An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III An Ciste Iomarcaíochta)

21 1967

AN tACHT UM ÍOCAÍOCHTAÍ IOMARCAÍOCHTA, 1967

CUID II

Íocaíocht Iomarcaíochta

Mínithe do Chuid II.

6. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn an briathar “scor” scor go sealadach nó go buan agus ar aon chúis ar bith;

ciallaíonn an briathar “frithdhúnadh” áit fostaíochta a dhúnadh, nó obair a fhionraí, nó diúltú ag fostóir leanúint d'aon uimhir daoine atá ar fostú aige a fhostú de dhroim díospóide, arna dhéanamh d'fhonn iallach a chur ar na daoine sin, nó d'fhonn cabhrú le fostóir eile iallach a chur ar dhaoine atá ar fostú aige, glacadh le téarmaí nó coinníollacha fostaíochta nó téarmaí nó coinníollacha a bhaineann le fostaíocht;

tá le “fógra go bhfuiltear chun éileamh a dhéanamh” an bhrí a shanntar dó le halt 12;

tá le “deimhniú iomarcaíochta” an bhrí a shanntar dó le halt 18;

ciallaíonn “stailc” scor d'obair ag comhlacht daoine i bhfostaíocht ag gníomhú dóibh i gcomhar, nó comhdhiúltú nó diúltú de thoil a chéile ag aon uimhir áirithe daoine i bhfostaíocht leanúint d'obair d'fhostóir de dhroim díospóide, arna dhéanamh chun iallach a chur ar a bhfostóir nó ar aon duine nó ar aon chomhlacht daoine i bhfostaíocht, nó cabhrú le fostaithe eile iallach a chur ar a bhfostóir nó ar aon duine nó ar aon chomhlacht daoine i bhfostaíocht, glacadh nó gan glacadh le téarmaí nó coinníollacha fostaíochta nó téarmaí nó coinníollacha a bhaineann le fostaíocht.

Ceart ginearálta chun íocaíochta iomarcaíochta.

7. —(1) Má bhristear fostaí ag a fhostóir mar gheall ar iomarcaíocht nó má asleagtar é nó má choimeádtar ar gearr-am ar feadh na tréimhse íosta é, beidh sé, faoi réir an Achta seo, i dteideal na n-íocaíochtaí airgid ar a dtabharfar (agus dá ngairtear san Acht seo) íocaíocht iomarcaíochta ar choinníoll—

(a) go raibh sé ar fostú ar feadh na tréimhse riachtanaí, agus

(b) go raibh sé ina ranníocóir fostaithe i bhfostaíocht a bhí inárachaithe le haghaidh na sochar go léir faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1966, díreach roimh dháta a fhostaíocht a fhoirceannadh, nó go raibh scortha aige de bheith ar gnáthfhostú i bhfostaíocht a bhí inárachaithe amhlaidh sa tréimhse dhá bhliain dar chríoch an dáta sin.

(2) Chun críocha fho-alt (1), aon fhostaí a bhrisfear, measfar gur mar gheall ar iomarcaíocht a briseadh é más inchurtha, go hiomlán nó go formhór, an briseadh i leith—

(a) go bhfuil a fhostóir tar éis scor, nó go mbeartaíonn sé scor, den ghnó a sheoladh a raibh an fostaí ar fostú aige chuige nó tar éis scor, nó go mbeartaíonn sé scor, den ghnó sin a sheoladh san áit ina raibh an fostaí ar fostú amhlaidh, nó

(b) go bhfuil deireadh le nó laghdú ar, nó go gceaptar go mbeidh deireadh le nó laghdú ar, riachtanas a bheith sa ghnó sin le fostaithe chun obair de chineál áirithe a dhéanamh nó le fostaithe chun obair de chineál áirithe a dhéanamh san áit a raibh sé fostaithe amhlaidh.

(3) Chun críocha fho-alt (1), measfar fostaí a bheith asleagtha nó coimeádta ar gearr-am ar feadh na tréimhse íosta má bhí sé asleagtha nó coimeádta ar gearr-am ar feadh tréimhse ceithre sheachtain chomhleanúnacha nó níos mó nó ar feadh tréimhse sé sheachtain nó níos mó nach raibh comhleanúnach ach a thagann laistigh de thréimhse trí sheachtain déag chomhleanúnacha.

(4) D'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, i gcás ina ndéanfar fostaí a bhí ag cur isteach tréimhse oiliúna printíseachta le fostóir faoi chomhaontú printíseachta a bhriseadh laistigh de mhí tar éis deireadh na tréimhse sin, ní bheidh teideal ag an bhfostaí sin chun íocaíochta iomarcaíochta mar gheall ar an mbriseadh sin.

(5) San alt seo ciallaíonn “tréimhse riachtanach” tréimhse 208 seachtain fostaíochta leanúnaí (de réir bhrí Sceideal 3) ag an bhfostaí faoin bhfostóir a bhris é, a asleag é nó a choimeád ar gearr-am é, ach gan áireamh a dhéanamh ar aon tréimhse fostaíochta faoin bhfostóir sin sular shlánaigh an fostaí 16 bliana d'aois.

Cáiliú ar an gceart ginearálta faoi alt 7.

8. —(1) D'ainneoin aon ní in alt 7, i gcás fostaí a briseadh mar gheall ar iomarcaíocht nó a asleagadh a bheith, in imeacht na tréimhse ceithre bliana díreach roimh dháta an bhriste nó an asleagain, asleagtha ar feadh meántréimhse bliantúla ab fhaide ná dhá sheachtain déag, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) ní thiocfaidh an fostaí sin chun bheith i dteideal íocaíochta iomarcaíochta de dhroim é a bhriseadh nó a asleagan go dtí go mbeidh tréimhse comhionann leis an meántréimhse asleagain bhliantúil thar an tréimhse ceithre bliana sin maidir leis an bhfostaí sin caite ó dháta an bhriste nó an asleagain;

(b) má théann an fostaí sin ar ais chun oibre leis an bhfostóir céanna roimh dheireadh na tréimhse is gá a bheith caite faoi mhír (a), ní bheidh an fostaí sin i dteideal íocaíochta iomarcaíochta maidir leis an mbriseadh sin nó leis an asleagan sin;

(c) má thairgeann an fostóir, roimh dheireadh na tréimhse is gá a bheith caite faoi mhír (a), an fostaí a athfhostú agus go ndiúltóidh an fostaí sin go míréasúnach don tairiscint sin, ní bheidh sé i dteideal íocaíochta iomarcaíochta maidir leis an mbriseadh sin nó leis an asleagan sin.

(2) I gcás ina bhfuil feidhm ag an alt seo, ní thosóidh an chéad tréimhse ceithre sheachtain dá dtagraítear in alt 12 (2) nó an tréimhse trí sheachtain déag dá dtagraítear san alt sin go dtí deireadh na tréimhse (dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a)) is comhionann leis an meántréimhse asleagain bhliantúil iomchuí.

Briseadh ag fostóir.

9. —Chun críocha na Coda seo measfar, faoi réir na Coda seo, fostaí a bheith briste ag a fhostóir más rud é agus amháin más rud é—

(a) go bhfoirceannfaidh an fostóir, le fógra nó gan fógra, an conradh faoina bhfuil sé fostaithe, nó

(b) más conradh ar feadh téarma shocraithe an conradh faoina bhfuil sé fostaithe ag an bhfostóir, go n-éagfaidh an téarma sin gan é a athnuachan faoin gconradh céanna nó faoi chonradh dá shórt, nó

(c) go ndéanfaidh an fostaí an conradh faoina bhfuil sé fostaithe ag an bhfostóir a fhoirceannadh gan fógra in imthosca (nach dtagann faoi réim fho-alt (5)) de shórt go bhfuil sé i dteideal é a fhoirceannadh amhlaidh mar gheall ar iompar an fhostóra.

(2) Ní mheasfar chun críocha na Coda seo fostaí a bheith briste ag a fhostóir má athnuaitear a chonradh fostaíochta, nó má athfhruilíonn an fostóir céanna é faoi chonradh fostaíochta nua, agus—

(a) i gcás nach mbeidh forálacha an chonartha arna athnuachan nó forálacha an chonartha nua maidir leis an bhfeidhmeannas agus an áit ina mbeidh sé fostaithe agus maidir le téarmaí agus coinníollacha eile a fhostaíochta, éagsúil le forálacha comhréire an chonartha roimhe sin, agus go dtiocfaidh an athnuachan nó an t-athfhruiliú in éifeacht díreach ar dheireadh a bheith lena fhostaíocht faoin gconradh roimhe sin, nó

(b) in aon chás eile, gur de bhun tairisceana i scríbhinn óna fhostóir roimh dheireadh a theacht lena fhostaíocht faoin gconradh roimhe sin an athnuachan nó an t-athfhruiliú, agus go dtiocfaidh sé in éifeacht díreach ar dheireadh a bheith leis an bhfostaíocht sin nó tar éis eatraimh nach faide ná ceithre sheachtain dá éis sin.

(3) (a) Ní mheasfar chun críocha na Coda seo fostaí a bheith briste ag a fhostóir más rud é—

(i) go n-athfhruileofar é ag fostóir eile (dá ngairtear an fostóir nua anseo feasta) díreach ar dheireadh a bheith lena fhostaíocht roimhe sin,

(ii) go ndéanfar an t-athfhruiliú trí chomhaontú idir an fostaí, an fostóir roimhe sin agus an fostóir nua,

(iii) go bhfaighidh an fostaí, roimh thosach na tréimhse fostaíochta leis an bhfostóir nua, ráiteas i scríbhinn thar ceann an fhostóra roimhe sin agus an fhostóra nua—

(A) a leagfaidh amach téarmaí agus coinníollacha chonradh fostaíochta an fhostaí leis an bhfostóir nua,

(B) a shonróidh go measfaidh an fostóir nua, chun críocha an Achta seo, gur seirbhís leis an bhfostóir nua tréimhse seirbhíse an fhostaí leis an bhfostóir roimhe sin,

(C) ina mbeidh sonraí na seirbhíse a luaitear i gclásal (B), agus

(D) go gcuirfidh an fostaí in iúl i scríbhinn don fhostóir nua go nglacann an fostaí leis an ráiteas is gá de réir na fomhíre seo.

(b) I gcás ina ndéanfaidh an fostóir nua fostaí a athfhruiliú de réir an fho-ailt seo, measfar chun críocha an Achta seo gur seirbhís faoin bhfostóir nua an tseirbhís ag an bhfostaí sin a luaitear i mír (a) (ii).

(4) Chun fo-alt (2) a chur chun feidhme maidir le conradh faoina gcríochnaíonn an fhostaíocht ar Aoine, Satharn nó Domhnach—

(a) measfar an athnuachan nó an t-athfhruiliú a theacht in éifeacht díreach ar chríochnú don fhostaíocht faoin gconradh roimhe sin má thagann sé in éifeacht an chéad Luan, nó roimh an gcéad Luan, tar éis na hAoine, an tSathairn nó an Domhnaigh sin, agus

(b) ríomhfar an t-eatramh ceithre sheachtain a luaitear i bhfo-alt (2) (b) ionann is gurb ar an Luan sin a chríochnaigh an fhostaíocht.

(5) Nuair a fhoirceannfaidh fostaí a chonradh fostaíochta gan fógra, agus teideal aige chuige sin mar gheall ar a fhostóir frithdhúnadh, ní bhainfidh fo-alt (1) (c) leis an bhfoirceannadh sin.

(6) I gcás ina measfar de bhua fho-alt (2) nár briseadh fostaí mar gheall ar athnuachan nó athfhruiliú a theacht in éifeacht tar éis eatraimh, ansin, nuair a bheifear a chinneadh chun críocha alt 7 (1) an raibh sé ar fostú go leanúnach ar feadh na tréimhse riachtanaí, comhairfidh tréimhse an eatraimh sin mar thréimhse fostaíochta.

(7) Nuair a bheifear a chinneadh chun críocha an Achta seo an raibh fostaí briste ag a fhostóir tráth áirithe roimh thosach feidhme an Achta seo, beidh feidhm ag na forálacha iomchuí den alt seo ionann is dá mba tar éis an tosach feidhme sin a tharla an rud a bheidh le cinneadh.

Fógra ó fhostaí in oirichill fógra ó fhostóir d'éag.

10. —(1) Beidh éifeacht ag an alt seo—

(a) i gcás ina dtabharfaidh fostóir fógra d'fhostaí d'fhoirceannadh a chonradh fostaíochta, agus

(b) go dtabharfaidh an fostaí, tráth i dtréimhse éigeantach an fhógra sin, fógra i scríbhinn don fhostóir an conradh fostaíochta a fhoirceannadh ar dháta is luaithe ná an dáta a mbeidh sé dlite a éagfaidh fógra an fhostóra.

(2) Faoi réir fho-alt (3), sna himthosca a shonraítear i bhfo-alt (1), measfar, chun críocha na Coda seo, an fostaí a bheith briste ag a fhostóir, agus is é dáta an bhriste maidir leis an mbriseadh sin an dáta a éagfaidh fógra an fhostaí.

(3) Má thugann an fostóir, sula mbeidh fógra an fhostaí dlite éag, fógra i scríbhinn don fhostaí—

(a) á cheangal air a fhógra d'fhoirceannadh an chonradh fostaíochta mar a luaitear i bhfo-alt (1) (b) a tharraingt siar agus leanúint air san fhostaíocht go dtí an dáta a éagfaidh fógra an fhostóra, agus

(b) á rá, mura ndéanfaidh sé sin, go gcomhraicfidh an fostóir aon dliteanas íocaíocht iomarcaíochta a íoc leis i leith a chonradh fostaíochta a fhoirceannadh,

ach go ndiúltóidh an fostaí go míréasúnach déanamh de réir cheanglais an fhógra sin, ní bheidh an fostaí i dteideal íocaíochta iomarcaíochta de bhua fho-alt (2).

(4) San alt seo—

(a) má bhíonn tréimhse iarbhír fhógra an fhostóra (is é sin le rá, an tréimhse dar tosach tráth an fógra a thabhairt agus dar críoch tráth a éaga) comhionann leis an tréimhse íosta a cheanglaítear (de bhua aon achtacháin nó eile) a thabharfaidh an fostóir chun an conradh fostaíochta a fhoirceannadh, ciallaíonn “an tréimhse éigeantach”, maidir leis an bhfógra sin, tréimhse iarbhír an fhógra;

(b) in aon chás eile,

ciallaíonn “an tréimhse éigeantach”, maidir le fógra fostóra, an tréimhse sin, agus í comhionann leis an tréimhse íosta dá dtagraítear i mír (a), a éagfaidh an tráth a éagfaidh fógra an fhostóra.

Asleagan agus gearr-am.

11. —(1) I gcás ina scoirfidh fostaíocht fostaí, tar éis tosach feidhme an Achta seo, mar gheall ar a fhostóir a bheith neamhábalta an obair a sholáthar ar fostaíodh an fostaí chun í a dhéanamh, agus—

(a) gur réasúnach sna himthosca ag an bhfostóir sin a chreidiúint nach scor buan a bheidh sa scor fostaíochta, agus

(b) go dtabharfaidh an fostóir fógra sa chéill sin don fhostaí roimh an scor,

measfar chun críocha an Achta seo gur asleagan an scor fostaíochta sin.

(2) I gcás ina dtarlóidh mar gheall ar laghdú ar an obair a sholáthróidh fostóir d'fhostaí (is obair de chineál a bhfuil an fostaí fostaithe faoina chonradh chun í a dhéanamh) gur lú luach saothair an fhostaí d'aon seachtain ná leath a ghnáthluach saothair sheachtainiúil, measfar chun críocha na Coda seo é a bheith coimeádta ar gearr-am ar feadh na seachtaine sin.

Ceart chun íocaíochta iomarcaíochta mar gheall ar asleagan na gearr-am.

12. —(1) Ní bheidh fostaí i dteideal íocaíochta iomarcaíochta mar gheall ar é a asleagan nó a choimeád ar gearr-am mura dtabharfaidh sé fógra (dá ngairtear sa Chuid seo fógra go bhfuiltear chun éileamh a dhéanamh) i scríbhinn dá fhostóir go bhfuil sé chun íocaíochta iomarcaíochta a éileamh i leith asleagain nó gearr-ama.

(2) Aon fhostaí a mbeidh fógra go bhfuiltear chun éileamh a dhéanamh tugtha aige ní bheidh sé i dteideal íocaíochta iomarcaíochta de bhun an fhógra sin mura ndéanfaidh sé go cuí, laistigh de thréimhse mhíosa ó dháta an fhógra sin, nó, má bhíonn an t-ábhar curtha faoi bhráid an Bhinse Achomhairc, laistigh de mhí ón dáta a chuirfear cinneadh an Bhinse in iúl don fhostaí, a chonradh fostaíochta a fhoirceannadh tríd an bhfógra a thabhairt a cheanglaítear leis an gconradh sin nó, mura gceanglaítear amhlaidh aon fhógra a thabhairt, trí fhógra seachtaine ar a laghad a thabhairt i scríbhinn dá fhostóir i dtaobh an fostaí a bheith chun an conradh sin a fhoirceannadh, agus, sula seirbheálfar an fógra go bhfuiltear chun éileamh a dhéanamh—

(a) go mbeidh sé asleagtha nó coimeádta ar gearr-am ar feadh ceithre sheachtain chomhleanúnacha nó níos mó ar chríochnaigh an tseachtain deiridh díobh roimh an bhfógra a sheirbheáil ar dháta an fhógra a sheirbheáil nó a chríochnaigh ar dháta nár luaithe ná ceithre sheachtain roimh an dáta sin, nó

(b) má bhíonn sé asleagtha nó coimeádta ar gearr-am ar feadh sraith sé sheachtain nó níos mó (nárbh sheachtainí comhleanúnacha níos mó ná trí cinn díobh), i dtréimhse trí sheachtain déag, i gcás inar chríochnaigh an tseachtain deiridh den tsraith roimh dháta an fhógra a sheirbheáil ar an dáta a seirbheáladh an fógra nó a chríochnaigh ar dháta nár luaithe ná ceithre sheachtain roimh an dáta sin.

Ceart an fhostóra chun frithfhógra a thabhairt.

13. —(1) Faoi réir fho-alt (2), ní bheidh fostaí i dteideal íocaíochta iomarcaíochta de bhun fógra go bhfuiltear chun éileamh a dhéanamh má ba rud é, ar dháta an fhógra sin a sheirbheáil, gur réasúnach a bheith ag súil go dtosódh an fostaí (dá leanadh sé air de bheith ar fostú ag an bhfostóir céanna), tráth nár dhéanaí ná ceithre sheachtain tar éis an dáta sin, ar thréimhse fostaíochta trí sheachtain déag ar a laghad nach ndéanfaí é a asleagan ná a choimeád ar gearr-am ar feadh aon seachtaine lena linn.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) mura dtabharfaidh an fostóir, laistigh de sheacht lá tar éis an fógra go bhfuiltear chun éileamh a dhéanamh a sheirbheáil, fógra (dá ngairtear frithfhógra sa Chuid seo) i scríbhinn don fhostaí go gcomhraicfidh sé aon dliteanas íocaíocht iomarcaíochta a íoc leis de bhun an fhógra go bhfuiltear chun éileamh a dhéanamh.

(3) Más rud é, i gcás ina dtabharfaidh fostaí fógra go bhfuiltear chun éileamh a dhéanamh agus go dtabharfaidh an fostóir frithfhógra, go leanfaidh an fostaí nó go mbeidh leanta aige, in imeacht na gcéad ceithre sheachtain tar éis dáta an fhógra go bhfuiltear chun éileamh a dhéanamh a sheirbheáil, de bheith ar fostú ag an bhfostóir céanna, agus go mbeidh sé nó go raibh sé asleagtha nó coimeádta ar gearr-am gach seachtain acu sin, toimhdeofar go cinntitheach nár comhlíonadh an coinníoll a shonraítear i bhfo-alt (1).

(4) Chun críocha alt 12(2) agus chun críocha fho-alt (3)—

(a) ní dhéanfaidh sé difear más rud é, i gcás sraith seachtainí (cibé acu ceithre sheachtain, ceithre sheachtain nó níos mó, nó sé sheachtain nó níos mó), gurb éard í go hiomlán sraith de sheachtainí a bhí an fostaí asleagtha ar a bhfeadh nó coimeádta ar gearr-am ar a bhfeadh nó asleagtha ar feadh coda díobh agus coimeádta ar gearr-am ar feadh coda díobh;

(b) ní chuirfear i gcuntas aon seachtain a bheidh fostaí asleagtha nó coimeádta ar gearr-am más i leith stailce nó frithdhúnaidh is inchurtha, go hiomlán nó go formhór, an t-asleagan nó an gearr-am cibé acu sa trádáil nó sa tionscal ina mbeidh an fostaí ar fostú nó nach ansin, agus cibé acu sa Stát nó in áit eile, a bheidh an stailc nó an frithdhúnadh.

Díth teidil chun íocaíochta iomarcaíochta mar gheall ar bhriseadh de dhroim mí-iompair.

14. —(1) Faoi réir fho-alt (2), ní bheidh fostaí a briseadh i dteideal íocaíochta iomarcaíochta má dhéanann a fhostóir, agus teideal aige conradh fostaíochta an fhostaí sin a fhoirceannadh gan fógra de dhroim iompar an fhostaí sin, an conradh a fhoirceannadh mar gheall ar iompar an fhostaí—

(a) gan fógra,

(b) trí fhógra níos giorra a thabhairt ná an fógra a bheadh, d'éagmais an iompair sin, de cheangal ar an bhfostóir a thabhairt chun an conradh a fhoirceannadh, nó

(c) trí fhógra (seachas an fógra sin a luaitear i bhfomhír (b)) a thabhairt ina mbeidh, nó a mbeidh ag gabháil leis, ráiteas i scríbhinn go mbeadh an fostóir i dteideal, mar gheall ar an iompar sin, an conradh a fhoirceannadh gan fógra.

(2) Nuair a ghlacfaidh fostaí a mbeidh an fógra is gá de réir alt 17 faighte aige páirt, roimh dháta an bhriste, i stailc agus go bhfoirceannfaidh a fhostóir, mar gheall ar é a bheith páirteach sa stailc sin, a chonradh fostaíochta leis an bhfostaí ar shlí a luaitear i bhfo-alt (1), ní bhainfidh an fo-alt sin leis an bhfoirceannadh sin.

(3) Más rud é, i gcás fostaí a bheidh tar éis fógra d'fhoirceannadh a chonartha fostaíochta a thabhairt mar gheall ar asleagan nó gearr-am, go nglacfaidh sé páirt, roimh éag don fhógra, i stailc agus go mbrisfear é mar gheall ar an bpáirt sin a ghlacadh, ní bheidh feidhm ag fo-alt (1).

Díth teidil chun íocaíochta iomarcaíochta mar gheall ar dhiúltú glacadh le malairt fostaíochta.

15. —(1) Aon fhostaí a mbeidh an fógra is gá de réir alt 17 faighte aige ní bheidh sé i dteideal íocaíochta iomarcaíochta má tharlaíonn sa tréimhse dhá sheachtain dár críoch dáta an bhriste—

(a) go mbeidh a fhostóir tar éis a thairiscint conradh fostaíochta an fhostaí sin a athnuachan nó é a athfhruiliú faoi chonradh fostaíochta nua,

(b) nach mbeadh forálacha an chonartha arna athnuachan, nó forálacha an chonartha nua, maidir leis an bhfeidhmeannas agus an áit ina mbeadh sé fostaithe agus maidir le téarmaí agus coinníollacha eile a fhostaíochta éagsúil le forálacha comhréire an chonartha a bhí i bhfeidhm díreach sular briseadh é,

(c) go mbeadh éifeacht ag an athnuachan nó ag an athfhruiliú ar dháta an bhriste nó roimhe sin, agus

(d) gur dhiúltaigh sé go míréasúnach don tairiscint.

(2) Aon fhostaí a mbeidh an fógra is gá de réir alt 17 faighte aige ní bheidh sé i dteideal íocaíochta iomarcaíochta má tharlaíonn sa tréimhse dhá sheachtain dar críoch dáta an bhriste—

(a) go mbeidh a fhostóir tar éis a thairiscint dó i scríbhinn conradh fostaíochta an fhostaí a athnuachan nó é a athfhruiliú faoi chonradh fostaíochta nua,

(b) go mbeadh forálacha an chonartha arna athnuachan, nó forálacha an chonartha nua, maidir leis an bhfeidhmeannas agus an áit ina mbeadh sé fostaithe agus maidir le téarmaí agus coinníoll cha eile a fhostaíochta éagsúil go hiomlán nó go páirteach le forálacha comhréire an chonartha sin aige a bhí i bhfeidhm díreach sular briseadh é,

(c) gur tairiscint fostaíochta oiriúnaí maidir leis an bhfostaí an tairiscint,

(d) go dtiocfadh an athnuachan nó an t-athfhruiliú in éifeacht tráth nach déanaí ná ceithre sheachtain tar éis dáta an bhriste, agus

(e) gur dhiúltaigh sé go míréasúnach don tairiscint.

(3) I gcás ina mbeidh an tSeirbhís Fostaíochta tar éis fostaíocht oiriúnach a thairiscint do dhuine a bheidh i dteideal íocaíochta seachtainiúla agus go mbeidh sé tar éis diúltú go míreasúnach don tairiscint sin, beidh an duine sin dícháilithe ar feadh tréimhse nach faide ná sé sheachtain chun íocaíocht sheachtainiúil a fháil.

Comhchuideachtaí.

1963, Uimh. 33 .

16. —(1) I gcás inar cuideachta fostóir, déanfar aon tagairt sa Chuid seo d'athfhruiliú ag an bhfostóir a fhorléiriú mar thagairt d'athfhruiliú ag an gcuideachta sin nó ag comh chuideachta, agus déanfar aon tagairt sa Chuid seo do thairiscint ón bhfostóir a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do thairiscint ó chomhchuideachta.

(2) Ní dhéanfaidh fo-alt (1) difear do ghníomhú alt 20 i gcás inar comhchuideachtaí an réamh-úinéir agus an t-úinéir nua (arna míniú leis an alt sin); agus ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i gcás ina mbeidh feidhm ag an alt sin.

(3) I gcás ina mbrisfidh a fhostóir fostaí, agus gur cuideachta (dá ngairtear an chuideachta fostaíochta san fho-alt seo) ag a bhfuil comhchuideachta nó comhchuideachtaí an fostóir, ansin—

(a) má bhíonn ceachtar de na coinníollacha a shonraítear in ailt 7 (2) (a) agus 7 (2) (b) gan chomhlíonadh, ach

(b) go mbeadh ceann amháin nó an ceann eile de na coinníollacha sin comhlíonta dá measfaí gur aon ghnó amháin gnó na cuideachta fostaíochta agus gnó na comhchuideachta (nó, má bhíonn níos mó ná ceann ann, gach ceann de na comhchuideachtaí) i dteannta a chéile,

measfar chun críocha na Coda seo an coinníoll sin a bheith comhlíonta maidir le briseadh an fhostaí.

(4) Chun críocha an ailt seo measfar gur comhchuideachtaí dhá chuideachta más fochuideachta do cheann acu an ceann eile, nó más fochuideachtaí do thríú cuideachta an dá cheann acu, agus forléireofar “comhchuideachta” dá réir sin.

(5) San alt seo—

folaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe;

tá le “fochuideachta” an bhrí chéanna atá, de bhua alt 155 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , leis chun críocha an Achta sin.

Fógra i dtaobh é bheith beartaithe fostaí a bhriseadh mar gheall ar iomarcaíocht.

17. —(1) Aon fhostóir a bheartaíonn fostaí a bhfuil cuid nach giorra ná ceithre bliana seirbhíse aige leis an bhfostóir sin a bhriseadh mar gheall ar iomarcaíocht déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná dhá sheachtain roimh dháta an bhriste, fógra i scríbhinn a thabhairt don fhostaí i dtaobh é a bheith beartaithe é a bhriseadh agus cóip den fhógra sin a chur chuig an Aire.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don alt seo agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, féadfaidh baint a bheith ag rialacháin faoin alt seo le gach ní ná aon ní acu seo a leanas—

(a) na sonraí a chuirfear san fhógra,

(b) modh seirbheála an fhógra,

(c) cóip den fhógra a thabhairt don Aire agus an tráth chun cóip den sórt sin a thabhairt.

(3) Aon fhostóir a mhainneoidh déanamh de réir an ailt seo nó a thabharfaidh eolas bréagach i bhfógra faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Deimhniú iomarcaíochta.

18. —(1) Nuair a bhrisfidh fostóir fostaí mar gheall ar iomarcaíocht tabharfaidh sé deimhniú (dá ngairtear deimhniú iomarcaíochta sa Chuid seo) don fhostaí.

(2) Aon uair a fhoirceannfaidh fostaí a chonradh fostaíochta de réir alt 12 (2) tabharfaidh a fhostóir deimhniú iomarcaíochta dó.

(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don alt seo agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, féadfaidh sé na sonraí a chuirfear i ndeimhniú iomarcaíochta a fhorordú.

(4) Aon fhostóir a mhainneoidh déanamh de réir an ailt seo nó a thabharfaidh eolas bréagach i ndeimhniú iomarcaíochta beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Íocfaidh fostóir cnapshuim.

19. —(1) Nuair a bhrisfear mar gheall ar iomarcaíocht fostaí ag a bhfuil teideal faoin gCuid seo chun íocaíochta iomarcaíochta, nó nuair a dhéanfaidh fostaí den sórt sin a chonradh fostaíochta a fhoirceannadh de réir alt 12 (2), íocfaidh a fhostóir leis suim dá ngairtear an chnapshuim san Acht seo.

(2) Beidh feidhm ag Sceideal 3 maidir leis an gcnapshuim.

(3) Féadfaidh an tAire Sceideal 3 a leasú le hordú.

Athrú ar úinéireacht gnó.

20. —(1) Beidh éifeacht ag an alt seo i gcás—

(a) ina dtiocfaidh athrú (de bhua díola nó diúscairte eile nó trí oibriú dlí) ar úinéireacht gnó a mbeidh duine fostaithe chuige, nó ar úinéireacht chuid de ghnó den sórt sin, agus

(b) i ndáil leis an athrú sin go ndéanfaidh an duine a mbeidh an fostaí ar fostú aige díreach sula dtarlóidh an t-athrú (dá ngairtear an réamh-úinéir san alt seo) conradh fostaíochta an fhostaí a fhoirceannadh le fógra nó gan fógra.

(2) Má dhéanann an duine (dá ngairtear an t-úinéir nua san alt seo) arb é is úinéir, díreach tar éis an athraithe ar an ngnó nó ar an gcuid den ghnó a bheidh i gceist de réir mar a bheidh má dhéanann sé, trí chomhaontú leis an bhfostaí, conradh fostaíochta an fhostaí a athnuachan (agus ainm an úinéara nua a chur in ionad an réamh-úinéara) nó é a athfhruiliú faoi chonradh nua fostaíochta, beidh éifeacht ag alt 9 (2) ionann is dá mba athnuachan nó athfhruiliú ag an réamh-úinéir (gan ainm an úinéara nua a chur in ionad ainm an réamh-úinéara) an athnuachan nó an t-athfhruiliú.

(3) Má thairgeann an t-úinéir nua conradh fostaíochta an fhostaí a athnuachan (agus ainm an úinéara nua a chur in ionad ainm an réamh-úinéara) nó é a athfhruiliú faoi chonradh fostaíochta nua, ach go ndiúltóidh an fostaí don tairiscint, beidh éifeacht ag alt 15 (1) nó ag alt 15 (2) (de réir mar is iomchuí), faoi réir fho-alt (4) den alt seo, maidir leis an tairiscint agus an diúltú sin mar a bheadh éifeacht aige maidir lena shamhail de thairiscint ón réamh-úinéir agus diúltú don tairiscint sin ag an bhfostaí.

(4) Chun críocha alt 15 (1) nó 15 (2) a chur i ngníomh, de réir fho-alt 3 den alt seo, maidir le tairiscint ón úinéir nua—

(a) ní dhéileálfar leis an tairiscint mar thairiscint trína mbeadh forálacha an chonartha arna athnuachan, nó forálacha an chonartha nua, de réir mar a bheidh, éagsúil le forálacha comhréire an chonartha mar bhí i bhfeidhm díreach roimh an mbriseadh ar an aon chúis amháin go gcuirfí ainm an úinéara nua in ionad ainm an réamh-úinéara mar fhostóir, agus

(b) ní chuirfear i gcuntas an cur in ionad sin nuair a bheifear a chinneadh an raibh sé míréasúnach diúltú don tairiscint.

(5) Beidh éifeacht (faoi réir na modhnuithe is gá) ag fo-ailt (1) go (4) maidir le cás—

(a) ina bhfuil an duine ab úinéir ar ghnó, nó ar chuid de ghnó, díreach roimh athrú, ar dhuine de na daoine is úinéirí (mar chomhpháirtithe, iontaobhaithe nó eile) air díreach tar éis an athraithe, nó

(b) ina bhfuil ar na daoine ab úinéirí ar ghnó, nó ar chuid de ghnó, díreach roimh athrú (mar chomhpháirtithe, iontaobhaithe nó eile) an duine is úinéir, nó duine amháin nó níos mó de na daoine is úinéirí, air díreach tar éis an athraithe,

mar atá éifeacht ag na forálacha sin i gcás nach é an duine céanna an réamh-úinéir agus an t-úinéir nua.

(6) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a cheanglaíonn go measfar gurb ionann aon athrú ar chonradh fostaíochta trí chomhaontú idir na páirtithe agus an conradh a fhoirceannadh.

Foirceannadh intuigthe nó inchiallaithe ar chonradh.

21. —(1) Más rud é, de réir aon achtacháin nó rialach dlí, go n-oibreoidh aon ghníomh ar thaobh fostóra nó aon teagmhas a bhaineann le fostóir (lena n-áirítear, i gcás pearsan aonair, a bhás) chun foirceannadh a dhéanamh ar chonradh faoina bhfuil fostaí ar fostú aige, measfar, chun críocha an Achta seo, gur foirceannadh ar an gconradh ag an bhfostóir an gníomh nó an teagmhas sin dá mba rud é nárbh fhoirceannadh ar an gconradh aige é ar leithligh ón bhfo-alt seo.

(2) I gcás—

(a) ina bhfuil feidhm ag fo-alt (1),

(b) ina bhfuil conradh fostaíochta an fhostaí gan athnuachan,

(c) ina bhfuil sé gan é a athfhruiliú faoi chonradh nua, mar a fhoráiltear le halt 9 (2),

measfar, chun críocha an Achta seo, é a bheith briste mar gheall ar iomarcaíocht más inchurtha, go hiomlán nó go páirteach, i leith fíorais a shonraítear in alt 7 (2) (a) nó 7 (2) (b) na himthosca faoina bhfuil an conradh gan athnuachan agus eisean gan é a athfhruiliú (mar a fhoráiltear leis an alt sin 9 (2)).

(3) Chun críocha fho-alt (2), déanfar alt 7 (2) (a), a mhéid a bhaineann sé leis an bhfostóir do scor, nó beartú do scor, den ghnó a sheoladh, a fhorleiriú ionann is dá bhfolódh an tagairt don fhostóir tagairt d'aon duine chun ar aistrigh, de dhroim an ghnímh nó an teagmhais a bheidh i gceist, cumhacht chun an gnó a dhiúscairt.

(4) San alt seo folaíonn tagairt d'alt 9 (2) tagairt don alt sin arna chur chun feidhme le halt 20 (2).

Feidhm na Coda seo ar an bhfostóir nó an fostaí d'fháil bháis.

22. —(1) Beidh éifeacht ag Cuid I de Sceideal 2 maidir le bás fostóra.

(2) Beidh éifeacht ag Cuid 2 de Sceideal 2 maidir le bás fostaí.

Modhnú ar an gceart chun íocaíochta iomarcaíochta i gcás inar íocadh íocaíocht iomarcaíochta roimhe sin.

23. —(1) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás—

(a) ina n-íocfar cnapshuim le fostaí faoi alt 19, i leith briseadh, asleagan nó gearr-am,

(b) ina n-athnuafar an conradh fostaíochta faoina raibh sé fostaithe (dá ngairtear an réamhchonradh san alt seo), ag an bhfostóir céanna nó ag fostóir eile, nó ina n-athfhruileofar é faoi chonradh fostaíochta nua ag an bhfostóir céanna nó ag fostóir eile, agus

(c) gurb amhlaidh d'imthosca na hathnuachana nó an athfhruilithe go mbeadh sé, nuair a bheifí a chinneadh, chun críocha alt 7 (1) nó Sceideal 3, an raibh sé, aon tráth iardain, tar éis a bheith ar fostú go leanúnach ar feadh na tréimhse riachtanaí, nó cad é an tréimhse a raibh sé ar fostú go leanúnach ar a feadh, le meas, ar leithligh ón alt seo, nár bhriseadh ar leanúntas a thréimhse fostaíochta foirceannadh an réamhchonartha agus an athnuachan nó an t-athfruiliú.

(2) Nuair a bheifear a chinneadh chun críocha alt 7 (1) nó alt 19 i gcás lena mbaineann an t-alt seo an raibh fostaí, aon tráth iardain, ar fostú go leanúnach ar feadh na tréimhse riachtanaí nó cad é an tréimhse a raibh sé ar fostú go leanúnach ar a feadh, measfar leanúntas na tréimhse fostaíochta a bheith arna briseadh ar an dáta arbh é dáta an bhriste é maidir leis an gcnapshuim a luaitear i bhfo-alt 1 (a), agus déanfar neamhshuim d'aon am roimh an dáta sin.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar cnapshuim a bheith arna híoc má bhíonn iomlán na híocaíochta íoctha leis an bhfostaí ag an bhfostóir nó má bhíonn an tAire tar éis suim a íoc leis an bhfostaí i leith na híocaíochta iomarcaíochta faoi alt 32.

Teorainn ama le héilimh ar íocaíocht iomarcaíochta.

24. —D'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, ní bheidh fostaí i dteideal cnapshuime mura rud é, roimh dheireadh na tréimhse tríocha seachtain dar tosach dáta an bhriste nó dáta fostaíocht a fhoirceannadh—

(a) go mbeifear tar éis aontú ar an íocaíocht agus í a íoc, nó

(b) go mbeidh an fostaí tar éis an íocaíocht a éileamh trí fhógra i scríbhinn a tugadh don fhostóir, nó

(c) go mbeidh aon cheist faoi cheart an fhostaí chun na híocaíochta, nó faoi mhéid na híocaíochta, tarchurtha chun an Bhinse faoi alt 39.

Fostaíocht go hiomlán nó go páirteach lasmuigh den Stát.

25. —(1) Ní bheidh fostaí i dteideal íocaíochta iomarcaíochta má bhíonn sé lasmuigh den Stát ar dháta an bhriste, mura sa Stát a d'oibrigh sé de ghnáth faoina chonradh fostaíochta.

(2) Aon fhostaí a oibríonn de ghnáth lasmuigh den Stát faoina chonradh fostaíochta ní bheidh sé i dteideal íocaíochta iomarcaíochta mura raibh, díreach sular thosaigh sé ag obair lasmuigh den Stát, sainchónaí air sa Stát agus é ar fostú ag an bhfostóir lena mbaineann agus mura rud é—

(a) go raibh sé sa Stát de réir orduithe óna fhostóir ar dháta an bhriste, nó

(b) nach bhfuair sé deis réasúnach óna fhostóir ar bheith sa Stát ar an dáta sin.

(3) Nuair a bheidh ríomh á dhéanamh chun críocha an Achta seo ar an tréimhse seirbhíse a bhí duine i bhfostaíocht leanúnach, déanfar aon tréimhse seirbhíse i bhfostaíocht faoin bhfostóir lena mbainfidh le linn don fhostaí a bheith lasmuigh den Stát a áireamh mar sheirbhís i bhfostaíocht faoin bhfostóir sin sa Stát.

(4) I gcás ina dtiocfaidh fostaí a mbeidh oibrithe aige dá fhostóir lasmuigh den Stát chun bheith i dteideal íocaíochta iomarcaíochta faoin Acht seo, beidh an fostóir, nuair a bheidh sé ag íoc aon íocaíocht chnapshuime a bheidh dlite don fhostaí faoi alt 19, i dteideal aon íocaíocht iomarcaíochta a raibh teideal ag an bhfostaí sin chuici faoi scéim reachtúil a bhain le hiomarcaíocht sa Stát ina raibh sé ag obair a bhaint as an íocaíocht sin.