9 1967


Uimhir 9 de 1967


AN tACHT UM CHEANTÁLAITHE AGUS GNÍOMHAIRÍ TITHE, 1967

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM CHEANTÁLAITHE AGUS GNÍOMHAIRÍ TITHE, 1947 .

[9 Bealtaine, 1967.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1961, Uimh. 39 .

1963, Uimh. 33 .

1947, Uimh. 10 .

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “an Cuntasóir” an Cuntasóir atá ag gabháil leis an Ard-Chúirt de bhua alt 55 (1) d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 ;

ciallaíonn “banc” banc ar dleathach de thuras na huaire d'iontaobhaí (mura dtoirmisctear go sainráite air) cistí iontaobhais a infheistiú ann trína gcur i gcuntas taisce úsmhar;

folaíonn “cliant” (mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt) duine a bhfuil aísíoc éarlaise dlite dó;

ciallaíonn “cuntas cliaint” cuntas reatha nó cuntas taisce in ainm ceantálaí nó gníomhaire tithe a bhfuil an focal “clianta” ina theideal agus a choimeádtar i mbanc i mbrainse sa Stát;

ciallaíonn “cuideachta” cuideachta de réir an mhínithe atá in Acht na gCuideachtaí, 1963 ;

ciallaíonn “an Sannaí Oifigiúil” an duine arb é an Sannaí Oifigiúil i bhFéimheacht é de thuras na huaire;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1947 .

(2) Forléireofar tagairtí san Acht seo do cheantálaithe mar thagairtí nach dtagraíonn ach amháin do dhaoine ar a bhfuil ceangal a bheith ceadúnaithe mar cheantálaithe faoin bPríomh-Acht agus forléireofar tagairtí san Acht seo do ghníomhaire tithe mar thagairtí nach dtagraíonn ach amháin do dhaoine ar a bhfuil ceangal a bheith ceadúnaithe mar ghníomhairí tithe faoin bPríomh-Acht.

(3) Déanfar na tagairtí san Acht seo do chuntas (is cuntas i mbanc) a fhorléiriú, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairtí a fholaíonn tagairt d'admháil éarlaise.

(4) Na tagairtí san Acht seo d'airgead do chliant folaíonn siad (mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt) tagairtí d'éarlais a íocadh le ceantálaí nó gníomhaire tithe mar gheallchoimeádaí nó a íocadh leis ar shlí eile i ndáil le maoin a cheannach nó a ligean ar cíos i gcás nach bhfuil ceart chun an airgid tar éis aistriú chun cliaint.

(5) Ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar an tAcht seo mar Acht nach mbaineann ach le hidirbhirt ag ceantálaí nó gníomhaire tithe ina cháil mar cheantálaí nó gníomhaire tithe.

Méadú ar an éarlais san Ard-Chúirt.

2. —D'ainneoin alt 14 (a) den Phríomh-Acht, cúig mhíle punt a bheidh san éarlais a choimeádfar san Ard-Chúirt faoin Acht sin in aghaidh aon tréimhse a thosóidh an 6ú lá d'Iúil, 1967, nó aon lá dá éis sin, a bhfuil ceadúnas ceantálaí nó ceadúnas gníomhaire tithe i bhfeidhm ina haghaidh, agus forléireofar dá réir sin na tagairtí do dhá mhíle punt in alt 14 (d) (ii) agus in alt 15 (3) (b) den Phríomh-Acht.

Cinéal amháin éarlaise a chur in ionad cineáil eile.

3. —(1) D'ainneoin alt 16 den Phríomh-Acht, féadfaidh aon duine a mbeidh éarlais taiscthe in airgead aige san Ard-Chúirt faoin Acht sin, urscaoileadh na héarlaise a fháil ar choinníoll go mbeidh sé tar éis urrúis údaraithe den luach is gá a thaisceadh nó banna ráthaíochta a thaisceadh a bheidh iarghabhálach a mhéid is gá chun freastal d'aon éileamh cuí a bhféadfaí airgead a íoc ina leith amach as an éarlais urscaoilte.

(2) D'ainneoin alt 16 den Phríomh-Acht, féadfaidh aon duine a bheidh tar éis éarlais a thaisceadh san Ard-Chúirt faoin Acht sin trí urrúis údaraithe a thaisceadh, urscaoileadh na héarlaise a fháil ar choinníoll go mbeidh sé tar éis éarlais in airgead agus an oiread is gá ann a thaisceadh nó banna ráthaíochta a thaisceadh a bheidh iarghabhálach a mhéid is gá chun freastal d'aon éileamh cuí a bhféadfaí airgead a íoc ina leith amach as an éarlais urscaoilte.

(3) San alt seo—

ciallaíonn “banna ráthaíochta” banna ráthaíochta den sórt a luaitear in alt 14 (d) (ii) don Phríomh-Acht;

ciallaíonn “urrúis údaraithe” urrúis atá údaraithe le rialacha cúirte chun airgead atá faoi urlámhas na hArd-Cúirte a infheistiú iontu;

ciallaíonn “luach is gá” an luach is gá de réir alt 14 den Phríomh-Acht nó alt 2 den Acht seo, de réir mar is iomchuí.

Cuntais a choimeád agus a shlánchoimeád.

4. —(1) Coimeádfaidh ceantálaí nó gníomhaire tithe gach tráth, scríofa suas cuí, cibé cuntais is gá chun a dhéileála le hairgead, agus sonraí agus eolas i dtaobh airgead, a fuair sé nó atá ina sheilbh ar son, nó a d'íoc sé thar ceann, gach cliaint nó a d'íoc sé le gach cliant.

(2) Déanfar cuntas a choimeádfaidh ceantálaí nó gníomhaire tithe faoin alt seo a shlánchoimeád go ceann sé bliana ar a laghad ó dháta an taifid deiridh ann nó ó dháta na déileála deiridh le hairgead cliaint a cheanglaítear leis an Acht seo a thaifeadadh sa chuntas sin, cibé dáta acu is déanaí.

Cuntais chliaint a choimeád.

5. —(1) (a) Osclóidh agus coimeádfaidh gach ceantálaí agus gach gníomhaire tithe cuntas cliaint agus féadfaidh sé, más oiriúnach leis, níos mó ná cuntas cliaint amháin a oscailt agus a choimeád.

(b) Déanfaidh ceantálaí nó gníomhaire tithe a choimeádann níos mó ná cuntas cliaint amháin na cuntais sin go léir a choimeád sa bhanc céanna mura gceadóidh an Chúirt Dúiche a mhalairt ar chúiseanna speisialta.

(2) Nuair a gheobhaidh ceantálaí nó gníomhaire tithe airgead do chliant, íocfaidh sé é, gan mhoill neamhriachtanach, isteach i gcuntas cliaint mura rud é—

(a) gur ina airgead tirm a gheofar é agus go n-íocfar, gan mhoill neamhriachtanach, ina airgead tirm é leis an gcliant;

(b) gur trí sheic nó trí ionstraim shoshannta a bheidh formhuinithe chun an chliaint agus a sheachadfar, gan mhoill neamhriachtanach, dó, a gheofar é;

(c) go n-íocfar é, gan mhoill neamhriachtanach, isteach i gcuntas baincéireachta ar leithligh in ainm an chliaint nó dhuine éigin (nach ceantálaí ná gníomhaire tithe ná comhpháirtí, fostaí ná gníomhaire don cheantálaí nó don ghníomhaire tithe) a ainmneoidh an cliant nó isteach i gcomhchuntas baincéireachta in ainmneacha an cheantálaí nó an ghníomhaire tithe agus an chliaint; nó

(d) go n-infheisteoidh sé é ar iarratas i scríbhinn ón gcliant agus chun sochair don chliant, i slí inar dleathach de thuras na huaire d'iontaobhaí (mura dtoirmisctear go sainráite air) cistí iontaobhais a infheistiú iontu.

(3) Má theachtann nó má fhaigheann ceantálaí nó gníomhaire tithe seic nó dréacht a bhfuil airgead ann do chliant, deánfaidh sé, más indéanta sin, an tseic nó an dréacht a chionroinnt agus an chuid is ionann agus an t-airgead don chliant a íoc isteach sa chuntas cliaint iomchuí ionann is dá mbeadh sé tar éis seic ar leithligh ar an méid sin a fháil agus, mura indéanta an chionroinnt sin, íocfaidh sé an tseic nó an dréacht go hiomlán isteach sa chuntas cliaint agus, i gcás ina mbeidh sé tar éis an tseic nó an dréacht a íoc go hiomlán isteach sa chuntas cliaint, féadfaidh sé an t-airgead nach airgead do chliant a tharraingt amach as.

(4) Ní dhéanfar aon íocaíocht seachas airgead do chliant a íoc isteach i gcuntas cliaint ach amháin cibé íocaíocht a údarófar a dhéanamh faoi fho-alt (3) nó is gá chun an cuntas a oscailt nó a chothabháil nó chun aon suim a chur ar ais ann a tarraingíodh as de dhearmad nó de thionóisc.

(5) Ní tharraingeoidh ceantálaí nó gníomhaire tithe airgead as cuntas cliaint mura rud é—

(a) go mbeidh sé ag teastáil go cuí chun íocaíocht a dhéanamh le cliant nó thar ceann chliant a bhfuil a chuid airgid sa chuntas sin, nó

(b) go mbeidh sé ag teastáil go cuí chun nó mar chabhair chun táillí nó coimisiún a íoc a bheidh dlite don cheantálaí nó don ghníomhaire tithe de chliant a bhfuil a chuid airgid sa chuntas sin, nó chun nó mar chabhair chun caiteachais a chúiteamh a thabhaigh an ceantálaí nó an gníomhaire tithe i ndáil le gnó a chliaint nó airgead a chúiteamh a d'íoc an ceantálaí nó an gníomhaire tithe as a chistí féin le cliant (sna himthoscaí a shonraítear i bhfo-alt (10) nó ar shlí eile chun a urasú an cliant a íoc go sciobtha), nó gur aistarraingt é a údaraítear le fo-alt (3).

(6) Déanfar aistarraingt faoi fho-alt (5) (b)—

(i) trí sheic arna tarraingt i bhfabhar an cheantálaí nó an ghníomhaire tithe, nó

(ii) trí aistriú chun cuntais bainc (nach cuntas cliaint) in ainm an cheantálaí nó an ghníomhaire tithe.

(7) I gcás ina dtarraingeoidh ceantálaí nó gníomhaire tithe airgead as cuntas cliaint—

(a) mura trí sheic a bheidh tarraingte i bhfabhar an chliaint a dhéanfar an aistarraingt, formhuineoidh an ceantálaí nó an gníomhaire tithe ar an tseic, ar an duillín aistarraingte nó ar an dréacht-fhoirm fhoréilimh na focail “Táillí i leith” nó na focail “Eisíoc i leith” nó (más le tríú pairtí a bheifear ag íoc) na focail “Thar ceann” nó (in aon chás) cibé focail eile a mhíneoidh cad é sórt aistarraingt í), agus ainm an chliaint ina dhiaidh sin i ngach cás;

(b) déanfaidh sé an tseic nó an dréacht, nuair a chuirfidh an banc ar ais í, a shlánchoimeád an fad a cheanglaítear le halt 4 an cuntas comhréire a shlánchoimeád.

(8) (a) Ní rachaidh an t-airgead a aistarraingeofar as cuntas cliaint ar son nó thar ceann cliaint thar an méid iomlán airgid a bheidh ar teachtadh de thuras na huaire sa chuntas sin ar cuntas an chliaint sin.

 (b) Aon airgead a tharraingeofar as cuntas cliaint chun nó mar chabhair chun airgead a chúiteamh a d'íoc an ceantálaí nó an gníomhaire tithe as a chistí féin le cliant ní rachaidh sé thar an méid a íocadh leis an gceantálaí nó an gníomhaire tithe i leith an idirbhirt chomhréire thar ceann an chliaint sin agus a bheidh ar fáil go cuí sa chuntas cliaint chun críocha cúitimh den sórt sin.

(9) (a) Más dealraitheach don Aire Dlí agus Cirt nach leor forálacha an ailt seo chun cosc a chur le faillí agus calaois ag láimhsiú airgid do chliant nó nach dóthanach iad ar shlí eile chun leasanna cliant a chosaint agus gurb é leas an phobail forálacha eile (a chuirfear in ionad nó i dteannta na bhforálacha láithreacha nó aon cheann acu) do rialú airgead a íoc isteach i gcuntais chliaint agus a aistarraingt as cuntais chliaint, féadfaidh sé rialacháin a dhéanamh ina mbeidh na forálacha eile sin.

(b) Féadfaidh rialacháin faoi mhír (a) a fhoráil go ndéanfaidh ceantálaí nó gníomhaire tithe, sna himthoscaí a shonraítear sna rialacháin, is imthoscaí ina gceanglaítear ar an gceantálaí nó ar an ngníomhaire tithe leis an alt seo nó faoi, airgead a íoc isteach i gcuntas cliaint—

(i) an t-airgead a íoc isteach i gcuntas cliaint úsmhar agus an t-ús a íoc leis an gcliant nó le duine eile ar leis an t-airgead, nó

(ii) an tsuim is comhionann leis an ús a bheadh tuillte, dá n-íocfaí an t-airgead isteach i gcuntas den sórt sin, a íoc leis an gcliant nó le duine eile ar leis an t-airgead.

(c) Ní thiocfaidh rialacháin faoin bhfo-alt seo i ngníomh go mbeidh tréimhse nach lú ná mí caite ón dáta ar a ndearnadh iad.

(d) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(10) Chun críocha fho-ailt (1) go (4) folaíonn tagairtí d'airgead do chliant tagairtí d'airgead a íocadh le ceantálaí nó gníomhaire tithe, arb eárd é iomlán nó cuid de phraghas ceannaigh maoine a dhíol sé do chliant nó de chíos nó sochar eile i leith maoin a lig sé do chliant nó is íocaíocht atá ceaptha ar shlí eile do chliant i gcás ina mbeidh an ceantálaí nó an gníomhaire tithe, in oirichill an t-airgead sin a fháil, tar éis an cliant a íoc cheana féin as a chistí féin.

Tosaíocht ag éilithe ar airgead cliant.

6. —I gcás ina mbeidh cuntas cliaint á choimeád ag ceantálaí nó ag gníomhaire tithe ní bheidh aon chúlárach ná ceart ag an Stát ná ag aon duine, ná ní bhfaighidh cúlárach ná ceart, i gcoinne airgead a bheidh chun creidiúna an chuntais sin i leith éilimh nó cirt i gcoinne an cheantálaí nó an ghníomhaire tithe go dtí go mbeidh éilithe cuí uile a chliant i gcoinne an airgid sin lánsásaithe.

Suimeanna chun creidiúna cuntas cliaint áirithe a dhílsiú don Sannaí Oifigiúil.

7. —(1) (a) I gcás ina mbreithneofar ina fhéimheach ceantálaí nó gníomhaire tithe nó i gcás ina ndéanfaidh sé, agus é ina fheichiúnaí comhshocraíochta, a eastát a dhílsiú don Sannaí Oifigiúil le réadú agus le dáileadh ar a chreidiúnaithe, ansin, d'ainneoin aon ní in alt 6 nó in aon achtachán eile, gach suim a bheidh chun creidiúna gach cuntais chliaint a bheidh á choimeád ag an gceantálaí nó ag an ngníomhaire tithe sin dílseoidh sí don Sannaí Oifigiúil.

(b) I gcás ina gcomhadóidh ceantálaí nó gníomhaire tithe achainí ar chomhshocraíocht ach nach ndílseoidh sé a eastát don Sannaí Oifigiúil, féadfaidh na creidiúnaithe is cliaint, nó cuid díobh (nach lá na trí chúigiú de líon agus de luach díobh sin a bhfuil, mar chliaint, suas le £20 fiacha cruthaithe acu) ordú a iarraidh ar bhreitheamh den Ard-Chúirt a fheidhmíonn, de thuras na huaire, dlínse in abhair féimheachta á ordú an tsuim a bheidh chun creidiúna do gach cuntas cliaint a bheidh á choimeád ag an gceantálaí nó ag an ngníomhaire tithe a dhílsiú don Sannaí Oifigiúil, agus féadfaidh an breitheamh, más rud é gur cuí leis sin a dhéanamh agus go dtoileoidh an Sannaí Oifigiúil, ordú den sórt sin a dhéanamh a mbeidh éifeacht dá réir sin aige.

(2) Ar dhílsiú faoi fho-alt (1) (cibé acu de bhua mhír (a) de nó de bhua ordú faoi mhír (b) de) don Sannaí Oifigiúil—

(a) dílseoidh dó cearta creidiúnaithe i gcoinne na héarlaise a bheidh á cothabháil san Ard-Chúirt agus ní dhéanfar aon ordú ina dhiaidh sin faoi alt 11 (3) (b) maidir leis an éarlais;

(b) cuirfidh sé an dílsiú in iúl don Chuntasóir;

(c) d'ainneoin go mb'fhéidir gur faoi alt 11 (4) a rinneadh ordú i leith aon chuntas cliaint den sórt sin, beidh cuideachta baincéireachta i dteideal an tsuim a bheidh chun creidiúna don chuntas sin a íoc leis agus íocfaidh an tsuim sin leis ar é á éileamh;

(d) rachaidh sé i mbun an chuntais chliaint nó na gcuntas cliaint a riaradh chun tairbhe do na cliaint agus bainfidh dlí na féimheachta (lena n-áirítear an tAcht seo) leis an riaradh sin.

(3) Measfar chun gach críche gur gnó atá sannta d'Oifig an tSannaí Oifigiúil i bhFéimheacht agus gurb inti a dhéantar riaradh faoi fho-alt (2) ar chuntas cliaint ag an Sannaí Oifigiúil.

Forálacha a bhaineann le cuntais chliaint i gcás féimheachta.

1887, c. 57.

8. —(1) I gcás—

(a) ceantálaí nó gníomhaire tithe a bhreithiúnú ina fhéimheach, do chomhadú achainí ar chomhshocraíocht, d'fhorghníomhú gníomhais chomhshocraíochta (de réir bhrí alt 4 den Deeds of Arrangement Act, 1887) nó d'fháil bháis dócmhainneach, nó

(b) cuideachta atá ceadúnaithe mar cheantálaí nó gníomhaire tithe a bheith dócmhainneach agus á foirceannadh,

féadfaidh an Sannaí Oifigiúil (i gcás ina bhfuil feidhm ag alt 7), an leachtaitheoir (i gcás cuideachta dóchmhainní) nó aon pháirtí leasmhar (in aon chás eile) iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte trí fhoriarratas ar ordú faoi fho-alt (2).

(2) (a) Féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas a dhéanamh chuici faoi fho-alt (1), ordú a dhéanamh á ordú go ndéanfaidh an Cuntasóir—

(i) na costais, na táillí agus na caiteachais a thabhaigh an Sannaí Oifigiúil nó is iníoctha leis i ndáil leis an gcuntas cliaint nó (de réir mar is iomchuí) cibé costais agus caiteachais i ndáil le cuntas cliaint an leachtaithóra nó dhuine leasmhair eile a cheadóidh an chúirt, agus

(ii) méid aon easnaimh ar chuntas cliaint,

a íoc nó a shlánú, a mhéid a ligfidh an t-airgead a bheidh ar fáil é, as an éarlais a bheidh á cothabháil san Ard-Chúirt faoin bPríomh-Acht, nó, i gcás inar banna ráthaíochta an éarlais, as airgead a chuirfidh an chuideachta árachais lena mbainfidh ar fáil ar scór an bhanna; agus, chun a chumasú don Chuntasóir déanamh de réir an ordacháin sin, féadfaidh an t-ordú nó ordú breise a ordú, i gcás inar urrúis an éarlais sin, go ndíolfaidh an Cuntasóir na hurrúis sin (nó an méid díobh is gá) agus, i gcás inar banna ráthaíochta an éarlais agus go mbeidh fógra i dtaobh an iarratais seirbheáilte ar an gcuideachta árachais lena mbainfidh, go n-íocfaidh an chuideachta árachais méid an bhanna (nó an méid de is gá): ar choinníoll, áfach, go mbeidh éifeacht ag an ordú sin faoi réir forálacha aon ordú a rinneadh roimhe sin maidir leis an éarlais faoi alt 11 (3) (b) mura n-ordóidh an Ard-Chúirt a mhalairt.

(b) I gcás ina mbeidh easnamh ar níos mó ná cuntas cliaint amháin, féadfar an méid a bheidh ar fáil ón éarlais chun na heasnaimh a shlánú a íoc anonn faoi mhír (a) gan chionroinnt idir na cuntais chliaint.

(c) Féadfaidh an Ard-Chúirt, nuair a bheidh ordú á dhéanamh aici faoin bhfo-alt seo á ordú urrúis a dhíol, a ordú san ordú céanna go ndíolfar na hurrúis go léir den sórt sin a bheidh á gcothabháil mar éarlais san Ard-Chúirt ag an gceantálaí nó ag an ngníomhaire tithe agus go n-aistreofar chun an tSannaí Oifigiúil, chun tairbhe na ngnáthchreidiúnaithe, aon bharrachas a bheidh ann tar éis aon chostais, táillí agus caiteachais a íoc agus aon easnamh ar chuntas cliaint a shlánú.

(d) Bainfidh forálacha alt 15 (3) den Phríomh-Acht le hordú faoin bhfo-alt seo.

(3) I gcás—

(a) (i) ceantálaí nó gníomhaire tithe a bhreithniú ina fhéimheach, do chomhadú achainí ar chomhshocraíocht, d'fhorghníomhú gníomhais chomhshocraíochta (de réir bhrí alt 4 den Deeds of Arrangement Act, 1887) nó d'fháil bháis dócmhainneach, nó

(ii) cuideachta atá ceadúnaithe mar cheantalaí nó gníomhaire tithe a bheith dócmhainneach agus á foirceannadh,

agus

(b) go bhfuil, d'ainneoin an tsuim a íocadh anonn faoi fho-alt (2) a bheith curtha san áireamh, easnamh ar an gcuntas cliaint nó ar na cuntais chliaint,

ansin, d'ainneoin aon rial dlí dá mhalairt, an tsuim a bheidh chun creidiúna don chuntas cliaint sin nó, i gcás dhá chuntas cliaint nó níos mó a bheith á gcoimeád ag an gceantálaí nó ag an ngníomhaire tithe, iomlán na suimeanna a bheidh chun creidiúna do na cuntais sin, beidh an tsuim sin nó an t-iomlán sin (tar éis an tsuim a íocadh faoi fho-alt (2) a chur san áireamh) inroinnte go comhréireach idir cliaint an cheantálaí nó an ghníomhaire tithe de réir na suimeanna faoi seach a fuair an ceantálaí nó an gníomhaire tithe i gcúrsa a ghnó thar ceann a chliant agus a bheidh fós dlite de dóibh.

(4) Aon duine, seachas an Sannaí Oifigiúil, a bheidh i dteideal agus a bheartóidh iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (1) chun na hArd-Chúirte féadfaidh sé sula ndéanfaidh sé an t-iarratas sin agus trí fhoriarratas ex parte iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar ordú do thoirmeasc aon airgead a íoc amach as an éarlais nó, i gcás inar banna ráthaíochta an éarlais, as airgead a chuirfidh an chuideachta árachais lena mbainfidh ar fáil ar scór an bhanna, go dtí go n-éistfear an t-iarratas faoi fho-alt (1), agus féadfaidh an Chúirt, más oiriúnach léi, ordú a thabhairt dá réir sin.

(5) Chun críocha an ailt seo, i gcás ina mbeidh aisíoc éarlaise dlite, measfar go bhfuair an ceantálaí nó an gníomhaire tithe an méid a bheidh dlite i gcúrsa a ghnó thar ceann an duine a thaisc an éarlais: ar choiníoll, áfach, nach n-oibreoidh an t-alt seo ar shlí a bhainfidh den duine sin aon cheart chun a cheangal go gcríochnófaí go cuí an conradh díolacháin nó an conradh ligin.

Lian agus cearta eile a shlánchoimeád.

9. —Ní oibreoidh aon ní san Acht seo ar shlí a bhainfidh de cheantálaí ná de ghníomhaire tithe aon chúlárach ná ceart (ar mhodh liain, fritháirimh, frithéilimh, muirir nó eile) i gcoinne airgead a bheidh chun creidiúna cuntais chliaint.

Forálacha maidir le cuideachtaí baincéireachta.

10. —(1) Ní thabhóidh cuideachta baincéireachta, i ndáil le haon idirbheart ar chuntas ceantálaí nó gníomhaire tithe a bheidh á choimeád leo féin nó le cuideachta baincéireachta eile, dliteanas ná ní bheidh siad faoi aon oibleagáid fiafraí a dhéanamh ná ní mheasfar eolas a bheith acu ar cheart chun airgead a íocadh leis an gcuntas nó a creidiúnaíodh dó nach dtabhóidís, nach mbeidís faoi nó nach measfaí a bheadh acu i gcás cuntas a bheadh á choimeád ag duine ag a mbeadh teideal iomlán chun an airgid a íocadh leis nó a creidiúnaíodh dó.

(2) Ní scaoilfidh aon ní i bhfo-alt (1) cuideachta baincéireachta ó aon dliteanas nó oibleagáid a bheadh orthu ar leith ón Acht seo.

(3) D'ainneoin fho-alt (1), aon chuideachta baincéireachta a choimeádann cuntas ceantálaí nó gníomhaire tithe ar airgead cliant ní bheidh acu ná ní bhfaighidh siad, maidir le dliteanas an cheantálaí nó an ghníomhaire tithe don chuideachta baincéireachta, nach dliteanas i ndáil leis an gcuntas sin, aon chúlárach ná ceart (ar mhodh liain, fritháirimh, frithéilimh, muirir nó eile) i gcoinne airgead a bheidh chun creidiúna don chuntas sin.

(4) Ní bhainfidh aon ní i bhfo-alt (3) de chuideachta baincéireachta aon cheart a bheidh ann ar dháta tosach feidhme an ailt seo maidir le hairgead a taisceadh roimhe sin leis an gcuideachta baincéireachta sin.

Imeachtaí maidir le héarlaisí agus cuntais bhaincéireachta.

11. —(1) I gcás ina mbeidh duine (dá ngairtear an gearánaí san alt seo)—

(a) tar éis breithiúnas, ordú nó foraithne a fháil in aon imeachtaí, nó

(b) tar éis imeachtaí a thionscnamh,

i gcoinne aon duine (dá ngairtear an cosantóir san alt seo) go ndéanfar (nó, i gcás imeachtaí a tionscnaíodh lena dtéann éileamh ar) airgead a íoc d'urscaoileadh dliteanas a tabhaíodh nó a líomhnaítear a tabhaíodh ag an gcosantóir mar cheantálaí nó gníomhaire tithe maidir le hairgead a fháil nó a íoc nó slánchoimeád maoine, féadfaidh an gearánaí nó aon chliant don chosantóir, trí fhoriarratas ex parte, iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar ordú faoi fho-alt (3).

(2) (a) Aon duine a dhéanfaidh iarratas faoi fho-alt (1) beidh sé, ar chláraitheoir nó cléireach (de réir mar a bheidh) na cúirte ina bhfuarthas an breithiúnas, an t-ordú nó an fhoraithne a luaitear san fho-alt sin nó inar tionscnaíodh na himeachtaí a luaitear sa fho-alt sin a shásamh go mbeartaíonn sé an t-iarratas a dhéanamh, i dteideal deimhniú faoi láimh an chláraitheora nó an chléirigh go bhfuil breithiúnas, ordú nó foraithne mar a dúradh faighte nó go bhfuil imeachtaí mar a dúradh tionscanta, de réir mar a bheidh, a fháil i gcoinne an chosantóra.

(b) Beidh deimhniú faoi mhír (a) ina fhianaise ar na fíorais a bheidh ráite ann.

(3) I gcás ina ndéanfar iarratas faoi fho-alt (1), beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas, eadhon:

(a) in aon chás, féadfaidh an Chúirt le hordú a ordú nach ndéanfar an éarlais a bheidh á cothabháil sa Chúirt faoin bPríomh-Acht a urscaoileadh i gcaitheamh cibé tréimhse is cuí leis an gCúirt;

(b) i gcás an t-iarratas a dhéanamh ag gearánaí a mbeidh breithiúnas, ordú nó foraithne faighte aige agus go measann an Chúirt tar éis cibé fiosrú is cuí léi—

(i) nach dócha go ndéanfar éilithe eile i gcoinne na héarlaise i leith suimeanna a bheidh dlite den chosantóir an tráth sin, nó

(ii) dá ndéanfaí éilithe den sórt sin, gur leor an éarlais chun freastal dóibh go hiomlán,

féadfaidh an Chúirt le hordú a ordú go ndéanfar an tsuim a bheidh sonraithe sa bhreithiúnas, san ordú nó san fhoraithne (de réir mar a bheidh), i dteannta nó d'éagmais costais an iarratais, a íoc leis an ngearánaí as an éarlais nó, más banna ráthaíochta an éarlais agus go mbeifear tar éis fógra i dtaobh na n-imeachtaí nó i dtaobh é a bheith beartaithe na himeachtaí a thionscnamh a sheirbheáil roimh an éisteacht ar an gcuideachta árachais lena mbainfidh, a íoc leis an gCuntasóir thar ceann an ghearánaí.

(4) I gcás ina mbeifear tar éis ordú a dhéanamh faoi fho-alt (3) (a) féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh freisin á ordú—

(a) nach ndéanfaidh aon chuideachta baincéireachta, ach amháin ar cibé coinníollacha nó i cibé imthosca a shonrófar san ordú, aon íocaíocht as aon chuntas baincéireachta in ainm an chosantóra, nó

(b) nach ndéanfaidh cuideachta baincéireachta shonraithe, ach amháin ar cibé coinníollacha nó i cibé imthosca a shonrófar san ordú, aon íocaíocht as aon chuntas baincéireachta ná as cuntas baincéireachta sonraithe ná as aon sórt cuntas a bheidh á choimeád ag an gcuideachta sin in ainm an chosantóra.

(5) I gcás—

(a) ordú a bheith déanta faoi fho-alt (3) (a) ar iarratas ó ghearánaí a fuair breithiúnas, ordú nó foraithne, nó

(b) ordú a bheith déanta faoi fho-alt (4),

measfar, chun críocha dhlí na féimheachta, gníomh féimheachta a bheith déanta aige ar dháta an t-ordú a dhéanamh nó, más cuideachta an cosantóir, measfar, chun críocha an dlí a bhaineann le cuideachtaí, é a bheith neamhábalta ar a fhiacha a íoc.

(6) (a) I dteannta nó in ionad ordaithe faoi fho-alt (4), ansin, d'ainneoin aon ní i ndlí na féimheachta nó sa dlí a bhaineann le cuideachtaí, féadfaidh an Chúirt, uaithi féin agus tar éis cibé fógra is dóigh léi a bheith réasúnach a thabhairt don chosantóir agus d'aon duine ar dóigh léi gur réasúnach fógra a thabhairt dó, é a bhreithúinú ina fhéimheach le hordú nó, más cuideachta an cosantóir, ordú a dhéanamh chun í a fhoirceannadh agus an Sannaí Oifigiúil a cheapadh mar leachtaithóir.

(b) I gcás ina gceapfar an Sannaí Oifigiúil mar leachtaithóir faoi mhír (a)—

(i) ní bhainfidh forálacha ailt 228 (a) agus 228 (d) d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , leis,

(ii) d'ainneoin aon ní in alt 6 nó in aon achtachán eile, dílseoidh gach suim dó a bheidh chun creidiúna gach cuntais chliaint a bheidh á choiméad ag an gcuideachta agus beidh feidhm ag forálacha alt 7 (2) ionann is dá mba faoi alt 7 (1) don dílsiú,

(iii) measfar chun gach críche gur gnó atá sannta d'Oifig an tSannaí Oifigiúil i bhFéimheacht agus gurb inti a fheidhmítear a chumhachtaí agus a chomhlíontar a dhualgais mar leachtaitheoir (lena n-áirítear cuntas cliaint a riaradh).

(7) I gcás ina mbreithneofar cosantóir ina fhéimheach faoin alt seo, beidh feidhm ag dlí na féimheachta (lena n-áirítear an tAcht seo) ionann is dá mba ar achainí féimheachta faoin dlí sin a breithníodh an cosantóir ina fhéimheach agus ionann is dá ndéanfaí tagairt don ordú breithnithe a dhéanamh faoin alt seo a chur in ionad aon tagartha sa dlí sin d'achainí féimheachta a thíolacadh nó a chomhadú.

(8) Más rud é, i gcás inar cuideachta an cosantóir, go ndéanfar ordú foirceannaidh faoin alt seo, beidh feidhm ag an dlí a bhaineann le cuideachtaí (lena n-áirítear an tAcht seo) ionann is dá mba ar achainí foirceannaidh faoin dlí sin a rinneadh an t-ordú agus ionann is dá ndéanfaí tagairt don ordú foirceannaidh a dhéanamh faoin alt seo a chur in ionad aon tagartha san alt sin don achainí foirceannaidh a thíolacadh.

(9) Féadfaidh an Ard-Chúirt ordú faoi fho-alt (3) (a), nó faoi fho-alt (4) a chúlghairm nó a athrú.

(10) Féadfar an t-iomlán nó aon chuid d'imeachtaí faoin alt seo a éisteacht i ndlísheomra.

(11) Féadfaidh Rialacha na nUaschúirteanna foráil a dhéanamh chun dlí na féimheachta, an dlí a bhaineann le cuideachtaí agus aon nós imeachta a oiriúnú a mhéid is gá chun an t-alt seo a oibriú.

(12) Déanfar an tagairt in alt 15 (3) den Phríomh-Acht d'ordú faoin alt sin a fhorléiriú mar thagairt d'ordú faoi fho-alt (3) (b) den alt seo.

(13) Aisghairtear leis seo ailt 15 (1) agus 15 (2) den Phríomh-Acht.

Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht.

1963, Uimh. 33 .

12. —Leasaítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht, a bhaineann le deimhnithe cáiliúcháin a dheonú—

(i) trí “an t-iarratasóir do chomhlíonadh forálacha fho-alt (3) den alt seo agus faoi réir” a chur isteach i ndiaidh “faoi réir” i bhfo-alt (1), agus

(ii) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) (a) Aon iarratasóir ar dheimhniú cáiliúcháin a raibh gnó ceantálaí nó gnó gníomhaire tithe ar siúl aige aon tráth sa tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch sé mhí roimh dháta an iarratais (dá ngairtear an t-iarratas reatha san fho-alt seo) tabharfaidh sé don Bhreitheamh Dúiche, nuair a bheidh an t-iarratas reatha á éisteacht, deimhniú a bheidh sínithe ag cuntasóir á rá gur scrúdaigh sé cuntais an iarratasóra in aghaidh cibé tréimhse a shonrófar san iarratas (is tréimhse dar tosach, i gcás iarratasóir nár thug deimhniú den sórt sin cheana uaidh, an lá a tosaíodh gnó nó cibé lá eile a cheadóidh an Breitheamh Dúiche ar chúiseanna speisialta, agus, in aon chás eile, lá nach déanaí ná an lá díreach i ndiaidh deireadh na tréimhse lena mbaineann an deimhniú deiridh den sórt sin a thug an t-iarratasóir nó deimhniú den chinéal a luaitear i bhfo-alt (4) (b) den alt seo, agus, i ngach cás, dar críoch lá nach luaithe ná sé mhí roimh an iarratas reatha) agus gur chomhlíon an t-iarratasóir na fórlacha den Acht um Cheántalaithe agus Gníomhairí Tithe, 1967 , a bhaineann le coimeád cuntas agus le hoscailt agus coimeád cuntas cliaint.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, déanfar neamhshuim de ghnó a seoladh roimh lá na bhforál acha sin a theacht i ngníomh agus i gcás gnó a bheith á sheoladh an lá sin measfar gurb é an lá sin a thosaigh gnó.

(c) I gcás nach raibh gnó á sheoladh ag an iarratasóir i gcaitheamh na tréimhse a sonraítear i mír (a) gurb í an tréimhse lenar cheart baint a bheith ag an deimhniú, beidh forálacha na míre sin sách comhlíonta má bhaineann an deimhniú leis an gcuid den tréimhse (arb í an chuid í a raibh an gnó á sheoladh ar a feadh) agus go gcruthófar chun sástacht an Bhreithimh Dúiche nach raibh gnó á sheoladh ach amháin ar feadh na coda sin den tréimhse.

(d) San fho-alt seo forléireofar tagairtí do ghnó ceantálaí agus do ghnó gníomhaire tithe mar thagairtí nach mbaineann ach le gnó a bhfuil de cheangal ar an iarratasóir a bheith ceadúnaithe faoin Acht seo chun é a sheoladh.

(4) (a) Féadfaidh an Breitheamh Dúiche, dá rogha féin, géilleadh d'iarratas ar dheimhniú cáiliúcháin d'ainneoin an t-iarratasóir a bheith, mar gheall ar é do mhainneachtain na forálacha den Acht um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1967 , a bhaineann le coimeád cuntas agus le hoscailt agus coimeád cuntas cliaint a chomhlíonadh, neamhábalta an deimhniú a thabhairt a cheanglaítear le fo-alt (3) den alt seo, ar choinníoll go gcruthóidh an t-iarratasóir chun sástacht an Bhreithimh Dúiche—

(i) go bhfuil sé, tráth an iarratais a dhéanamh, ag comhlíonadh na bhforálacha sin agus go bhfuil gach beart déanta aige is gá chun iad a chomhlíonadh feasta;

(ii) nár bhain agus nach dóigh go mbainfidh caillteanas d'aon chliant maidir le haon idirbhirt in imeacht na tréimhse nuair nár comhlíonadh na forálacha sin; agus

(iii) go bhfuil sé, maidir le gnó ceantálaí nó gnó gníomhaire tithe (cibé acu é) agus aon ghnó eile dá bhfuil sé ag gabháil, sócmhainneach.

(b) I ngach cás, is den chruthú ar na hábhair a luaitear i bhfomhíreanna (i) go (iii) de mhír (a) 2deimhniú faoi láimh cuntasóra maidir leis na hábhair sin agus féadfaidh an Bhreitheamh Dúiche a cheangal tuilleadh fianaise (lena n-áirítear fianaise ó bhéal ón gcuntasóir) a thabhairt ar aird.

(c) Ní mheasfar deimhniú chun críocha mhír (b) a bheith neamhdhóthanach mar gheall amháin—

(i) go bhfuil tréimhse ann ó thráth an deimhniú a eisiúint agus tráth an iarratais: ar choinníoll nach faide ná mí an tréimhse, nó

(ii) nach gcuireann an deimhniú, a mhéid a bhaineann sé le mír (a) (ii), i iúl ach amháin nach bhfuil aon chúis ag an gcuntasóir a chreidiúint gur bhain nó gur dóigh go mbainfidh caillteanas do chliant,

nó mar gheall ar an dá fhíoras sin.

(5) (a) Féadfaidh an tAire le hordú cibé modhnú a dhéanamh a mheasfaidh sé is gá maidir leis an tréimhse a mbeidh feidhm maidir léi ag an deimhniú a bheidh sínithe ag cuntasóir agus a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo, ach ní bhainfidh aon mhodhnú den sórt sin den iarratasóir an ceanglas (a fhorchuirtear i gcásanna áirithe leis an bhfo-alt sin (3)) deimhniú a thabhairt a bhainfidh le tréimhse dar tosach lá nach déanaí ná an lá díreach i ndiaidh deireadh na tréimhse lenar bhain an deimhniú deiridh den sórt sin a thug an t-iarratasóir, nó deimhniú den chineál a luaitear i bhfo-alt (4) (b) den alt seo.

(b) Féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin bhfo-alt seo a aisghairm nó a leasú.

(6) (a) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh d'fhorordú—

(i) an cineál scrúdú agus méid an scrúdaithe a bheidh le déanamh ag cuntasóir ar leabhair agus ar chuntais cheantálaí nó ghníomhaire tithe agus ar aon doiciméid iomchuí eile, i ndáil le deimhniú chun críocha fho-alt (3) nó deimhniú chun críocha fho-alt (4) (b) a thabhairt, agus

(ii) foirm an deimhnithe sin,

agus féadfar rialacháin éagsúla a dhéanamh maidir leis an dá chinéal deimhnithe a luaitear i bhfomhír (i).

(b) D'ainneoin go ndearna ceantálaí nó gníomhaire tithe, in imeacht na tréimhse nach mór deimhniú ina haghaidh chun críocha fho-alt (3), forálacha iomchuí an Achta um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1967 , a chomhlíonadh, ní eiseoidh cuntasóir deimhniú chun críocha an fho-ailt sin má bhíonn sé tar éis nithe a chrothnú tráth a scrúdaithe le gur dealraitheach dó nach bhfuil an ceantálaí nó an gníomhaire tithe sócmhainneach.

(7) Aon duine a ghníomhóidh mar chuntasóir chun críocha an ailt seo nuair nach bhfuil sé cáilithe sa tslí a luaitear i mír (a) nó i mír (b) (de réir mar a bheidh) den fho-alt ina dhiaidh seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó nó £100 a chur air.

(8) San alt seo ciallaíonn ‘cuntasóir’—

(a) i gcás inar cuideachta an ceantálaí nó an gníomhaire tithe, duine atá cáilithe chun a cheaptha mar iniúchóir don chuideachta sin,

(b) in aon chás eile, duine (nach cuideachta corpraithe ná nach é an t-iarratasóir é ná comhpháirtí ná fostaí don iarratasóir) a chomhlíonann—

(i) an coinníoll a luaitear i mír (a), nó

(ii) an coinníoll a luaitear i mír (b),

d'alt 162 (1) d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , chun a cheaptha mar iniúchóir do chuideachta agus nach bhfuil dícháilithe faoi alt 162 (2) den Acht sin chun a cheaptha amhlaidh.”

Feidhm an Achta seo.

13. —Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag an Acht seo, seachas ailt 1 go 4, alt 11, an t-alt seo agus alt 14, maidir le glasraí, prátaí, torthaí, bláthanna, éanlaithe clóis, uibheacha nó táirgí bunaidh eile (gan capaill, eallach, caoirigh ná muca a áireamh) talmhaíochta nó garnóireachta.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

14. —(1) Féadfar an tAcht um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1967 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1947 agus 1967, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile agus forléireofar iad le chéile mar aon ní amháin.

(3) Tiocfaidh ailt 4 go 12 i ngníomh ar bheith caite do thréimhse dhá mhí dar tosach lá an Achta seo i rith.