An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Íocaíocht Iomarcaíochta) Ar Aghaidh (CUID IV Forálacha Ilghnéitheacha)

21 1967

AN tACHT UM ÍOCAÍOCHTAÍ IOMARCAÍOCHTA, 1967

CUID III

An Ciste Iomarcaíochta

An Ciste Iomarcaíochta a bhunú.

26. —(1) Chun críocha an Achta seo bunófar ciste ar a dtabharfar an Ciste Iomarcaíochta a n-íocfar ann isteach an t-airgead go léir a gheobhaidh an tAire faoin gCuid seo agus a n-íocfar as amach íocaíochtaí de réir an Achta seo.

(2) Beidh sa Chuntas Iomarcaíochta cuntas reatha a bhainisteoidh agus a rialóidh an tAire, agus cuntas infheistíochta a bhainisteoidh agus a rialóidh an tAire Airgeadais.

(3) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt go sonrach, déanfar suimeanna is iníoctha isteach sa Chiste Iomarcaíochta a íoc isteach i gcuntas reatha an Chiste sin agus íocfar as an gcuntas sin suimeanna is iníoctha as an gCiste Iomarcaíochta.

(4) Déanfar airgead a bheidh chun creidiúna chuntas reatha an Chiste Iomarcaíochta agus nach mbeidh ag teastáil faoi chomhair chaiteachais reatha a aistriú chun cuntas infheistíochta an Chiste Iomarcaíochta.

(5) Aon uair nach mbeidh dóthain airgid i gcuntas reatha an Chiste Iomarcaíochta faoi chomhair dliteanais an chuntais sin, déanfar cibé suimeanna is gá chun na dliteanais sin a urscaoileadh a aistriú chun an chuntais sin ó chuntas infheistíochta an Chiste Iomarcaíochta.

(6) Faoi réir fho-alt (5), infheisteoidh an tAire Airgeadais airgead a bheidh chun creidiúna do chuntas infheistíochta an Chiste Iomarcaíochta, agus íocfar isteach sa chuntas sin an t-ioncam ó aon infheistíocht den sórt sin.

(7) Féadfar aon infheistíocht de bhun fho-alt (6) a dhéanamh in aon urrúis a bhfuil cumhacht dlí de thuras na huaire ag iontaobhaithe cistí iontaobhais a infheistiú iontu nó in aon cheann de na stoic, na cistí agus na hurrúis atá údaraithe le dlí de thuras na huaire mar infheistíochtaí do chistí Bhanc Taisce an Phoist.

(8) Déanfar cuntais an Chiste Iomarcaíochta a ullmhú i cibé foirm, i cibé slí agus cibé tráthanna a ordóidh an tAire Airgeadais agus scrúdóidh agus deimhneoidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach cuntas den sórt sin agus déanfar cóip de, mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste air, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Airgead don Chiste Iomarcaíochta.

27. —(1) D'fhonn airgead a sholáthar chun íocaíochtaí a dhéanamh a bheidh le déanamh faoin Acht seo as an gCiste Iomarcaíochta, íocfar isteach sa Ciste—

(a) ranníocaí seachtainiúla a bheidh comhdhéanta de ranníoc (dá ngairtear ranníoc iomarcaíochta fostóra sa Chuid seo) ó fhostóirí agus ranníoc (dá ngairtear ranníoc iomarcaíochta fostaí sa Chuid seo) ó fhostaithe, agus

(b) airleacain dá ndéantar socrú i bhfo-alt (2).

(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh ón Aire, cibé suimeanna is cuí leis a airleacan ó am go ham chun an Chiste ionas go bhféadfar cibé íocaíochtaí a íoc as an gCiste is gá de réir an Achta seo.

(3) Tabharfar airleacain don Chiste Iomarcaíochta faoi fho-alt (2) ar cibé téarmaí maidir le haisíoc, ús agus ábhair eile a chinnfidh tAire Airgeadais tar éis dul i gcomhairle leis an Aire.

(4) Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste na suimeanna go léir a íocfaidh an Ciste d'aisíoc airleacain faoin alt seo nó de bhun aon téarma nó coinníll ar an tugadh airleacan faoina réir faoin alt seo.

(5) Déanfar an t-airgead go léir a theastóidh ó am go ham ón Aire Airgeadais faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoin alt seo a íoc as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

(6) Féadfaidh an tAire Airgeadais, d'fhonn soláthar a dhéanamh chun suimeanna a airleacan as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, aon suimeanna is gá chuige sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis, agus chun an céanna a fháil ar iasacht, féadfaidh sé urrúis ar bith a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh.

(7) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear phríomhshuime agus úis ná n-urrús go léir a eiseofar faoin alt seo agus muirear na gcostas a thabhófar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.

(8) Déanfaidh an tAire ioncam agus caiteachas an Chiste Iomarcaíochta do bhliain airgeadais a chinneadh chun críocha an ailt seo ar cibé foras ar a gcomhaontóidh sé féin agus an tAire Airgeadais.

Méid an ranníoca sheachtainiúil isteach sa Chiste Iomarcaíochta.

28. —(1) Is é ráta ranníoc iomarcaíochta fostóra ocht bpingin gach seachtain ranníoca i leith gach fearfhostaí cháilithe agus sé phingin gach seachtain ranníoca i leith gach banfhostaí cháilithe.

(2) Is é ráta ranníoc iomarcaíochta fostaí ceithre phingin gach seachtain ranníoca ag fearfhostaí cáilithe agus trí phingin gach seachtain ranníoca ag banfhostaí cáilithe.

(3) (a) Féadfaidh an tAire le hordú ráta a shonraítear san alt seo a athrú.

(b) Féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm.

(4) Beidh fostóir faoi dhliteanas sa chéad ásc ranníoc iomarcaíochta an fhostóra ina leith féin agus freisin, thar ceann agus d'eisiamh gach fostaí cháilithe, an ranníoc is iníoctha ag an bhfostaí sin a íoc.

(5) Beidh fostóir i dteideal, faoi réir agus de réir rialachán, méid aon ranníoca iomarcaíochta a d'íoc sé, nó a bheidh le híoc aige, thar ceann fostaí cháilithe a ghnóthú ón bhfostaí sin, agus, d'ainneoin aon ní in aon achtachán, féadfaidh rialacháin chun críocha an fho-ailt seo gnóthú trí asbhaintí as luach saothair an fhostaí sin a údarú, ach forálfaidh aon rialacháin den sórt sin—

(a) nach mbeidh an fostóir i dteideal, i gcás nach bhfaighidh an fostaí aon luach saothair ina airgead ón bhfostóir ná ó aon duine eile, méid aon ranníoca den sórt sin a ghnóthú uaidh, agus

(b) nach mbeidh an fostóir i dteideal, i gcás ina bhfaighidh an fostaí aon luach saothair ina airgead ón bhfostóir, aon ranníoc den sórt sin a ghnóthú seachas trí asbhaint.

(6) D'ainneoin aon chonartha dá mhalairt, ní bheidh fostóir i dteideal an ranníoc iomarcaíochta i leith duine atá ar fostú aige a bhaint as luach saothair an duine sin ná a ghnóthú ar aon slí eile ón duine sin.

(7) Beidh ranníoc faoin alt seo iníoctha in aghaidh gach seachtaine ranníoca a raibh an fostaí lena mbaineann ar fostú ar a feadh go léir nó ar feadh coda di agus a raibh ranníoc fostaíochta iníoctha don duine sin faoi Acht 1952.

(8) San alt seo—

ciallaíonn “seachtain ranníoca” tréimhse seacht lá dar tosach meán oíche Domhnaigh;

ciallaíonn “cáilithe”, maidir le fostaí, fostaí lena mbaineann an tAcht seo de bhua alt 4 nó ordaithe faoi alt 4.

Lacáistí d'fhostóirí as an gCiste Iomarcaíochta.

29. —(1) Faoi réir na Coda seo déanfaidh an tAire suim (dá ngairtear lacáiste sa Chuid seo) ar cóimhéid le leath gach cnapshuime a d'íoc fostóir faoi alt 19 a thabhairt d'íocaíocht as an gCiste Iomarcaíochta don fhostóir sin.

(2) Aon fhostóir a thabharfaidh cóip d'fhógra don Aire faoi alt 17 ar dháta trí sheachtain nó níos mó roimh dháta an bhriste beidh sé i dteideal lacáiste ar cóimhéid le leath na cnapshuime a bheidh i gceist móide 2½faoin gcéad den chnapshuim in aghaidh gach seachtain a bheidh an fógra tugtha de bhreis ar an tréimhse is gá de réir alt 17; ar choinníoll nach mbeidh lacáiste níos mó in aon chás ná suim ar cóimhéid le 65 faoin gcéad den chnapshuim iomchuí a d'íoc an fostóir faoi alt 19.

(3) D'ainneoin fo-alt (1), aon uair a mhainneoidh fostóir aon fhoráil d'alt 17 a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire, dá rogha féin, méid an lacáiste is iníoctha i leith na cnapshuime a íocadh faoi alt 19 leis an bhfostóir sin a laghdú: ar choinníoll nach mbeidh méid an lacáiste, nuair a laghdófar amhlaidh é, níos lú ná 40 faoin gcéad de mhéid na cnapshuime.

(4) Más rud é, i gcás lena mbaineann alt 32 (1) (a), go dtabharfaidh an tAire íocaíocht faoin alt sin d'fhostaí agus gur dóigh leis an Aire gur gan chúis réasúnach a dhiúltaigh nó a mhainnigh an fostóir, féadfaidh an tAire an lacáiste a choimeád siar a mbeadh teideal, mura mbeadh sin, ag an bhfostóir sin chuige nó méid an lacáiste sin a laghdú a mhéid is iomchuí leis an Aire.

Íocaíochtaí seachtainiúla le fostaithe as an gCiste Iomarcaíochta.

30. —(1) Ar é a bhriseadh mar gheall ar iomarcaíocht nó ar é d'fhoirceannadh a chonradh fostaíochta de réir alt 12 (2), beidh, faoi réir an Achta seo, fostaí atá i dteideal íocaíochta iomarcaíochta i dteideal íocaíochta seachtainiúla (dá ngairtear íocaíocht sheachtainiúil san Acht seo) as an gCiste Iomarcaíochta.

(2) Bainfidh forálacha Sceideal 1 le híocaíocht sheachtainiúil.

(3) Féadfaidh an tAire le hordú Sceideal 1 a leasú.

Rialacháin maidir le teideal chun íocaíochta seachtainiúla agus chun liúntais faoin Acht Oiliúna Tionscail, 1967 .

1967, Uimh. 5 .

31. —(1) Féadfaidh an tAire le rialacháin socrú a dhéanamh, maidir le cásanna ina bhfuil duine i dteideal liúntais faoi alt 9 (1) (g) den Acht Oiliúna Tionscail, 1967 , agus íocaíochta seachtainiúla, chun méid an liúntais sin nó méid na híocaíochta seachtainiúla sin a choigeartú.

(2) D'ainneoin aon fhorála eile atá san Acht seo, féadfaidh rialacháin faoin alt seo a fhoráil nach mbeidh duine lena mbaineann na rialacháin i dteideal íocaíochta seachtainiúla ar aon chor nó in aghaidh tréimhse sonraithe.

Íocaíochtaí eile d'fhostaithe as an gCiste Iomarcaíochta.

1887, c. 57.

1965, Uimh. 27 .

32. —(1) Nuair a éileoidh fostaí go ndlíonn fostóir cnapshuim a íoc leis faoi alt 19 agus —

(a) go bhfuil gach beart réasúnach (seachas imeachtaí dlíthiúla) déanta ag an bhfostaí chun íoc na cnapshuime a fháil ón bhfostóir agus gur dhiúltaigh nó gur mhainnigh an fostóir í a íoc nó gur íoc sé cuid di agus gur dhiúltaigh nó gur mhainnigh sé an iarmhéid a íoc, nó

(b) go bhfuil an fostóir dócmhainneach agus go bhfuil iomlán na cnapshuime nó cuid di gan íoc,

féadfaidh an fostaí íocaíocht faoin alt seo a iarraidh ar an Aire.

(2) Más deimhin leis an Aire ar iarratas faoin alt seo go bhfuil an fostaí i dteideal cnapshuime faoi alt 19 a bhfuil a hiomlán nó cuid di gan íoc, íocfaidh an tAire leis an bhfostaí as an gCiste Iomarcaíochta an méid sin den chnapshuim atá gan íoc.

(3) Ar an Aire d'íoc íocaíochta faoin alt seo beidh, air sin, cearta agus leigheasanna uile an fhostaí i leith na cnapshuime a bheidh i gceist, nó, má bhíonn an tAire tar éis cuid di a íoc, i leith na coda sin, arna n-aistriú chun an Aire agus arna ndílsiú dó agus íocfar isteach sa Chiste Iomarcaíochta aon airgead a ghnóthóidh an tAire de bhua an fho-ailt seo; ar choinníoll, áfach, go mbeidh an tAire, má bhíonn fostóir dócmhainneach, i dteideal éileamh a dhéanamh san fhéimheacht, sa chomhshocraíocht, i riaradh an eastáit dhócmhainnigh nó san fhoirceannadh (de réir mar a bheidh) i leith, agus amháin i leith, suime (más ann) ar cóimhéid le méid na híocaíochta a d'íoc an tAire faoin alt seo lúide méid an lacáiste ab iníoctha leis an bhfostóir as an gCiste Iomarcaíochta faoi alt 29 dá mbeadh an fostóir tar éis an chnapshuim a íoc leis an bhfostaí.

(4) Chun críche an ailt seo measfar fostóir a bheith dócmhainneach—

(a) má tá an fostóir breithnithe ina fhéimheach, tar éis achainí ar chomhshocraíocht a chomhadú nó tar éis gníomhas comhshocraíochta a fhorghníomhú (de réir bhrí alt 4 den Deeds of Arrangement Act, 1887),

(b) go bhfuil an fostóir tar éis bháis agus go bhfuil a eastát, agus é dócmhainneach, á riaradh de réir na rialacha atá leagtha amach i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Comharbais, 1965 , nó

(c) más cuideachta an fostóir, agus go bhfuil an chuideachta dócmhainneach agus á foirceannadh.

Rialacháin maidir le híoc ranníocaí.

1879, c. 58.

33. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh do dhéanamh socrú le haghaidh aon ábhair a bhaineann le híoc agus bailiú ranníocaí faoin gCuid seo agus go háirithe le haghaidh—

(a) ranníocaí a íoc trí stampaí greamaitheacha (ar a dtabharfar stampaí iomarcaíochta) a ghreamófar de chártaí (ar a dtabharfar cártaí iomarcaíochta) ná ar shlí eile, agus le haghaidh an modh agus na tráthanna a ngreamófar, agus na coinníollacha faoina ngreamófar stampaí iomarcaíochta nó a ndéanfar nó faoina ndéanfar íocaíochtaí ar shlí eile;

(b) cártaí iomarcaíochta a eisiúint, a choimeád, a thabhairt ar aird, agus a fhorghéilleadh, agus cártaí iomarcaíochta a thabhairt in ionad cártaí iomarcaíochta a cailleadh, a díthíodh, nó a aghloiteadh;

(c) déileáil, chun críche aon chirt faoin Acht seo, le ranníocaí a íocadh tar éis na dátaí dlite mar ranníocaí a íocadh ar na dátaí dlite nó ar cibé dáta níos déanaí ná iad a fhorordófar, nó mar ranníocaí nár íocadh;

(d) ranníocaí a ghnóthú ar ionchúisimh faoin Acht seo (gan dochar d'aon leigheas eile);

(e) aon suimeanna a íocadh d'earráid ar mhodh ranníocaí a thabhairt ar ais faoi réir aon choinníollacha, sriantachtaí agus asbhaintí a shonrófar sna rialacháin.

(2) Féadfar rialacháin a dhéanamh faoin alt seo chun socrú a dhéanamh le haghaidh ranníocaí a íoc ar mhodh seachas stampaí iomarcaíochta, agus féadfaidh na rialacháin sin socrú a dhéanamh le haghaidh cionta agus chun go ngnóthófar, ar chiontú achomair i gcionta den sórt sin, fíneálacha nach mó ná méideanna sonracha nach mó ná caoga punt, agus ina dteannta sin, i gcás cionta leanúnacha, fíneálacha breise den sórt sin in aghaidh gach lae de na laethanta a leanfar de na cionta.

(3) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo socrú a dhéanamh le haghaidh ranníocaí a íoc, de rogha an duine a dhlífidh iad a íoc, ar mhodh (dá ngairtear an modh eile anseo feasta) seachas an modh a luaitear i bhfo-alt (1) nó (2), agus, má chuireann an modh eile níos mó costais riaracháin ar aon ranna Stáit ná a thabhófaí dá n-íocfaí na ranníocaí ar an modh a bheidh forordaithe i rialacháin faoi fho-alt (1) nó (2), féadfaidh socrú a bheith sna rialacháin faoin bhfo-alt seo le haghaidh aon duine a ghlacfaidh leis an modh eile d'íoc, agus le haghaidh an tAire do ghnóthú, táillí forordaithe.

(4) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir leis na táillí dá dtagraítear i bhfo-alt (3) agus déanfar na táillí go léir den sórt sin a bhailiú agus a thógáil mar a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham agus a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire sin.

Stampaí iomarcaíochta a ullmhú agus a eisiúint, etc.

1890, c. 21.

1891, c. 38.

1891, c. 39.

1908, c. 48.

34. —(1) Faoi réir fho-alt (2), ullmhófar agus eiseofar stampaí iomarcaíochta i cibé slí a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim le toiliú an Aire Airgeadais, agus féadfaidh na Coimisinéirí sin, le rialacháin a dhéanfaidh siad, socrú a dhéanamh chun gach ceann nó aon cheann d'fhorálacha (lena n-áirítear pianfhorálacha) na n-achtachán seo a leanas a chur chun feidhme, leis na hoiriúnuithe is gá,—

Ailt 21, 35 agus 36 den Inland Revenue Regulations Act, 1890, an Stamp Duties Management Act, 1891, alt 9 den Stamp Act, 1891, agus alt 65 den Post Office Act, 1908,

agus féadfaidh, le toiliú an Aire Poist agus Telegrafa, socrú a dhéanamh le haghaidh stampaí iomarcaíochta a dhíol trí Oifig an Phoist.

(2) Féadfaidh an Rialtas le hordú a shocrú go ndéanfaidh an tAire Poist agus Telegrafa aon cheann de chumhachtaí agus dualgais na gCoimisinéirí Ioncaim i ndáil le stampaí iomarcaíochta a fheidhmiú agus a chomhlíonadh, d'eisiamh na gCoimisinéirí Ioncaim nó ar aon tráth leis na Coimisinéirí Ioncaim, agus féadfaidh cibé forálacha a bheith san ordú sin is dóigh leis an Rialtas is gá nó is fóirsteanach chun lán-éifeacht a thabhairt d'fheidhmiú agus do chomhlíonadh na ndualgas lena mbaineann an t-ordú sin ar an modh a fhoráiltear leis an ordú sin.

Daoine ar fostú ag níos mó ná fostóir amháin, etc.

35. —(1) Maidir le daoine—

(a) atá ar fostú ag níos mó ná fostóir amháin aon seachtain, nó

(b) a oibríonn faoi rialú nó bainistí ginearálta dhuine éigin seachas a neasfhostóir,

agus maidir le haon chásanna eile ar dóigh leis an Aire gur gá socrú speisialta dóibh, féadfaidh rialacháin a fhoráil go measfar chun críocha an Achta seo gurb é an duine forordaithe a bhfostóir.

(2) Féadfaidh socrú a bheith i rialacháin a dhéanfar maidir le daoine a luaitear i bhfo-alt (1) (b) chun coigeartú a dhéanamh ar na cearta eatarthu féin de chuid an duine atá forordaithe mar fhostóir, an neasfhostóra agus na ndaoine atá ar fostú.

Rialacháin do Chuid III.

36. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don Chuid seo.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh rialacháin faoin alt seo socrú a dhéanamh maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas:

(a) a cheangal ar fhostóir atá i dteideal lacáiste é a éileamh agus d'fhorordú an ama nach foláir éileamh den sórt sin a dhéanamh laistigh de;

(b) a cheangal ar fhostóir a bheidh tar éis éileamh a dhéanamh ar lacáiste cibé fianaise agus eolas eile a thabhairt ar aird a fhorordófar agus cibé doiciméid a fhorordófar agus a bheidh i gcoimeád an fhostóra sin nó faoina urláimh a thabhairt ar aird lena scrúdú thar ceann an Aire;

(c) a cheangal, i ndáil le hiarratas chun an Aire faoi alt 32, ar an bhfostóir lena mbaineann cibé doiciméid a fhorordófar agus a bheidh i gcoimeád an fhostóra sin nó faoina urláimh a thabhairt ar aird lena scrúdú thar ceann an Aire;

(d) a cheangal ar fhostaí atá i dteideal íocaíochta seachtainiúla é a éileamh sa tslí fhorordaithe laistigh den am forordaithe agus san áit fhorordaithe;

(e) modh, am agus ionad íoctha íocaíochtaí seachtainiúla a fhorordú.

(3) Aon duine a mhainneoidh rialachán faoi fho-alt (2) (b) nó (2) (c) a chomhlíonadh nó, maidir le rialachán a cheanglaíonn eolas a thabhairt, a thabharfaidh eolas bréagach beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.