Ar Aghaidh ( An Achomaireacht ar Sceidil A agus B dá Dtagraítear san Acht seo)

23 1967


Uimhir 23 de 1967


AN tACHT LEITHREASA, 1967

(An tiontú oifigiúil.)


ACHT CHUN NA SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA), 1965 , A LEITHREASÚ CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ. [20 Nollaig, 1967.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Deontais a Leithreasú

Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon, £278,977,700 a leithreasú.

1. —(1) Na suimeanna uile a dheonaítear as an bPríomh-Chiste, leis an Acht a luaitear i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo, chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim dhá chéad seachtó is ocht milliún, naoi gcéad seachtó is seacht míle agus seacht gcéad punt, déantar iad a leithreasú chun na seirbhísí agus na críocha a luaitear i Sceideal B a ghabhann leis sin.

(2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deiridh de Sceideal B a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim fiche milliún, dhá chéad is trí mhíle, ocht gcéad nócha agus aon phunt a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais i gcóir na seirbhísí agus na críocha a shonraítear sa Sceideal sin.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1967 , a ghairm den Acht seo.