22 1967


Uimhir 22 de 1967


ACHT AN BHAINNE (SOLÁTHAR AGUS PRAGHAS A RIALÁIL) (LEASÚ), 1967

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT Á CHUMASÚ DON AIRE TALMHAÍOCHTA AGUS IASCAIGH LÁ I RITH NA BLIANA 1968 A CHEAPADH INA LÁ TOGHCHÁIN ÁIRITHE CHUN CRÍOCHA ACHT AN BHAINNE (SOLÁTHAR AGUS PRAGHAS DO RIALÁIL), 1936 . [19 Nollaig, 1967.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Féadfar lá i 1968 a cheapadh ina lá toghcháin maidir le Bord Bainne Cheantar Bhaile Átha Cliath.

1936, Uimh. 43 .

1. —Forléireofar alt 11 (2) d'Acht an Bhainne (Soláthar agus Praghas do Rialáil), 1936 , agus beidh éifeacht aige mar ní:

(a) a chumasaíonn don Aire ordú a dhéanamh, i rith na bliana 1968, ag ceapadh lae i rith na bliana sin ina lá toghcháin maidir le Bord Bainne Cheantar Bhaile Átha Cliath, agus

(b) nach gceanglaíonn ar an Aire ordú a dhéanamh ag ceapadh lae i rith na bliana 1967 ina lá toghcháin den sórt sin.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

2. —(1) Féadfar Acht an Bhainne (Soláthar agus Praghas a Rialáil) (Leasú), 1967 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna an Bhainne (Soláthar agus Praghas a Rialáil), 1936 go 1967 a ghairm d'Achtanna an Bhainne (Soláthar agus Praghas a Rialáil), 1936 go 1961, agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar Achtanna an Bhainne (Soláthar agus Praghas a Rialáil), 1936 go 1961, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.

Cosaint.

1967, I.R. Uimh. 275.

3. —Measfar gur bailí agus gur bhailí i gcónaí don Ordú fán Ordú um Bord Bainne Cheantar Bhaile Átha Cliath (Lá Toghcháin, 1967), 1967 (Cúlghairm), 1967.