An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL 7 [1966, Sc. 1.] Forálacha maidir le Faoiseamh ó Cháin Ioncaim i modh Creidmheasa maidir le Cáin Chorparáide na Ríochta Aontaithe) Ar Aghaidh (SCEIDEAL 9 [1955, Sc. 2, Cuid 1; 1958, Sc. 2.] Faoiseamh Comharaíochta ó Chánachas Dúbailte i leith Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide na hÉireann agus i leith Cánacha Ioncaim Cheanada, lena nAirítear Forchánacha)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

SCEIDEAL 8

Alt 358

[1950, Sc. 2, Cuid I;

1958, Sc. 2.]

[Rinneadh an Coinbhinsiún Atá Leagtha Amach sa Sceideal seo a Dhaingniú Faoi Réir Airteagail xiv agus xvi a Eisiamh de Réir Forcoimeád a Rinne Seanad Stát Aontaithe Mheiriceá. Malartaíodh Ionstraimí Daingniúcháin i Washington, Ceantar Columbia, an 20 Nollaig, 1951.]

Faoiseamh Comharaíochta ó Chánachas Dúbailte i Leith Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide na hÉireann agus i Leith Cáin Ioncaim Chónaidhm na Stát Aontaithe lena náirítear Forchánacha.

COINBHINSIUN IDIR RIALTAS NA hÉIREANN AGUS RIALTAS STAT AONTAITHE MHEIRICEA CHUN CANACHAS DUBAILTE A SHEACHAINT AGUS COSC A CHUR LE hIMGHABHAIL FIOSCACH MAIDIR LE CANACHA AR IONCAM.

Tá Rialtas na hÉireann agus Rialtas Stát Aontaithe Mheiriceá,

D'fhonn Coinbhinsiún a dhéanamh chun cánachas dúbailte a sheachaint agus cosc a chur le himghabháil fioscach maidir le cánacha ar ioncam,

Tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh mar Lánchumhachtaigh uathu chuige sin:

Rialtas na hÉireann:

Pádraig Mac Giollagáin, Aire Airgeadais;

Seán Mac Giolla Bhrighde, Aire Gnóthaí Eachtracha;

Rialtas Stát Aontaithe Mheiriceá:

George A. Garrett, Toscaire Urghnách agus Aire Lánchumhachtach Stát Aontaithe Mheiriceá i mBaile Atha Cliath;

Noch do rinne, ar iad do thaispeáint a lánchumhacht faoi seach, a fríth i bhfoirm mhaith chuí, comhaontú mar a leanas:—

Airteagal I

(1) Is iad na cánacha a mbaineann an Coinbhinsiún seo leo:—

(a) I Stáit Aontaithe Mheiriceá:

Cánacha ioncaim na Cónaidhme, lena n-áirítear forchánacha (dá ngairtear cáin na Stát Aontaithe anseo feasta).

(b) In Éirinn:

An cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) agus an cháin bhrabús corparáide (dá ngairtear cáin Éireannach anseo feasta).

(2) Bainfidh an Coinbhinsiún seo freisin le haon chánacha eile a bheidh go substainteach i gcosúlacht leis na cánacha sin agus a fhorchuirfidh ceachtar Páirtí Conarthach tar éis dáta sínithe an Choinbhinsiúin seo.

Airteagal II

(1) Sa Choinbhinsiún seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

(a) ciallaíonn an téarma “na Stáit Aontaithe” Stáit Aontaithe Mheiriceá agus, nuair a úsáidtear é i gcéill gheografach, ciallaíonn sé na Stáit, Críocha Alasca agus Hawaii, agus Ceantar Columbia.

(b) Ciallaíonn an téarma “Éire” Poblacht na hÉireann agus tá brí chomhréire leis an téarma “Éireannach.”

(c) Ciallaíonn an téarma “críocha cheann de na Páirtithe Conarthacha” agus “Críocha an Pháirtí Chonarthaigh eile” na Stáit Aontaithe nó Éire de réir mar a éilíonn an comhthéacs.

(d) Ciallaíonn an téarma “corparáid de chuid na Stát Aontaithe” corparáid, comhlachas nó entitas eile dá samhail sin a cruthnaíodh nó a heagraíodh sna Stáit Aontaithe nó faoi dhlíthe na Stát Aontaithe.

(e) Ciallaíonn an téarma “corparáid Éireannach” aon chineál pearsan dlitheanaí a cruthnaíodh faoi dhlíthe na hÉireann.

(f) Ciallaíonn na téarmaí “corparáid de chuid Pháirtí Chonarthaigh” agus “corparáid de chuid an Pháirtí Chonarthaigh eile” corparáid de chuid na Stát Aontaithe nó corparáid Éireannach de réir mar a éilíonn an comhthéacs.

(g) Ciallaíonn an téarma “cónaitheoir in Éirinn” aon phearsa (seachas saoránach de chuid na Stát Aontaithe nó corparáid de chuid na Stát Aontaithe) a chónaíonn in Éirinn chun críocha cánach Éireannaí agus nach gcónaíonn sna Stáit Aontaithe chun críocha cánach na Stát Aontaithe. Is tuigthe gurb in Éirinn a chónaíonn corparáid más in Éirinn a bhainistítear agus a rialaítear a gnó.

(h) Ciallaíonn an téarma “cónaitheoir sna Stáit Aontaithe” aon duine a bhfuil cónaí air sna Stáit Aontaithe chun críocha cánach na Stát Aontaithe agus nach gcónaíonn in Éirinn chun críocha cánach Éireannaí, agus aon chorparáid de chuid na Stát Aontaithe agus aon chomhpháirtíocht a cruthnaíodh nó a heagraíodh sna Stáit Aontaithe, nó faoi dhlíthe na Stát Aontaithe, is corparáid nó comhpháirtíocht nach gcónaíonn in Éirinn chun críocha cánach Éireannaí.

(i) Ciallaíonn an téarma “fiontar Éireannach” fiontar nó gnóthas tionscail nó tráchtála a sheolann cónaitheoir in Éirinn.

(j) Ciallaíonn an téarma “fiontar de chuid na Stát Aontaithe” fiontar nó gnóthas tionscail nó tráchtála a sheolann cónaitheoir sna Stáit Aontaithe.

(k) Ciallaíonn na téarmaí “fiontar cheann de na Páirtithe Conarthacha” agus “fiontar de chuid an Pháirtí Chonarthaigh eile” fiontar de chuid na Stát Aontaithe nó fiontar Éireannach, do réir mar a éilíonn an comhthéacs.

(l) Ciallaíonn an téarma “buanfhoras” nuair a úsáidtear é maidir le fiontar cheann de na Páirtithe Conarthacha, brainse, bainistíocht, monarcha nó áit sheasta eile ghnó, ach ní fholaíonn sé gníomhaireacht mura bhfuil ag an ngníomhaire, agus mura bhfeidhmíonn sé de ghnáth, údarás ginearálta chun conartha a iomairliú agus a chríochnú thar ceann an fhiontair sin nó mura bhfuil stoc marsantais aige as a líonann sé orduithe go rialta thar a cheann. Ní mheasfar buanfhoras a bheith ag fiontar cheann de na Páirtithe Conarthacha i gcríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile ar an aonchúis go bhfuil déileála gnó á ndéanamh aige i gcríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile sin trí ghníomhaire coimisiúin nó bróicéir bona fide ag gníomhú dó i ngnáthchúrsa a ghnó sa cháil sin. Má bhíonn áit sheasta ghnó ar cothabháil ag fiontar cheann de na Páirtithe Conarthacha i gcríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile go heisiatach chun earraí nó marsantas a cheannach, ní thabharfaidh sin amháin gur buanfhoras leis an bhfiontar sin an áit sheasta ghnó sin. Má bhíonn ag gabháil le corparáid cheann de na Páirtithe Conarthacha fochorparáid is corparáid de chuid an Pháirtí Chonarthaigh eile nó atá ag gabháil do cheird nó gnó i gcríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile sin (cibé acu trí bhuanfhoras é nó ar shlí eile) ní thabharfaidh sin amháin gur buanfhoras leis an gcorparáid bhunaidh an fhochorparáid sin.

(2) Chun críocha Airteagal VI, VII, VIII, IX agus XIV, ní mheasfar cónaitheoir in Éirinn a bheith ag gabháil do cheird nó gnó sna Stáit Aontaithe aon bhliain inchánach mura bhfuil buanfhoras ag an gcónaitheoir sin sna Stáit Aontaithe an bhliain inchánaithe sin. Cuirfidh Éire an prionsabal céanna i bhfeidhm, mutatis mutandis, i gcás cónaitheoir sna Stáit Aontaithe.

(3) Nuair a bheidh forálacha an Choinbhinsiúin seo á gcur chun feidhme ag ceann de na Páirtithe Conarthacha, aon téarma nach mínítear ar shlí eile beidh leis, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, an bhrí atá leis faoi na dlíthe de chuid an Pháirtí Chonarthaigh sin a bhaineann leis na cánacha is ábhar don Choinbhinsiún seo.

Airteagal III

(1) Ní bheidh fiontar Éireannach inchurtha faoi cháin na Stát Aontaithe i leith a bhrabús tionscail nó tráchtála mura mbíonn sé ag gabháil do thrádáil nó gnó sna Stáit Aontaithe trí bhuanfhoras ann. Má bhíonn sé ag gabháil do thrádáil nó gnó amhlaidh, féadfar cáin na Stát Aontaithe a fhorchur ar ioncam uile an fhiontair sin as gach bunadh sna Stáit Aontaithe.

(2) Ní bheidh fiontar de chuid na Stát Aontaithe inchurtha faoi cháin Éireannach i leith a bhrabús tionscail nó tráchtála mura mbíonn sé ag gabháil do thrádáil nó gnó in Éirinn trí bhuanfhoras ann. Má bhíonn sé ag gabháil do thrádáil nó do ghnó amhlaidh, féadfar cáin Éireannach a fhorchur ar ioncam uile an fhiontair sin ó gach bunadh in Éirinn.

(3) I gcás fiontar cheann de na Páirtithe Conarthacha a bheith ag gabháil do thrádáil nó gnó i gcríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile trí bhuanfhoras sna críocha sin, cuirfear i leith an bhuanfhorais sin na brabúis tionscail nó tráchtála a mbeadh súil go saothródh sé iad dá mba fhiontar neamhspleách é a bhí ag gabháil do na gníomhaíochtaí céanna nó gníomhaíochtaí dá samhail faoi na dála céanna nó dála dá samhail agus a bhí ar neamhthuilleamaí leis an bhfiontar ar buanfhoras de é, agus measfar, faoi réir dlí an Pháirtí Chonarthaigh eile sin, gurb ioncam as bunaidh laistigh de chríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile sin na brabúis a chuirfear i leith an bhuanfhorais sin amhlaidh.

(4) Nuair a bheifear a chinneadh cad iad na brabúis tionscail nó tráchtála as bunaidh laistigh de chríocha cheann de na Páirtithe Conarthacha a fuair fiontar de chuid an Pháirtí Chonarthaigh eile, ní mheasfar aon bhrabúis a theacht amháin as ceannach earraí nó marsantais laistigh de chríocha an chéad Pháirtí Chonarthaigh sin ag an bhfiontar sin.

Airteagal IV

Má dhéanann fiontar cheann de na Páirtithe Conarthacha, de bhíthin é a bheith páirteach i mbainistí, i rialú nó i gcaipiteal fiontar de chuid an Pháirtí Chonarthaigh eile, coinníollacha, ina gcaidreamh tráchtála nó airgeadais, a shocrú leis an bhfiontar deiridh sin nó a fhorchur air, agus go mbeidh na coinníollacha sin éagsúil leis na coinníollacha a dhéanfaí le fiontar neamhspleách, ansin, féadfar aon bhrabúis a d'fhaibhreodh sa ghnáth-shlí chun ceann de na fiontair ach nár fhaibhrigh amhlaidh de bhíthin na gcoinníollacha sin a áireamh ar bhrabúis an fhiontair sin agus cáin a chur orthu dá réir sin.

Airteagal V

(1) D'ainneoin forálacha Airteagail III agus IV den Choinbhinsiún seo, na brabúis a gheobhaidh duine is cónaitheoir in Éirinn, nó a gheobhaidh corparáid Éireannach, as oibriú long a bheidh doiciméadaithe nó aerárthaí a bheidh cláraithe faoi dhlíthe na hÉireann, beidh siad díolmhaithe ó cháin na Stát Aontaithe.

(2) D'ainneoin forálacha Airteagail III agus IV den Choinbhinsiún seo, na brabúis a gheobhaidh saoránach de na Stáit Aontaithe nach gcónaíonn in Éirinn, nó a gheobhaidh corparáid de chuid na Stát Aontaithe, as oibriú long a bheidh doiciméadaithe nó aerárthaí a bheidh cláraithe faoi dhlíthe na Stát Aontaithe, beidh siad díolmhaithe ó cháin Éireannach.

(3) Ní mheasfar go ndéanann an tAirteagal seo difear don chomhshocraíocht idir Éire agus na Stáit Aontaithe, lena ndéantar socrú chun díolmhú comharaíochta ó cháin ioncaim a bheith ag brabúis loingseoireachta, a rinneadh idir Rialtas na Stát Aontaithe agus Rialtas na hÉireann trí mhalartú Nótaí dar dáta Lúnasa 24, 1933, agus Eanáir 8, 1934.

Airteagal VI

(1) Ní mó ná 15 faoin gcéad a bheidh ráta cánach na Stát Aontaithe ar dhíbhinní ó chorparáid de chuid na Stát Aontaithe, a gheobhaidh cónaitheoir in Éirinn is inchurtha faoi cháin Éireannach maidir leis na díbhinní sin agus nach bhfuil ag gabháil do thrádáil ná gnó sna Stáit Aontaithe: ar choinníoll nach mó ná cúig faoin gcéad a bheidh an ráta cánach sin más éard é an cónaitheoir sin corparáid a rialaíonn go díreach nó go neamhdhíreach 95 faoin gcéad ar a laghad den chumhacht vótála go léir sa chorparáid a íocann an díbhinn agus nach bhfaightear thar 25 faoin gcéad d'ioncam comhlán chorparáid íoctha na díbhinne as ús agus díbhinní, seachas ús agus díbhinní ó na fochorparáidí féin. Ní bheidh feidhm ag an laghdú sin sa ráta go dtí cúig faoin gcéad má bhíonn caidreamh an dá chorparáid arna chomhshocrú nó á chothabháil go príomha d'fhonn an ráta laghdaithe sin a fháil.

(2) Aon díbhinní as bunaidh in Éirinn a gheobhaidh pearsa aonair (a) is cónaitheoir sna Stát Aontaithe, (b) is inchurtha faoin cháin sna Stát Aontaithe maidir leis na díbhinní sin, agus (c) nach bhfuil ag gabháil do thrádáil ná gnó in Éirinn, beidh siad díolmhaithe ó fhorcháin Éireannach.

(3) Féadfaidh ceachtar de na Páirtithe Conarthacha an tAirteagal seo a fhoirceannadh trí fhógra scríofa á fhoirceannadh a thabhairt don Pháirtí Conarthach eile, trí mheáin taidhleoireachta, an tríochadú lá de Mheitheamh, nó roimhe sin, aon bhliain fhéilire tar éis na bliana féilire a mhalartófar na hionstraimí daingniúcháin, agus sa chás sin scoirfidh mír (1) de seo d'éifeacht a bheith aici maidir le cáin na Stát Aontaithe an chéad lá d'Eanáir agus dá éis sin agus scoirfidh mír (2) de seo d'éifeacht a bheith aici maidir le cáin Éireannach an séú lá d'Aibreán agus dá éis sin, an chéad bhliain fhéilire i ndiaidh na bliana féilire a thabharfar an fógra sin.

Airteagal VII

(1) Aon ús (ar bhannaí, urrúis, nótaí, bintiúir, nó aon saghas eile fiachais), as bunaidh sna Stát Aontaithe, a gheobhaidh cónaitheoir in Éirinn is inchurtha faoi cháin Éireannach maidir leis an ús sin agus nach bhfuil ag gabháil do thrádáil ná gnó sna Stáit Aontaithe, beidh sé díolmhaithe ó cháin na Stát Aontaithe; ach ní bheidh feidhm ag an díolúine sin maidir le hús den sórt sin arna íoc ag corparáid de chuid na Stát Aontaithe le corparáid a chónaíonn in Éirinn agus a rialaíonn, go díreach nó go neamhdhíreach, níos mó ná 50 faoin gcéad den chumhacht vótála go léir i gcorparáid íoctha an úis.

(2) Aon ús (ar bhannaí, urrúis, nótaí, bintiúir, nó aon saghas eile fiachais), as bunaidh in Éirinn, a gheobhaidh cónaitheoir sna Stáit Aontaithe is inchurtha faoi cháin na Stát Aontaithe agus nach bhfuil ag gabháil do cheird ná gnó in Éirinn, beidh sé díolmhaithe ó cháin Éireannach; ach ní bheidh feidhm ag an díolúine sin maidir le hús den sórt sin arna íoc ag corparáid a chónaíonn in Éirinn le corparáid de chuid na Stát Aontaithe a rialaíonn, go díreach nó go neamhdhíreach, níos mó ná 50 faoin gcéad den chumhacht vótála go léir i gcorparáid íoctha an úis.

Airteagal VIII

(1) Aon ríchíosanna agus suimeanna eile a íocfar mar chomaoin as úsáid a dhéanamh, nó as é a fháil de phribhléid úsáid a dhéanamh, de chóipchirt, paitinní, dearaí, próiseanna agus foirmlí rúnda, trádmharcanna agus maoin eile dá samhail sin, agus a fuarthas as bunaidh sna Stáit Aontaithe ag cónaitheoir in Éirinn atá faoi réir cánach Éireannaí maidir leis na ríchíosanna nó na suimeanna eile sin agus nach bhfuil ag gabháil do cheird ná gnó sna Stáit Aontaithe, beidh siad díolmhaithe ó cháin na Stát Aontaithe.

(2) Aon ríchíosanna agus suimeanna eile a íocfar mar chomaoin as úsáid a dhéanamh, nó as é a fháil de phribhléid úsáid a dhéanamh de chóipchirt, paitinní, dearaí, próiseanna agus foirmlí rúnda, trádmharcanna agus maoin eile dá samhail sin, agus a fuarthas as bunaidh in Éirinn ag cónaitheoir sna Stát Aontaithe atá faoi réir cánach na Stát Aontaithe maidir leis na ríchíosanna nó na suimeanna eile sin agus nach bhfuil ag gabháil do cheird ná gnó in Éirinn, beidh siad díolmhaithe ó cháin Éireannach.

(3) Chun críocha an Airteagail seo measfar go bhfolaíonn an téarma “richíosanna” cíosóireachtaí i leith scannán pictiúirí reatha.

Airteagal IX

(1) Ní mó ná 15 faoin gcéad a bheidh ráta cánach na Stát Aontaithe ar ríchíosanna, i leith mianaigh nó coiréil a oibriú nó i leith ábhar maoine aiceanta a bhaint ar shlí eile, agus ar chíosóireachtaí, as maoin réadach nó as leas i maoin réadach, a fuarthas as bunaidh sna Stáit Aontaithe ag cónaitheoir in Éirinn atá faoi réir cánach Éireannaí maidir leis na ríchíosanna agus na cíosóireachtaí sin agus nach bhfuil ag gabháil do thrádáil ná gnó sna Stáit Aontaithe: ar choinníoll go bhféadfaidh aon chónaitheoir den sórt sin a ghlacadh de rogha a bheith inchurtha faoi cháin na Stát Aontaithe in aghaidh aon bhliana áirithe amhail is dá mbeadh an cónaitheoir sin ina chónaí agus ag gabháil do thrádáil nó gnó sna Stáit Aontaithe.

(2) Aon ríchíosanna, i leith mianaigh nó coiréil a oibriú nó i leith ábhar maoine aiceanta a bhaint ar shlí eile, agus aon chíosóireachtaí, as maoin réadach nó as leas i maoin réadach, a fuarthas as bunaidh in Éirinn ag duine (a) is cónaitheoir sna Stát Aontaithe, (b) is inchurtha faoi cháin na Stát Aontaithe maidir leis na ríchíosanna agus na cíosóireachtaí sin, agus (c) nach bhfuil ag gabháil do thrádáil ná gnó in Éirinn, beidh siad díolmhaithe ó fhorcháin Éireannach.

Airteagal X

(1) Aon tuarastal, pá, luach saothair dá samhail sin, nó pinsean, a íocfaidh Rialtas Stát Aontaithe Mheiriceá le duine (seachas saoránach d'Éirinn nach saoránach de na Stáit Aontaithe freisin) i leith seirbhísí a rinneadh do na Stáit Aontaithe i gcomhlíonadh feidhmeanna rialtais, beidh sé díolmhaithe ó cháin Éireannach.

(2) Aon tuarastal, pá, luach saothair dá samhail sin, nó pinsean, a íocfaidh Rialtas na hÉireann le duine (seachas saoránach de na Stáit Aontaithe nach saoránach d'Éirinn freisin) i leith seirbhísí a rinneadh d'Éirinn i gcomhlíonadh feidhmeanna rialtais, beidh sé díolmhaithe ó cháin na Stát Aontaithe.

(3) Ní beidh feidhm ag forálacha an Airteagail seo maidir le híocaíochtaí i leith seirbhísí a rinneadh i ndáil le haon trádáil nó gnó a sheolann ceachtar de na Páirtithe Conarthacha le haghaidh brabúis.

Airteagal XI

(1) Beidh duine is cónaitheoir in Éirinn díolmhaithe ó cháin na Stát Aontaithe ar chúiteamh i leith seirbhísí pearsanta (lena n-áirítear seirbhísí gairmiúla) a rinneadh i rith na bliana inchánaithe, laistigh de na Stáit Aontaithe, más rud é (a) go mbeidh sé tar éis tréimhse nó tréimhsí nach faide san iomlán ná 183 lá a chaitheamh sna Stáit Aontaithe i rith na bliana inchánaithe sin, agus (b) gur le haghaidh nó thar ceann duine a chónaíonn in Éirinn a rinneadh na seirbhísí sin.

(2) Beidh duine is cónaitheoir sna Stát Aontaithe díolmhaithe ó cháin Éireannach ar bhrabúis, sochair oifige, nó luach saothair eile i leith seirbhíse pearsanta (lena n-áirítear seirbhísí gairmiúla) a rinneadh in Éirinn, aon bhliain mheasúnachta, más rud é (a) go mbeidh sé tar éis tréimhse nó tréimhsí nach mó san iomlán ná 183 lá a chaitheamh in Éirinn i rith na bliana inchánaí sin, agus (b) gur le haghaidh nó thar ceann duine a chónaíonn sna Stáit Aontaithe a rinneadh na seirbhísí sin.

Airteagal XII

(1) Aon phinsean (seachas pinsean lena mbaineann Airteagal X agus aon bhlianacht saoil, as bunaidh sna Stáit Aontaithe, a gheobhaidh pearsa aonair is cónaitheoir in Éirinn, beidh sé nó sí díolmhaithe ó cháin na Stát Aontaithe.

(2) Aon phinsean (seachas pinsean lena mbaineann Airteagal X) agus aon bhlianacht saoil, as bunaidh in Éirinn, a gheobhaidh pearsa aonair is cónaitheoir sna Stáit Aontaithe, beidh sé nó sí díolmhaithe ó cháin Éireannach.

(3) Ciallaíonn an téarma “blianacht saoil” suim shonraithe is iníoctha go tréimhsiúil tráthanna sonraithe, i gcaitheamh saoil nó i gcaitheamh tréimhse sonraithe nó tréimhse infhionnta, faoi oibleagáid na híocaíochtaí a dhéanamh i gcomaoin airgid a íocadh.

Airteagal XIII

(1) Faoi réir alt 131 de Chód Ioncaim Intíre na Stát Aontaithe mar a bheidh éifeacht aige an lá a bheidh an Coinbhinsiún seo tar éis teacht in éifeacht, lamhálfar cáin Éireannach mar chreidmheas i gcoinne cáin na Stát Aontaithe. Chuige sin, measfar fáltaí díbhinne a d'íoc corparáid is cónaitheoir in Éirinn a bheith tar éis an cháin ioncaim Éireannach a íoc is iomchuí don díbhinn sin má roghnaíonn an fáltaí sin méid na cánach ioncaim Éireannaí sin a áireamh ar a ioncam comhlán chun críocha cáin na Stát Aontaithe. Chun críocha an Airteagail seo amháin, aon ioncam, as bunaidh sa Ríocht Aontaithe, a gheobhaidh pearsa aonair a chónaíonn in Éirinn, measfar gurb ioncam as bunaidh in Éirinn é má tá an t-ioncam sin gan bheith inchurtha faoi cháin ioncaim na Ríochta Aontaithe.

(2) Faoi réir cibé forálacha (nach ndéanfaidh difear dá phrionsabal ginearálta seo) a achtófar in Éirinn, déanfar cáin de chuid na Stát Aontaithe is iníoctha i leith ioncaim as bunaidh sna Stáit Aontaithe a lamháil mar chreidmheas i gcoinne aon chánach Éireannaí is iníoctha i leith an ioncaim sin. I gcás inar gnáthdhíbhinn a d'íoc corparáid de chuid na Stát Aontaithe an t-ioncam sin, áireofar sa chreidmheas sin (i dteannta aon chánach ioncaim de chuid na Stát Aontaithe a baineadh as an díbhinn sin nó a forchuireadh uirthi) an cháin ioncaim de chuid na Stát Aontaithe a forchuireadh ar an gcorparáid sin i leith a brabús, agus i gcás inar díbhinn í a íocadh ar scaireanna tosaíochta rannpháirteacha, agus a ionadaíonn díbhinn de réir an ráta shocair chun a bhfuil teideal ag na scaireanna mar aon le rannpháirteachas breise i mbrabúis, déanfar an cháin sin ar bhrabúis a áireamh chomh maith, sa mhéid go bhfuil breis ag an díbhinn ar an ráta socair sin.

(3) Chun críocha an Airteagail seo, measfar, maidir le cúiteamh, brabúis, díolaíochtaí agus luach saothair eile as seirbhísí pearsanta (lena n-áirítear seirbhísí gairmiúla), gurb ioncam iad as bunaidh laistigh de chríocha an Pháirtí Chonarthaigh ina ndearnadh na seirbhísí sin.

Airteagal XIV

Beidh cónaitheoir in Éirinn nach bhfuil ag gabháil do thrádáil ná gnó sna Stáit Aontaithe díolmhaithe ó cháin na Stát Aontaithe ar ghnóchain as sócmhainní caipitiúla a dhíol nó a mhalartú.

Airteagal XV

(1) Aon díbhinní agus ús a íocfaidh corparáid Éireannach an chéad lá d'Eanair, nó dá éis, an bhliain fhéilire a mhalartófar na hionstraimí daingniúcháin beidh siad díolmhaithe ó cháin na Stát Aontaithe ach amháin i gcás inar saoránach de na Stáit Aontaithe nó cónaitheoir sna Stáit Aontaithe nó corparáid de chuid na Stát Aontaithe an fáltaí.

(2) Aon díbhinní agus ús a íocfaidh corparáid de chuid na Stát Aontaithe, an séú lá d'Aibreán, nó dá éis, an chéad bhliain mheasúnachta a shonraítear in Airteagal XXII (2) (b) (i) den Choinbhinsiún seo beidh siad díolmhaithe ó cháin Éireannach ach amháin i gcás inar cónaitheoir in Éirinn an fáltaí.

Airteagal XVI

Beidh corparáid Éireannach díolmhaithe ó cháin na Stát Aontaithe ar a tuilleamh, a brabúis, a hioncam nó a barrachas, carnaithe nó neamhdháilte, más daoine is cónaitheoirí in Éirinn a rialaíonn go díreach nó go neamhdhíreach, ar feadh leath deiridh na bliana inchánaithe, níos mó ná 50 faoin gcéad den chumhacht vótála go léir sa chorparáid sin.

Airteagal XVII

(1) An dliteanas, i leith cáin ioncaim na Stát Aontaithe d'aon bhliain inchánaithe a thosaigh roimh an lú Eanáir, 1936, atá ar aon duine (seachas saoránach de na Stáit Aontaithe) a chónaíonn in Éirinn, nó ar aon chorparáid Éireannach, agus a bheidh gan íoc ar dháta an Choinbhinsiúin seo a shíniú, féadfar é a choigeartú ar fhoras a bheidh chun sástacht Choimisinéir Ioncaim Intíre na Stát Aontaithe: ar choinníoll nach mbeidh an méid a bheidh le híoc chun an dliteanas sin a ghlanadh níos mó ná méid an dliteanais a chinnfí dá mbeadh—

(a) Acht Ioncaim na Stát Aontaithe, 1936 (ach amháin i gcás corparáide Éireannaí ina raibh níos mó ná 50 faoin gcéad den chumhacht vótála go léir á rialú go díreach nó go neamhdhíreach, ar feadh leath deiridh na bliana inchánach, ag saoránaigh de na Stáit Aontaithe, nó cónaitheoirí sna Aontaithe), agus

(b) Airteagail XV agus XVI den Choinbhinsiún seo, in éifeacht don bhliain sin. Mura raibh an cáin-íocóir ag gabháil, do réir bhrí an Achta Ioncaim sin, do thrádáil nó gnó sna Stáit Aontaithe agus mura raibh oifig ná áit ghnó aige ann i rith na bliana inchánach, ní bheidh an méid úis agus pionós níos mó ná 50 faoin gcéad de mhéid na cánach ar ríomhadh an t-ús agus na pionóis sin ina leith.

(2) An cháin ioncaim de chuid na Stát Aontaithe a bheidh, ar dháta an Choinbhinsiúin seo a shíniú, gan íoc in aghaidh aon bhliana inchánaithe i dtosach tar éis an t-aonú lá tríochad de Nollaig, 1935, agus roimh an gcéad lá d'Eanáir an bhliain fhéilire a mhalartófar na hionstraimí daingniúcháin, i gcás duine a chónaíonn in Éirinn, nó i gcás aon chorparáide Éireannaí, cinnfear í amhail is dá mbeadh forálacha Airteagail XV agus XVI den Choinbhinsiún seo in éifeacht don bhliain inchánach sin.

(3) Ní bheidh feidhm ag forálacha míre (1) den Airteagal seo—

(a) mura gcomhadóidh an cáin-íocóir leis an gCoimisinéir Ioncaim Intíre, ar nó roimh an aonú lá tríochad de Nollaig an dara bliain fhéilire i ndiaidh na bliana féilire a mhalartófar na hionstraimí daingniúcháin, iarratas á iarraidh an dliteanas sin i leith cánach a choigeartú amhlaidh agus mura dtabharfaidh sé eolas a iarrfaidh an Coimisinéir; ná

(b) in aon chás ina bhfuil an Coimisinéir sásta gur calaois le hintinn an cháin a imghabháil is cúis le haon easnamh cánach.

Airteagal XVIII

Aon ollamh nó múinteoir as críocha cheann de na Páirtithe Conarthacha a thabharfaidh cuairt ar chríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile chun bheith ag múinteoireacht, ar feadh tréimhse nach faide ná dhá bhliain, in ollscoil, coláiste, scoil nó foras oideachais eile i gcríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile sin, déanfaidh an Páirtí Conarthach eile é a dhíolmhú ó cháin ar a luach saothair as an múinteoireacht sin don tréimhse sin.

Airteagal XIX

Aon mhac léinn nó printíseach gnó ó chríocha cheann de na Páirtithe Conarthacha a bheidh ag fáil oideachais nó oiliúna lánaimsire i gcríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile, déanfaidh an Páirtí Conarthach eile sin é a dhíolmhú ó cháin ar íocaíochtaí a gheobhaidh sé ó dhaoine laistigh de chríocha an chéad Pháirtí Chonarthaigh sin chun críocha a chothabhála, a oideachais nó a oiliúna.

Airteagal XX

(1) Déanfaidh údaráis chánachais na bPáirtithe Conarthacha cibé eolas (is eolas a bheidh ar fáil faoi dhlíthe cánachais na bPáirtithe Conarthacha faoi seach) a mhalartú is gá chun forálacha an Choinbhinsiúin seo a chur i gcrích nó chun calaois a chosc nó forálacha reachtúla a riaradh i gcoinne seachanta dlíthiúla maidir leis na cánacha is ábhar don Choinbhinsiún seo. Aon eolas a mhalartófar amhlaidh, coimeádfar ina rún é agus ní nochtfar é d'aon duine seachas na daoine a mbeidh baint acu le measúnú agus bailiú na gcánach is ábhar don Choinbhinsiún seo. Ní mhalartófar aon eolas a nochtfadh aon rún trádála ná próis thrádála.

(2) Mar a úsáidtear é san Airteagal seo, ciallaíonn an téarma “údaráis chánachais” i gcás na Stát Aontaithe, an Coimisinéir Ioncaim Intíre nó a ionadaí údaraithe agus, i gcás na hÉireann, na Coimisinéirí Ioncaim nó a n-ionadaí údaraithe.

Airteagal XXI

(1) An fad a bheidh náisiúnaigh cheann de na Páirtithe Conarthacha ina gcónaí i gcríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile, ní dhéanfar, sna críocha sin, iad a chur faoi chánacha seachas mar, ná thar mar, a chuirtear ar náisiúnaigh an Pháirtí Chonarthaigh eile sin a chónaíonn ina chríocha.

(2) Ciallaíonn an téarma “náisiúnaigh”, mar a úsáidtear é san Airteagal seo—

(a) Maidir le hÉirinn, gach saoránach d'Éirinn; agus

(b) Maidir leis na Stát Aontaithe, saoránaigh de na Stáit Aontaithe;

agus folaíonn sé gach duine dlíthiúil, comhpháirtíocht agus comhlachas a fhaigheann a stádas sa cháil sin ó na dlíthe, nó a cruthnaíodh nó a heagraíodh faoi na dlíthe, atá i bhfeidhm in aon chríocha de chuid na bPáirtithe Conarthacha lena mbaineann an Coinbhinsiún seo.

Airteagal XXII

(1) Déanfar an Coinbhinsiún seo a dhaingniú agus na hionstraimí daingniúcháin a mhalartú i Washington, Ceantar Columbia, a luaithe is féidir.

(2) Ar na daingniúcháin a mhalartú, beidh éifeacht ag an gCoinbhinsiún seo—

(a) maidir le cáin na Stát Aontaithe, do na blianta inchánaithe a thosóidh an chéad lá d'Eanáir, nó dá éis, an bhliain fhéilire a mhalartófar na hionstraimí daingniúcháin;

(b)  (i) maidir le cáin ioncaim Éireannach, don bhliain mheasúnachta a thosóidh an 6ú lá d'Aibreán an bhliain fhéilire a mhalartófar na hionstraimí daingniúcháin agus blianta dá éis sin;

(ii) maidir le forcháin Éireannach, don bhliain mheasúnachta a thosóidh an 6ú lá d'Aibreán díreach roimh an mbliain fhéilire a mhalartófar na hionstraimí daingniúcháin, agus blianta dá éis sin; agus

(iii) maidir le cáin bhrabús corparáide Éireannach, d'aon tréimhse chuntasaíochta inmhuirir a thosóidh an chéad lá d'Aibreán nó dá éis sin an bhliain fhéilire a mhalartófar na hionstraimí daingniúcháin, agus don chuid neamhchaite d'aon tréimhse chuntasaíochta inmhuirir a bheidh ar rith ar an dáta sin.

Airteagal XXIII

(1) Leanfaidh an Coinbhinsiún seo d'éifeacht a bheith aige ar feadh tréimhse éiginnte ach féadfaidh ceachtar de na Páirtithe Conarthacha, ar nó roimh an 30ú lá de Mheitheamh aon bhliain fhéilire i ndiaidh na bliana féilire a mhalartófar na hionstraimí daingniúcháin, fógra foirceannaidh a thabhairt, trí mheáin taidhleoireachta, don Pháirtí Conarthach eile, agus má dhéantar amhlaidh scoirfidh an Coinbhinsiún seo d'éifeacht a bheith aige—

(a) maidir le cáin na Stát Aontaithe, do na blianta inchánaithe a thosóidh an chéad lá d'Eanáir nó dá éis sin, an bhliain fhéilire díreach i ndiaidh na bliana féilire a thabharfar an fógra sin;

(b) (i) maidir le cáin ioncaim Éireannach, d'aon bhliain mheasúnachta a thosóidh an 6ú lá d'Aibreán, nó dá éis, an bhliain fhéilire díreach i ndiaidh na bliana féilire a thabharfar an fógra sin;

(ii) maidir le forcháin Éireannach, d'aon bhliain mheasúnachta a thosóidh an 6ú lá d'Aibreán nó dá éis, an bhliain fhéilire a thabharfar an fógra sin; agus

(iii) maidir le cáin bhrabús corparáide Éireannach, d'aon tréimhse chuntasaíochta inmhuirir a thosóidh an chéad lá d'Aibreán, nó dá éis an bliain fhéilire díreach i ndiaidh na bliana féilire a thabharfar an fógra sin agus don chuid neamhchaite d'aon tréimhse chuntasaíochta inmhuirir a bheidh á caitheamh ar an dáta sin.

(2) Má fhoirceanntar an Coinbhinsiún seo nó aon Airteagal de, ní bheidh d'éifeacht aige sin go n-athbheofar aon chonradh ná comhshocraíocht a chealaítear leis an gCoinbhinsiún seo nó le conartha a rinneadh roimhe seo idir na Páirtithe Conarthacha.

DÁ FHIANÚ SIN tá na Lánchumhachtaigh thuasaimnithe tar éis an Coinbhinsiún seo a shíniú agus a séalaí a ghreamú de.

Arna dhéanamh i mBaile Átha Cliath, i ndúblach, an tríú lá déag seo de Mheán Fómhair, 1949.

Thar ceann Rialtas na hÉireann:

P. MAC GIOLLAGÁIN

SEÁN MAC GIOLLA BHRIGHDE.

Thar Ceann Rialtas Stát Aontaithe Mheiriceá:

GEORGE A. GARRETT.