntas ar dhíbhinní, ar fháltais nó ar an bpraghas a íocadh ar cheannach, arna seachadadh faoi mhír 1, agus measúnóidh siad agus muirearóidh siad na díbhinní, na fáltais nó an praghas a íocadh ar cheannach de réir an ráta cánach a bheidh i bhfeidhm tráth an íoca, lúide méid na ndíolaíochtaí (más ann) a lamháil siad, agus tabharfaidh siad fógra i dtaobh an mhéid a measúnaíodh agus a muirearaíodh amhlaidh don duine is inmhuirir.

[Sc. C, Gníomhaírí Ioca, r. 3;

1938, a. 5 (3) (4).]

4. Íocfaidh an duine is inmhuirir, as an airgead ina lámha, an cháin ar na díbhinní, ar na fáltais nó ar an bpraghas a íocadh ag ceannach thar ceann na ndaoine a bhí ina theideal sin, agus beidh sé saortha i leith gach íocaíochta den sórt sin, agus beidh feidhm ag forálacha an Achta seo mar atá feidhm acu i gcás díbhinní is iníoctha as ioncam poiblí an Stáit agus a cuireadh ar iontaobh Bhanc na hÉireann le híoc agus le himdháil.

[Sc. C, Gníomhairí Ioca, r. 4.]

5. Íocfaidh an duine inmhuirir an cháin isteach i gcuntas ginearálta na gCoimisinéirí Ioncaim i mBanc na hÉireann, agus mura n-íocfar í gnóthófar uaidh í sa tslí chéanna inar féidir cáin ioncaim eile a measúnaíodh agus a muirearaíodh air a ghnóthú.

[do., r. 5.]

6. Aon duine inmhuirir a dhéanfaidh gach ní is gá chun gur féidir an cháin a mheasúnú agus a íoc gheobhaidh sé mar luach saothair liúntas, a bheidh le háireamh faoi threoir mhéid na ndíbhinní, na bhfáltas nó an phraghais a íocadh ar cheannach, a íocadh agus as ar baineadh cáin, agus a shocróidh an tAire Airgeadais de réir ráta nach lú ná 13s. 6d. in aghaidh gach £1,000 den mhéid sin.

[1924, a. 6 (3).]

7. D'ainneoin aon ni contrártha dó sin san Acht seo, i gcás ina mbeidh sé curtha ar iontaobh Bhanc na hÉireann (dá ngairtear “an Banc” anseo feasta sa mhír seo) aon díbhinní a íoc is iníoctha le haon daoine sa Stát amach as aon ioncam poiblí seachas ioncam an Stáit, beidh feidhm ag forálacha na Coda seo maidir leis an mBanc, agus i gcás ina ndéanfaidh an Banc na nithe go léir is gá de réir na bhforálacha sin do dhuine a dhéanamh a bhfuil íoc na ndíbhinní sin curtha ar a iontaobh beidh luach saothair iníoctha leis an mBanc de réir fhorálacha mhír 6.

[Sc. C, Gníomhairí Ioca r. 8.]

8. Ní chuirfidh aon ní sa Chuid seo d'oibleagáid ar aon bhaincéir aon sonraí a nochtadh maidir le cúrsaí duine ar bith a mbeidh sé ag gníomhú thar a cheann.

[1938, a. 5 (5).]

9. Más rud é, maidir le cáin i leith na bhfáltas ó dhíol nó ó réadú aon chúpóin nó i leith an phraghais a íocadh ar cheannach aon chúpóin, go mbeidh cuntas tugtha sa cháin sin faoin gCuid seo ag aon bhaincéir nó ag aon déileálaí i gcúpóin agus go mbeidh na Coimisinéirí Speisialta sásta, maidir leis na díbhinní is iníoctha ar na cúpóin ar i ndáil leo a d'éirigh na fáltais nó an praghas sin, gur íocadh na díbhinní sin ina dhiaidh sin ar mhodh gur baineadh cáin as na díbhinní sin faoi aon cheann d'fhorálacha an Sceidil seo, aisíocfar an cháin a asbhaineadh amhlaidh.

CUID V

[1923, a. 10;

1924, a. 6 (1);

1925, a. 14;

1965, a. 7 (4).]

Faoiseamh ón oibleagáid chun cáin a íoc ar ús agus díbhinní áirithe agus ar íocaíochtaí bliantúla áirithe eile i gcás daoine ar cuireadh íoc ar a n-iontaobh

1. Nuair a bheidh aon ús, díbhinní, nó íocaíochtaí bliantúla eile is iníoctha as aon ioncam poiblí seachas ioncam an Stáit, nó i leith stoc, cistí, scaireanna nó urrúis aon chomhlachta daoine nach sa Stát atá a gcónaí, curtha ar iontaobh aon duine sa Stát le híoc le haon duine sa Stát beidh cumhacht ag na Coimisinéirí Ioncaim faoiseamh a thabhairt don duine a mbeidh íoc curtha ar a iontaobh amhlaidh ón oibleagáid chun an cháin ar an gcéanna a íoc a fhorchuirtear air le Cuid III den Acht seo, nó le Cuid XXXI agus leis an Sceideal seo.

2. Nuair a bheidh an faoiseamh a dúradh á dheonú acu beidh cumhacht ag na Coimisinéirí Ioncaim aon choinníollacha a fhorordú is dóigh leo is gá chun a áirithiú go measúnofar agus go n-íocfar aon cháin is inmheasúnaithe agus is iníoctha maidir leis an ús, leis na díbhinní nó leis na híocaíochtaí bliantúla eile sin, faoi fhorálacha an Achta seo.

3. Beidh litir arna síniú ag rúnaí nó ag rúnaí cúnta na gCoimisinéirí Ioncaim, nó fógra sa chéill sin san Iris Oifigiúil, á rá go bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim tar éis gach ceann nó aon cheann de na cumhachtaí a thugtar dóibh leis seo a fheidhmiú, ina leorfhianaise go ndearna siad sin.

4. Aon uair a tharlóidh, faoi na cumhachtaí a thugtar do na Coimisinéirí Ioncaim leis an gCuid seo, go dtabharfar don duine a mbeidh íoc an úis, na ndíbhinní, nó na n-íocaíochtaí bliantúla eile curtha ar a iontaobh faoiseamh ó íoc na cánach ar an gcéanna, beidh an cháin sin inmheasúnaithe agus inmhuirir faoin gcás iomchuí de Sceideal D ar an duine, agus iníoctha ag an duine, a bheidh i dteideal na ndíbhinní nó na n-íocaíochtaí bliantúla eile sin.

5. I gcás ina ndéanfaidh an duine a mbeidh íoc an úis, na ndíbhinní, nó na n-íocaíochtaí bliantúla eile curtha ar a iontaobh na coinníollacha a chomhlíonadh a bheidh forordaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi mhír 2, beidh an duine sin i dteideal liúntas a fháil mar luach saothair a ríomhfar faoi threoir mhéid na ndíbhinní, an úis nó na n-íocaíochtaí bliantúla eile a mbeidh na coinníollacha sin comhlíonta ina leith agus a shocróidh an tAire Airgeadais de réir ráta nó rátaí nach lú in aon chás ná 13s. 6d. in aghaidh gach £1,000 den mhéid sin.

CUID VI

Léiriú Codanna I, II, III agus IV

Beidh feidhm ag alt 51 (a mhíníonn, i dteannta abairtí eile “díbhinní”, “ioncam poiblí”, “díbhinní ioncaim phoiblí”, “baincéir” agus “cúpóin”) i gcás léiriú Codanna I go IV den Sceideal seo mar atá feidhm aige i gcás léiriú Chuid III den Acht seo:

Ar choinníoll go bhfolóidh “díbhinní” i gCuid IV den Sceideal seo an t-ús, na blianachtaí nó na híocaíochtaí sin uile ar díbhinní lena mbaineann Cuid XXXI iad de réir bhrí alt 459.